Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Moladh ar Ailín Mac Dubhghaill
Title
Moladh ar Ailín Mac Dubhghaill
Compiler/Editor
Ó Muireadhaigh, Réamonn
Composition Date
1652
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1969-1970)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beannacht uaim-se go hAilín, aigneadh séghoinn sochlaimhín fear soilbhir, an séimh nách sean nach doilbhir céim 'na chaidreabh. Míle beannacht druim ar dhruim mac Alasdroinn 's ua Émuinn, an tslat gan chruaidh 'na chroidhe, 's beir lat uaim dá ionnsoighe.
A theachtoire-si théid uaim, gluais go dilligh ar deaghuair ar céilidhe - ní docht an dál! - 's nocht dar gcéili-ne ar gcomhrádh. Nocht-sa dhó tré dhíoghrais rúin go bhfuil mé - mana fortúin! - ag seibhionnradh ré a ghníomh ghlan, an gríobh neimhiongnadh nósmhar. Ná ceil air, cuir a gcuimhne gur cheangoil ar gcédfaidh-ne a-nois re hairrdheanaibh an fhir go mbois mbainleabhair mbairrghil. Teist Ailín - ní hiongnadh sin! - oirdhearc í eidir éigsibh, san am-so dá luadh ar leith, damh-sa ní dual a díchleith. Do-geibhthear - ní cóir a cheilt - dán is ceól, ól is imeirt, tuar soimheanma a gcur 'na gceart, 'na bhrugh oireaghdha a n-éineacht.
San tír-se 'na dtarla mé, an daonnacht ar n-ég uile, beadhg re mbás gan chrithre ad-chím, acht drithle ar fhás a nAilín. Ailín Mac Dubhghaill, dearc corr, searc na bhfileadh, fuath eachtronn, as é an gríobh gan tsár gan tsal. díon ar ndámh is ar ndeóradh. Díon ar mbaintreabhthach 's ar mbocht, díon ar dtruagh, díon ar dtarnocht, tlás 'na fhéile ní homhan, sás cléire do chothughadh. Tar éis cháich do chur a-nonn don Spáinn le héigean eachtronn a aithghein a nÉirinn níor fhan ag caithreibh chéibhfhinn Chruachan. Ar mhórdhacht, ar mhéin chaithmhe, ar dhaonnacht, ar dheaghaithne, beith dá luadh ní docar dhamh, 's ar fhocal bhuan gan bhearnadh.
Ní mholfainn a chruth corcra muna bhfaicinn é ionmholta, ná an chraobh chnuais as fhearr d'Íbh Cuinn mur gheall ar dhuais ní dhénfuinn. Adhbhor agom dá dhreich ghil nách bhfaicim ann a aithghin 's a chlú tar chách ar cuimhne, ní dú gan fháth m'fhorfhuighle. An mhaith nách curthar a gcairt ní mhair dá héis dá hiarmhairt acht a luadh go gcaith a cor: ní buan an mhaith nách moltor. Do-bheir Dia dá gach nduine an ghlóir shuthain shíorrdhuidhe mar gheall ar a soighníomh soin, teann as doighníomh as deacoir. Do-bheir sé san saoghal féin dá gach neach do-ní a dheighréir, mur as fiú a ghairm is a ghlóir, cliú agus ainm is onóir.
Do-ghébha seision mar sin abhus is eidir ainglibh, as buan an eighreacht don fhior, luach a dheighbheart ón Dúiliomh. Ní har mhéid mo dheala dho, ní grádh inmhe ioná eaglo, - ciodh gá dás mé dá mholadh? - acht grás Dé dá dheónughadh. Atá leis ar lorg na sean - gnáth gach ealta mur oiltear - d'oighreacht na fréimhe dá bhfuil féile is oirbheart gan easbhaidh. Feólfhuil Cholla-dá-Chríoch cain is fíonfhuil Cholla Uais échtaigh ag breith bhisigh 'na ghruaidh ghlain, budh fisidh uaim ré a n-iarraidh. Do foighreadh fás a ghnúis ghlan, - gach oige mar a hadhbhar - úr gach aicme don fheadhain, i súgh mhaicne Muireadhaigh.
Fear ceannsa caoin re a cháirdibh, fear ainmhín re a easgcáirdibh, fear gan tlás - gá treise fear? - - gá dás meise dhá mhaoidheamh? Fear lúthmhar i láibh treasa, is uathadh dá aos coimmeasa, fear gan orghráin sémh mur sin, trén a gcomhdháil 's a gcúirtibh. Gus an ngéig-si do chrú Chuinn, a theachtoire théid fá a thuaruim, ní chluinim luadh ar a locht, cuirim go buan mo bheannocht. DOIREANN Inghean Chathoil Chruachan Aoi, Duireann dhealbhchorcra dhédnaoi, réidhe ar an gcor-soin do-chím, cosmhoil ar fhéile is Ailín.
Banua an Chroibhdheirg chreachaigh, ionnua Briain a Bréifneachaibh, iarmhua Fiachaidh mhic Néill náir, céim dom fhiachaibh a n-ionráin. Atá a n-imlibh a cúil chais glanfhuil úr iarla an Fhorghais, ní cranndo an fhíonfhuil dá uil, 's planndo don ríoghfhuil Ruarcuigh. Fíonfhuil Chonaill Chuain Doire isan súlchorr seabhchoidhe is feólfhuil uíbh Néill a-noir, méin an leómhain 'na luaghoil. Craobh chumhra do choill thoraidh banua chinidh Conchubhair, pór na ríoghraidhe ó Bhóinn Bhreagh dar chóir míonmhuighe Maisdean. Colam ceannsa an chrotha ghloin gnúis ainglidhe aignidh iúlmhair, drithle dan dú grádh is gean, smál ar a clú ní cluintear.
Do mholfainn a gruaidh ghealtais muna bheith eagla an eimhealtais, acht 'na ceann go gcuiream fear, dar leam Duireann as deighbhean.
BEANNACHT A bhean shéimhghlic lé léghthar gach sdair chaoin chruaidh, an Ghaedhlag go tréitheach 's gach ealoidhe shuairc, éirigh go héscaidh gan fhaillidh suas, 's beir céd bean gan édach go hAilín uaim. BEANNACHT
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services