Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Seventeenth century Translation of the First Psalm
Title
A Seventeenth century Translation of the First Psalm
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1682
Publisher
(B.Á.C. NUI, 1977-1979)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N Éigse17 61-66} {L 65} {B 1682 17D} {G L} {U 0001} {C Prós} {M 8} An céddhan thráchtas ar shólás an duine beannaighthe agas ar mhísholas an duine mhallaighthe. Beannaighthe an té ghlúaiseas. ó chúallacht nach díadha. snach bhfanann aslidhe na bpeacach, ambeinnse ní chaidreann ná íadsan. Ach athoil do thabhairt do ghnáth, go bráth do dhligheadh dé. sa dhligheadh do chongmháil ar bun gach fuin, sgach éirghe láe. Bíaidh comhchosmhail lé crann. athchurthar ambhall mhéith bheiríos úaidh athoradh, narobhartas féin. snach lobhann ráod dá dhuille, na ruibe da ghéig, agas bíaidh go soilmhir, sona, ciodh bé conair attéid. Ní mar sin do ní seisean. an fear sin nach díadha. biaidh comhcosmhail lé caith, fá ghráin ar feadh gach blíadhna. Móide mo thrúaidhe dhó. mac na mallacht gan chéill. an bhreath bérthar air. gan aléigean go teach dé. Ag día atha afhios. anduine maith go mbíaidh. gan rochas abhflaitheas dé. sdonán an léin fa chíaidh. Beannaighte an té ghlúaiseas ochomhairle dhuine mhallaighthe, agus nach leanann ashlige, abhésa, na acháilidheacht, agus nach gabhann lé a ais, áit an duine mhallaighthe do chothughadh, no do
chongbháil, ar bun. ach amhain adhúil do thabhairt do dhligheadh dé oghníomh, obhréithir, agus oinntinn, agus an dligheadh. .céadna. do chongmháil go suthain, gach lá, agus gach oidhche, agus má ní mursin bíaidh comhchosmhail lé crann cumhra taitneamhach do níthear dathchur. le táobh abhann, ar abhfásaidh toramh égsamhail deaghbhalaidh dhe, nach lobhann énní, da fhréimh, nó dha dhuilleabhar, da mhéd anásdacht da bhfuídhe, agas bíodh nach blaisfeadh neach ní dhá thoradh, go sáiseochadh, an boltanas bréadhga, lóghmur tig dhe é, mur sin bheas an fírén ciodh bé háit arachaidh. Ní mar sin don duine mhallaighthe, úair bíaidh comhchosmhail do cháith, ar fhailmhe, agus ar édtruime, is ar olcas, fhúadaidheas an gháoth do bhrígh nach bí subsdaint, na tádhbhacht innte. Och faríor an duine bocht mallaighthe, anaimsir an bhreitheamhnais bíaidh mur an ccáith ameasg na ndeamhan, agus nifhuidhe cead bheith ameasg na naingeal. úair atá afhios ag día mur do rinne anduine beannaighthe seirbhís mhaith dho, go bhfuidhe flaitheamhnus mar lúach sáothair, agás go ttiobhraidh pían shíorrdhaighe don duine mhallaighthe. PÁDRAIG DE BRÚN
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services