Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhrán le hAogán Ó Raithile
Title
Amhrán le hAogán Ó Raithile
Author(s)
Ó Rathaille, Aogán,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1984)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EGAN Ó RAITHILE cct 'Ainnir mhiochair bhlasta mhilis chailce shultmhar dhéad-gheal tseang Chuir mearafal ar m'aigne is nach feasach dham cá taobh 'na ngabhaim, Aitchimse ortsa maiteachas do thabhairt dom ó's éigean dúinn Is cead labhairt ar do phearsain chirt más ceadmhach go ndéanfam greann.
Dearta cuthaigh meanamna ó shrothaibh tigeann éisc ar bannc Is beannaphuic ó shleasaibh cnuc na seannaigh is na héin don chrann, Ramharbhruic as chlasaibh cluthra ar charraigeacha 'déanamh damhais Tan chluinid guith an charraghuib, an balsam milis-bhéil gan mheang. Is fada leathan camarsach a carnfholt 's is dréimreach leabhair Do dhorchaigh an lomradh le gaisce tug mac Héson ann, Níl alt ná troigh ná easna 'ruith go bun a buig a dréimre leabhair Acht fuil dhragan cuthaigh calma nó seabhac-con ar fhéil' 's ar fheabhas. Is fada liom an tseachtain seo gan tarraing ort, a dhéad-gheal fhionn An tsneachtachuirp mar eala ar loch 's go halt a cois' níl fiar ná cam, An oiread sin níor theasta 'on tsult ón ainnir ghlic ba séimhe labhairt Go dtigid puic ó bhathas cnuic le gaile a guith' is éisc as abhainn.
Gach aicme agaibhse mheasas go bhfuil dearmad ná bréag im rann, Tagaidh-se chois Fleasca gil' is rachad-sa dá féachaint ann; Racha mise i dtaca leis, óm chalainn buantar saor an ceann! Mara n-admha sibh a n-abraim mar dhearbhas lucht léighte leabhar. Is ó Chas ? mac Cuirc do tharraingeas-sa an seanchas ar an gclaon gan cham; A hathair-sin 'shliocht Chaiseal-Chuirc do haltradh insa nGaortha thall; A banaltra don Charrath-fhuil 's gan easpa uirthe in aon taobh 'na ngabhann; Stadaidh feasta i gCairbreach 's is fada sibh ag déanamh leamhais. An Ceangal Aoibheall bhreagh bhán-Chraige croibh ghil úir Nó an fhionnfhlaith atá i gCnoc Áine nó i Ros Mhic Cnúmhadh, I gcuibhe ná i gcáil níorbh fhearr iad, i gcosnamh clú, Ná Brighid ó ard-Chill Airne Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services