Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Díonbhrollach Lámhscríbhinne le Séamas Goodman
Title
Díonbhrollach Lámhscríbhinne le Séamas Goodman
Author(s)
Goodman, James,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1875
Publisher
(B.Á.C. NUI, 1973-1974)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Díonbhrollach na hoibre si mar leanas: Chum an leightheóra: Má's iongnadh le neach ar bith duine dom shámhailsi - 'tá anois ag tuitim le laethibh liatha, agus cúram parráisde orm de bharr ar sin - bheith ag casadh le hobair don tsórt so (mar atá, bheith ag cnósach agus ag cur síos a bpeann-chlodh, seanduanta agus dánta na hÉireann ) bíodh a fhios aige gurab inmheasda dho, go dteigheann sé a leas dhaoineadh nidh éigin da shamhuil so do ghlacadh mar chaitheamh aimsire, do bhrígh nach buan-saoghalach an té ná bíonn aige bréagán éigin chum buaireadh an tsaoghail do chur as a chuimhne, agus nach bhfuil nidh ar domhain as neamhurchóidighe ná bheith ag agallamh na seanughdar! Agus átá nidh oile sa sgéal sa .i. go bhfuilim annso ag imtheacht do réir dúchais! Bíodh nach duine mé de phreimh ársaidh na nGaodhal, acht do threabh na
Sagsan, gidheadh do phlanduigheadar mo shinnsear fad ó shoin a n-iarthar Chontae Chiaruidhe, áit f.c.; lch. 2 áit ionnar fhogh- lamuigheadar teanga na hÉirionn, agus mar ar theangmhaigh dóibh bheith, mar deirthear, beagnách "ipsis Hibernicis hiberniores" ionnus nach raibh aon nidh dob annsa liomsa om óige, ná bheith ag éisteacht le seaneachtraighthe agus sgéalta fiannuigheachta; ná ceól ba bhinne am chluais ná ceol sármhilis na hÉirionn; agus dá bhrigh sin as taithniomh don Ghaodhailge faoi ndeara dhamhsa bheith ag síorthiomsughadh na sean-déantúisidhesi (bhí ag tuitim a leimhe is a leithe, a leabhraibh aosda) agus dá ccur síos mar seo a bhfoirm sheasamhach; agus bíodh nach bhfuil puinn daoine anois, ag a bhfuil suím, ná tuigsint, aca sa tteanga ársaidh, ní fios ná go ttuitfeach an leabhar sa, 'na dhiaigh seo, a láimh dhuine éigin bhéarfach buidheachas le'n té fuair duagh a chur le chéile ar an órdughadh so, mar atá Séamus Gudman, M.A. Biocáire Mhainistir na Sruthaire, agus Prebend an Oileáin a bhfairche Rosa. June 24th. 1875 Pádraig Ó Fiannachta Coláiste Phádraig, Má Nuad
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services