Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Togha na hÉigse 1700-1800
Title
Togha na hÉigse 1700-1800
Author(s)
Mac Cairteáin an Dúna, Liam,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1992)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Níor bhoirbe an fhoireann sin in árthaíbh Gréag Ag iomradh na toinne diorga a lán slí i ngléas Tug urchar go cumasach faoi ghardaíbh Trao, Ná an ridire atá ina fhuilingeach dá ndáiltí an ghaoth. Bile cumasach do sciomradh gan fáth maímh é Is do fuineadh a cuisleannaibh an ard-rí i gcéin, An ursa ghlic ar sine-chrith do chráigh croí céad Is do chuir an buile i dtonnaibh crothaigh táintí laoch. Níor churata mar thuigimse mac Dáibhí i gcéill 's níor dhulchanta Conall Gulban an lá 'ghní an éacht Ná an siollaire mear muilchinneach, mo ghrá croí an laoch! Nárbh urramach do thrudaireacht an ardGhaill é. Siollaire sámh soineanta lánchroíoch léinn Mo bhurraiceallach cumainnse noch d'fhás faoin bhFéinn, Gach sursainneach do bhainfeadh ris i mbearnaíbh baoil Le fuinneamh a loinne goirme do sháraíonn sé.
Do thuiteadar i n-iomadh ris (ní ghnáthaím bréag) Bruinealla na cruinne agus mná tí réx, Do ghoineadar a ghoirm-roisc a gceádha faoi phéin Cé miochair an bheach mhilis lenar máithríodh é. Ní mustarach an friotal dhamh i gcás faoi ngréin Gur tumadh thu go huilleannaibh, a sháirPhríomh Gael, A fhir chumasaigh den chine sin ba chráifí méin, 's nár fuilingeadh lá an bhriste againn go tláth faoin stéill. Is iongantach an buille sin ar lár trí gcéad Tugais-se don phlucaire ná tláthaíodh d'aon An tan t'urchar do chuiris-se lé hágh síor séin I mbrollach cnis an bhulcaire is d'fhág sínte é. Tré ar leigeadh de chumas tar tonnaibh is d'athrú buíon Chum deilg go gonta 'nár n-ochtaibh do chlannú 'shíor Adeirimse, a ridire bhoirb den cheapchrú aoird, I bhfeirg do choilg gur bheanais-se an ghealchúirt díobh. Is d'éigsibh na hÉireann ba dhoilbh an ciach Idir phéistibh Genéva dá gcodladh an triath, Laoch mear nár traochadh i ngoradh na scian, Sir Séamas mac Éamainn Mic Coitir an fiann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services