Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caoine ar Mhac Fínín Duibh
Title
Caoine ar Mhac Fínín Duibh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1809
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1969-1970)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mo chreach is mo léirghoin an creacha so ar Ghaelaibh ag bodaigh an Bhéarla, dá gcreacha is dá gcéasa is gan duine le chéile do thriathaibh Béara chuim seasamh 'na bplé anois ó cailleadh an laoch mear Silbhestar gléigeal gníomhach éachtach. Mo chiach is mo thuirse mar thrialladar ár bhfuireann diaidh i ndiaidh tar uisce is gan cliath againn ná ursa nár stialladh is nár briseadh do thriathaibh Éireann uile ach iarmhar beag go singil agá iarra go minic ar Dhia agus ar Mhuire a mbeith ag riana an chluiche ar na diabhalaibh so dár mille. M'fhada-chreach chráite is ní mar sin atá sin, ach ar imthigh tar sáile
gan fille le sásamh 's gach cura dár fágadh don chuideachtain álainn le tubaist dá mbáthadh againn is ag titim gan áireamh. Mo chara is mo ghrá thú a ghaoil Mhic Cártha is an iarla ón mBlarnain 's gach cura mhóir láidir do bhí ró-dhána i ngníomhaibh áthais, do stopadh an bhearna mar a mbíodh an gá leis le claíomh go ceáfrach is do chuireadh an gharda síos le fánaidh gan feicsint ón lá san. Is creach ar na cúigíbh Silbhestar an chuirnín dob fhada 's dob fhionnghroí, ba leabhair, ba lonnraíoch, ba dhlathach 'na gcúplaíbh go talamh ag siúl síos 's ag casa go cúngchruinn go dtagadh go cúl buí is go baitheas an fhionndraoi. Is creach go mór sa tír gaol an Iarla Bhuí is an iarla ón Inis mhín is an Iarla Í Néill aníos 's an Iarla Í Dhomhnaill ghroí, is dá iarla eile nó trí i gceart 's i gcóir dod bhuíon ná cuirimse annso síos. A Shilbheistir chródha, is danaid tú 'od chomhalta 's go dearbh dod chomhgas,
don tsagart, dá stócach, don bhacach, don gheocach, dod bhanaltra ró-mhaith. Do ghreadais do chomharsain tú ' threascairt it óige faoi leacaibh ar feócha is gan aire go deo agad ar chasa le sceolaibh. Is mór an chiach 's is mairg gaol fhir Thóime marbh is Í Dhonnchadha an Ghleanna is Í Dhonnchadha Mhóir na Fleasca is fhir na gCruach nár eascair is Mhic Dhonnchadha Alla, Mhic Fhínín na scabal is Thaidhg Mhóir Í Cheallaigh is oighre Thuatha Mara ón Soininn go béal an Chala. Is mór an scléip le Gallaibh bás ár ngroíre flatha, gaol na dtriath sin Chaisil is Í Shúilleabháin an Bhealaigh, Í Dhonnabháin ón gCala is Thaidhg an Dúna daingin is tiarnaí fionn an Charainn, do riaradh bia go fairseang gach bliain do bhíodh go dealamh ar Ghaoil is ar Ghallaibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services