Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Féasta Philib Uí Mhanntáin

Title
Féasta Philib Uí Mhanntáin
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Williams, N.J.A.
Composition Date
1722
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1973-1974)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Féasta Philib Uí Mhanntáin Annso



1 Gurb é do bheatha is do mhórshláinnte, a achmhusáin gacha
béiltighe. Go marthaoi ionnbhur mórshláinnte, a dheaghmhuinntir
shuairc, shoilbhir, shásda, sháimhcheart, mhúinnte, cheartbhriath-
rach, dheaghfhoclach, dheaghaigeannta, chráibhtheach, áluinn,
náireach, fhialmhur, bhiadhmhur, dhéarcach, bhriathrach, bhinn-
ghlórach, ghruadhghlann, dhéidgheal, dhathamhuil, chéolmhur,
spórtmhur, phóiteamhuil, imearthach, chroidheamhuil, bhorda-
mhuil, róbamhuil, shugarthach.



2 Cá ramhuis riamh, a achmhusáin? Do bhá mise annsa tír
mhucach, mhartach, bhrogóideach, fhíonmhur, bhríoghmhur,
bhairíonach, fara Mác Cárrthaidh Mór, an áit a mbídís fir
mhóra, ghruagachadh, chuachbhuidhe 'na slíobaibh re guaillibh
mórgheala na mearmhíleadh, déarca stuama mar thuairim fhialt-
shaoithe, triaithe móra do bhuaireadh le deaghníomh /109/
ghlacchalma; mar a mbídís mná míonnladh, caomhghlanna, deagh-
chroídheacha, maordha, taoibhgheala, go mbídís a cciabhadh
fiarfhada donnbhaoi ag teacht re chéile gach aonruibe acht ar


L. 128


óirrlíghe ar gach taobh dá leathcheannaibh na ttáclaighibh; go
mbídís ruisg ghlasa re hamhairc mhaordha mhalaichearta gan preab
acht 'na ccomhnuighe, agus cuirp ghléigealadh shéimhe mar ealadh ar
tuínn, coimhgheal re sléibhtibh fíoruisge ag teacht do líg nó mar
shneachta aonoídhche ar taoibh cnuic gan daith; go mbídís a
máoildhéada mar elephant ag teacht re chéile, nárbh fhéidir re
plánaighibh ná re céarrda saoirchleasachadh a ccosmhulacht do
dhéanaibh ag teacht re chéile go ró-chruinn a ngiallaibh gach
aonmhná díobh. Go deimhin fós do bhídís mná cneastshoillse,
caschiabhacha, caoinghnúiseacha, gruaghdhearga, gasta, geal-
mhéaracha, gruadhnáireachadh, míonnla, maordha, brághaidfhada,
béalchorcartha.



3 Aithris dúinn, 'achmhusain, créad an ní do bheiridís /110/
na mná san duit? Is maithh mholus tú iad is dár ndóigh atá a
ngníomh go maith ionmhollta: as é do bheiridís damhsa beoir
tshogh-óil agus í blasda bríoghmhar, do tarrainngeadh do dheabhach
do shúighe éornan agus fíonúir cruithneachta aolmhach, do bhainfeadh
drúichtíní alluis bruithneachta dá fhuaireacht an aimsear as gach
ball dom ballaibh tré theas na milisbhéorach a seomradhaibh mo
leathanchuirp; agus arán gealchruinneachta plúir do sgagthaoi tré
chriathar síoda go caol ris an ttreatha dá fhásga tré mhilistshaothar
na beachóige ná feacadh an chruaidhdhearrna dá lomleaga ar a
himiolbhórdaibh; agus feoil dub fhearr blas dár bhlais neach riamh.
Níorbh ionngnadh dhóibh bheith go maith seach aonbhall eile; 's
é an t-ábhar é: is ar fhathaíbh clósálta mínfhéir do bhídís agus
sruith na Gealghlaise gainmhíghe glóruighe ag dianrith 'na
bhfochair chum a n-íota do chosg.



4 Aithris dúinn, a achmhusain, créad an ní is mó ar ar thógbhuis
cómhartha annsa chuilcheann féasta tug Pilib Ó Manntáin do
mhathaibh Chloinne Tomáis agus Orladh; aithris dúinn an fhleágh sin.



5 Mórfhleagh agus garbhfhéasta do cumadh re Pilib Ó Manntáin
do thabhairt do mhathaibh Chloinne Tomáis /111/ agus Orla agus dar
go deimhin budh mín ramhar a ngreamanna agus budh mór annamh
a ndeochannadh; agus do bhuail chugainn mórán do mhathaibh agus
d'árdfhlathaibh na cloinne sin, mar do bhí Domhnall mac Sal-
chairbhréin; fear álltadh, gairbhchiabhach, gealshúileach, mór-
mhiallach, cluasleathan, sróntshalach, gormphlucach, leathanmhaol,
faidfhiaclach, ceannadhubh, ruaithfhéasógach, cruadhchlúmhuch-


L. 129


tach, casmhuinéalach, gruama, mórsháitheach, geanach láimh-
mheasgathach an flaith sin.



6 Do tháinig chugainn a bhean annsin, darb cómhainm Sláine
Choisleathan. Bean mhíonla mhórsháitheach an bhean san, óir dub
í fuath an tsholais í agus suigheachán fada, béal gan sgotha, gabhal gan
teibe, corp na leisge, soightheach an chraois, éadan dána an
deaghbhean san.



7 Níorbh fhada dúinn an uair do bhuail chugainn lánmhughadh
dub fhéarr ná aonlánmhughadh dár raic mé fós: mar do bhí Giolla
Mac Cruinntille, fear sramach, camshúileach, malagharbh, ciaibh-
dhreoighte, sróntshalach, béalcham, túisdiollach, séideánach,
garbhghlórach, míothapaidh, míoshásda; óir ní budh mó fuaim
abhainne ag imtheacht do mhaoilinn árdchnuic ná gach focal ón
ramharbhodach san tar éis a leathanchuirp do sháithlíonadh. FINIS



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services