Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Prayers for O'Connell and Emancipation

Title
Prayers for O'Connell and Emancipation
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Muirithe, Diarmaid
Composition Date
1828
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1991)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Urnaighthe le rádh ann gac Csepeil an Dociés Cluana is Ruis, feadh
bheidh ár N'athchuinge Catilichidh a láithir an Pharliament.



Ó a Dhia throchairicc, ionna bhfuil ad lámha chroidhe agus rún
daoíne, eaccramíd ort go húmhal a láithir t'oltóradh feacuin le ad
shúile truadhbhéileach ar ár bhfullang, ár ndochar neamhchiontac,
agus na dlighthe daora fá na bhfuil Caitilicidhthe na Ríochta seo
le fada a chruadh-ghearan. Asiad ár ccurtha féin anaigh do dhlighe
is cosmhúil do tharraing anuas oruinn an trom-thurnamh seo;
anaigh na Riochta níor rinneamuir cuir, ach grádh mór do
chreidiomh na Naomh as cuis 'nar naigh, an creidiomh
d'admuighin fromhór Criosdaighthe an Domhain. Acht disleacht
don tabharthas beannaighthe seo, an inniod bheith ciontac ad taigh
a Thiagharna, atá uaig go ttabharthair dhuin pairt ann do
Thróchaire. D'adbhaois íad uile beannaighthe dfuillingin síorbhuairreamh
ar son an cirt, atámidna anois a fullang ar a shon;
atáimid a fullang, fóiríor! a fullang fada le foighne ar son ár
gcreidimh mar fullaing ár N'aithreacha reómhain. Do ghaibh siad
go fial do rogha do dhlighe a Thigharna riomh gach math agus


L. 103


maoin talmhuighe; atá ár ndothchas nach rachadh a sompla
amúgha, agus lead congnamh Díagha, atámíd buan-tseasamhac
gan aon Artiogal dod dhlighe beannaighthe go bráth do thréigion,
ar aon chúntas dá mheid ár ndaoirse agus ár ccruadh-cás. Ar an
adhbhar sin, eisd go grásdeamhuil lein a Thíagharna Throcairicc,
agus eaccraimid ort ad mhath neamh-chuimsighthe croidhe ár
Rígh, a Mhinistéirí, agus a lucht chomharle do shoilsughadh go
ttuigidís fa dheóig ár ndaoirse, agus go leanfidís cuman ceart,
cheanglochadh síth agus caradas idir seinn agus ár ccomhiocaidhthe
uile, a bhfior-charthanacht, an uirrim don Rígh, a
sithchain coithchean, a buanughadh na Coróinne agus a sonas na
ndaoine tre Íosa Criosd do mhac gradhac agus an Spiriod Naomh
Aon Dia, ar feadh saoghal na saoghal. Amen.



Urnaidh do Domhnald Ó Conaill



O a Dhia síorruidhe uillechumhachtaich! a Righ na righthe agus a
árd-thiarna na nuille cuamas dtalmhaidhe, deónaidh go truaidhbheileach
feuchain anuas le suilibh na truadh, ar muintir na tíre so,
agas deire do chur go trochaireach le na n-anacradh; tabhair doibh
a n-úreasbadha do-áirmhidhthe d'iompchar go foíghideach. Líonn
ar Righalatoirighe le Spiorad na fírinne, na daonachda agus an
cheirt. Tathaidh gach treabh de na daoinibh a mban-chumann a
dtíre, a ndílseacht ua chroidhe d'ar searc-uachdaran Rioghamhail,
agas gcaomh charthanachd d'á cheile. Treóraidh ar Reachdairighe
chum dlighthe do cheapadh bunaidhthe ar do naomh-aitheantaibh
fein, agus deun ar dtir-mathair, Eire, seasgair sasta agus sonaídhe.



Agas ua ta do sheirbhíseach Domhnald Ó Connaill, a chaith a


L. 104


shaoghal go teasghrádhach díograsach chum na gcríoch naomhta
so do rochdain anois cuíbhridhthe a mbraidionas deónaidh Spiorad
na foighide do ionas go ngeabhadh se le' n-ais a ghéibheann go
cneasda caon-duthrachdach; agas ann do mhór-thrócaire, deonaidh
e sgaoileadh saor mar threoraidhthóir agas mar choimirceoir dho'
d'-daoinibh tri ar dtiarna agas ar Slannaidhtheoir Iosa Criosd.



Amen.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services