Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Marbhna ar Mhuiris Mac Torna Uí Mhaolchonaire
Title
Marbhna ar Mhuiris Mac Torna Uí Mhaolchonaire
Author(s)
Ó hUiginn, Maol Mhuire,
Compiler/Editor
Ó Muireadhaigh, Réamonn
Composition Date
1645
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1973-1974)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Máthair na horchra an éigsi, bean a mbroid a leithéid-si, gan aithne ar dhéine a docra, d'aithle a céile caomhanta. Máthair iar gcall a clainne an éigsi ar aoi n-anbhainne; - gá fachain as doilghe dhi? - athair gan oighre isi. Grian dheallruightheach iar ndubhadh nó ré ara ró urdhubhadh, ar thoirrsi do thréig-si a neart, soillsi na héigsi ar n-imtheacht. Do bhlogh ceart chuinge a hana, do chaill a cóig cédfadha, cách a-nocht i ndamhann di, corp gan anam an éigsi. Ní hiongnadh truime a teadhma, do chaill sí - as dál doimheanma! - grian ghlanta a céime gan cheas, a chéile, a dalta díleas.
Eochair osgailte a hiúil ghloin Muiris mac Torna iúlmhair, lá naomhuidhe a neirt a ég, aoghaire a ceirt do choimhéd. Cuisle cumpair a croidhe Muiris Ua Maol Chonaire, eó linneadh a teandál dte, leannán inneadh na héigse. An éigsi 's gach aird d'Éirinn bás Mhuiris a mórchréidhim, rian grinneóil a soluis so, inneóin fhoruis na heagna. Doirsi inntleachta ar bhfear bhfis do hiadhadh tre ég Mhuiris, néall ceasa as cian 'na ionadh, grian an fheasa d'fhoillsiughadh. do mhuidh fá Mhuiris do cheas gur dhearmoid an t-ord éigeas seacht ngráidh na bhfileadh ar fad nár dligheadh dáibh do dhearmad.
Tearc dá éis ar tí a dtarbha - corp, trácht, amhra, is agallmha, sgeóil ágha gan chomhdha a gcairt, tána, toghla, agus tochmhairc. San éigsi d'fhiadhain na sgol aoinchéim dob oircheas d'ollamh uaidh ara fad ní foghar bog ná cruaidh gan chuartughadh. Filidheacht, fearacht dána, sgéla trod as teagmhála, 's lorg gach aoin do leanmhuin leis, 's gach taoibh do mheabhruigh Muireis. Sgríbhneoir ná léghthóir dar linn dob annamh mar é a nÉirinn, fuair tréidhe gan chruas gcroidhe - léire is luas gan lochtuidhe. Fuair Muiris ó Mhac Mhuire - créd so acht sochar síoruidhe? - dealbh dheaghbhog dar dú molta, clú gan dearmad diadhachta.
A neimhchion féin fíorghrádh cháigh, saibhrios gan choigill gconáigh, rún gan cheilg, sáirfhios na sean, áinios gan fheirg re haoinfhear. Foirm bhríoghmhar, beagán comhráidh, neart as umhlacht iodhanghráidh, fríoth le mac Áine go hur dar lat - gá sáimhe saoghal? Inntleacht áith nár fhás meirge, deilbh úr a ghrés nGaoidheilge, d'iúl feasa adhbhar n-iodhan, adhnadh ceasa a chuimhniughadh. Fuaim bheóil Mhuiris mhic Torna le dréacht diamhair ealadhna nó a shéis acla cheóil gcoirche fa seóil gadtha geamhoidhche. cuimhne a thréitheadh 's a thoile damh-sa as adhbhor eólchuire, síorghlés doilghe 'na dheaghaidh cuimhne a fhíorghrés n-oideamhoil.
Oideacht d'iarraidh 'na ionadh nó mh'oideas d'aon d'fhoillsiughadh, truagh mar do fhan mh'anam ris an tan nach marann Muiris. An connradh do cheanglas ris uchán! uch nach é Muiris far marbhna an tan-so ó thol tarla dhamh-sa dhá dhénamh. Mo ghaol, mo shearc, mo sheisi, uch! uch! dob é an Muireis-i; rathoil an rosgghlain fhearrdha, m'fhachain mhosglaidh mímheanma. Sé céd dég as naoi gcúig cain, aois Chríosd go beacht do bhliadhnoibh, comhdha ar ngráidh, an ghég gan gheis, go hég a-mháin do Mhuireis. Guidhim d'ionnradh ar n-anma, sul tí tráth na togharma, díonshódh don uile ar gach oil, an fhíorógh Muire Mháthair. MÁTHAIR NA
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services