Air an mBás
Domine, filia mea modo defuncta est, sed veni, impone manum
tuam super eam et vivet.
A Thighearna, atá m'inghean d'éis bháis anois air ball, acht tar
agus leag do lámh uirthe agus mairfeadh sí - Matha ix 18.
1. Ann Soisgeul an lae aniugh leughmaoid air dhá mhíorbhuille
do rine ár Slánaightheoir beannaighthe: air ttús, air son mná air a
raibh galar rómhillteach air feadh dhá bhliadhain deug gan fuireach
gan fóirighthin, agus do liaighiosadh gan mhaill gan a dheunadh acht
baint le híochtar brait ár Slánaightheora; arís, air son duine d'uach-
taránaibh an tSionagog, noch d'inis do go raibh a inghean tairéis
bháis. Ní gabha a chur a ccéil d'aoineach gurab é an bás crích gach
nduine againn a mbeagán bliadhan. Gluaisighid sínsiora agus sleachta
air rian a chéile, maraon lena mórdháil agus lena mbreaghthacht, go
rithid siad re fána srotha na haimsire go dubhaigean fodhoimhin na
siorruigheachta. Imthighid ár laethe tharainn gan toirmiosg, agus rithid
na nomaintighe tharainn go heusga chum gan filleadh go bráth arís.
Níl aon chor a chuireamaoid dinn nach aig druidim re ár ccríoch
ndeigheanach atámaoid, ná aon tuslóg dá ttugamaoid ná beirionn
sinn níos foigse dhon uaigh. Níl d'aga againn le maireachtain air an
saoghal sa acht réise, agus atáid ár ccolna chomh feosach chomh lag
san deunta suas nach bhfuil acht aon choiscéim amháin idir iad agus
morgacht agus truaillightheacht.
2. Atá ár mbreath tabhartha cheana, agus níl acht cáirde ghairid
againn gan a chur a ccrích, agus b'fhéidir a ffad níos giorra ioná is
dóigh linn féin. Agus atá an bhreath san coithchionn. Caithfeadh an
peacach agus an naomh, an bocht agus an saidhbhir, an lag agus an láidir, an
t-óg agus an t-ársa, caithfid go léir bás d'fhaghail, agus níl aon sgiaith
dhídin aig aon duine chum a chosanta ón ccineamhuin sin. Atámaoid
uile deimhneach de sin, agus cread an t-ullmhughadh do ghnímíd fána
chomhair? Go deimhin dá ndearmodfadh an bás sinne, ó fhaillíth a
bheith againne ionsan, do bheith leithsgeul éigín ionnár ffaillíth.
Acht air mbeith a fhios againn, do réir mar chímíd go laetheamhuil,
go n-euluigheann sé orainn gan fhios agus go sgiubthar na mílte chum
siubhail air nós an tsaoghaltánaigh san sgrioptúir (Lucas xx) san
amm is lugha a mbeith cuimhne aca air, agus go mbeidís aig leagann
amach na hoibreacha dheunfadaois go cionn iomad de bhliadhan-
taibh, budh chóir dhúinn an bás a bheith ionnár n-inntinn do ghnaith
agus smaointe dáríribh a chaithiomh air, air mhodh go rachamaois as
ó sgannradh bhais anaba, agus go mbeith ár n-anamna iniuil go furánta
chum imirighe sheunmhar do dheunadh as an ngleann deurmhar so.
3. Admhaim nach bhfuil aon nidh chomh míshásta dhon nádúir
dhaondha ioná smaoineadh air a bheith fá bhreath a leithéid de
aistriughadh. Gidheadh, ós nidh é atá a ndán dúinn agus a ccaith-
feamaoid uile gabháil thríd, agus mar atáid a dheasga doliaighiosta,
cread air a ccaithfeamaois ár smaointe, munar gnodh róthabhachtach
é air a bhfuil seasamh iomlán ár sonais agus ár n-anacra shíorruighe?
Dar ndóigh, ní féidir a áiriomh go ffuil ciall ná creidiomh aguinn
muna machtnochamaoid go grinn air bhás sheunmhar d'fhaghail agus
sinn féin d'ullmhughadh go ródhúrthachtach chum ár n-uair dheigh-
ionnach do choisreagann le ár mbeatha do chaithiomh go subhail-
ceach. Ó nach raibh aon ghnodh chum an tsaoghail si aguinn acht
saláthar a dheunadh fá chomhair síorruigheacht adhmharach leis an
Tighearna ar nDia do ghradhughadh agus do riar, nach cóir dhuinn
<baint as sin> nach bhfuil aon ghnodh air an saoghal aguinn acht
chum foghluim gode bás maith d'fhaghail; mar nach ffuil aon tslighe
chum síorruigheacht sheunmhar acht le deaghbhás sheunmhar?
4. Dá ndeunfamaois léirsmaoineadh air ár ccríoch ndeigheanach
ionnár n-oibreachaibh uile, mar chomhairligheann an t-eagnaigh-
each, Eccles. vii 10, dá ndeunfamaois ár ngníomha agus ár mbeatha do
riaghlughadh do réir na comhairle sin agus smaoineadh go haireach
nach luaithe d'fhágbhann an anál an cholain ná theighionn an
t-anam do láthair an bhreitheamhnais, agus do réir na breithe tugthar
an uair sin is eadh bhiaidh ár sonus nó ár n-anacra go siorraidhe,
ní pheacóchamois chaoidhche ná ní ffaghmaois bás aindeas, ó budh
chomhdach príomhádhbhal so a n-aghaidh an pheacadh agus gríosadh
comhachtach chum deaghoibre.
5. Níl nidh air bith níos deimhnighe ioná go bhfaghamaoid uile
bás, gidheadh níl aon nidh nios neimhdheimhnighe ioná amm a
theachta ná an ghuithe ionna ttiucfaidh, nó an modh bhreitheamh-
nais a tabharthar orainn. Tiucfaidh an lá gan amhrus, agus aig Dia
amháin atá fios cashoin, an uair nach faicheochamaoid an oidhche
níos mó; agus tiucfaidh an oidhche ionn nach faichfeamaoid an mhaidin go
bráth arís. Cread an chrích a d'imthig air mhileadhaibh oir-
dhearca na seanaimsire, na gaisgidheacha treunláidre áirdinn-
tinneacha úd nach glacfadh sgannradh roimh dá mheud sluaigh,
na hárdrighthe comhachtacha agus na mná áile sgiamhacha, noch
do rin a leithéid de thorann agus do mhordháil air feadh an tsaoghail
ionna n-aimsir? Atáid ina luaithreamhán suaithte a measg na criadh,
agus is beag aigá bhfuil cuimhne orra anois ná aigá <b>fhfuil fios ar
mhaireadar riamh. Ní túsga chailleadar a n-anál ioná bhíodar
mílídhtheach, cruaidh, gráineamhail, déisdionamhail, truaillighthe.
Is air éigionn a thiucfadh na daoine is maointeardha dá raibh air
a' saoghal aca air a ccomhgar chum iad do thórramh feadh aon
oidhche amháin; agus dob iad a ngaolta fogus budh dhiothnasaighe
dá n-iompoghadh amach an dorus agus dá ccur go doimhinn fá thalamh,
air eagla an aedhir dho bhreunadh leo.
6. Ní raibh air ccor dhóibh aon nomaint amháin na huaire
shásaimh na saimhe do fhaghail san uaigh as a raibh de mheas agus de
mhórchúis aca air an saoghal sa, an áit nach fuaradar oighreacht
ná gréithre air bith acht bochtaine, piasta agus morgthacht; agus is mar
an ccéadna dhúinne a mbeagán bliadhan. Fillfighear suas sinn a
n-eisléine, spíceálta suas a ccaifín chaol, tiodhlaicthe chum na
huaighe, taobh le cúig no sé dhe throighthibh talbhann, agus sínte fá
lic fhuar, chum a bheith eithte suas le piastaibh, gan a bheith
ionnainn a mbeagán aimsire acht lán doirne de chriafóig, chum a
bheith cosarálta aig sínsioraibh le teacht go deire an domhain agus
2 gan aon chuimhne le bheith orainn níos mó acht chomh maith is nár
mhaireamair riamh. Atámaoid uile aig luathughadh chum na
sprioca san chomh mear agus is féidir le eitidhibh na haimsire sinn
d'iomchar, agus airna rochtain duinn agus chuireamaoid ár ccois aon uair
amháin asteach san tsíorruigheacht, níl tearnamh tar n-ais aguinn.
Air an amm san ata cinneamhuin an duine, a n-aoibhneas nó a
n-anacra, socraighthe go bráth agus chaoidhche; agus más a síorruigheacht
anacrach do rachadh sé, níl aon fhortacht ná fuasgla dho. Aig sin
an nidh do bheir air an mbas a bheith comh huamhnach. Más
deighbhás duinn, atá ár n-aoibhneas tar baoghal go síorruidhe
suthain; más drochbhás duinn, biadhmaoid go haindeas agus go
hanacrach gan chrich an feadh do bhiadh Dia ina Dhia.
7. Is sonaighe an tí atá aig faire do ghnáith air an uair si agus aig
síorullmhughadh fána comhair le beatha shúbhailceach, mar is leis
sin amháin fheudfaidh<e> sinn a chosnamh air bhás bíge nó anaba!
Is sonaidhe an tí mhairionn gach aon lá chomh maith agus gurab é
sin a lá deighionnach; biaidh an sgeul go maith aige air an uair
dheighionnach, agus beanóchthar é ionna bhás! Acht a n-aghaidh sin
is drong dona mí-adhbharach do chuireann a leas air cáirde go huair
a mbáis agus riothann contabhairt síorruigheachta gan chrích go
haithrighe bhocht aon uaire, an uair nach léigfeadh mairbhinn-
tinneacht ná spadántacht nó fós neimhnigheacht a ttinnis dóibh
cuimhne air bith a bheith aca air a n-anam ná air an tsíorruigheacht,
agus fós gan fhios aca an ffaghdaois aon rae aithrighe ná tinneas air
bith; óir cá a liacht duine a láimhtear, a báightear, a marbhann a
chapal, agus míle taipigion nach áirmhighim? Agus cionus is féidir leo an
aithrighe a dheunadh? Nach mairg don saoghaltánach air uair a
bháis nach raibh sgím ná cúram air air feadh a shaoghail acht aig
deunadh gach rangáis agus antláis, caitheamh agus díobláis, gan cuimhne
air Dhia ná air an tsíorruigheacht! Ní deuntar iongantas go
ttiucfadh sgeimhle agus sgannra air sin an trath d'aireochadh sé an bás
aig druidim leis. Och! is beag de chosmhúlacht aige sin leis an
ffíoraon air uair a bháis, noch do ghluaisigheann ón tsaoghal gusan
tsíorruigheacht lán de luaigheachtaibh agus de shubhailcibh ina thím-
chioll. Acht bás an pheacaig, noch do chaith a shaoghal le suath-
rachas agus le heolbhaois talamhuighe agus aig nach bhfuil aon nidh aige
le tairgsin dá bhreitheamh feargach acht ar tharraing sé óna choir-
thibh agus óna eugcórachaibh, go deimhin is rósgannraightheach an
t-olc é, do réir mar adeir an rioghfháig, Sailm 23.
8. chidheann sé anois an saoghal cailleamhnach dá thréigionn a
ló a ghuaise, agus radharc air dhuibheacán ifrinn, noch d'osglann é
féin a n-áit a chéile dho agus líonann a chroidhe le sgeimhle agus le
huathbhás nach féidir le haon teangain a fhaisnéis. Má éugann sé
gan aon mhothughadh, mar is minic a thuitionn amach don
mhuintir nach cuirionn suim a nDia air feadh a mbeathadh, is
amhlaidh is dona agus is baoghalaighe atá an sgeul aige, air an
adhbhar nach luaithe sgarrann an t-anam leis an ccolainn mí-
adhbharach san ioná teilgthear dá losgadh a tteintibh domhuchta
é, má bhidhionn sé a bpeacadh marbhthach gan aithrighe a dheunadh
ann. Tréigionn Dia agus a chualacht é, agus tugthar suas a seilbh diabhal
gan truaigh gan trócaire é, noch air ttabhairt aithbhiora dho, is
dóigh gur mar so a dhearfaid: Cóirigheach muintir an pheacaig si
a chonablach le leachtanaibh agus leacaibh tuama agus déinidis caoin-
teacháin, laoidhthe agus marbhna dho, acht is linne an t-anam chum
a chóirighthe le teintibh agus le piantaibh síorruidhe, agus biaidh an corp
féin aguinn fós tairéis lae an bhrátha.
9. Na cosbóir uathbhásacha so, noch do chuirionn a leithéid de
gheite air an saoghaltánach air uair a bháis, is fíoradhbhair luthghára
iad don ffíoraon air uair a bháis agus sruthanna fortachta agus sáimhe dá
chroidhe; óir má mhachtnaigheann sé air an saoghal atá sé air tí
a fhágbháil, measfaidh sé dho gur muir tonntach anfadhach é,
lán de chairgibh agus de shruthghainimh. Dearcann sé air mar áit
ionarba agus díobartha, agus gleann anacra agus caoidh, an áit a ffuil an
duine a síorchoimheasgar a measg na mílte namhaid air gach aon
taobh de, gach amm dá shaoghal a mbearnain bhaoghail agus an bás a
ndán do gach am. A n-ionad a bheith meallta mar an saoghaltánach
peacamhuil le gothaighibh breugacha, dearcann sé na breugáin
dúilmhara, na cuideachtaighe bladaracha, an t-ionmhus dhiombuan
agus an uile nidh shaoghalta mar neamhnidh agus gan ionnta uile acht
eolbhaois agus buaidhre inntinne, mar adúbhairt Solamh air a
rioghchathaoir. Ní thuigionn sé dho féin annsa is talamh acht
díobarthóir, iarghnodhach chum fillte abhaile air a thír dhúthchais,
mar thaisdiollach aig triall air chríoch a thurais, mar bhrágh do
bheith anshásta gan a shaoradh óna gheibhioll agus a sgaoileadh ó
bhraighdionas. Air mbeith dá chroidhe líonta leis an inntinn sin agus
leis na smaointibh criostamhla san, atá fáilte aige roimh uair an
bháis, mar is é chríochnuigheann a uile mhian. Sgarrann sé gan
chás le gach maoin shaoghalta dá raibh aige, chomh maith agus nár
shealbhaigh sé riamh é, agus gach nidh do bhí a bhfeidhm aige comh
maith is nach dearnaidh sé feidhm de, do reir mar labhrann an
t-apstol.
10. Ní mar sin don saoghaltánach, cuireann an bás sgannradh
iona chroidhe. Cuireann an grádh agus an pháirt pheacamhuil do
cheangail sé ris an saoghal d'fhiachaibh air sgarramhuint leis a
n-aghaidh a aigne; do réir mar adeir N. Abhaistín, "Ni sgarrann
duine leis an read a mbidhionn a chroidhe ceangailte ann acht a
n-aghaidh a aigne". Och! is cráidhte agus is buaidheartha bhíd agus is
uathbhásach na cathaighe eudóthchais d'eirghionn chúcha. Gidhbe
taobh air a ffillfeadh an saoghaltánach é féin aig iarraidh suainis ná
furtacht níl a bheag ná a mhór de le faghail aige. Os comhair a
shúl chidhfeadh sé uimhir do-airmhighe mionn mhór, easgaine,
naomhaithise, craois, drúise, agus mórán oile de pheacadhaibh troma,
noch d'fheuchann asteach idir an dá shúil aige lena n-anchúmthacht
uile. Má fheuchann sé tar ais air a bheatha ní fhaicfidh sé acht
beagán deaghghníomh nach biaidh aon éifiocht ionnta a n-aghaidh
an armáil uathbhasach pheacadh n-úrghrána úd atá dá chiapadh
air gach taobh de. An tráth chuimhnigheann sé air a liacht grása,
cuire agus glaodh ó fhlaitheamhnus do fuair sé agus nár chuir sé suim
ionnta, a liacht uain do bhí aige ar shaidhbhrios siorruidhe do chuir
a ttaisge agus dá ndearnaidh sé faillighe, 3 na tabharthais agus na
tiodhlaicidhe grásamhla do bhronn Dia dho dá ndearnaidh sé
drochlámh, an aimsir thaithniomhach do dhiombail sé, na sacra-
mainte naomhtha do tharcaisnigh se, cuirid a leithéid de radharc
mallaightheachta os a choinne, a leithéid de amarán agus do chomh-
bhuaidhre go n-airigheann sé go maith fírinne na mbriathar sa an
ríoghfhaighe, Sailm cxiv, "Do thimchiolladar doilghíosa an bháis
me má ccuaird, agus do fríth me le deacrachaibh ifrinn". Fiu a urnaigh-
the atáid aig casaoid leis agus dá aithbhioradh le faillíth agus leisge.
Níl ann an uile nidh a chidhionn sé ionna thímchioll, a bhean, a chlann,
a cháirde, a mhaoin shaoghalta, do ghrádhaigh sé os cionn a Dhe,
acht bárr peine agus guaise dho, agus an nidh chuirionn anacra os cionn
anacra, ní léigionn géire agus nimh na bpian agus na ndiachair atá dhá
chráidh dho smaoineadh go dáríre air aithrighe ná air an tsíor-
ruigheacht.
11. Acht ní bhiaidh aon bhaoghal den tsórt soin air an ffíoraon
an lá deighionnach, do bhrigh nach a mbreugáin an tsaoghail si do
chuir sé a dhúil, acht aig árdughadh a chroidhe agus a inntinne chum
Dé go ghnáith agus a bheith dílios do féin agus dá reacht, agus do thig
adhbhar oile sásaimh aigne chuige uaidh sin; óir níl aon ghreann
shaoghalta codrama re síth agus míne an deighchríostaighe aig
seasamh air bhruach dheire a shaoghail, agus ullamh chum teagbháil
leis an mbás re fiaidhnais deaghchubhaise agus le dothchus deagh-
thuairimeach le dul asteach a ngáirdeachus a Thighearna. Is annsa
ccor ndeighionnaigh si do ghlacann sé misneach agus sáimhe treas an
ccreidiomh agus an dóthchas láidir atá aige a ffeabhus agus a ttrócaire a
Athar síorruighe agus a luaidheachtaibh dochuimsighthe a Shlánaigh-
theora Iosa Críost. Tugann an dearbhadh atá aige air fheabhus a
bheathadh, luach agus diongmháltacht na subhailce, noch do chong-
bhaigh a uirisliocht a ffollach ó shúilibh daondha, iomadamhlacht
na ndeaghoibribh noch do thimchiollann go buadhmhar air gach
taobh de, cuir a thola re hoireamhuint do thoil nDé, agus céad sásamh
aigne fairis le a ndúnann sé a shúile agus le a ttoirbhrionn sé a anam a
lámhaibh a Chruthaightheora, air fáilte a chur roimh an uair si atá
chum críche do chur air a shaothair agus a tháthughadh lena Dhia.
Ó cread an sásughadh atá dho é féin d'fhaicsin aig druidim a ffogus
do gheatadhaibh na fflaithios agus air bhruach a ghlacaighthe asteach
a tteaghlach shiorruighe na glóire, agus a bheith a ccuideachtain na
ccóir bheannaighthe aingeal agus naomh!
12. Air mbeith dhon radharc so roimhe ní chuireann sé dhe spéis
isna piantaibh báis agus a ndiachair a sgaoilte acht gurab iad atá chum
na teorann atá idir é féin agus radharc Dé, atá chum é féin d'fhoill-
siughadh dho a ffóirlíonadh a lúthghára, agus do dhíonann agus chong-
mhann suas an fíoraon lena reamhshaláthar agus fá sgáth a sgiathán
aig nomaint peiriaclach an bháis, ionas gur féidir leó a rádh leis
an salmadóir: "Biodh go siubhlóchainn ann lár sgáil an bhais, ní
bheith eagla anfhorlain orm, óir atá tusa, a Thighearna, am fharaid",
Sailm xxii; agus arís: "Atáim luthghaireach treas an nidh do hínseadh
dom, atamaoid re dul asteach go tigh an Tighearna", Sailm (c)xxi.
"Dá bhrigh sin is beannaighthe an lucht do gheibh bás annsa
Tighearna, óir leanaid a n-oibreacha iad", Aisling xiv. Air an ttaobh
oile, ní féidir aon nidh a bheith níos dona, níos amhgraighe ná
níos deurchumhacha ioná bás an pheacaig, air mbeith dho air
bhruach dul a láthair bhreitheamhnais a Thighearna fheargaich agus
gan nidh air bith aige le tairgsin do acht cúntas fada mallaigh-
theachta agus peacadh. chíd siad iad féin airna ffuadach amach san
tsíorruigheacht lena mallaightheacht go léir, agus eagla le ceart roimh
an nidh atá le teacht tairéis a mbáis. Troime agus gráinne a bpeacadh,
noch do cheil a ngastacht agus a ngrádh féin go glic roimhe sin, tais-
beunfar an uair sin ionna ndaithibh cearta iad os comhair a súl.
Na coirthe nár dhadamh leó roimhe sin, mar do rineadar a
leitheid sin de thaithighe dhíobh, taibhreóchaid an uair sin iad níos
mó ioná sleibhte agus chomh dubh le gual, agus beid aig creimeadh a
ccoinsiasa mar chnumha cíocracha. Beid siad a ccuideachta leó aig
fágbháil an tsaoghail si, agus, mar adeir an Sgribhinn Dhiagha,
"codlóchaid ina ffochair san uaigh".
13. Nach ffuil, uime sin, aon fhaghail fortachta orra ar uair a
mbáis? Dob fhéidir go ttaisbeunfadh Dia trócair<e> dhóibh san amm
dheighionnach féin; air an adhbhar san ní leoghmhamaoisne breath
obann do thabhairt ná aon pheacach air leith do dhaoradh; acht an
féidir a chreideail, na peacaig si tharcaisnigheann trócaire De agus
chleachtann a bheith ag síorchur cathaighthe air le maireachtain a
bpeacadh agus súil le heug a ngrasaibh, tairéis a bheith aig craosaireacht
air thaithniomh an tsaoghail si, go ffaghdaois theacht air fhlaith-
eamhnas ann aon nomaint amháin gan aon trioblóid, agus gur mór an
ghníomhuigheacht leis na críostaighthibh is fearr san a dheunadh
a mórán de bhliadhnaibh? Cionus is féidir a rádh go mbeith Dia
chomh grástamhuil sin dóibh air uair a mbáis agus nár thuilleadar air
feadh a saoghail acht dioghaltas, agus do thug an chuid budh mhó dá
n-aimsir aig foghnamh don diabhal agus aig sásamh a n-ainmhianta
salacha? Cionus is éidir a rádh gurab aithrighe fhírinneach do
dheunaid an tráth nach mian leo a mallaightheacht do thréigionn
acht an tan nach faghaid leanmhuint díobh níos sia, ná stad ó
pheacadh an tráth chaillid an cumas le a bpeacaighdaois? Tairis sin,
má bhidhionn sé dhe mhírath air pheacach gan a aithrighe do
dheunadh go deire a shaoghail féin, na teigheach sé a n-eudóchais,
acht deunadh sé gach a ffuil air a chor an uair sin féin agus a pheacaidhe
do chaoine go guirt ó chroidhe, aig iarraidh trócaire agus maitheamhnais
air son Iosa Críost.
14. An té do bheith a ccontabhairt a bháighte budh cheart do
iarracht a thabhairt air breith air aon bhrainleog do thiucfadh ina
shlighe, dámadh gas ghiolcaighe é, chum é féin a thabhairt as dá
ffeudfadh sé. Acht mar budh bhaois agus buile dho é féin do theilgionn
a bpoll tuathuile, mar nach beith aige le breith air acht slaitín air
bhruach an uisge chum beartha air, mar an ccéadna is ann lár na
buile do bheith an té úd do chuirfeadh a leas air ceal gus an uair
dheighionnach, ná a shláinte síorruighe do chur a ccontabhairt le
nidh chomh suathrach le aithrighe leapann bhais. Ná bíodh braith
agaibh, a dhearbhraithreacha, air aon amm acht an t-amm láith-
reach, an feadh atá sláinte aguibh agus sibh ábalta air an tslighe chóir
d'fhreagradh chum dul a láthair chathaoir na ngras. Má tá inntinn
cheart aguibh bás an fhíoraoin d'fhaghail agus bhur laethe do chríoch-
nughadh a síodhcháin re bhúr nDia, 4 tosaighe gan a thuille maille
air mhaireachtain mar an ffíoraon agus an chuid oile do bhúr laethibh
a chaitheamh ann seirbhís Dé. Cuimhnighidhe air bhúr ccríoch
ndeighionnach agus bíghidhe aig faireadh de ghnáith agus ullamh a
ccomhnaidhe, mar nach bhfuil fios an lae ná na huaire aguibh, do
réir mar adeir an Tighearna san Soibhsgeul. Latet ultimus dies, ut
observentur omnes dies, "atá an lá deighionnach ceilte orainn,
ionus go ffairfeamaois gach aon lá", adeir N. Abhaistín, agus nach
bearthaoi gairid orainn le bás, "noch do thig san meodhan oidhche
an uair is lugha bhiadh cuimhne againn air", Matha xxiv. Ó a Iosa
throcairich, ós tu nach tréigionn, a mbás ná a mbeathadh, an
mhuintir do chuireann a muinghín ionnat, tabhair d'aisge duinn
maireachtain ad ghrásaibh agus eug ad cháirdios. Caomhain sinn ó ár
n-aigne dhortadh air a' mBabylon pheacamhuil si, agus cuidigh linn
chum briseadh thre gach uile achrann atá idir sinn agus síorruigheacht
shonaighe. Impighmid ort gomadh é t'ainim naomhtha focal
deughanach dá ndeurfaidh ár tteanga, smaoine deighionach ár
ccroidhe, osnadh agus iarghnodh deighionnach ár n-anam, ionus gidhbe
amm is toil leat sinn do ghlaodhach as an saoghal sa, go roigfeadh
linn, tread luaidheachtaibh-si, sinn do ghlacadh asteach a tteaghlach
aoibhnis shiorruidhe; gurab í sin m'athchainge dhibh uile, a
dhearbhraithreacha, a n-ainm an Athar etc..