Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bean an Fhir Rua
Title
Bean an Fhir Rua
Compiler/Editor
Bhreathnach, Áine
Composition Date
1825
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1975-1976)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beir litir uaim scríobhta síos go baile cuis cuain ag a ccailín beag caoimhe a bhfuil a snua leis ann a gruaidh, mealluidh sí an saoghal tá na mílte fear leithe dá luadh, glac misneach, a Bhríd, 's dein eineach ar cuirp an fhir ruaidh. Tá crann ans a ngáirdin a fhásan air a bhlách buidhe nuair a leagaim mo lámh ar is láidir nach mbristear mo chroidhe, ní creitin ó'n bPápa go fhácfása mis faoi ghruaim, glac meisneach, Bhríd, agus déan eineach ar curp an fhir ruaidh; sa ndiairfuin dhe spás ar an áirdrigh tá a bhflaitheas a bhfad suas aon phóigín amháin 's é dháil ó bhean an fhir ruaidh. Nár fága mé an saoghal so chaoiche, is go raibh mé a fad ann, och ón is ná raibh mé fhad ann go raibh mé 's mo mhian seal sínte tamal faoi dhuileir na ccrann bharra na dumh gcrann gan aon duine a bheith ar ngaomhor annamh lin ach an chuach 'sí sinim go binn 'sa a fear ruadh a bheith sínte a gCill Bhrighde sa díog- sa is leac ar a cheann.
Síos ag Béal-Barnuis tharlaigh me-si is mo ghrádh go Cóige Uladh an áigh, is fágfaidh mé Connacht 'mo dhiaigh, n-uair coimhnighim 'san lá í bheith láimh le mala an chnoic ruaidh guilim-se am sháith is nach náireach mar d'imthigh sí uaim. Dá mbeidhinn-se thart síos a b-príosún ceangailte cruaidh, boltaidh air mo chaol, is na mílte glas as sin suas, bhéarfain-se an léim sin mar d'éireochadh an eala d'a cuan nó go sínean mo thaobh síos le bean an fhir ruaidh. Tá crann san g-coill a bhfásann air an bláth buidhe trá leagaim-si am lámh air as láidir nach mbriseann mo chroidhe, sé n-iarfainn féin de spás is a fhagháil ó fhlaitheas anuas aon phóigín amháin is a fhagháil ó bean an fhir ruaidh.
Nár fhágbhaidh mé an saoghal choidhche is nár chailligh mé an ceann go raibh mé is mo mian seal sínte faoi bharraibh na g-crann gan duine n'ar ngaobhar mar fiadhnaise orrainn acht crainn is an fear ruadh fheiceál sínte a gCill Bhrighde is leac air a cheann.
'Sé do bheatha chum na tíre-se a fhaoileann is deise faoi ghruaim ioná an bhean a bhídh shíos ag Naoise mhac Uisneach fá chuan; Sgriosfadh mé an chríocha níos go h'imeal Ros-Cuain 's nuair a thiocfas mé chuinn tíre dhéantar aenach magaidh 'n fhir ruaidh! Is gile do bhráigh, a mhíle grádh, ioná an eala tá air toinn is deirge do ghruaigh ioná na rósaigh a thig air na crainn; is binne do bhéul ioná an chuach 's í sinm go binn 's gur míne ná'n síoda na dlaoith-fuilt cas-deas' do chinn! A bruindeil gan smál a bhfuil deálradh deas in do ghruaigh, 'sé an t-ógánach bán do'b áill leam leat-sa 'gá luadh; ní cheiliom air chách an t-ádhbhar a bhfuilim faoi ghruaim, 's daimhdheoin fear Fáil 'sí mo ghrádh-sa bean an fhir ruaidh! Stadfadh mé a chaoidhche de shaothradh fearantaidh cruaidh, muna fiosach dhamh nídh air bith chlaoidhfeadh aigneadh an fhir ruaidh, acht chois na Traoi dá bhfuighinn é go ttabhairfinn é uam ar eacht a bheith air iarraigh seal bliaghna ó'n fhear atá ruadh. A bhládh ban na sgéimhe, cuiream céud míle beannacht leat suas, tá mé gointe ag an éug i n'éagmais do thathaigh gach uair, 's dá'r bh'eol dhamh bean a bhréugnughadh chuirfinn i ccéill dhuit m'anacar cruaidh, is má philleam go h'éag 's í mo chéadsearc bean an fhir ruaidh!
Dá mbéithinn-se thart shíos i bpríosún ceangailte cruaidh, bolltaidh air mo chaoltaibh as míle glas uadh sin suas, rachfainn-se trídta mar síobadh sneachta de'n chuan air eacht a bheith sínte seal aoidhche le bean an fhir ruaidh!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services