Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féasta Philib Uí Mhanntáin
Title
Féasta Philib Uí Mhanntáin
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Williams, N.J.A.
Composition Date
1722
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1973-1974)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Féasta Philib Uí Mhanntáin Annso 1 Gurb é do bheatha is do mhórshláinnte, a achmhusáin gacha béiltighe. Go marthaoi ionnbhur mórshláinnte, a dheaghmhuinntir shuairc, shoilbhir, shásda, sháimhcheart, mhúinnte, cheartbhriath- rach, dheaghfhoclach, dheaghaigeannta, chráibhtheach, áluinn, náireach, fhialmhur, bhiadhmhur, dhéarcach, bhriathrach, bhinn- ghlórach, ghruadhghlann, dhéidgheal, dhathamhuil, chéolmhur, spórtmhur, phóiteamhuil, imearthach, chroidheamhuil, bhorda- mhuil, róbamhuil, shugarthach. 2 Cá ramhuis riamh, a achmhusáin? Do bhá mise annsa tír mhucach, mhartach, bhrogóideach, fhíonmhur, bhríoghmhur, bhairíonach, fara Mác Cárrthaidh Mór, an áit a mbídís fir mhóra, ghruagachadh, chuachbhuidhe 'na slíobaibh re guaillibh mórgheala na mearmhíleadh, déarca stuama mar thuairim fhialt- shaoithe, triaithe móra do bhuaireadh le deaghníomh /109/ ghlacchalma; mar a mbídís mná míonnladh, caomhghlanna, deagh- chroídheacha, maordha, taoibhgheala, go mbídís a cciabhadh fiarfhada donnbhaoi ag teacht re chéile gach aonruibe acht ar
óirrlíghe ar gach taobh dá leathcheannaibh na ttáclaighibh; go mbídís ruisg ghlasa re hamhairc mhaordha mhalaichearta gan preab acht 'na ccomhnuighe, agus cuirp ghléigealadh shéimhe mar ealadh ar tuínn, coimhgheal re sléibhtibh fíoruisge ag teacht do líg nó mar shneachta aonoídhche ar taoibh cnuic gan daith; go mbídís a máoildhéada mar elephant ag teacht re chéile, nárbh fhéidir re plánaighibh ná re céarrda saoirchleasachadh a ccosmhulacht do dhéanaibh ag teacht re chéile go ró-chruinn a ngiallaibh gach aonmhná díobh. Go deimhin fós do bhídís mná cneastshoillse, caschiabhacha, caoinghnúiseacha, gruaghdhearga, gasta, geal- mhéaracha, gruadhnáireachadh, míonnla, maordha, brághaidfhada, béalchorcartha. 3 Aithris dúinn, 'achmhusain, créad an ní do bheiridís /110/ na mná san duit? Is maithh mholus tú iad is dár ndóigh atá a ngníomh go maith ionmhollta: as é do bheiridís damhsa beoir tshogh-óil agus í blasda bríoghmhar, do tarrainngeadh do dheabhach do shúighe éornan agus fíonúir cruithneachta aolmhach, do bhainfeadh drúichtíní alluis bruithneachta dá fhuaireacht an aimsear as gach ball dom ballaibh tré theas na milisbhéorach a seomradhaibh mo leathanchuirp; agus arán gealchruinneachta plúir do sgagthaoi tré chriathar síoda go caol ris an ttreatha dá fhásga tré mhilistshaothar na beachóige ná feacadh an chruaidhdhearrna dá lomleaga ar a himiolbhórdaibh; agus feoil dub fhearr blas dár bhlais neach riamh. Níorbh ionngnadh dhóibh bheith go maith seach aonbhall eile; 's é an t-ábhar é: is ar fhathaíbh clósálta mínfhéir do bhídís agus sruith na Gealghlaise gainmhíghe glóruighe ag dianrith 'na bhfochair chum a n-íota do chosg. 4 Aithris dúinn, a achmhusain, créad an ní is mó ar ar thógbhuis cómhartha annsa chuilcheann féasta tug Pilib Ó Manntáin do mhathaibh Chloinne Tomáis agus Orladh; aithris dúinn an fhleágh sin. 5 Mórfhleagh agus garbhfhéasta do cumadh re Pilib Ó Manntáin do thabhairt do mhathaibh Chloinne Tomáis /111/ agus Orla agus dar go deimhin budh mín ramhar a ngreamanna agus budh mór annamh a ndeochannadh; agus do bhuail chugainn mórán do mhathaibh agus d'árdfhlathaibh na cloinne sin, mar do bhí Domhnall mac Sal- chairbhréin; fear álltadh, gairbhchiabhach, gealshúileach, mór- mhiallach, cluasleathan, sróntshalach, gormphlucach, leathanmhaol, faidfhiaclach, ceannadhubh, ruaithfhéasógach, cruadhchlúmhuch-
tach, casmhuinéalach, gruama, mórsháitheach, geanach láimh- mheasgathach an flaith sin. 6 Do tháinig chugainn a bhean annsin, darb cómhainm Sláine Choisleathan. Bean mhíonla mhórsháitheach an bhean san, óir dub í fuath an tsholais í agus suigheachán fada, béal gan sgotha, gabhal gan teibe, corp na leisge, soightheach an chraois, éadan dána an deaghbhean san. 7 Níorbh fhada dúinn an uair do bhuail chugainn lánmhughadh dub fhéarr ná aonlánmhughadh dár raic mé fós: mar do bhí Giolla Mac Cruinntille, fear sramach, camshúileach, malagharbh, ciaibh- dhreoighte, sróntshalach, béalcham, túisdiollach, séideánach, garbhghlórach, míothapaidh, míoshásda; óir ní budh mó fuaim abhainne ag imtheacht do mhaoilinn árdchnuic ná gach focal ón ramharbhodach san tar éis a leathanchuirp do sháithlíonadh. FINIS
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services