Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóir ar an mBás
Title
Seanmóir ar an mBás
Author(s)
Ó hÍcí, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1820
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1969-1970)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N Éigse13 11-25} {L 11} {B 1820c 19T} {U 0473} {C Prós} Air an mBás Domine, filia mea modo defuncta est, sed veni, impone manum tuam super eam et vivet. A Thighearna, atá m'inghean d'éis bháis anois air ball, acht tar agus leag do lámh uirthe agus mairfeadh sí - Matha ix 18. 1. Ann Soisgeul an lae aniugh leughmaoid air dhá mhíorbhuille
do rine ár Slánaightheoir beannaighthe: air ttús, air son mná air a raibh galar rómhillteach air feadh dhá bhliadhain deug gan fuireach gan fóirighthin, agus do liaighiosadh gan mhaill gan a dheunadh acht baint le híochtar brait ár Slánaightheora; arís, air son duine d'uach- taránaibh an tSionagog, noch d'inis do go raibh a inghean tairéis bháis. Ní gabha a chur a ccéil d'aoineach gurab é an bás crích gach nduine againn a mbeagán bliadhan. Gluaisighid sínsiora agus sleachta air rian a chéile, maraon lena mórdháil agus lena mbreaghthacht, go rithid siad re fána srotha na haimsire go dubhaigean fodhoimhin na siorruigheachta. Imthighid ár laethe tharainn gan toirmiosg, agus rithid na nomaintighe tharainn go heusga chum gan filleadh go bráth arís. Níl aon chor a chuireamaoid dinn nach aig druidim re ár ccríoch ndeigheanach atámaoid, ná aon tuslóg dá ttugamaoid ná beirionn sinn níos foigse dhon uaigh. Níl d'aga againn le maireachtain air an saoghal sa acht réise, agus atáid ár ccolna chomh feosach chomh lag san deunta suas nach bhfuil acht aon choiscéim amháin idir iad agus morgacht agus truaillightheacht. 2. Atá ár mbreath tabhartha cheana, agus níl acht cáirde ghairid againn gan a chur a ccrích, agus b'fhéidir a ffad níos giorra ioná is dóigh linn féin. Agus atá an bhreath san coithchionn. Caithfeadh an peacach agus an naomh, an bocht agus an saidhbhir, an lag agus an láidir, an t-óg agus an t-ársa, caithfid go léir bás d'fhaghail, agus níl aon sgiaith dhídin aig aon duine chum a chosanta ón ccineamhuin sin. Atámaoid uile deimhneach de sin, agus cread an t-ullmhughadh do ghnímíd fána chomhair? Go deimhin dá ndearmodfadh an bás sinne, ó fhaillíth a bheith againne ionsan, do bheith leithsgeul éigín ionnár ffaillíth. Acht air mbeith a fhios againn, do réir mar chímíd go laetheamhuil, go n-euluigheann sé orainn gan fhios agus go sgiubthar na mílte chum siubhail air nós an tsaoghaltánaigh san sgrioptúir (Lucas xx) san amm is lugha a mbeith cuimhne aca air, agus go mbeidís aig leagann amach na hoibreacha dheunfadaois go cionn iomad de bhliadhan- taibh, budh chóir dhúinn an bás a bheith ionnár n-inntinn do ghnaith agus smaointe dáríribh a chaithiomh air, air mhodh go rachamaois as ó sgannradh bhais anaba, agus go mbeith ár n-anamna iniuil go furánta chum imirighe sheunmhar do dheunadh as an ngleann deurmhar so. 3. Admhaim nach bhfuil aon nidh chomh míshásta dhon nádúir dhaondha ioná smaoineadh air a bheith fá bhreath a leithéid de aistriughadh. Gidheadh, ós nidh é atá a ndán dúinn agus a ccaith- feamaoid uile gabháil thríd, agus mar atáid a dheasga doliaighiosta,
cread air a ccaithfeamaois ár smaointe, munar gnodh róthabhachtach é air a bhfuil seasamh iomlán ár sonais agus ár n-anacra shíorruighe? Dar ndóigh, ní féidir a áiriomh go ffuil ciall ná creidiomh aguinn muna machtnochamaoid go grinn air bhás sheunmhar d'fhaghail agus sinn féin d'ullmhughadh go ródhúrthachtach chum ár n-uair dheigh- ionnach do choisreagann le ár mbeatha do chaithiomh go subhail- ceach. Ó nach raibh aon ghnodh chum an tsaoghail si aguinn acht saláthar a dheunadh fá chomhair síorruigheacht adhmharach leis an Tighearna ar nDia do ghradhughadh agus do riar, nach cóir dhuinn
nach bhfuil aon ghnodh air an saoghal aguinn acht chum foghluim gode bás maith d'fhaghail; mar nach ffuil aon tslighe chum síorruigheacht sheunmhar acht le deaghbhás sheunmhar? 4. Dá ndeunfamaois léirsmaoineadh air ár ccríoch ndeigheanach ionnár n-oibreachaibh uile, mar chomhairligheann an t-eagnaigh- each, Eccles. vii 10, dá ndeunfamaois ár ngníomha agus ár mbeatha do riaghlughadh do réir na comhairle sin agus smaoineadh go haireach nach luaithe d'fhágbhann an anál an cholain ná theighionn an t-anam do láthair an bhreitheamhnais, agus do réir na breithe tugthar an uair sin is eadh bhiaidh ár sonus nó ár n-anacra go siorraidhe, ní pheacóchamois chaoidhche ná ní ffaghmaois bás aindeas, ó budh chomhdach príomhádhbhal so a n-aghaidh an pheacadh agus gríosadh comhachtach chum deaghoibre. 5. Níl nidh air bith níos deimhnighe ioná go bhfaghamaoid uile bás, gidheadh níl aon nidh nios neimhdheimhnighe ioná amm a theachta ná an ghuithe ionna ttiucfaidh, nó an modh bhreitheamh- nais a tabharthar orainn. Tiucfaidh an lá gan amhrus, agus aig Dia amháin atá fios cashoin, an uair nach faicheochamaoid an oidhche níos mó; agus tiucfaidh an oidhche ionn nach faichfeamaoid an mhaidin go bráth arís. Cread an chrích a d'imthig air mhileadhaibh oir- dhearca na seanaimsire, na gaisgidheacha treunláidre áirdinn- tinneacha úd nach glacfadh sgannradh roimh dá mheud sluaigh, na hárdrighthe comhachtacha agus na mná áile sgiamhacha, noch do rin a leithéid de thorann agus do mhordháil air feadh an tsaoghail ionna n-aimsir? Atáid ina luaithreamhán suaithte a measg na criadh, agus is beag aigá bhfuil cuimhne orra anois ná aigá
fhfuil fios ar mhaireadar riamh. Ní túsga chailleadar a n-anál ioná bhíodar mílídhtheach, cruaidh, gráineamhail, déisdionamhail, truaillighthe. Is air éigionn a thiucfadh na daoine is maointeardha dá raibh air a' saoghal aca air a ccomhgar chum iad do thórramh feadh aon oidhche amháin; agus dob iad a ngaolta fogus budh dhiothnasaighe
dá n-iompoghadh amach an dorus agus dá ccur go doimhinn fá thalamh, air eagla an aedhir dho bhreunadh leo. 6. Ní raibh air ccor dhóibh aon nomaint amháin na huaire shásaimh na saimhe do fhaghail san uaigh as a raibh de mheas agus de mhórchúis aca air an saoghal sa, an áit nach fuaradar oighreacht ná gréithre air bith acht bochtaine, piasta agus morgthacht; agus is mar an ccéadna dhúinne a mbeagán bliadhan. Fillfighear suas sinn a n-eisléine, spíceálta suas a ccaifín chaol, tiodhlaicthe chum na huaighe, taobh le cúig no sé dhe throighthibh talbhann, agus sínte fá lic fhuar, chum a bheith eithte suas le piastaibh, gan a bheith ionnainn a mbeagán aimsire acht lán doirne de chriafóig, chum a bheith cosarálta aig sínsioraibh le teacht go deire an domhain agus 2 gan aon chuimhne le bheith orainn níos mó acht chomh maith is nár mhaireamair riamh. Atámaoid uile aig luathughadh chum na sprioca san chomh mear agus is féidir le eitidhibh na haimsire sinn d'iomchar, agus airna rochtain duinn agus chuireamaoid ár ccois aon uair amháin asteach san tsíorruigheacht, níl tearnamh tar n-ais aguinn. Air an amm san ata cinneamhuin an duine, a n-aoibhneas nó a n-anacra, socraighthe go bráth agus chaoidhche; agus más a síorruigheacht anacrach do rachadh sé, níl aon fhortacht ná fuasgla dho. Aig sin an nidh do bheir air an mbas a bheith comh huamhnach. Más deighbhás duinn, atá ár n-aoibhneas tar baoghal go síorruidhe suthain; más drochbhás duinn, biadhmaoid go haindeas agus go hanacrach gan chrich an feadh do bhiadh Dia ina Dhia. 7. Is sonaighe an tí atá aig faire do ghnáith air an uair si agus aig síorullmhughadh fána comhair le beatha shúbhailceach, mar is leis sin amháin fheudfaidh
sinn a chosnamh air bhás bíge nó anaba! Is sonaidhe an tí mhairionn gach aon lá chomh maith agus gurab é sin a lá deighionnach; biaidh an sgeul go maith aige air an uair dheighionnach, agus beanóchthar é ionna bhás! Acht a n-aghaidh sin is drong dona mí-adhbharach do chuireann a leas air cáirde go huair a mbáis agus riothann contabhairt síorruigheachta gan chrích go haithrighe bhocht aon uaire, an uair nach léigfeadh mairbhinn- tinneacht ná spadántacht nó fós neimhnigheacht a ttinnis dóibh cuimhne air bith a bheith aca air a n-anam ná air an tsíorruigheacht, agus fós gan fhios aca an ffaghdaois aon rae aithrighe ná tinneas air
bith; óir cá a liacht duine a láimhtear, a báightear, a marbhann a chapal, agus míle taipigion nach áirmhighim? Agus cionus is féidir leo an aithrighe a dheunadh? Nach mairg don saoghaltánach air uair a bháis nach raibh sgím ná cúram air air feadh a shaoghail acht aig deunadh gach rangáis agus antláis, caitheamh agus díobláis, gan cuimhne air Dhia ná air an tsíorruigheacht! Ní deuntar iongantas go ttiucfadh sgeimhle agus sgannra air sin an trath d'aireochadh sé an bás aig druidim leis. Och! is beag de chosmhúlacht aige sin leis an ffíoraon air uair a bháis, noch do ghluaisigheann ón tsaoghal gusan tsíorruigheacht lán de luaigheachtaibh agus de shubhailcibh ina thím- chioll. Acht bás an pheacaig, noch do chaith a shaoghal le suath- rachas agus le heolbhaois talamhuighe agus aig nach bhfuil aon nidh aige le tairgsin dá bhreitheamh feargach acht ar tharraing sé óna choir- thibh agus óna eugcórachaibh, go deimhin is rósgannraightheach an t-olc é, do réir mar adeir an rioghfháig, Sailm 23. 8. chidheann sé anois an saoghal cailleamhnach dá thréigionn a ló a ghuaise, agus radharc air dhuibheacán ifrinn, noch d'osglann é féin a n-áit a chéile dho agus líonann a chroidhe le sgeimhle agus le huathbhás nach féidir le haon teangain a fhaisnéis. Má éugann sé gan aon mhothughadh, mar is minic a thuitionn amach don mhuintir nach cuirionn suim a nDia air feadh a mbeathadh, is amhlaidh is dona agus is baoghalaighe atá an sgeul aige, air an adhbhar nach luaithe sgarrann an t-anam leis an ccolainn mí- adhbharach san ioná teilgthear dá losgadh a tteintibh domhuchta é, má bhidhionn sé a bpeacadh marbhthach gan aithrighe a dheunadh ann. Tréigionn Dia agus a chualacht é, agus tugthar suas a seilbh diabhal gan truaigh gan trócaire é, noch air ttabhairt aithbhiora dho, is dóigh gur mar so a dhearfaid: Cóirigheach muintir an pheacaig si a chonablach le leachtanaibh agus leacaibh tuama agus déinidis caoin- teacháin, laoidhthe agus marbhna dho, acht is linne an t-anam chum a chóirighthe le teintibh agus le piantaibh síorruidhe, agus biaidh an corp féin aguinn fós tairéis lae an bhrátha. 9. Na cosbóir uathbhásacha so, noch do chuirionn a leithéid de gheite air an saoghaltánach air uair a bháis, is fíoradhbhair luthghára iad don ffíoraon air uair a bháis agus sruthanna fortachta agus sáimhe dá chroidhe; óir má mhachtnaigheann sé air an saoghal atá sé air tí a fhágbháil, measfaidh sé dho gur muir tonntach anfadhach é, lán de chairgibh agus de shruthghainimh. Dearcann sé air mar áit ionarba agus díobartha, agus gleann anacra agus caoidh, an áit a ffuil an duine a síorchoimheasgar a measg na mílte namhaid air gach aon
taobh de, gach amm dá shaoghal a mbearnain bhaoghail agus an bás a ndán do gach am. A n-ionad a bheith meallta mar an saoghaltánach peacamhuil le gothaighibh breugacha, dearcann sé na breugáin dúilmhara, na cuideachtaighe bladaracha, an t-ionmhus dhiombuan agus an uile nidh shaoghalta mar neamhnidh agus gan ionnta uile acht eolbhaois agus buaidhre inntinne, mar adúbhairt Solamh air a rioghchathaoir. Ní thuigionn sé dho féin annsa is talamh acht díobarthóir, iarghnodhach chum fillte abhaile air a thír dhúthchais, mar thaisdiollach aig triall air chríoch a thurais, mar bhrágh do bheith anshásta gan a shaoradh óna gheibhioll agus a sgaoileadh ó bhraighdionas. Air mbeith dá chroidhe líonta leis an inntinn sin agus leis na smaointibh criostamhla san, atá fáilte aige roimh uair an bháis, mar is é chríochnuigheann a uile mhian. Sgarrann sé gan chás le gach maoin shaoghalta dá raibh aige, chomh maith agus nár shealbhaigh sé riamh é, agus gach nidh do bhí a bhfeidhm aige comh maith is nach dearnaidh sé feidhm de, do reir mar labhrann an t-apstol. 10. Ní mar sin don saoghaltánach, cuireann an bás sgannradh iona chroidhe. Cuireann an grádh agus an pháirt pheacamhuil do cheangail sé ris an saoghal d'fhiachaibh air sgarramhuint leis a n-aghaidh a aigne; do réir mar adeir N. Abhaistín, "Ni sgarrann duine leis an read a mbidhionn a chroidhe ceangailte ann acht a n-aghaidh a aigne". Och! is cráidhte agus is buaidheartha bhíd agus is uathbhásach na cathaighe eudóthchais d'eirghionn chúcha. Gidhbe taobh air a ffillfeadh an saoghaltánach é féin aig iarraidh suainis ná furtacht níl a bheag ná a mhór de le faghail aige. Os comhair a shúl chidhfeadh sé uimhir do-airmhighe mionn mhór, easgaine, naomhaithise, craois, drúise, agus mórán oile de pheacadhaibh troma, noch d'fheuchann asteach idir an dá shúil aige lena n-anchúmthacht uile. Má fheuchann sé tar ais air a bheatha ní fhaicfidh sé acht beagán deaghghníomh nach biaidh aon éifiocht ionnta a n-aghaidh an armáil uathbhasach pheacadh n-úrghrána úd atá dá chiapadh air gach taobh de. An tráth chuimhnigheann sé air a liacht grása, cuire agus glaodh ó fhlaitheamhnus do fuair sé agus nár chuir sé suim ionnta, a liacht uain do bhí aige ar shaidhbhrios siorruidhe do chuir a ttaisge agus dá ndearnaidh sé faillighe, 3 na tabharthais agus na tiodhlaicidhe grásamhla do bhronn Dia dho dá ndearnaidh sé drochlámh, an aimsir thaithniomhach do dhiombail sé, na sacra- mainte naomhtha do tharcaisnigh se, cuirid a leithéid de radharc mallaightheachta os a choinne, a leithéid de amarán agus do chomh-
bhuaidhre go n-airigheann sé go maith fírinne na mbriathar sa an ríoghfhaighe, Sailm cxiv, "Do thimchiolladar doilghíosa an bháis me má ccuaird, agus do fríth me le deacrachaibh ifrinn". Fiu a urnaigh- the atáid aig casaoid leis agus dá aithbhioradh le faillíth agus leisge. Níl ann an uile nidh a chidhionn sé ionna thímchioll, a bhean, a chlann, a cháirde, a mhaoin shaoghalta, do ghrádhaigh sé os cionn a Dhe, acht bárr peine agus guaise dho, agus an nidh chuirionn anacra os cionn anacra, ní léigionn géire agus nimh na bpian agus na ndiachair atá dhá chráidh dho smaoineadh go dáríre air aithrighe ná air an tsíor- ruigheacht. 11. Acht ní bhiaidh aon bhaoghal den tsórt soin air an ffíoraon an lá deighionnach, do bhrigh nach a mbreugáin an tsaoghail si do chuir sé a dhúil, acht aig árdughadh a chroidhe agus a inntinne chum Dé go ghnáith agus a bheith dílios do féin agus dá reacht, agus do thig adhbhar oile sásaimh aigne chuige uaidh sin; óir níl aon ghreann shaoghalta codrama re síth agus míne an deighchríostaighe aig seasamh air bhruach dheire a shaoghail, agus ullamh chum teagbháil leis an mbás re fiaidhnais deaghchubhaise agus le dothchus deagh- thuairimeach le dul asteach a ngáirdeachus a Thighearna. Is annsa ccor ndeighionnaigh si do ghlacann sé misneach agus sáimhe treas an ccreidiomh agus an dóthchas láidir atá aige a ffeabhus agus a ttrócaire a Athar síorruighe agus a luaidheachtaibh dochuimsighthe a Shlánaigh- theora Iosa Críost. Tugann an dearbhadh atá aige air fheabhus a bheathadh, luach agus diongmháltacht na subhailce, noch do chong- bhaigh a uirisliocht a ffollach ó shúilibh daondha, iomadamhlacht na ndeaghoibribh noch do thimchiollann go buadhmhar air gach taobh de, cuir a thola re hoireamhuint do thoil nDé, agus céad sásamh aigne fairis le a ndúnann sé a shúile agus le a ttoirbhrionn sé a anam a lámhaibh a Chruthaightheora, air fáilte a chur roimh an uair si atá chum críche do chur air a shaothair agus a tháthughadh lena Dhia. Ó cread an sásughadh atá dho é féin d'fhaicsin aig druidim a ffogus do gheatadhaibh na fflaithios agus air bhruach a ghlacaighthe asteach a tteaghlach shiorruighe na glóire, agus a bheith a ccuideachtain na ccóir bheannaighthe aingeal agus naomh! 12. Air mbeith dhon radharc so roimhe ní chuireann sé dhe spéis isna piantaibh báis agus a ndiachair a sgaoilte acht gurab iad atá chum na teorann atá idir é féin agus radharc Dé, atá chum é féin d'fhoill- siughadh dho a ffóirlíonadh a lúthghára, agus do dhíonann agus chong- mhann suas an fíoraon lena reamhshaláthar agus fá sgáth a sgiathán aig nomaint peiriaclach an bháis, ionas gur féidir leó a rádh leis an salmadóir: "Biodh go siubhlóchainn ann lár sgáil an bhais, ní
bheith eagla anfhorlain orm, óir atá tusa, a Thighearna, am fharaid", Sailm xxii; agus arís: "Atáim luthghaireach treas an nidh do hínseadh dom, atamaoid re dul asteach go tigh an Tighearna", Sailm (c)xxi. "Dá bhrigh sin is beannaighthe an lucht do gheibh bás annsa Tighearna, óir leanaid a n-oibreacha iad", Aisling xiv. Air an ttaobh oile, ní féidir aon nidh a bheith níos dona, níos amhgraighe ná níos deurchumhacha ioná bás an pheacaig, air mbeith dho air bhruach dul a láthair bhreitheamhnais a Thighearna fheargaich agus gan nidh air bith aige le tairgsin do acht cúntas fada mallaigh- theachta agus peacadh. chíd siad iad féin airna ffuadach amach san tsíorruigheacht lena mallaightheacht go léir, agus eagla le ceart roimh an nidh atá le teacht tairéis a mbáis. Troime agus gráinne a bpeacadh, noch do cheil a ngastacht agus a ngrádh féin go glic roimhe sin, tais- beunfar an uair sin ionna ndaithibh cearta iad os comhair a súl. Na coirthe nár dhadamh leó roimhe sin, mar do rineadar a leitheid sin de thaithighe dhíobh, taibhreóchaid an uair sin iad níos mó ioná sleibhte agus chomh dubh le gual, agus beid aig creimeadh a ccoinsiasa mar chnumha cíocracha. Beid siad a ccuideachta leó aig fágbháil an tsaoghail si, agus, mar adeir an Sgribhinn Dhiagha, "codlóchaid ina ffochair san uaigh". 13. Nach ffuil, uime sin, aon fhaghail fortachta orra ar uair a mbáis? Dob fhéidir go ttaisbeunfadh Dia trócair
dhóibh san amm dheighionnach féin; air an adhbhar san ní leoghmhamaoisne breath obann do thabhairt ná aon pheacach air leith do dhaoradh; acht an féidir a chreideail, na peacaig si tharcaisnigheann trócaire De agus chleachtann a bheith ag síorchur cathaighthe air le maireachtain a bpeacadh agus súil le heug a ngrasaibh, tairéis a bheith aig craosaireacht air thaithniomh an tsaoghail si, go ffaghdaois theacht air fhlaith- eamhnas ann aon nomaint amháin gan aon trioblóid, agus gur mór an ghníomhuigheacht leis na críostaighthibh is fearr san a dheunadh a mórán de bhliadhnaibh? Cionus is féidir a rádh go mbeith Dia chomh grástamhuil sin dóibh air uair a mbáis agus nár thuilleadar air feadh a saoghail acht dioghaltas, agus do thug an chuid budh mhó dá n-aimsir aig foghnamh don diabhal agus aig sásamh a n-ainmhianta salacha? Cionus is éidir a rádh gurab aithrighe fhírinneach do dheunaid an tráth nach mian leo a mallaightheacht do thréigionn acht an tan nach faghaid leanmhuint díobh níos sia, ná stad ó pheacadh an tráth chaillid an cumas le a bpeacaighdaois? Tairis sin, má bhidhionn sé dhe mhírath air pheacach gan a aithrighe do
dheunadh go deire a shaoghail féin, na teigheach sé a n-eudóchais, acht deunadh sé gach a ffuil air a chor an uair sin féin agus a pheacaidhe do chaoine go guirt ó chroidhe, aig iarraidh trócaire agus maitheamhnais air son Iosa Críost. 14. An té do bheith a ccontabhairt a bháighte budh cheart do iarracht a thabhairt air breith air aon bhrainleog do thiucfadh ina shlighe, dámadh gas ghiolcaighe é, chum é féin a thabhairt as dá ffeudfadh sé. Acht mar budh bhaois agus buile dho é féin do theilgionn a bpoll tuathuile, mar nach beith aige le breith air acht slaitín air bhruach an uisge chum beartha air, mar an ccéadna is ann lár na buile do bheith an té úd do chuirfeadh a leas air ceal gus an uair dheighionnach, ná a shláinte síorruighe do chur a ccontabhairt le nidh chomh suathrach le aithrighe leapann bhais. Ná bíodh braith agaibh, a dhearbhraithreacha, air aon amm acht an t-amm láith- reach, an feadh atá sláinte aguibh agus sibh ábalta air an tslighe chóir d'fhreagradh chum dul a láthair chathaoir na ngras. Má tá inntinn cheart aguibh bás an fhíoraoin d'fhaghail agus bhur laethe do chríoch- nughadh a síodhcháin re bhúr nDia, 4 tosaighe gan a thuille maille air mhaireachtain mar an ffíoraon agus an chuid oile do bhúr laethibh a chaitheamh ann seirbhís Dé. Cuimhnighidhe air bhúr ccríoch ndeighionnach agus bíghidhe aig faireadh de ghnáith agus ullamh a ccomhnaidhe, mar nach bhfuil fios an lae ná na huaire aguibh, do réir mar adeir an Tighearna san Soibhsgeul. Latet ultimus dies, ut observentur omnes dies, "atá an lá deighionnach ceilte orainn, ionus go ffairfeamaois gach aon lá", adeir N. Abhaistín, agus nach bearthaoi gairid orainn le bás, "noch do thig san meodhan oidhche an uair is lugha bhiadh cuimhne againn air", Matha xxiv. Ó a Iosa throcairich, ós tu nach tréigionn, a mbás ná a mbeathadh, an mhuintir do chuireann a muinghín ionnat, tabhair d'aisge duinn maireachtain ad ghrásaibh agus eug ad cháirdios. Caomhain sinn ó ár n-aigne dhortadh air a' mBabylon pheacamhuil si, agus cuidigh linn chum briseadh thre gach uile achrann atá idir sinn agus síorruigheacht shonaighe. Impighmid ort gomadh é t'ainim naomhtha focal deughanach dá ndeurfaidh ár tteanga, smaoine deighionach ár ccroidhe, osnadh agus iarghnodh deighionnach ár n-anam, ionus gidhbe amm is toil leat sinn do ghlaodhach as an saoghal sa, go roigfeadh linn, tread luaidheachtaibh-si, sinn do ghlacadh asteach a tteaghlach aoibhnis shiorruidhe; gurab í sin m'athchainge dhibh uile, a dhearbhraithreacha, a n-ainm an Athar etc..
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services