Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Togha na hÉigse 1700-1800

Title
Togha na hÉigse 1700-1800
Author(s)
Mac Cairteáin an Dúna, Liam,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1992)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Níor bhoirbe an fhoireann sin in árthaíbh Gréag
Ag iomradh na toinne diorga a lán slí i ngléas
Tug urchar go cumasach faoi ghardaíbh Trao,
Ná an ridire atá ina fhuilingeach dá ndáiltí an ghaoth.



Bile cumasach do sciomradh gan fáth maímh é
Is do fuineadh a cuisleannaibh an ard-rí i gcéin,
An ursa ghlic ar sine-chrith do chráigh croí céad
Is do chuir an buile i dtonnaibh crothaigh táintí laoch.



Níor churata mar thuigimse mac Dáibhí i gcéill
's níor dhulchanta Conall Gulban an lá 'ghní an éacht
Ná an siollaire mear muilchinneach, mo ghrá croí an laoch!
Nárbh urramach do thrudaireacht an ardGhaill é.



Siollaire sámh soineanta lánchroíoch léinn
Mo bhurraiceallach cumainnse noch d'fhás faoin bhFéinn,
Gach sursainneach do bhainfeadh ris i mbearnaíbh baoil
Le fuinneamh a loinne goirme do sháraíonn sé.


L. 100


Do thuiteadar i n-iomadh ris (ní ghnáthaím bréag)
Bruinealla na cruinne agus mná tí réx,
Do ghoineadar a ghoirm-roisc a gceádha faoi phéin
Cé miochair an bheach mhilis lenar máithríodh é.



Ní mustarach an friotal dhamh i gcás faoi ngréin
Gur tumadh thu go huilleannaibh, a sháirPhríomh Gael,
A fhir chumasaigh den chine sin ba chráifí méin,
's nár fuilingeadh lá an bhriste againn go tláth faoin stéill.



Is iongantach an buille sin ar lár trí gcéad
Tugais-se don phlucaire ná tláthaíodh d'aon
An tan t'urchar do chuiris-se lé hágh síor séin
I mbrollach cnis an bhulcaire is d'fhág sínte é.



Tré ar leigeadh de chumas tar tonnaibh is d'athrú buíon
Chum deilg go gonta 'nár n-ochtaibh do chlannú 'shíor
Adeirimse, a ridire bhoirb den cheapchrú aoird,
I bhfeirg do choilg gur bheanais-se an ghealchúirt díobh.



Is d'éigsibh na hÉireann ba dhoilbh an ciach
Idir phéistibh Genéva dá gcodladh an triath,
Laoch mear nár traochadh i ngoradh na scian,
Sir Séamas mac Éamainn Mic Coitir an fiann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services