Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Marbhna ar Mhuiris Mac Torna Uí Mhaolchonaire

Title
Marbhna ar Mhuiris Mac Torna Uí Mhaolchonaire
Author(s)
Ó hUiginn, Maol Mhuire,
Compiler/Editor
Ó Muireadhaigh, Réamonn
Composition Date
1645
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1973-1974)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Máthair na horchra an éigsi,
bean a mbroid a leithéid-si,
gan aithne ar dhéine a docra,
d'aithle a céile caomhanta.



Máthair iar gcall a clainne
an éigsi ar aoi n-anbhainne;
- gá fachain as doilghe dhi? -
athair gan oighre isi.



Grian dheallruightheach iar ndubhadh
nó ré ara ró urdhubhadh,
ar thoirrsi do thréig-si a neart,
soillsi na héigsi ar n-imtheacht.



Do bhlogh ceart chuinge a hana,
do chaill a cóig cédfadha,
cách a-nocht i ndamhann di,
corp gan anam an éigsi.



Ní hiongnadh truime a teadhma,
do chaill sí - as dál doimheanma! -
grian ghlanta a céime gan cheas,
a chéile, a dalta díleas.


L. 217


Eochair osgailte a hiúil ghloin
Muiris mac Torna iúlmhair,
lá naomhuidhe a neirt a ég,
aoghaire a ceirt do choimhéd.



Cuisle cumpair a croidhe
Muiris Ua Maol Chonaire,
eó linneadh a teandál dte,
leannán inneadh na héigse.



An éigsi 's gach aird d'Éirinn
bás Mhuiris a mórchréidhim,
rian grinneóil a soluis so,
inneóin fhoruis na heagna.



Doirsi inntleachta ar bhfear bhfis
do hiadhadh tre ég Mhuiris,
néall ceasa as cian 'na ionadh,
grian an fheasa d'fhoillsiughadh.



do mhuidh fá Mhuiris do cheas
gur dhearmoid an t-ord éigeas
seacht ngráidh na bhfileadh ar fad
nár dligheadh dáibh do dhearmad.


L. 218


Tearc dá éis ar tí a dtarbha -
corp, trácht, amhra, is agallmha,
sgeóil ágha gan chomhdha a gcairt,
tána, toghla, agus tochmhairc.



San éigsi d'fhiadhain na sgol
aoinchéim dob oircheas d'ollamh
uaidh ara fad ní foghar
bog ná cruaidh gan chuartughadh.



Filidheacht, fearacht dána,
sgéla trod as teagmhála,
's lorg gach aoin do leanmhuin leis,
's gach taoibh do mheabhruigh Muireis.



Sgríbhneoir ná léghthóir dar linn
dob annamh mar é a nÉirinn,
fuair tréidhe gan chruas gcroidhe -
léire is luas gan lochtuidhe.



Fuair Muiris ó Mhac Mhuire
- créd so acht sochar síoruidhe? -
dealbh dheaghbhog dar dú molta,
clú gan dearmad diadhachta.


L. 219


A neimhchion féin fíorghrádh cháigh,
saibhrios gan choigill gconáigh,
rún gan cheilg, sáirfhios na sean,
áinios gan fheirg re haoinfhear.



Foirm bhríoghmhar, beagán comhráidh,
neart as umhlacht iodhanghráidh,
fríoth le mac Áine go hur
dar lat - gá sáimhe saoghal?



Inntleacht áith nár fhás meirge,
deilbh úr a ghrés nGaoidheilge,
d'iúl feasa adhbhar n-iodhan,
adhnadh ceasa a chuimhniughadh.



Fuaim bheóil Mhuiris mhic Torna
le dréacht diamhair ealadhna
nó a shéis acla cheóil gcoirche
fa seóil gadtha geamhoidhche.



cuimhne a thréitheadh 's a thoile
damh-sa as adhbhor eólchuire,
síorghlés doilghe 'na dheaghaidh
cuimhne a fhíorghrés n-oideamhoil.


L. 220


Oideacht d'iarraidh 'na ionadh
nó mh'oideas d'aon d'fhoillsiughadh,
truagh mar do fhan mh'anam ris
an tan nach marann Muiris.



An connradh do cheanglas ris
uchán! uch nach é Muiris
far marbhna an tan-so ó thol
tarla dhamh-sa dhá dhénamh.



Mo ghaol, mo shearc, mo sheisi,
uch! uch! dob é an Muireis-i;
rathoil an rosgghlain fhearrdha,
m'fhachain mhosglaidh mímheanma.



Sé céd dég as naoi gcúig cain,
aois Chríosd go beacht do bhliadhnoibh,
comhdha ar ngráidh, an ghég gan gheis,
go hég a-mháin do Mhuireis.



Guidhim d'ionnradh ar n-anma,
sul tí tráth na togharma,
díonshódh don uile ar gach oil,
an fhíorógh Muire Mháthair.



MÁTHAIR NA

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services