Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Moladh ar Ailín Mac Dubhghaill

Title
Moladh ar Ailín Mac Dubhghaill
Compiler/Editor
Ó Muireadhaigh, Réamonn
Composition Date
1652
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1969-1970)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Beannacht uaim-se go hAilín,
aigneadh séghoinn sochlaimhín
fear soilbhir, an séimh nách sean
nach doilbhir céim 'na chaidreabh.



Míle beannacht druim ar dhruim
mac Alasdroinn 's ua Émuinn,
an tslat gan chruaidh 'na chroidhe,
's beir lat uaim dá ionnsoighe.


L. 213


A theachtoire-si théid uaim,
gluais go dilligh ar deaghuair
ar céilidhe - ní docht an dál! -
's nocht dar gcéili-ne ar gcomhrádh.



Nocht-sa dhó tré dhíoghrais rúin
go bhfuil mé - mana fortúin! -
ag seibhionnradh ré a ghníomh ghlan,
an gríobh neimhiongnadh nósmhar.



Ná ceil air, cuir a gcuimhne
gur cheangoil ar gcédfaidh-ne
a-nois re hairrdheanaibh an fhir
go mbois mbainleabhair mbairrghil.



Teist Ailín - ní hiongnadh sin! -
oirdhearc í eidir éigsibh,
san am-so dá luadh ar leith,
damh-sa ní dual a díchleith.



Do-geibhthear - ní cóir a cheilt -
dán is ceól, ól is imeirt,
tuar soimheanma a gcur 'na gceart,
'na bhrugh oireaghdha a n-éineacht.


L. 214


San tír-se 'na dtarla mé,
an daonnacht ar n-ég uile,
beadhg re mbás gan chrithre ad-chím,
acht drithle ar fhás a nAilín.



Ailín Mac Dubhghaill, dearc corr,
searc na bhfileadh, fuath eachtronn,
as é an gríobh gan tsár gan tsal.
díon ar ndámh is ar ndeóradh.



Díon ar mbaintreabhthach 's ar mbocht,
díon ar dtruagh, díon ar dtarnocht,
tlás 'na fhéile ní homhan,
sás cléire do chothughadh.



Tar éis cháich do chur a-nonn
don Spáinn le héigean eachtronn
a aithghein a nÉirinn níor fhan
ag caithreibh chéibhfhinn Chruachan.



Ar mhórdhacht, ar mhéin chaithmhe,
ar dhaonnacht, ar dheaghaithne,
beith dá luadh ní docar dhamh,
's ar fhocal bhuan gan bhearnadh.


L. 215


Ní mholfainn a chruth corcra
muna bhfaicinn é ionmholta,
ná an chraobh chnuais as fhearr d'Íbh Cuinn
mur gheall ar dhuais ní dhénfuinn.



Adhbhor agom dá dhreich ghil
nách bhfaicim ann a aithghin
's a chlú tar chách ar cuimhne,
ní dú gan fháth m'fhorfhuighle.



An mhaith nách curthar a gcairt
ní mhair dá héis dá hiarmhairt
acht a luadh go gcaith a cor:
ní buan an mhaith nách moltor.



Do-bheir Dia dá gach nduine
an ghlóir shuthain shíorrdhuidhe
mar gheall ar a soighníomh soin,
teann as doighníomh as deacoir.



Do-bheir sé san saoghal féin
dá gach neach do-ní a dheighréir,
mur as fiú a ghairm is a ghlóir,
cliú agus ainm is onóir.


L. 216


Do-ghébha seision mar sin
abhus is eidir ainglibh,
as buan an eighreacht don fhior,
luach a dheighbheart ón Dúiliomh.



Ní har mhéid mo dheala dho,
ní grádh inmhe ioná eaglo,
- ciodh gá dás mé dá mholadh? -
acht grás Dé dá dheónughadh.



Atá leis ar lorg na sean
- gnáth gach ealta mur oiltear -
d'oighreacht na fréimhe dá bhfuil
féile is oirbheart gan easbhaidh.



Feólfhuil Cholla-dá-Chríoch cain
is fíonfhuil Cholla Uais échtaigh
ag breith bhisigh 'na ghruaidh ghlain,
budh fisidh uaim ré a n-iarraidh.



Do foighreadh fás a ghnúis ghlan,
- gach oige mar a hadhbhar -
úr gach aicme don fheadhain,
i súgh mhaicne Muireadhaigh.


L. 217


Fear ceannsa caoin re a cháirdibh,
fear ainmhín re a easgcáirdibh,
fear gan tlás - gá treise fear? -
- gá dás meise dhá mhaoidheamh?



Fear lúthmhar i láibh treasa,
is uathadh dá aos coimmeasa,
fear gan orghráin sémh mur sin,
trén a gcomhdháil 's a gcúirtibh.



Gus an ngéig-si do chrú Chuinn,
a theachtoire théid fá a thuaruim,
ní chluinim luadh ar a locht,
cuirim go buan mo bheannocht.



DOIREANN



Inghean Chathoil Chruachan Aoi,
Duireann dhealbhchorcra dhédnaoi,
réidhe ar an gcor-soin do-chím,
cosmhoil ar fhéile is Ailín.


L. 218


Banua an Chroibhdheirg chreachaigh,
ionnua Briain a Bréifneachaibh,
iarmhua Fiachaidh mhic Néill náir,
céim dom fhiachaibh a n-ionráin.



Atá a n-imlibh a cúil chais
glanfhuil úr iarla an Fhorghais,
ní cranndo an fhíonfhuil dá uil,
's planndo don ríoghfhuil Ruarcuigh.



Fíonfhuil Chonaill Chuain Doire
isan súlchorr seabhchoidhe
is feólfhuil uíbh Néill a-noir,
méin an leómhain 'na luaghoil.



Craobh chumhra do choill thoraidh
banua chinidh Conchubhair,
pór na ríoghraidhe ó Bhóinn Bhreagh
dar chóir míonmhuighe Maisdean.



Colam ceannsa an chrotha ghloin
gnúis ainglidhe aignidh iúlmhair,
drithle dan dú grádh is gean,
smál ar a clú ní cluintear.


L. 219


Do mholfainn a gruaidh ghealtais
muna bheith eagla an eimhealtais,
acht 'na ceann go gcuiream fear,
dar leam Duireann as deighbhean.





BEANNACHT



A bhean shéimhghlic lé léghthar gach sdair chaoin chruaidh,
an Ghaedhlag go tréitheach 's gach ealoidhe shuairc,
éirigh go héscaidh gan fhaillidh suas,
's beir céd bean gan édach go hAilín uaim.
BEANNACHT

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services