Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Prayers for O'Connell and Emancipation
Title
Prayers for O'Connell and Emancipation
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Muirithe, Diarmaid
Composition Date
1828
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1991)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Urnaighthe le rádh ann gac Csepeil an Dociés Cluana is Ruis, feadh bheidh ár N'athchuinge Catilichidh a láithir an Pharliament. Ó a Dhia throchairicc, ionna bhfuil ad lámha chroidhe agus rún daoíne, eaccramíd ort go húmhal a láithir t'oltóradh feacuin le ad shúile truadhbhéileach ar ár bhfullang, ár ndochar neamhchiontac, agus na dlighthe daora fá na bhfuil Caitilicidhthe na Ríochta seo le fada a chruadh-ghearan. Asiad ár ccurtha féin anaigh do dhlighe is cosmhúil do tharraing anuas oruinn an trom-thurnamh seo; anaigh na Riochta níor rinneamuir cuir, ach grádh mór do chreidiomh na Naomh as cuis 'nar naigh, an creidiomh d'admuighin fromhór Criosdaighthe an Domhain. Acht disleacht don tabharthas beannaighthe seo, an inniod bheith ciontac ad taigh a Thiagharna, atá uaig go ttabharthair dhuin pairt ann do Thróchaire. D'adbhaois íad uile beannaighthe dfuillingin síorbhuairreamh ar son an cirt, atámidna anois a fullang ar a shon; atáimid a fullang, fóiríor! a fullang fada le foighne ar son ár gcreidimh mar fullaing ár N'aithreacha reómhain. Do ghaibh siad go fial do rogha do dhlighe a Thigharna riomh gach math agus
maoin talmhuighe; atá ár ndothchas nach rachadh a sompla amúgha, agus lead congnamh Díagha, atámíd buan-tseasamhac gan aon Artiogal dod dhlighe beannaighthe go bráth do thréigion, ar aon chúntas dá mheid ár ndaoirse agus ár ccruadh-cás. Ar an adhbhar sin, eisd go grásdeamhuil lein a Thíagharna Throcairicc, agus eaccraimid ort ad mhath neamh-chuimsighthe croidhe ár Rígh, a Mhinistéirí, agus a lucht chomharle do shoilsughadh go ttuigidís fa dheóig ár ndaoirse, agus go leanfidís cuman ceart, cheanglochadh síth agus caradas idir seinn agus ár ccomhiocaidhthe uile, a bhfior-charthanacht, an uirrim don Rígh, a sithchain coithchean, a buanughadh na Coróinne agus a sonas na ndaoine tre Íosa Criosd do mhac gradhac agus an Spiriod Naomh Aon Dia, ar feadh saoghal na saoghal. Amen. Urnaidh do Domhnald Ó Conaill O a Dhia síorruidhe uillechumhachtaich! a Righ na righthe agus a árd-thiarna na nuille cuamas dtalmhaidhe, deónaidh go truaidhbheileach feuchain anuas le suilibh na truadh, ar muintir na tíre so, agas deire do chur go trochaireach le na n-anacradh; tabhair doibh a n-úreasbadha do-áirmhidhthe d'iompchar go foíghideach. Líonn ar Righalatoirighe le Spiorad na fírinne, na daonachda agus an cheirt. Tathaidh gach treabh de na daoinibh a mban-chumann a dtíre, a ndílseacht ua chroidhe d'ar searc-uachdaran Rioghamhail, agas gcaomh charthanachd d'á cheile. Treóraidh ar Reachdairighe chum dlighthe do cheapadh bunaidhthe ar do naomh-aitheantaibh fein, agus deun ar dtir-mathair, Eire, seasgair sasta agus sonaídhe. Agas ua ta do sheirbhíseach Domhnald Ó Connaill, a chaith a
shaoghal go teasghrádhach díograsach chum na gcríoch naomhta so do rochdain anois cuíbhridhthe a mbraidionas deónaidh Spiorad na foighide do ionas go ngeabhadh se le' n-ais a ghéibheann go cneasda caon-duthrachdach; agas ann do mhór-thrócaire, deonaidh e sgaoileadh saor mar threoraidhthóir agas mar choimirceoir dho' d'-daoinibh tri ar dtiarna agas ar Slannaidhtheoir Iosa Criosd. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services