Díonbhrollach na hoibre si mar leanas:
Chum an leightheóra:
Má's iongnadh le neach ar bith duine dom shámhailsi - 'tá anois ag
tuitim le laethibh liatha, agus cúram parráisde orm de bharr ar sin -
bheith ag casadh le hobair don tsórt so (mar atá, bheith ag cnósach
agus ag cur síos a bpeann-chlodh, seanduanta agus dánta na
hÉireann ) bíodh a fhios aige gurab inmheasda dho, go dteigheann
sé a leas dhaoineadh nidh éigin da shamhuil so do ghlacadh mar
chaitheamh aimsire, do bhrígh nach buan-saoghalach an té ná bíonn
aige bréagán éigin chum buaireadh an tsaoghail do chur as a
chuimhne, agus nach bhfuil nidh ar domhain as neamhurchóidighe
ná bheith ag agallamh na seanughdar! Agus átá nidh oile sa sgéal sa
.i. go bhfuilim annso ag imtheacht do réir dúchais! Bíodh nach
duine mé de phreimh ársaidh na nGaodhal, acht do threabh na
Sagsan, gidheadh do phlanduigheadar mo shinnsear fad ó shoin a
n-iarthar Chontae Chiaruidhe, áit f.c.; lch. 2 áit ionnar fhogh-
lamuigheadar teanga na hÉirionn, agus mar ar theangmhaigh dóibh
bheith, mar deirthear, beagnách "ipsis Hibernicis hiberniores"
ionnus nach raibh aon nidh dob annsa liomsa om óige, ná bheith ag
éisteacht le seaneachtraighthe agus sgéalta fiannuigheachta; ná ceól
ba bhinne am chluais ná ceol sármhilis na hÉirionn; agus dá bhrigh
sin as taithniomh don Ghaodhailge faoi ndeara dhamhsa bheith ag
síorthiomsughadh na sean-déantúisidhesi (bhí ag tuitim a leimhe is a
leithe, a leabhraibh aosda) agus dá ccur síos mar seo a bhfoirm
sheasamhach; agus bíodh nach bhfuil puinn daoine anois, ag a
bhfuil suím, ná tuigsint, aca sa tteanga ársaidh, ní fios ná go ttuitfeach
an leabhar sa, 'na dhiaigh seo, a láimh dhuine éigin bhéarfach
buidheachas le'n té fuair duagh a chur le chéile ar an órdughadh so,
mar atá
Séamus Gudman, M.A.
Biocáire Mhainistir na Sruthaire, agus
Prebend an Oileáin a bhfairche Rosa.
June 24th. 1875
Pádraig Ó Fiannachta
Coláiste Phádraig, Má Nuad