Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoine ar Mhac Fínín Duibh

Title
Caoine ar Mhac Fínín Duibh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1809
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1969-1970)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mo chreach is mo léirghoin
an creacha so ar Ghaelaibh
ag bodaigh an Bhéarla,
dá gcreacha is dá gcéasa
is gan duine le chéile
do thriathaibh Béara
chuim seasamh 'na bplé anois
ó cailleadh an laoch mear
Silbhestar gléigeal
gníomhach éachtach.



Mo chiach is mo thuirse
mar thrialladar ár bhfuireann
diaidh i ndiaidh tar uisce
is gan cliath againn ná ursa
nár stialladh is nár briseadh
do thriathaibh Éireann uile
ach iarmhar beag go singil
agá iarra go minic
ar Dhia agus ar Mhuire
a mbeith ag riana an chluiche
ar na diabhalaibh so dár mille.



M'fhada-chreach chráite
is ní mar sin atá sin,
ach ar imthigh tar sáile


L. 223


gan fille le sásamh
's gach cura dár fágadh
don chuideachtain álainn
le tubaist dá mbáthadh againn
is ag titim gan áireamh.



Mo chara is mo ghrá thú
a ghaoil Mhic Cártha
is an iarla ón mBlarnain
's gach cura mhóir láidir
do bhí ró-dhána
i ngníomhaibh áthais,
do stopadh an bhearna
mar a mbíodh an gá leis
le claíomh go ceáfrach
is do chuireadh an gharda
síos le fánaidh
gan feicsint ón lá san.



Is creach ar na cúigíbh
Silbhestar an chuirnín
dob fhada 's dob fhionnghroí,
ba leabhair, ba lonnraíoch,
ba dhlathach 'na gcúplaíbh
go talamh ag siúl síos
's ag casa go cúngchruinn
go dtagadh go cúl buí
is go baitheas an fhionndraoi.



Is creach go mór sa tír
gaol an Iarla Bhuí
is an iarla ón Inis mhín
is an Iarla Í Néill aníos
's an Iarla Í Dhomhnaill ghroí,
is dá iarla eile nó trí
i gceart 's i gcóir dod bhuíon
ná cuirimse annso síos.



A Shilbheistir chródha,
is danaid tú 'od chomhalta
's go dearbh dod chomhgas,


L. 224


don tsagart, dá stócach,
don bhacach, don gheocach,
dod bhanaltra ró-mhaith.
Do ghreadais do chomharsain
tú ' threascairt it óige
faoi leacaibh ar feócha
is gan aire go deo agad
ar chasa le sceolaibh.



Is mór an chiach 's is mairg
gaol fhir Thóime marbh
is Í Dhonnchadha an Ghleanna
is Í Dhonnchadha Mhóir na Fleasca
is fhir na gCruach nár eascair
is Mhic Dhonnchadha Alla,
Mhic Fhínín na scabal
is Thaidhg Mhóir Í Cheallaigh
is oighre Thuatha Mara
ón Soininn go béal an Chala.



Is mór an scléip le Gallaibh
bás ár ngroíre flatha,
gaol na dtriath sin Chaisil
is Í Shúilleabháin an Bhealaigh,
Í Dhonnabháin ón gCala
is Thaidhg an Dúna daingin
is tiarnaí fionn an Charainn,
do riaradh bia go fairseang
gach bliain do bhíodh go dealamh
ar Ghaoil is ar Ghallaibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services