Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Easling an Chearbhallaigh Dhálaidh
Title
Easling an Chearbhallaigh Dhálaidh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Watson, Seosamh
Composition Date
1824
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1982-1983)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aige so Easling an Chearbhallaidh Dháluidh annso síos a bprós agus bhéursa. Do cumadh le mac na michomhairle .i. an Cearbhuilleach. 1 Do bhí mé bréasglaidh a noichdhe amháin go raibh mé ag dol ann aiffrinn agus gur chas damh an ceile mná dob áille agus budh deise da raibh fuigh an gréin ar liom féin nach ar bhfiúgh fios sgéimh Helen on ngréig na déirdre a daeleadh go halbain le naoís, diana na pállas iúno na Vénus le braidheacht na le deise. do bhí cíabh troillseach
ór-dhaite sgaoílte leith sios go fann lag ár a gúaillibh bhí a rosga glasa loinnireach dealrach mur ghath gréine na mur dhrúcht maidnne do bhí a troigheacha tanaidh agus a siúbhal agus a céadfaidh go huile aig teacht le chéile agus bhreathnaithios féin a háille agus a deise thuitios féin a searc agus a síoir ghrádh léith agus smúainighios oram féin agus do chum mé di rann agus a se mar dúras féin léith. an ran mar a leanas.
A ghéug deas na nabhal do hamhuil níl le faghail sa chrí, 's gan bhréig le do shamhuil is tú pálas na déirdre chaoín; a bhfuil do bhráidh mar an ala agus d'amharc mar an ghrían a luigh is fíor dheas do bhealaidh agus do mhailidh gheal ghléala chaoín. Do léithid na hamhuil níor geineadh ó cruitheadh an saóghal, ach Vénus na Helen ler chionfadh leó sgrios na traoígh; a mhaidhre deas leinbh is seasbhfaigh 'gas is aille gníomh; a bhfuil do ghlór nías binne na an luin na an chúach ar chraoíbh. Mo núair gan mise agus tusa a phéarla mná, An úaigneas coilleadh an éinfheacht ó oídhche go lá; mar mbéadh sin a mailís le faillígh agus a dúbladh an ghrádh, aig múineadh gach siolla dar thairgín a ríamh na fáidh. León tú mise ainnir na nór fholt buidh, gluais go tapaidh agus astruigh liom féin sa tslígh ta ma chéadfaidh lag meata le gean ort do ló 'gas do oidhche agus beó ní bhíom an tamall mur ngabhar liom féin mur mhnaoí.
2 Agus sin mar a chanaidh me féin dith, an sin do labhair si liom go dána mar so síos, agus dfíafraidh dhíom créad é an duine mé na an fear mire do bhí annam na geilt do chuaidh a sgéin amadan na fear magaidh le go sílinn go ttiubhrainn féin grádh na gean duit a bhfuil do Cheann mór agus do rosga beaga fadshrónach fadfhíaclach mór- phusach caólchosach agus do Chaol mhuineal fada mar sheól crann luinge agus gan aon bháll díot sgíamhach le féuchaint ar an ábhar sin rúaig leat ce be taóbh don domhan darbeas dut ni rachaidh me fein leat a thrúaill bhocht chrannta gan sgéimh gan amh gan áille gan deise imthigh leat agus fagh ainbhid ainbhfiosach mar thú féin na bí folamh, agus do chum sí féin abhran damh mur so síos.
An tabhran A shíogaidh sheannta chrannta chráite, a bhfuil do shúile mór, agus loit do chnámha; Do fhíacla fada agus do chabar láidir, Do chosa caóla agus cha dtéum go bráth leat.
3 Trá chúalaidh me féin na bríathra sin do chuireas gruig ann mo mholaidh agus dubhras gur mhaith mara bhí agus go raibheas mar an cceadna léith agus gur phléid air róraidh me leith roimhe sin agus nach raibh grádh no gean agam oirrthaidh agus nach nglúaisin leith a ccóir na ann éagchóir agus go raibh si féin gan chumadh gan cheartadh na caile tónagach ciosanach geairrchosach camfhíaclach agus do chumas di rann mar an ccéadna -
A chaile stúacach clúasach crágach, pislíneach pusach musach spágach; a bhfuil do chroídhe grúama gan suairc gan aille: mo mhallacht féin a choidhche, s go brath ort.
4 Tra chanaidh me féin na briathar sa dhith do chlaón sí a ceann agus do bhí sí a bhfad aig staideir fuigh dhó do labhar si agus dubhairt glacam párdun agad óigfhear dheas fa mo dhroch bhríathra gidh gur chanaidhis íad ach go bhfuil búaidh oram go bhfuil me ruibeach lasanta ar úairibh, ár an adhbhar sin ta súil agam nach nglacan tú go holc é agus do chum sí rann damh féin, rann mar so síos -
Óigfhear dheas gheanamhuil do thárlaidh damh féin sa tslíghe níor rugadh da hamhuil ach absalom na Mercurídh cía tú ni fios damh a casadh dhuit féin anaídh a bhfuil do ghrúaidhe mar Narcisus a hamhoidh le gean don sgéimh Ceist agam ort nair astraidh tú bhfad sa tír, na air thárlaidh dhuit gaisgidheach deas bhreasnaidh rómhad sa tslíghe spéireamhuil do bhi amharc agus ealaidheanta ann gach gníomh budh tréine é na hector a shladaidh a lán sa traoigh.
Mé féin go ttug searc agus gean dó a ttús mo shaóghail agus thug mé mo gheallamhuint nach nglacain féin athairradh choídhche chualaidh m'athair go raibh brath aige oram féin mur mhnaoí dhíbhir se ón mbaile me agus tá mé na dhiaigh le mí fúair mé teagasg o mo bhuime an úair do bhí me baoidh le mo áthairradh ann gach gothadh - dar mhían mo chroidhe le héirghe air eiltriog agus imtheacht ann gach áird dar mhían 's ní mó nach ar shiúbhail mé an domhan gan amharc dfághail ar mhían mo chroidhe muna bhfuígh mé gan spás é táim fáigthe agus ni théid me bhfad agus a smúaineadh ata me go ndearnadh gan bhréig a shlad, an gaisgidheach úr dob áille a dfás air ttús o Eireamhon. an curaidh tréun breadh mar Aéneas da ttug Dido gean
5 Tra chríochnaidh si na bhéarsaidh so, smúainidhis gur chóir damh fios a bheith agam ar a háit cómhnuidh, agus dfíafruighis dith ann sa rann é mar leanas -
A rioguín deas mhilis ainnir na nór fhoilt bhuidh a chaoin bhean is taitneamhaidh mar phalas is áille snas cía táobh ann air b'eas duit aithris damh é gan spás. na an tusa orfídia da ttug raghnaldo di iomad gean?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services