Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Aodha Dhuibh
Title
Eachtra Aodha Dhuibh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1823
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1967-1968)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Gliomach Caodhbóghar annso Eachtra Aodha Dubh 1 Seilg agus fiadhach agus fionnchosguirt do comorradh re Aodha Dubh mac Criomhthuinn mhic Féidhlime mhic Aonghuíosa mhic Cuirc mhic Ollioll Ólam do Shíol Éibhir gur éirghe amach agus a ghiollaídhe fiaig agus fionnchosgartha gur leigeadar a ngádhair chleaslúithmhara bhallbhreaca cheannruadha fá choilltibh ceannarda úrghasra agus fá ghleanntuibh dhaingeanna dho-eóluis agus fá dhiamharshléibhtibh dhobhrisde gur dhúghsígheadar míolta mongacha monngruadh agus sionnaicc siubhlacha seach- ránacha agus bruic dhána dhíomusacha, agus do leathnuígheadar fá na coilltibh agus fá na gleanntuibh go cómhchoitcheann ag déannamh na seilge siubhalaídhe seachránach sin gur imthígheadar na gádhair fán bhforraois do bhí a lár an ghleanna, agus do leanadar uaisle Éirionn iad, óir badh dhóith leó beathaídhe allta éigionn do bheith 'san áit sin ar mhéid an tafainn agus an ghloir do-rineadar na gádhair ar fuaid na foraoise farsinge fíoruaignídhe sin. An tan sin do sginn fiaidh beanach breághdhearg chúcha, beann óir agus beann airgid ar, agus gluaisios do thaobh na faille nó go ndeacha as an bhforaois mar a rabhadar uaisle Éireann go ttug gach n-aon díobh sith sanntach sárluaith dá n-armuibh slinngheura dá ionn- suídhe, agus badh dhíghbhaoin dóibh, óir ní ráine leó dochair ná díoghbháil do dhéannamh (2) dho go ndeacha dá n-aimhdheoin as an bhforaois amach.
2 Iomthusa Aodha Dubh do ghaibh féin agus Faolán Beag an fiadhguídhe slíghe chómhagair a gcoinne an fhiaidh go cómhluaith agus do mhothuig Aodha Dubh chuige é agus tug rógha an urchuir dá shleagh 'na dhiaig gur sguab sé an chos dheas uaidh, agus níor mhoillide an fiaidh sin acht mar do rachfadh dhá chos faoi. Agus asé slíghe luais do-rin an fiaidh siar gacha ndíreach go críochuibh bhFear Móire ris a rádhtear Críoch Chonnuill Ghabhra an tan so agus do Shliabh leathan lánaoibhin Luachra, agus an uair do- chonairc Aodha Dubh an fiaidh ag imtheacht do leann féin agus an fiadhguídhe é go réimdhíreach agus do leannadar uaisle Érionn mar an ccéanna é nó go ndeacha as a rádharc ionnus nárbh feas dóibh cá hárd nó crioch 'san dómhan ionnar ghaibh. Cíodtrácht níor stadag ris an bhfiaidh ná ris na gádhair gur rángadar an taobh badh shiar badh thuaidh do Éirionn gur chosgradh an fiaidh ar bhruach ghleanna ann. 3 Dála Aodha Duibh isé a-dúbhairt: "Do cosgradh an fiaidh", ar sé, "óir ní chluinim fóghar na ngádhar. Agus seinn an séidán fiaidh dhuinn a Fhaoghláin." Do-rin Faoghlan amhla sin, agus ar ruchtainn do láithir dóibh do-chonarcadar an gruagach fraoch- mhar fíornámhdeamhuil ag tígheacht as an ngleann dá n-ionnsuíghe agus trealamhna troda agus teangbhála uime agus fraoch fíormhór feirge ar, agus níor bheannaicc agus níor úmhlaig dhóibh agus aoir íorghoile ar agus táine do láithir agus asé a-dúbhairt "Luíghim fám armuibh gaisge, a mhic an rígh, gurrab olc an áit a ttugadar do chosuibh tu, óir dubadh fharsing fhíorleathan (3) dá chóige Múmhan agad chum fiaicc is gan teacht dan ghleann so, agus do-bheirm-si mo bhriathar gurrab é seo t'fiadhach déagheannach ar an saoghal so." "A dhubhslán sin chúghad", ar Aodha Dubh. Leis sin d'ionnsuígheadar a chéile go namhdéamhuil neamhcharthanach mar dhá aithir nímhe neamheaglach nó mar dhá ghríomhingneach ghníomhéachtacha gheónacha ghoinnideacha dhíthchúiseacha, agus do-rineadar gleó gaibhtheach ghráineamhúil faoi ár-uile agus a a bhfórcheann an chómhruic do thuit gruagach an ghleanna ré Aodha Dubh.
4 Dála Aodha Dubh isé a-dúbhairt re Faoghlán Beag "Asé is indeunta dhuinn", ar sé, "suíghe ar bhruach na faille seó agus fuireach ann go mbeire dróng éigionn d'uaislibh Éirionn orruinn". Do-rineadar amhla sin, agus níor chiann dóibh ann an tan do- chonairceadar an t-óglaoch mór feargach fíorghránna stáitheach gharbhghruagach 'san maigh gacha ndíreach dá ndionnsuíghe, agus as amhla do bhí an t-óglaoch sin agus ceann mór mothalach gharbh- chiabhach móngfhada ar agus mórmhalluíghe gharbhliaithe faid- rúaneacha ar an dúbheadann mhéisgreach dhrochghnéitheach do bhí aige agus gur shamhuilt re dhá thóirse dhearglasrach an dá bhreacshúil mhóra fhliochdhearga do bhí sloigthe fá bhun na mórmhalluíghe sin, agus ramharmhuinéal fada fiormhéirsgreach rinnfheitheach ag ceangal an spaidchinn sin do gharbhchodhlann an óglaoigc, agus mórbheul fharsing ógharghorm dúbhchreatach aige agus trí cheartdóirne do gach stairfhiacuil fhada chíordhubh ghointe rinnghearra re na bhfeicsint dan taobh amuich (4) dan droichbheul sin, agus lámha fada ramharfhéithach faidiongneacha air, agus mórbholg slaparsalach bhrúideamhuil bhreunbhruimneach sruithbhuinneach aige, agus dhá chos chaolchruadhluirgneach throigmhéirsgreach bhreacdhóighte do bhrisfeadh crann agus clocha faoi an bhfear mór sin. Do bhí mar an ccéanna slatbhud fhada sruithmhúnach ag buala faoi ghormbhasaibh an óglaoicc sin agus dá madh é fullach an bhuid sin badh mheinn leis ní raibh sé ar ccumas do, óir ní raibh d'urra ná d'éadach an dómhan uime acht lúb do gharbhshúbhsa do bhí ceannguilte dlúithfhuaighte re garbhgad chuillinn do mhaolárd a thóna. Acht céanna dub é sin an t-aonóglaoch dubadh almhúrdha agus badh mheasa cruith agus badh neamhchúmtha déannamh d'fearuibh na beatha, agus eunlaith aedhair agus éisg mhara agus beathaoigh talmhán na cruinne go ruithfadís a bpolluibh agus a mothar-chiumhuisibh chloch agus chrann re moruamhan re feicsinn an fhir mhóir sin, agus fós do theithfadís coin agus gádhair an dómhan do-chídhfeadh an t-óglaoch annmhor re gráinneacht a dheilbhe agus a cheall- tracht. Agus táine do láithir an rígh fá an ttoicim sin agus fá an ttuarasgabháil sin, agus d'fill a ghlúin, do chromm a cheann, agus d'feac a chodluinn, agus do-rin sé cómharthaoi úmhlúghadh agus onóradh dan rígh. 5 Iomthusa Aodha Dhuibh tógbhas a lámh ós a chionn agus fochtus sgéala de cia é féin d'uaisle nó anuaisle an domhain, cia rann do rannuibh an domhain ionnurbadh as do, nó creud dubadh fhádhan nó dubadh ealádhan do. D'freagair an fear mór agus asé a-dúbhairt "Ní bhfuil fios mo ghenalach (5) agam, acht gurrab é is ainm dam "An Ghliomach Caodhbóghair", agus asé adhbhar fá bhfuilim ag siubhal an dómhain d'feuchainn cia is fearr do bheadh lióm do chlannuibh ríghthe nó ró-thíghearnuíghe nó cia an fear is
féile do-bheurfadh biadh nó deoch damh. Agus is uime sin do tháine mé fád thuairm-si, a mhic an rígh, mar do chuala nách raibh san dómhan aonneach dubadh fhéile fá bhiadh agus fá dhig ná tusa." 6 "s briathar dámh-sa," ar Aodha Dubh, "nach fuil bia ná deoch agam-sa anois do-bheurfuinn duit. Gídheadh tar lióm dam dhún féin agus do-ghéabhair do leórdhóichuinn bígh agus dígh uaim féin an faid bhus áil leat fuirreach am fhochuir." "Ní rachfad", ar an t-óglaoch. "Ní bhfuil bia san dún agad is fearr liómm-sa ná an biadh atá agad do láithir .i. an fiaidh sin do cosgradh leat, agus ollbhóghaidh mé féin é agus bíodh a fhios agad, a mhic an rígh", ar sé, "gurrab iomdhá mac rígh agus ró-thíghearna do cailleadh ris an bhfiaidh sin, óir is minic do cuireadh seilg agus fiadach ar agus ní chomhnuígheach sé go ttigeach dan ghleann so agus níor lean aon duine ríabh é don ghleann sa ná fuair bás d'imirt ar acht tusa amháin. Agus ó thárla marbh anois é, asé is cóir a ollamhúghadh óir táim deóntach nách mó ocras dhuine eille ná t'ocras féin anois, óir as ciann uait an áit ionar thógbhuis an fiaidh so ar ttúis." "As fíor san", ar Aodha Dubh, "agus ollamhthar leat é gé gur doilg lióm é, óir badh ró-mhaith liom a bheith lé tusbánadh agam d'uaisle Eirionn óir ní chreidfuid gur thuit se liom na gruagach an ghleanna an uair ná bí siad re tasbáint agam do láithir." "As dóith lióm-sa," ar an Gliomach, "gur fada go bhfeicfidh tú aonneach d'uaislibh Éirionn. Gídheadh ní rach- faidh mise chum suain ná codhlata go ccuiread a ccoidreamh díobh é, óir is fearr lióm ná matha na cruinne do (6) thabhairt dam air aonlaithir mar do thuit an fiaidh sin leat." 7 A hailthe sin éirghios an Gliomach 'na sheasamh agus fhaduígheas teine go ceárdámhuil agus cuireas ceithre ceathramhna an fhiaidh dá rósdadh ar cheithre biorruibh fada fionnchoille agus an tan dubadh ollamh ionnchaitmhe é itheas agus créimios donna cnámha amach iad agus níor thug a bheag ná' mhór dan rígh ná dá fhiadhguídhe de óir as gairuid do mhaireadar leis féin, agus língios gus an sruith nó gus an tiobur do bhí lámh leis agus leathas a chliabh ar agus dar leat is d'éis aonaicc d'ól díghe as do bhí sé
óir níor fhágabh sé braon an fhaid do shruith a bheul ná a sheicne é. Is annsan a-dubhairt an Gliomach Caodhbóghar "Éirghe, a mhic an rígh, agus imthicc agus triall ar an tig úd thall ar lár an ghleanna agus déin óirsheasamh na hoídhche anocht ann, agus fair go maith tú féin óir as tosach oídhche atá ann anois agus is fada uait dún ná deághbhaile do-bheurfadh aoidheacht dhuit." 8 Is a háithle sin éirgheas an Gliomach ionna sheasamh agus ceileabhras dan rígh agus tógbhas ceann cosa agus croicionn agus ádharca an fhiaidh agus gruagach an ghleanna mar aon riu agus árduígheas ar stuadhleirg a dhroma iad agus síneas an dá threas- lurguin agus gluaisios chum siubhuil agus níor sheasuimh crann ná cloch ná caruig roimhe gan brise agus buanraoba an gach conaire ionnar ghaibh agus badh samhuil re peléar tóranthíghe lá Mhithimh a' teacht on speir re fraochghoibh an trosd agus an torruinn lánmhór do-ghnídheach an laoch go ccuireach cnuic agus sléibhte air mhór- luasga roime no gur ráine se fatha dúna agus deágharais Aodha Duibh. (7) Agus mar do-chonarceadar lucht na cathrach chughtha é do ghlac uamhan agus imeagla mhór iad roimhe ionus go ndeacha dróng díobh re buile agus re buanghealtaoigheacht agus an chuid eile tar dhóirsibh an dúna agus d'iaghadar na geataoi roimhe. Dála an Ghliomach asé do-rin an t-ualach do leagadh dhe agus teilgeas tar gheataoi na cathrach é agus asé a-dúbhairt "Ag sin aguibh fiadhach agus gaisge Aodha Duibh anniugh", ar sé, agus fillios ón ccaithir ar sin. Iomthusa lucht na cathrach aithníghid beannuibh an fhiaidh agus tógbhaid aongháir gollán agus geur- chaointe ós árd, óir badh dheímhin leó gur marbhadh Aodha Dubh ris an óglaoch sin. 9 Dála Aodha Dubh ar imtheacht an Ghliomaicc uaig do ghlaodhaig ar Fhaolán Beag an fhiadhguídhe agus d'fiafra dhe cár ghaibh sé uaidh. "Goin chalma dam bhuaint", ar Faolán "an tan do chonarc an t-ainmhídhe óglaoicc úd chúgham gur shíolas go n-íosfach sé an saoghal go léir is me féin ar ttúis agus uime sin do chuaidh me a bhfollach a bportuibh an ghleanna." A haithle na mbriartha sin d'ionnsuígheadar an tig agus do-chuagh- adar isteach ann agus ní raibh do dhaoine reómpa istig acht aon- inghéann amháin mhaiseach mhóráluinn mhallagheal mhaordha thrommfholtach chiabhsgaoilte leabharchraobhach mhéirghléigeal agus í ag caoine go dúbhach tuirseach deórach dubrónach, agus suighid ionna fochair. "Donn agus duais orm-sa, a mhic an rígh", ar Faolán Beag, "gurrab i sin beann an ghruagaicc úd do thuit leat amuigh agus gurrab olc (8) an áit seó ionna ttángamuir chum deóruígheacht anocht." Níor chiann dhóibh ar na rádhte sin an tan tháine gaisgídheach rabharchnámhach borbláidir fraochmhar fíornámhdach chúghtha agus é gobtha a n-arm agus a n-eudach agus fiaidh chréachtach chródhlinnteach aige ar a ghualuinn agus
ba dhearbhrathair dan mhnaoi sin é do bhí ag sealgaireacht an lá san. Agus níor bheannaicc dóibh óir níor gnaith ris a samhuilt sin d'feicsinn sa teaghlach, agus do bhíog a chroídhe ionna chliabh ar a bhfeicsint do, óir d'aithin gur cailleadh an gruagach an tan do leigeadh iad san dan ghleann, óir níor tháine aonneach ann roimhe sin riamh nár thuit ris an ngruagach ar feadh a raedh. 10 Leigios an gaisgéadhach sin an fiaidh dá ghualluinn agus feuchas ar a dheirbhshiur agus fochtas fios a guil agus a deurra deo. D'freaguir sisi agus isé a-dúbhairt "Mo chéile gruagaicc do thuit leis an ndiais laoch sin anniugh", ar sí. Ann san língios robharta ró-fheirge an t-óglaoch sin agus nochtas a chloídheamh fhada gearrfhaobhrach, agus nochtas Aodha Dubh a chloídheamh féin agus éirgheas 'na choinne agus 'na chómhdháil. Is ansan d'ionnsuígheadar an dís a chéile go namhdeámhuil neamhcharth- anach agus go féidhmláidir fullangthréan gur ró-ghabhadar a mínleadradh a chéile agus ag cosguirt agus ag cnámhghearra, ag tolla agus ag traocha a chéile ionnas go rabhadar sruithlíngthe folla ag sille as a gcréachtuibh agus fá dheoig an uair nách fuair Aodha Dubh gréidhm ar ren' arm beireas tímpchioll an chuirp ar agus iadhas a dhá láimh ghasda ghéigeala thímpchioll an chuirp go cruadhneartmhar ar agus tugas cor currata calma do agus níor sgar (9) de nó gur bhuail fá lár agus fá lán talmhan é, agus do bhuain a cheann de go lúithgháireach. 11 "Do-bheirm mo bhriathar, a ghaisgídheaicc", ar an ingheánn, "gurrab é sin an marbhadh is measa dhuit dá ndearrnuíghis riamh, óir is gairuid go mbeidh do cheann féin a n-éiric an chinn sin." Acht céanna ní raibh deire an fhocail as a beul an tan do líng triar fathach isteach badh mhó agus dubadh aoirde agus dubadh ana- cruitheamhla dá bhfeaca súil duine riamh. Agus ar na bhfeicsint do Aodha Dubh do líon d'uamhan agus d'imeagla reómpa é. Agus badh dhearbhráithreacha dan ghruagach iad. 12 Do labhair fear díobh agus asé a-dúbhairt "A Aodha Duibh", ar sé, "níor shásda lead-sa ríoghacht Mhúmhan do bheadh fúghad féin gan dul ag déannamh seilge agus fiadaicc an ghleanna so agus ag marbhadh mo dhearbhráithir .i. Ruduire na Seilge, agus a chloídheamh do bheith agad, agus as briathar dámh-sa gurrab olc an díogalt duinne do cheann a ndíoguilt na laoch sin, agus fós go ttiobhram deargár ar do mhuintir agus go ndéannfam díghir dhearglasrach dod dhún agus dod dheágháras, agus measuim gurrab olc an áit ionna ttánguíghis chum deóruígheacht na hoídhche
anocht agus gurrab fuar an suipéar atá re fághail agad." "Air mh'anam-sa", ar Faolán Beag, "gur innis mise san do a ttúis na hoídhche anocht". 13 Ciodhtrácht do chrith Aodha Dubh uime sin agus badh mhór a thart agus 'ocruis, agus is anfhuinneach créachtach cróghlinnteach do bhí sé d'éis an chómhruic do-rin roimhe sin, agus badh mharbtha marbhlag do bhí sé chum chómhruic (10) do sheasamh ris an ttriar fathach sin an tráith sin. Acht céanna ar lámhúghadh a n-airm dóibh língios an Ghliomach Caobóghar isteach agus ise a-dúbhairt "Ná bíodh uamhan ná imeagla ort, a mhic an rígh, óir is déimhin na briartha do chan an fear sin leat gurrab ar féin d'feillfid gan cháirde", ar sé. Do chrithnígheadar an triar laoch ar fheicsint an fhir mhór agus ní re heagla a nirt acht re uathbhás a dheilbhe agus a cheall- trach, óir cia gur mhór anachruitheamhúil anachúmtha an triar iad féin badh mhó agus badh ghráine agus dubadh uathbhásaoi an Gliomach ná iad a ttriur dá mbeidis a bpearsuin aonduine amháin. Is annsan do nocht an Gliomach a chloidheamh ghlasleathan dhubhmheirgeach agus do ghaibh dá ccómhbhuala agus dá gceartmhaolúghadh dá cceannuibh d'faoibhar agus do chúl an trommchloídheamh sin gur bhris a ccnámha agus a lúithreacha agus gur leig a n-inchinn tré na bplaoisg amach gan toirmiosg, agus arduígheas iad féin agus Ruduire na Seilge leis agus teilgios re haill an ghleanna iad agus a-dúbhairt re Aodha Dubh óirsheasamh na hoídhche do dhéannamh do féin agus dá fhiadhguídhe gan eagla, agus d'imthigh féin gan fios a thuairisge aca. 14 Annsan a-dúbhairt Aodha Dubh ris an mnaoi proinn do thabhairt chuige, agus d'éirghe sí ionna seasamh agus tug rógha bígh agus díghe dá raibh san tig chuige agus nách le na feabhas lé a thábhairt chuige é acht d'eagla an Ghliomaicc do theacht dá dhiogalt uirre. 15 Iomthusa Aodha Dubh do chaith féin agus Faolan (11) a ndochuinn bígh agus dígh agus chuaghadar chum suain agus síorchodhlata gur éirghe an grian ár no mháireach. Is ansan eirghíos Aodha Dubh agus Faolán Beag agus gabhuid iad féin a n-arm agus a n-éadach. Cómhluaith is do-chonairc an inghéan sin éirghéas féin ionna seasamh ionna ccómdháil agus gabhas fithchiol chearrdámhuil dheargóir agus fuireann airgid agus chriosdal dhísleach, agus leagus a bhfiadhnuise an rígh iad agus da chuir ar an rígh cluimhthe d'imirt ria ann. "Imireód", ar an rígh. D'imirígheadar agus do chuaidh an cluimhthe ar an rígh. "Imir arís", ar an rígh. "Ní imireód", ar sí, "acht cuirim geasa ort na fuillingid fíorlaoch .i. an fáine óir atá fá bhrághaid Ruduire an Dúna Dheirg do thabhairt chúgham sul a ndéannfuir dhá óirsheasamh oídhche a n-aointeágh- lach a n-éiric mo bhráthair, mo chómpánach agus mo chleamhnuithe do thuit leat."
16 Dála Aodha Dubh d'ollamhuig é féin chum an tuirruis do thabhairt agus asé do-rin, é féin agus Faolán Beag, iad féin do thiomsúghadh lé a raibh do bhiadh agus do dhígh agus do sheódibh uaisle annsan teághlach. Ansan d'ionnsuígheadar a lóng is do chuireadar ar muir agus ar mórfhairge í agus do leathanuígheadar a mbratuibh sollusmhóra maothshroill ar na seólchranuibh chruadhríghne san agus d'ionnsuígheadar a n-iomarbhuadh díreach dian dásachtach no gur rángadar a n-anfadh na mara mhór- dhoíghne ghleannghorma gur éirghe an bóchna ghlasghaibhtheach iona thrománaibh diandásachtacha doileónta agus 'na ghleannta saídhbhre siansánacha sárthaoibhfhliocha agus 'na chómhchiusaibh channránacha (12) mara sárluaithe agus ionna hárduibh almhúrdha éasántacha eochairghorma agus ionna ghaothraibh diaghchúis- eacha fliuchárda sruithluaimneacha, agus d'freaguir an ghaoth gheónach ghrianach go mórdhálach dóibh. Agus a haithle sin do ghabhadar cuan agus calaphuirt a ttuaisgirt na críche ionna raibh Ruduire an Dúna Dheirg .i. críoch na Babilónia, agus do cheann- gladar a mbarc do phosda choingbhala taobh re cuan agus do ghaibh siad féin talamh ann. 17. Iomthusa Aodha Dubh suíghios féin agus Faolán Beag an fiadhguídhe cois an chuain agus do chathadar a bproinn agus a ttómhaltas ann, agus níor chian doibh an tan do chonairceadar athach mór chorpghrána chnámhramhar mhadareamhail spaid- bhruideach chúcha agus é gobhtha a n-arm agus a n-éadach agus asé ainm bhí ar "An tArrachtach Chliabhchlúmhach". Agus ní gan ádhbhar tugadh an ainm sin ar, óir ní raibh ball dá bhalluibh ná faibh fuillighthe dhlúithchlúmhduighthe do liaithchlúmh agus do dhubhchleitídhe. Agus asé dubadh oificc do gach lá bheith ag faire an chuain sin ar son Ruduire an Dúna Dheirg agus gan do thuarasdal do tar cheann an óglaochais sin acht a chorp do shásamh agus a thart do mhuchadh a bhfuil na ndaoine do thígheach dan chuain chéanna sin. Mar do-chonairc Faolán chuige é éirghios 'na sheasamh agus língios isteach 'na loíng arís agus tógbhas a
chseólta agus d'imthig fithche tonn amach ar an bhfairge. Agus táinig an t-óglaoch chum Aodh Duibh agus síneas a lámh gharbh- chlúmhach chruadhiongneach d'ionnsuíghe Aodha Duibh agus dubadh aill leis é fhuadach dá bhreunchuus do bhí lámh ris an gharbhchairg (13) cloiche. Mar do-chonairc Aodha Dubh san nochtas a chloídheamh agus buaileas béim bithneartmhar annsa spriata lamha air gur sguab sé an chrobh ós na laíghracha de, agus leis sin do chuir an t-óglaoch glamm adhfhuathar as ionnas go mo chlos ar feadh na gcríoch go fórleathan an uailgháir sin, agus língios gus an gcrann daruídhe do bhí a bhfogus do agus buainios ón ttalamh leis an láimh eile é agus iompuíghios ar Aodha Dubh arís agus d'ionnsuígheadar araon a chéile, agus do bhádar ag leóna agus ag leadra, ag tolladh agus a' tréanthuarguint, ag brise cnámha agus corp a chéile, agus ró bhádar ar an ladairt sin atha fhada ionas go rabhadar sruithlínnte folla ag sille as chréachtuibh an fhir mhór agus ní soithibh do gabhadh sin aige acht go fraoch- uídhe fíorghonta, óir badh shámhuil re tonn mhara ag buala fá chrannuibh nó fa chairgibh cheanngharbha chuain no chalaphuirt fuaim gach buille bríghmhur bacneartmhur borbláidir dá mbuaileadh an t-óglaoch d'ionnsuíghe Aodha Dubh, agus badh dhíghbhaoin sin do óir d'imthíghe Aodha Dubh uaidh amach d'árleóg chomasach, ionus go ttiteadh an chrann chum talmhan agus go ttuitfeadh an t-óglaoch dá thógbháil arís agus go ngoineadh Aodha Dubh a chroídh ionna chliabh ionas go raibh allas a chuirp agus a chuid folla dá dhalla agus dá chaocha, agus do ghaibh rabharta rótharta é go ndúbhairt "Coisg do láimh, a ghaisgéadhaicc óig", ar sé, "agus tabhair comuirc dámh-sa go n-ibhe mé deoch as an ttobur seo lámh lióm; agus bíodh a fhios agad gurrab é sin suaimhneas is mó gheabhair go ttuitfir lióm-sa." "Dar mo bhriathar", ar Aodha Dubh, "ósé ní thabharfad-sa a bheag ná mhór suaimhnios duit-si agus ní rachfadh aonbhraon dan uisge sin ad chorp (14) go brách." Do ghaibh rabharta buile agus cúthaicc an fear mór ar san agus teilgeas an chrann d'ionnsuidhe Aodha Duibh agus do bhuail a meádhan an urra é gur theilg fá lár na lántalmhán é, agus ruitheas chum an chrainn arís. Gídheadh éirghios Aodha Dubh sul do ráine an chrann é agus tug rógha an urchuir dá shleagh chum an fhathaicc gur ionnsuig a mbun an chuirp é agus gur sgoilt go brághaid é gur chuir sé uailghair as badh chlos ar feádh ná ríoghachta, agus do thuit marbh gah anam. 18 Is ansan táine Faolan Beag a ttúis na loinge agus tug chum tíre í, agus táine do láithir a dheághríogh agus a-dúbhairt "Beir buadh agus beannacht, a mhic an righ, is féidhmláidir fullangthréan an chosguirt sin do-rinis." "Do-bheirm mo bhriathar go madh ró-olc do chóngnamh-sa chuige", ar Aodh Dubh. Acht chéanna éirghíd an dís laoch sin ionna seasamh agus níor chómhnuígheadar
no gur rángadar fatha an Dúna Dheirg. Is ansan a-dúbhairt Aodha Dubh re Faolan "Dam dhóith, ase seo an dún ar a bhfuil ár ttriall agus ní feas dam créad is anndeunta dham óir is beag dár gcaraid annso agus fós is fada óm cháirdibh ná óm chómharlig me anois." D'freaguir Faolán agus a-dúbhairt "Asé is anndéannta duit .i. caith d'fóguirt air an Ruduire ar ttúis agus gan ní bhas mó dan aimsir do chailleamhúinn óir an méid do thuitfios leat aniugh ní bheidh siad reómhad amáireach." "Is maith an chómhuirle sin", ar Aodha Dubh, "agus imthig-si dan loing (15) agus má chídh tú go mbeidh mise dá ndéis is ar a luíghead dam tusa bheith mar chuideachtain agam, agus más marbh me as maith lióm tusa bheith beó chum sgéala mo bháis do thabhairt d'uaislibh Éirionn." 19 Is annsan d'imthig Faolán Beag d'ionnsuídhe na loinge agus táine Aodha Dubh gus an tteamhair do bhí a ndorrus na bruíghne agus do bhuail a sgiath go lomm loisgeannach agus d'iar cómhrac. "Ad, ad, ad," ar an rígh, "gabhaicc a n-aonacht agus feuchaig cia an laoch lánchumasach seo ar an tteamhuir chum a fheirge do mhúghchadh an bhúr ccuid folla, óir níor tugadh an samhuilt seo do bhéim chloídhmh ná sgéithe ar an tteamhar seo ó thuis an dómhain agus do-bheirm-se mo bhriathar gur thuit an tArrachtach Chliabhchlúmhach ris an ngaisgídheach so agus gurrab é do-rin an ghláimh úd do cluineadh linn go ttrasda ar ndul chum báis do. Is annsan do linn caogad agus seacht ccéad do bhí ag faire agus ag forchoiméad ar an rígh do ghnáith amach ar an bhfatha agus dubadh áil leó greamanna mionna bheaga bhuanraobtha do dhéan- amh dhe. 20 Iomthusa Aodha Dubh ní ar theime ná ar thlás do gabhadh sin aige acht ar mhire ar mheanamna agus ar dhásacht aigne agus táine ionna ccoinne agus 'na ccómhdháil agus do chuad chúgtha tríodhtha agus tharrtha amhuil seabhac fá mhioneunlaith nó míol mhór fá mhioniasguibh no fearachú ocrach fá mhórthreud chaorach, agus do ghaibh dá leónadh agus dá leadradh, dá ccnamh- ghearra dá múghcha agus dá marbhúghadh dá dheis agus dá chlídh ionas gur fagabh (16) a lámha a gcosa a gcuirp agus a gceannuibh brisde buanraobtha ar an láithir sin agus níor léigeadh fear innste
sgéil ná cómhuidhte gniomh as díobh, agus do ghaibh féin ag faobharughadh ' airm ionna cceartmheódhan agus é 'na sheasamh ar chorpuibh dhaoine ar lár na fatha. Agus feuchaint dá ttug chum an dúna do chonairc inghéan áluinn aonair dan rígh ar mhullach an ghrianáin ag amharc an chómhruic sin, agus dub í sin an macaomh mná dubhadh áille dá bhfeaca súil duine riamh, óir do bhí a carruinn- fholt chraobhach óirdhaithach go fighte fíordhualach ag tígheacht 'na dhlaoithibh go haltuibh a cois lé agus éadan áluinn allagheal siod'dhearg aice, agus caolmhaluídhe fionna fíordheasa agus gormdhearca chruinne ar bheannaibh a gealéadain, agus srón chúmtha chaolphollach, agus dlúithdhéid chailce fíorshnuite, agus beagbheul síthgheal bhórrdhearg cheartbhriathrach, agus muinéal mhaiseach mínaluinn agus chruinnechíocha séimhe sleamhuine gheala (ar) chorp sheáng tharraghléigeal, agus glúine maola mínchearta agus troighthe teanna taobhshnuighthe agus brat chuana cheatharbheannach thaobhchorcortha uímpe agus airgid finnghil san mbrat ós a bánbhruinne. Acht céanna do chonairc Aodha Dubh an inghéann, do líon do sheirc is do shíorghrádh dhi, agus tug an inghéann an chuman chéanna dho ar fheicsint a ghaisge di. 21 Dála Aodha Dubh annsan an uair dub fhada leis do bhí se gan chómhrac d'fhághail linngios anna ghasuibh ghaibhtheacha chum an dúna agus éirghíos do bhaothléim éadrom bhithbheódha ar mhullach an dúnaidh mar a raibh an inghéann, agus iadhas a dhá láimh iona tímpchiol agus tug tuartha póg di go dil (17) agus go diachra, agus do nocht di an tuile seirce tug di, agus a-dúbhairt go mfearr leis ná maithios an dómhan í bheith 'na mnaoi agus 'na beannchéile nó 'na leannán leapan aige. D'freagair an inghéan agus asé a-dúbhairt "Dar mo bhriathar, a ghaisgéadhaicc óig, ní túisge do-chonairc-sa do phearsa do ghaisge agus do chomhlann ná do líon mo chroídhe do ghrádh dhuit, agus fós nách fuil aon dan chruinne is fearr lióm ná tú. Gídheadh bíodh a fhios agad nách fuil fághail orm acht amháin muna mbeirre leat do thorradh luais no nirt no gaisge no anndiolfe draoidheacht ó theaghlach m'aithir me". "Do-bheirm mo bhriathar", ar Aodha Dubh, "nách do thorra luais ná draoidheacht is miann lióm tú bhreith lióm dan chor so acht do lós nirt agus gaisge agus fós dá mbeadh a sheacht n-uiread sluadh aig an rígh agus atá go mbeurfainn lióm tú dá n-aímhdheoin uile." Agus leis sin tugadar gealamhúint chómhdhála dá chéile. 22 A háithle sin língios Aodha Dubh fán machuire amach agus baineas béim sgéithe an ttara feacht. Ansan éirgheas an rígh 'na sheasamh a meódhan a theághlach agus do labhair go feargach fíornamhdeamhúil leo. "As mór an masla agus an mídhchlú díbh", ar sé, "a rádh ná gabhan dróng éigion díbh amach agus bás bhúr
muintire do dhíogalt ar an óglaoch iasachta úd." A háithle sin éirghios mac masgalach mórdhálach ríodha rathmhar ró-uasal dan Ruduire Dearg agus a-dúbhairt go rachfadh féin agus seacht bhfearr dheug dá mhuinntir ag cómhrac ris. "Beir buadh agus beannacht, a mhic", ar an Ruduire "as duit-si dhlíghthear úmhlaigh- eacht do dheannamh dámh-sa, agus déin cródhacht agus calmacht a n-ághaidh do námhuid agus t'ascarad". Ar sin do ceanngail an t-ógmhacaomh sin (18) e féin a n-arm agus do-chuadh a gcoinne agus a gcómhdháil a bháis an tan do-chuadh a gcuinne Aodha Duibh, óir d'ionnsuigh sé ar ttúis chatha an laoch sin agus do- thuiteadar uile ris agus ní ar mheathacht ná ar mhidhlaochas do chuadh san aig an ruduire óg sin acht d'ionnsuig sé féin agus Aodha Dubh a chéile go fuilteach faobhrach feoilsgaoilteach agus go goineach creuchtach cródhlinnteach agus a bhfóircheann an chómhruic sin tug Aodha Dubh cor churrata chruadhláidir do gur threascuir fá lár agus fá lántalmhain é agus go ndearrna cime chraiplighthe chruadhchrúbtha chuíbhrighthe dhe. Agus a háithle sin do sgread sgiath go lomm lánarrachta agus d'iar cómhrac ar an Ruduire Dhearg. 23 Dála an Ruduire do ghaibh critheagla mhór é agus do labhair re na mhuintir do ghuith árdmhór shollusghlan agus asé a-dúbhairt gur mhór an táir agus an tarcuisne dóibh aonóglaoch amháin do bheith ag cuir ár muintire chum báis agus fós nárbh feas doibh cia críoch no cinéal san dómhan as a ttáine. Agus fos a-dúbhairt go ttabharthach fearann agus feanchas go bruinne na brátha agus go fóircheann na beatha do sheannuibh agus do shinnsir, do chinéal agus do chloinn an tí do-bheurfadh ceann an óglaoicc arcbheartuighthe sin chuige agus do sgaoilfeadh dá mhac ón ccuíbh- reach ionna raibh. Ansan a-dúbhairt mac mághach neartmhur malluaibhreach chródha chosanntach lánmhaiseach ionnsaightheach ladurtha loisgeannach lánaigeanntach threanblaímneach bhorb- neartmhur do rígh Greug dárbadh chómhainm Fiacuil Fraoch- loisgeannach go racfadh féin dá chúmhrac. Agus dub é sin an leóghan lúithmhar fhíorchruadh agus an chuinne chatha agus an
ghríomhingneach féidhmláidir fuireannta agus an (19) gaisgídheach dub fearr dár fríomhadh ar an tteamhair sin ó thúis an dómhan gus an lá sin. Is annsan d'ionnsuígheadar an dís deághlaoch sin a chéile go faobhrach fíornímhneach agus go gonta créachtach chródhlinnteach agus dub é críoch an chómhraic sin gur thuit an mac san rígh Ghreug re Aodha Dubh rígh Mhúmhan air an láithir sin. Agus do chuir gáir chosgara agus cómhuimhdhte as ós árd agus d'iar cómhrac ar Ruduire an Dúna Dheirg, agus a-dúbhairt ris an mhéid sluadh do bhí aige ag faire agus ag fórchoiméad a theághlaicc do chuir ar aonláithir chuige, agus fós dá ttígheach féin re na gcois dá fheuchaint an ttiocfadh leó sgaoile dá mhac ón ccuíbhreach ionna raibh. 24 "Dar mo bhriathar, a ghaisgéadhaicc", ar an Ruduire, "má ghabhann tú do shuaimhneas an feadh do bheidh mise ag gabháil mo chluith throda agus teanngbhála orm go n-imreóchad bás agus beagshaoghal ort a ndíoguilt ar mhairbhighis dam shluadh- tibh". Agus gabhas a chluith troda agus teangbhála uime fá mar do bhí aige, a chloídheamh chlaisleathan ghearrfhaobhrach ghlan- bhéimeannach air a thaoibh chlídh agus sgiath dhrolach dhualach donnáluinn ar stuadhleirge a dhroma agus léine chaoilfhithche d'órshnáith fá ghusdal a ghealchnis agus sgabal phollach pheurlach mhalachuana uime a mhuínéal agus craoiseach cheannghearra chrosfhairsing chatha iona dheasláimh agus líne do leitireacha aille orrdha sgríobhtha ar rinn na sleagh san dá fhoillsiughadh ná raibh aonlaoch san domhan dub fearr gaisge ná an laoch san. Agus d'ionnsuig sé féin agus Aodha Dubh a chéile go fuilteach faobhrach feoilsgaoilteach agus go gonta créachtach chróghlinnteach, agus tugadar síth sanntach sárnímhneach dá n-airm slinnghearra a gcorpuibh agus a gcneasuibh a chéile, agus do bhádar ar an (20) gcómhthuarghuint sin atha fhada d'aímsir gur theilg an Ruduire Dearg a chloideamh agus a sgiath uaidh agus ruitheas asteach ar Aodha Dubh agus níor lámh gan áruighthe do Aodha Dubh san ccéird sin agus do-rineadar iomarasgáil dhána dhánardha dhúrchroídheach agus corruígheacht chalma chruadhneartmhar ionnus gur raobadar agus gur chomhbhriseadar an fatha do bhí fá na ccosuibh agus an uair dub fada re Aodha Dubh do bhí sé air an aisde sin do ghaibh náire meannman agus dásacht aigne é agus tug cur chruadhneartmhar dan Ruduirre Dearg ionnus gur bhuail fá lár na lántalmhan gan toirmiosg é agus gur cheannguil go dian daingeann dosgaoilte é. 25 Is a-dúbhairt uime sin An Ruduire Dearg go ttabharfadh breith a bheuil féin do acht gan a cheann do bhuain de. "Dar mo bhriathar", ar Aodha Dubh, "ní ag iarra do chinn ná do choiméad beatha táine mise dan cor-so acht ag iarra an tslabhra óir seo fád bhrághaid." "Dar mo bhriathar, a ghaisgéadhaicc", ar an Ruduire,
"dub fearr lióm-sa gur a ttúis an laoi anniugh d'iarrfá é sul ar thuiteadar no sluadhte riot." Iomthusa Aodha Dubh tógbhas an slabhra agus a-dúbhairt go mbeurfadh an inghéan mar mhnaoi agus mar bheannchéile leis dhá chríoch féin. "A ghaisgídheaicc", ar an Ruduire, "dub fearr lióm-sa bás d'fághail dam féin ná m'inghéann d'feicsint aig Éireannach is mé féin beó". Annsan do bhuail Aodha Dubh buille basgaightheach diannbháise air ionas gur sgoith a cheann dhá chodhluinn air an láithir sin. 26 Is a haithle sin do ghaibh Aodha Dubh cloídheamh ann gach lámh (21) ris agus níor leig fear innste sgéil ná cómhuidhte gníomh as do na sluadhtibh san gan brise bearrna agus buanraoba ar an láithir sin ionus go raibh fiadhail do chorpuibh daoine ar gach taobh de. Agus do bhí an rígh ceanguilte chrúadhchuíbhrigh- the air an machuire ar feadh na haímsire sin agus do chuadh Aodha Dubh dá ionnsuídhe agus d'fiafra dhe an ttabharthach grian agus iasg do a n-uirrígheacht re árdchios na Babylónia do chuir chuige go hÉirionn tar cheann ríogh do dhéannamh de ar an ríoghacht sin' aithir agus gan a cheann do bhaint de. A-dúbhairt an rígh óg go ttabhartach agus leis sin do sgaoil Aodha Dubh é ón ccuíbh- reach do bhí air. 27 As a haithle sin táine Aodha Dubh d'ionnsuíghe na hinghíne agus do phóg sí go dil agus go diachra é agus tug rógha bídhe agus díghe dhó. Do rugadar as mar sin an oídhche sin go maidionn ár na mhaireach agus ceileabhras Aodha Dubh agus an inghéann dan ruduire óg agus do thógbhadar a seólta bhreacdhaitheacha bharrfhuaighte a n-uachtar na seólchrann síthfhada réighdhíreach gur éirghe an bhóchna eochairghorm imdhoíghinn uathbhásach iona chlárchabhlacha chaínteacha channránacha gur fhreagair an ghaoth gheoinach ghrianach go mórdhálach dóibh agus ní aithris- tear a bheag ná mhór do sgeultaibh orra gur ghabhadar cuan agus callathphort a mbruach an ghleanna ionna raibh bean an ghruagaicc, agus tángadar isteach ann.
28 Dála Aodha Duibh tug an slabhra do bheann an ghruagaicc agus ar síne a láimh chuige do bhuail Aodha Dubh dorn dílis dásachtach diannmhor uirre (22) ionus gur chuir a hinchinn tre pholluibh a cluais amach. Annsan do thóg an inghéann an slabhra agus a-dúbhairt go mbeadh an méid sin do chómharthaídhe a th'aithir aice féin. Is annsan a-dúbhairt Aodha Dubh re Faolan Beag an méid saidhbharais agus ionnmhathasa do bhí san teaghlach do bheith aige féin, agus do ghluais féin agus a bheannchéile agus níor stadadar go rangadar dun agus déagharas Aodha Duibh. Agus do chómhnuig siad ann ar feadh a rae agus a saoghal. Gurrab i sin eachtra agus imtheachtuibh Aodha Dubh mac Criomthuinn mhic Fheidhlime mhic Cuirc mhic Olliol Ollam do ghlangheinealach Éibhir. Agus mar sin do sgar re beann an ghruagaicc agus re morann clammpuir da taoibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services