Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán le hAogán Ó Raithile

Title
Amhrán le hAogán Ó Raithile
Author(s)
Ó Rathaille, Aogán,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1984)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EGAN Ó RAITHILE cct



'Ainnir mhiochair bhlasta mhilis
chailce shultmhar dhéad-gheal tseang
Chuir mearafal ar m'aigne
is nach feasach dham cá taobh 'na ngabhaim,
Aitchimse ortsa maiteachas
do thabhairt dom ó's éigean dúinn
Is cead labhairt ar do phearsain chirt
más ceadmhach go ndéanfam greann.


L. 153


Dearta cuthaigh meanamna
ó shrothaibh tigeann éisc ar bannc
Is beannaphuic ó shleasaibh cnuc
na seannaigh is na héin don chrann,
Ramharbhruic as chlasaibh cluthra
ar charraigeacha 'déanamh damhais
Tan chluinid guith an charraghuib,
an balsam milis-bhéil gan mheang.



Is fada leathan camarsach
a carnfholt 's is dréimreach leabhair
Do dhorchaigh an lomradh
le gaisce tug mac Héson ann,
Níl alt ná troigh ná easna 'ruith
go bun a buig a dréimre leabhair
Acht fuil dhragan cuthaigh calma
nó seabhac-con ar fhéil' 's ar fheabhas.



Is fada liom an tseachtain seo
gan tarraing ort, a dhéad-gheal fhionn
An tsneachtachuirp mar eala ar loch
's go halt a cois' níl fiar ná cam,
An oiread sin níor theasta 'on tsult
ón ainnir ghlic ba séimhe labhairt
Go dtigid puic ó bhathas cnuic
le gaile a guith' is éisc as abhainn.


L. 154


Gach aicme agaibhse mheasas
go bhfuil dearmad ná bréag im rann,
Tagaidh-se chois Fleasca gil'
is rachad-sa dá féachaint ann;
Racha mise i dtaca leis,
óm chalainn buantar saor an ceann!
Mara n-admha sibh a n-abraim
mar dhearbhas lucht léighte leabhar.



Is ó Chas ? mac Cuirc do tharraingeas-sa
an seanchas ar an gclaon gan cham;
A hathair-sin 'shliocht Chaiseal-Chuirc
do haltradh insa nGaortha thall;
A banaltra don Charrath-fhuil
's gan easpa uirthe in aon taobh 'na ngabhann;
Stadaidh feasta i gCairbreach
's is fada sibh ag déanamh leamhais.



An Ceangal



Aoibheall bhreagh bhán-Chraige croibh ghil úir
Nó an fhionnfhlaith atá i gCnoc Áine nó i Ros Mhic Cnúmhadh,
I gcuibhe ná i gcáil níorbh fhearr iad, i gcosnamh clú,
Ná Brighid ó ard-Chill Airne Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services