Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bean an Fhir Rua

Title
Bean an Fhir Rua
Compiler/Editor
Bhreathnach, Áine
Composition Date
1825
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1975-1976)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Beir litir uaim scríobhta síos go baile cuis cuain
ag a ccailín beag caoimhe a bhfuil a snua leis ann a gruaidh,
mealluidh sí an saoghal tá na mílte fear leithe dá luadh,
glac misneach, a Bhríd, 's dein eineach ar cuirp an fhir ruaidh.



Tá crann ans a ngáirdin a fhásan air a bhlách buidhe
nuair a leagaim mo lámh ar is láidir nach mbristear mo chroidhe,
ní creitin ó'n bPápa go fhácfása mis faoi ghruaim,
glac meisneach, Bhríd, agus déan eineach ar curp an fhir ruaidh;



sa ndiairfuin dhe spás ar an áirdrigh tá a bhflaitheas a bhfad suas
aon phóigín amháin 's é dháil ó bhean an fhir ruaidh.



Nár fága mé an saoghal so chaoiche, is go raibh mé a fad
ann, och ón is ná raibh mé fhad ann
go raibh mé 's mo mhian seal sínte tamal faoi dhuileir
na ccrann bharra na dumh gcrann
gan aon duine a bheith ar ngaomhor annamh lin ach an
chuach 'sí sinim go binn
'sa a fear ruadh a bheith sínte a gCill Bhrighde sa díog-
sa is leac ar a cheann.


L. 189


B 1840lsc 19L
Síos ag Béal-Barnuis tharlaigh me-si is mo ghrádh
go Cóige Uladh an áigh, is fágfaidh mé Connacht 'mo dhiaigh,
n-uair coimhnighim 'san lá í bheith láimh le mala an chnoic ruaidh
guilim-se am sháith is nach náireach mar d'imthigh sí uaim.



Dá mbeidhinn-se thart síos a b-príosún ceangailte cruaidh,
boltaidh air mo chaol, is na mílte glas as sin suas,
bhéarfain-se an léim sin mar d'éireochadh an eala d'a cuan
nó go sínean mo thaobh síos le bean an fhir ruaidh.



Tá crann san g-coill a bhfásann air an bláth buidhe
trá leagaim-si am lámh air as láidir nach mbriseann mo chroidhe,
sé n-iarfainn féin de spás is a fhagháil ó fhlaitheas anuas
aon phóigín amháin is a fhagháil ó bean an fhir ruaidh.


L. 190


Nár fhágbhaidh mé an saoghal choidhche is nár chailligh mé an ceann
go raibh mé is mo mian seal sínte faoi bharraibh na g-crann
gan duine n'ar ngaobhar mar fiadhnaise orrainn acht crainn
is an fear ruadh fheiceál sínte a gCill Bhrighde is leac air a cheann.


L. 192


B 1846lsc 19L
'Sé do bheatha chum na tíre-se a fhaoileann is deise faoi ghruaim
ioná an bhean a bhídh shíos ag Naoise mhac Uisneach fá chuan;
Sgriosfadh mé an chríocha níos go h'imeal Ros-Cuain
's nuair a thiocfas mé chuinn tíre dhéantar aenach magaidh 'n
fhir ruaidh!



Is gile do bhráigh, a mhíle grádh, ioná an eala tá air toinn
is deirge do ghruaigh ioná na rósaigh a thig air na crainn;
is binne do bhéul ioná an chuach 's í sinm go binn
's gur míne ná'n síoda na dlaoith-fuilt cas-deas' do chinn!



A bruindeil gan smál a bhfuil deálradh deas in do ghruaigh,
'sé an t-ógánach bán do'b áill leam leat-sa 'gá luadh;
ní cheiliom air chách an t-ádhbhar a bhfuilim faoi ghruaim,
's daimhdheoin fear Fáil 'sí mo ghrádh-sa bean an fhir ruaidh!



Stadfadh mé a chaoidhche de shaothradh fearantaidh cruaidh,
muna fiosach dhamh nídh air bith chlaoidhfeadh aigneadh an fhir ruaidh,
acht chois na Traoi dá bhfuighinn é go ttabhairfinn é uam
ar eacht a bheith air iarraigh seal bliaghna ó'n fhear atá ruadh.



A bhládh ban na sgéimhe, cuiream céud míle beannacht leat suas,
tá mé gointe ag an éug i n'éagmais do thathaigh gach uair,
's dá'r bh'eol dhamh bean a bhréugnughadh chuirfinn i ccéill
dhuit m'anacar cruaidh,
is má philleam go h'éag 's í mo chéadsearc bean an fhir ruaidh!


L. 193


Dá mbéithinn-se thart shíos i bpríosún ceangailte cruaidh,
bolltaidh air mo chaoltaibh as míle glas uadh sin suas,
rachfainn-se trídta mar síobadh sneachta de'n chuan
air eacht a bheith sínte seal aoidhche le bean an fhir ruaidh!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services