Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bás File

Title
Bás File
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Macháin, Pádraig
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1993)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Díoth ollamh easbhuidh Laighean,
fuil na sean nár sáruigheadh,
fearchoin a fódmhuigh na bhFionn,
dearbhthair ó ógbhuidh Éirionn.



A-táid riamh fa ró mhodha,
an eaglais 's an ealadha,
an daighríoghradh dár dhual cion,
ag sluagh lainnlíonmhur Laighean.



Tugadar Clann Chathaoir Mhóir,
céim do uaisligh a n-onóir,
i Laighnibh roinn is rogha
do Chloinn ainmhir Eochadha.



Clann Chathaoir nár chlaon breatha,
díobh a mná 's a máithreacha,
do shlonnadh na fola is fearr,
rogha ollamh na hÉireann.



Tugadh tús cuilte is corma,
i n-onóir a n-ealadhna,
ón druing do fhóir a n-aicme,
dhóibh .......


L. 106


Clann Eochadha, taobh re taoibh,
fuaradar ó Chloinn Chathaoir
sgath na n-iolmhaoineadh dob fhearr,
tar chath fhionnGhaoidheal nÉirionn.



Gach onóir da n-uairsiod riamh
a-tá a-nois - aimsior imchian -
'ga n-ollamhnoibh soir, ó soin,
i moigh thromabhluigh Thuathail.



Siad ar a síoth fa slána
do chosg throd is teagmhála,
do chonnmhadh cách re-roile
i rath fhonnghlan Úghaine.



Tarrla dhóibh, laochradh Laighean
- tearc treise nach turnfuidhear -
dream do chomhmoladh a gceart,
earr a n-ollomhan d'imtheacht.



Is é an Té do-ní gach ní
tug do Thomás mhac Ruaidhrí
- fear na séad mbuaidh 's a mbronnta -
éag i n-uair a fhoghanta.


L. 107


Mór don ... soin do fhásuigh
ón ló teasda an Tomássoin,
file míneang ó Mogha,
fírearr fhine Eochadha.



Do laghduigh a méid mheanma,
ríoghraidh na rún naitheardha,
laoich éachtmhora fa mó modh,
do chló céadfadha a gcuradh.



Rug orra easbhaidh ana
do bhás mheic Mheic Eochadha,
fear fa teann d'airrdhibh ortha:
Laighnigh gan cheann gconnartha



i gcongmháil cháich re chéile,
i n-ionnarbadh aigmhéile,
i ríomh sean na slógh Laighneach,
i gclódh cean na gcomhairleach.



Mó sa chách fás a bhfaladh
ó easbhuidh a n-ollamhan;
mian cean gach éanlá orra:
téarná fear a bhfoghlama.


L. 108


Siad ag fadódh a bhfeirge,
gar dhóibh déanamh díbheirge,
cur síoth mar sin gan slána,
do dhíoth fhir a n-eadrána.



Fagas dóibh déanamh foghla
ar n-éag dá n-aos ealadhna;
gan bhádh n-éinfhir rer-oile
fa chlár gcéillidh gConaire.



Cnuic áille íochtair Laighean
giodh iomlán do hátaigheadh,
cách re héanlá do fhásoigh
an tráth téarná an Tomássoin.



Fa síothach riamh a dtaobh theas
go dtorchair Torna Éigeas;
an lá táir ón taoibh theassa,
do sgaoil báidh a mbráithreasa.



Go dtorchair Mac Coise ó Chluain.
do shíodhuigh chách sa Chraobhruaidh;
Mac Coise, an dtráigh a thuile? -
táir loise na laochraidhe.


L. 109


Síol mBriain do bhádar mar soin
Mac Liag an lá fá dtorchair:
Síol dTáil fa tréad gan toradh,
táir fa éag a n-ollamhan.



Tarla Clann Charrthaigh Chaisil
treimhsi ar an gcor gcéadnaisin
nár slonnadh fa Chliaigh a gceart
i ndiaidh a n-ollamh dh'imtheacht.



Tír gan ollamhuin innte
ní bhí gan bhuaidh n-aidhmillte;
a-tá sé i ndán mar dhleaghar,
gá dtám gan é d'fhoillsiughadh?



Críoch Laighean - leór do thuisle -
díoth ollamh a heasbhuidhse
a tairthe mar fríoth folamh,
an chríoch dh'aithle a hollamhan.



Ní ísligh sreabh dá sreabhoibh,
ní arduigh ioth dh'oireamhoin,
bláth feadh gan tairthe tarrla,
gan aithne ar fhear n-ealadhna.


L. 110


Do mhéaduigh mímheanma a mban,
do ísligh uaill a gcuradh,
a bhfeadhma ar gcúl do cuireadh,
dealbha a ndúl do dorchuigheadh.



Dob áluinn, gur athruigh dreach,
niamh a gcúirteadh 's a gcaithreach
nó gur thriall dul i nduibhe
niamh a mbrugh 's a mbanchuire.



Niamh chrotha chúigidh Laighean
le hurchra gur hathroigheadh
- fonn cneasbhán cheileas a locht -
leigheas easlán 'na hamhorc.



Tomás mac Ruaidhrí, rún sgol,
is iongnadh cor na cumhadh:
fir is mná i gciaigh do cuireadh,
lá 'na dhiaidh do dorchuigheadh.



Mo chompán, mo chré cheiníl,
imtheacht d'oighre Eibhilín
is críoch don chroidhe thinnse:
díoth oile ní áirmhimse.


L. 111


Tar gach n-éanpháis dá n-uair sin
dár gceannaichne, Rí an ríchidh,
sleagh 'na chíogh dá car chuige,
a díol damh ní docruide.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services