Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Easling an Chearbhallaigh Dhálaidh

Title
Easling an Chearbhallaigh Dhálaidh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Watson, Seosamh
Composition Date
1824
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1982-1983)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Aige so Easling an Chearbhallaidh Dháluidh annso síos a bprós
agus bhéursa.



Do cumadh le mac na michomhairle .i. an Cearbhuilleach.



1 Do bhí mé bréasglaidh a noichdhe amháin go raibh mé ag dol
ann aiffrinn agus gur chas damh an ceile mná dob áille agus budh deise da
raibh fuigh an gréin ar liom féin nach ar bhfiúgh fios sgéimh Helen
on ngréig na déirdre a daeleadh go halbain le naoís, diana na
pállas
iúno na Vénus le braidheacht na le deise. do bhí cíabh troillseach


L. 124


ór-dhaite sgaoílte leith sios go fann lag ár a gúaillibh bhí a rosga
glasa loinnireach dealrach mur ghath gréine na mur dhrúcht maidnne
do bhí a troigheacha tanaidh agus a siúbhal agus a céadfaidh go huile aig
teacht le chéile agus bhreathnaithios féin a háille agus a deise thuitios
féin a searc agus a síoir ghrádh léith agus smúainighios oram féin agus do
chum mé di rann agus a se mar dúras féin léith.



an ran mar a leanas.




A ghéug deas na nabhal do hamhuil níl le faghail sa chrí,
's gan bhréig le do shamhuil is tú pálas na déirdre chaoín;
a bhfuil do bhráidh mar an ala agus d'amharc mar an ghrían a luigh
is fíor dheas do bhealaidh agus do mhailidh gheal ghléala chaoín.



Do léithid na hamhuil níor geineadh ó cruitheadh an saóghal,
ach Vénus na Helen ler chionfadh leó sgrios na traoígh;
a mhaidhre deas leinbh is seasbhfaigh 'gas is aille gníomh;
a bhfuil do ghlór nías binne na an luin na an chúach ar chraoíbh.



Mo núair gan mise agus tusa a phéarla mná,
An úaigneas coilleadh an éinfheacht ó oídhche go lá;
mar mbéadh sin a mailís le faillígh agus a dúbladh an ghrádh,
aig múineadh gach siolla dar thairgín a ríamh na fáidh.



León tú mise ainnir na nór fholt buidh,
gluais go tapaidh agus astruigh liom féin sa tslígh
ta ma chéadfaidh lag meata le gean ort do ló 'gas do oidhche
agus beó ní bhíom an tamall mur ngabhar liom féin mur mhnaoí.




2 Agus sin mar a chanaidh me féin dith, an sin do labhair si liom
go dána mar so síos, agus dfíafraidh dhíom créad é an duine mé na an
fear mire do bhí annam na geilt do chuaidh a sgéin amadan na fear
magaidh le go sílinn go ttiubhrainn féin grádh na gean duit a bhfuil
do Cheann mór agus do rosga beaga fadshrónach fadfhíaclach mór-
phusach caólchosach agus do Chaol mhuineal fada mar sheól crann
luinge agus gan aon bháll díot sgíamhach le féuchaint ar an ábhar sin
rúaig leat ce be taóbh don domhan darbeas dut ni rachaidh me fein
leat a thrúaill bhocht chrannta gan sgéimh gan amh gan áille gan
deise imthigh leat agus fagh ainbhid ainbhfiosach mar thú féin na bí
folamh, agus do chum sí féin abhran damh mur so síos.


L. 125



An tabhran



A shíogaidh sheannta chrannta chráite,
a bhfuil do shúile mór, agus loit do chnámha;
Do fhíacla fada agus do chabar láidir,
Do chosa caóla agus cha dtéum go bráth leat.




3 Trá chúalaidh me féin na bríathra sin do chuireas gruig ann
mo mholaidh agus dubhras gur mhaith mara bhí agus go raibheas mar an
cceadna léith agus gur phléid air róraidh me leith roimhe sin agus nach
raibh grádh no gean agam oirrthaidh agus nach nglúaisin leith a ccóir
na ann éagchóir agus go raibh si féin gan chumadh gan cheartadh na
caile tónagach ciosanach geairrchosach camfhíaclach agus do chumas
di rann mar an ccéadna -




A chaile stúacach clúasach crágach,
pislíneach pusach musach spágach;
a bhfuil do chroídhe grúama gan suairc gan aille:
mo mhallacht féin a choidhche, s go brath ort.




4 Tra chanaidh me féin na briathar sa dhith do chlaón sí a
ceann agus do bhí sí a bhfad aig staideir fuigh dhó do labhar si agus
dubhairt glacam párdun agad óigfhear dheas fa mo dhroch bhríathra
gidh gur chanaidhis íad ach go bhfuil búaidh oram go bhfuil me
ruibeach lasanta ar úairibh, ár an adhbhar sin ta súil agam nach
nglacan tú go holc é agus do chum sí rann damh féin, rann mar so síos -




Óigfhear dheas gheanamhuil do thárlaidh damh féin sa tslíghe
níor rugadh da hamhuil ach absalom na Mercurídh
cía tú ni fios damh a casadh dhuit féin anaídh
a bhfuil do ghrúaidhe mar Narcisus a hamhoidh le gean don sgéimh



Ceist agam ort nair astraidh tú bhfad sa tír,
na air thárlaidh dhuit gaisgidheach deas bhreasnaidh rómhad sa tslíghe
spéireamhuil do bhi amharc agus ealaidheanta ann gach gníomh
budh tréine é na hector a shladaidh a lán sa traoigh.


L. 126


Mé féin go ttug searc agus gean dó a ttús mo shaóghail
agus thug mé mo gheallamhuint nach nglacain féin athairradh choídhche
chualaidh m'athair go raibh brath aige oram féin mur mhnaoí
dhíbhir se ón mbaile me agus tá mé na dhiaigh le mí



fúair mé teagasg o mo bhuime an úair do bhí me baoidh
le mo áthairradh ann gach gothadh - dar mhían mo chroidhe
le héirghe air eiltriog agus imtheacht ann gach áird dar mhían
's ní mó nach ar shiúbhail mé an domhan gan amharc dfághail
ar mhían mo chroidhe



muna bhfuígh mé gan spás é táim fáigthe agus ni théid me bhfad
agus a smúaineadh ata me go ndearnadh gan bhréig a shlad,
an gaisgidheach úr dob áille a dfás air ttús o Eireamhon.
an curaidh tréun breadh mar Aéneas da ttug Dido gean




5 Tra chríochnaidh si na bhéarsaidh so, smúainidhis gur chóir
damh fios a bheith agam ar a háit cómhnuidh, agus dfíafruighis dith
ann sa rann é mar leanas -




A rioguín deas mhilis ainnir na nór fhoilt bhuidh
a chaoin bhean is taitneamhaidh mar phalas is áille snas
cía táobh ann air b'eas duit aithris damh é gan spás.
na an tusa orfídia da ttug raghnaldo di iomad gean?



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services