Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Seventeenth century Translation of the First Psalm

Title
A Seventeenth century Translation of the First Psalm
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1682
Publisher
(B.Á.C. NUI, 1977-1979)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An céddhan thráchtas ar shólás an duine beannaighthe
agas ar mhísholas an duine mhallaighthe.



Beannaighthe an té ghlúaiseas. ó chúallacht nach díadha.
snach bhfanann aslidhe na bpeacach, ambeinnse ní chaidreann ná
íadsan.



Ach athoil do thabhairt do ghnáth, go bráth do dhligheadh dé.
sa dhligheadh do chongmháil ar bun gach fuin, sgach éirghe láe.



Bíaidh comhchosmhail lé crann. athchurthar ambhall mhéith
bheiríos úaidh athoradh, narobhartas féin. snach lobhann ráod
dá dhuille, na ruibe da ghéig, agas bíaidh go soilmhir, sona,
ciodh bé conair attéid.



Ní mar sin do ní seisean. an fear sin nach díadha.
biaidh comhcosmhail lé caith, fá ghráin ar feadh gach blíadhna.



Móide mo thrúaidhe dhó. mac na mallacht gan chéill.
an bhreath bérthar air. gan aléigean go teach dé.



Ag día atha afhios. anduine maith go mbíaidh.
gan rochas abhflaitheas dé. sdonán an léin fa chíaidh.



Beannaighte an té ghlúaiseas ochomhairle dhuine mhallaighthe, agus
nach leanann ashlige, abhésa, na acháilidheacht, agus nach gabhann
lé a ais, áit an duine mhallaighthe do chothughadh, no do


L. 66


chongbháil, ar bun. ach amhain adhúil do thabhairt do dhligheadh
dé oghníomh, obhréithir, agus oinntinn, agus an dligheadh.
.céadna. do chongmháil go suthain, gach lá, agus gach oidhche, agus má
ní mursin bíaidh comhchosmhail lé crann cumhra taitneamhach do níthear
dathchur. le táobh abhann, ar abhfásaidh toramh égsamhail deaghbhalaidh
dhe, nach lobhann énní, da fhréimh, nó dha dhuilleabhar, da mhéd anásdacht
da bhfuídhe, agas bíodh nach blaisfeadh neach ní dhá thoradh, go
sáiseochadh, an boltanas bréadhga, lóghmur tig dhe é, mur sin bheas an fírén
ciodh bé háit arachaidh.



Ní mar sin don duine mhallaighthe, úair bíaidh comhchosmhail do cháith, ar
fhailmhe, agus ar édtruime, is ar olcas, fhúadaidheas an gháoth do bhrígh
nach bí subsdaint, na tádhbhacht innte.



Och faríor an duine bocht mallaighthe, anaimsir an bhreitheamhnais bíaidh
mur an ccáith ameasg na ndeamhan, agus nifhuidhe cead bheith ameasg na
naingeal. úair atá afhios ag día mur do rinne anduine beannaighthe
seirbhís mhaith dho, go bhfuidhe flaitheamhnus mar lúach sáothair,
agás go ttiobhraidh pían shíorrdhaighe don duine mhallaighthe.



PÁDRAIG DE BRÚN



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services