Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Aodha Dhuibh

Title
Eachtra Aodha Dhuibh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1823
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1967-1968)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An Gliomach Caodhbóghar annso
Eachtra Aodha Dubh



1 Seilg agus fiadhach agus fionnchosguirt do comorradh re
Aodha Dubh mac Criomhthuinn mhic Féidhlime mhic Aonghuíosa
mhic Cuirc mhic Ollioll Ólam do Shíol Éibhir gur éirghe amach
agus a ghiollaídhe fiaig agus fionnchosgartha gur leigeadar a
ngádhair chleaslúithmhara bhallbhreaca cheannruadha fá choilltibh
ceannarda úrghasra agus fá ghleanntuibh dhaingeanna dho-eóluis
agus fá dhiamharshléibhtibh dhobhrisde gur dhúghsígheadar
míolta mongacha monngruadh agus sionnaicc siubhlacha seach-
ránacha agus bruic dhána dhíomusacha, agus do leathnuígheadar
fá na coilltibh agus fá na gleanntuibh go cómhchoitcheann ag
déannamh na seilge siubhalaídhe seachránach sin gur imthígheadar
na gádhair fán bhforraois do bhí a lár an ghleanna, agus do leanadar
uaisle Éirionn iad, óir badh dhóith leó beathaídhe allta éigionn do
bheith 'san áit sin ar mhéid an tafainn agus an ghloir do-rineadar
na gádhair ar fuaid na foraoise farsinge fíoruaignídhe sin. An tan
sin do sginn fiaidh beanach breághdhearg chúcha, beann óir agus
beann airgid ar, agus gluaisios do thaobh na faille nó go ndeacha as
an bhforaois mar a rabhadar uaisle Éireann go ttug gach n-aon
díobh sith sanntach sárluaith dá n-armuibh slinngheura dá ionn-
suídhe, agus badh dhíghbhaoin dóibh, óir ní ráine leó dochair ná
díoghbháil do dhéannamh (2) dho go ndeacha dá n-aimhdheoin
as an bhforaois amach.


L. 41


2 Iomthusa Aodha Dubh do ghaibh féin agus Faolán Beag an
fiadhguídhe slíghe chómhagair a gcoinne an fhiaidh go cómhluaith
agus do mhothuig Aodha Dubh chuige é agus tug rógha an urchuir
dá shleagh 'na dhiaig gur sguab sé an chos dheas uaidh, agus níor
mhoillide an fiaidh sin acht mar do rachfadh dhá chos faoi. Agus
asé slíghe luais do-rin an fiaidh siar gacha ndíreach go críochuibh
bhFear Móire ris a rádhtear Críoch Chonnuill Ghabhra an tan so
agus do Shliabh leathan lánaoibhin Luachra, agus an uair do-
chonairc Aodha Dubh an fiaidh ag imtheacht do leann féin agus
an fiadhguídhe é go réimdhíreach agus do leannadar uaisle Érionn
mar an ccéanna é nó go ndeacha as a rádharc ionnus nárbh feas
dóibh cá hárd nó crioch 'san dómhan ionnar ghaibh. Cíodtrácht
níor stadag ris an bhfiaidh ná ris na gádhair gur rángadar an taobh
badh shiar badh thuaidh do Éirionn gur chosgradh an fiaidh ar
bhruach ghleanna ann.



3 Dála Aodha Duibh isé a-dúbhairt: "Do cosgradh an fiaidh",
ar sé, "óir ní chluinim fóghar na ngádhar. Agus seinn an séidán
fiaidh dhuinn a Fhaoghláin." Do-rin Faoghlan amhla sin, agus
ar ruchtainn do láithir dóibh do-chonarcadar an gruagach fraoch-
mhar fíornámhdeamhuil ag tígheacht as an ngleann dá n-ionnsuíghe
agus trealamhna troda agus teangbhála uime agus fraoch fíormhór
feirge ar, agus níor bheannaicc agus níor úmhlaig dhóibh agus
aoir íorghoile ar agus táine do láithir agus asé a-dúbhairt "Luíghim
fám armuibh gaisge, a mhic an rígh, gurrab olc an áit a ttugadar do
chosuibh tu, óir dubadh fharsing fhíorleathan (3) dá chóige
Múmhan agad chum fiaicc is gan teacht dan ghleann so, agus
do-bheirm-si mo bhriathar gurrab é seo t'fiadhach déagheannach ar
an saoghal so." "A dhubhslán sin chúghad", ar Aodha Dubh. Leis
sin d'ionnsuígheadar a chéile go namhdéamhuil neamhcharthanach mar
dhá aithir nímhe neamheaglach nó mar dhá ghríomhingneach
ghníomhéachtacha gheónacha ghoinnideacha dhíthchúiseacha, agus
do-rineadar gleó gaibhtheach ghráineamhúil faoi ár-uile agus a a
bhfórcheann an chómhruic do thuit gruagach an ghleanna ré
Aodha Dubh.


L. 42


4 Dála Aodha Dubh isé a-dúbhairt re Faoghlán Beag "Asé is
indeunta dhuinn", ar sé, "suíghe ar bhruach na faille seó agus
fuireach ann go mbeire dróng éigionn d'uaislibh Éirionn orruinn".
Do-rineadar amhla sin, agus níor chiann dóibh ann an tan do-
chonairceadar an t-óglaoch mór feargach fíorghránna stáitheach
gharbhghruagach 'san maigh gacha ndíreach dá ndionnsuíghe, agus
as amhla do bhí an t-óglaoch sin agus ceann mór mothalach gharbh-
chiabhach móngfhada ar agus mórmhalluíghe gharbhliaithe faid-
rúaneacha ar an dúbheadann mhéisgreach dhrochghnéitheach do
bhí aige agus gur shamhuilt re dhá thóirse dhearglasrach an dá
bhreacshúil mhóra fhliochdhearga do bhí sloigthe fá bhun na
mórmhalluíghe sin, agus ramharmhuinéal fada fiormhéirsgreach
rinnfheitheach ag ceangal an spaidchinn sin do gharbhchodhlann
an óglaoigc, agus mórbheul fharsing ógharghorm dúbhchreatach
aige agus trí cheartdóirne do gach stairfhiacuil fhada chíordhubh
ghointe rinnghearra re na bhfeicsint dan taobh amuich (4) dan
droichbheul sin, agus lámha fada ramharfhéithach faidiongneacha
air, agus mórbholg slaparsalach bhrúideamhuil bhreunbhruimneach
sruithbhuinneach aige, agus dhá chos chaolchruadhluirgneach
throigmhéirsgreach bhreacdhóighte do bhrisfeadh crann agus clocha
faoi an bhfear mór sin. Do bhí mar an ccéanna slatbhud fhada
sruithmhúnach ag buala faoi ghormbhasaibh an óglaoicc sin agus
dá madh é fullach an bhuid sin badh mheinn leis ní raibh sé ar
ccumas do, óir ní raibh d'urra ná d'éadach an dómhan uime acht
lúb do gharbhshúbhsa do bhí ceannguilte dlúithfhuaighte re
garbhgad chuillinn do mhaolárd a thóna. Acht céanna dub é
sin an t-aonóglaoch dubadh almhúrdha agus badh mheasa cruith
agus badh neamhchúmtha déannamh d'fearuibh na beatha, agus
eunlaith aedhair agus éisg mhara agus beathaoigh talmhán na
cruinne go ruithfadís a bpolluibh agus a mothar-chiumhuisibh
chloch agus chrann re moruamhan re feicsinn an fhir mhóir sin,
agus fós do theithfadís coin agus gádhair an dómhan do-chídhfeadh
an t-óglaoch annmhor re gráinneacht a dheilbhe agus a cheall-
tracht. Agus táine do láithir an rígh fá an ttoicim sin agus fá an
ttuarasgabháil sin, agus d'fill a ghlúin, do chromm a cheann, agus
d'feac a chodluinn, agus do-rin sé cómharthaoi úmhlúghadh agus
onóradh dan rígh.



5 Iomthusa Aodha Dhuibh tógbhas a lámh ós a chionn agus
fochtus sgéala de cia é féin d'uaisle nó anuaisle an domhain, cia
rann do rannuibh an domhain ionnurbadh as do, nó creud dubadh
fhádhan nó dubadh ealádhan do. D'freagair an fear mór agus asé
a-dúbhairt "Ní bhfuil fios mo ghenalach (5) agam, acht gurrab
é is ainm dam "An Ghliomach Caodhbóghair", agus asé adhbhar
fá bhfuilim ag siubhal an dómhain d'feuchainn cia is fearr do bheadh
lióm do chlannuibh ríghthe nó ró-thíghearnuíghe nó cia an fear is


L. 43


féile do-bheurfadh biadh nó deoch damh. Agus is uime sin do
tháine mé fád thuairm-si, a mhic an rígh, mar do chuala nách raibh
san dómhan aonneach dubadh fhéile fá bhiadh agus fá dhig ná
tusa."



6 "s briathar dámh-sa," ar Aodha Dubh, "nach fuil bia ná
deoch agam-sa anois do-bheurfuinn duit. Gídheadh tar lióm dam
dhún féin agus do-ghéabhair do leórdhóichuinn bígh agus dígh uaim
féin an faid bhus áil leat fuirreach am fhochuir." "Ní rachfad", ar
an t-óglaoch. "Ní bhfuil bia san dún agad is fearr liómm-sa
ná an biadh atá agad do láithir .i. an fiaidh sin do cosgradh leat,
agus ollbhóghaidh mé féin é agus bíodh a fhios agad, a mhic an
rígh", ar sé, "gurrab iomdhá mac rígh agus ró-thíghearna do
cailleadh ris an bhfiaidh sin, óir is minic do cuireadh seilg agus
fiadach ar agus ní chomhnuígheach sé go ttigeach dan ghleann so
agus níor lean aon duine ríabh é don ghleann sa ná fuair bás
d'imirt ar acht tusa amháin. Agus ó thárla marbh anois é, asé is
cóir a ollamhúghadh óir táim deóntach nách mó ocras dhuine
eille ná t'ocras féin anois, óir as ciann uait an áit ionar thógbhuis
an fiaidh so ar ttúis." "As fíor san", ar Aodha Dubh, "agus
ollamhthar leat é gé gur doilg lióm é, óir badh ró-mhaith liom a
bheith lé tusbánadh agam d'uaisle Eirionn óir ní chreidfuid gur
thuit se liom na gruagach an ghleanna an uair ná bí siad re tasbáint
agam do láithir." "As dóith lióm-sa," ar an Gliomach, "gur fada
go bhfeicfidh tú aonneach d'uaislibh Éirionn. Gídheadh ní rach-
faidh mise chum suain ná codhlata go ccuiread a ccoidreamh díobh
é, óir is fearr lióm ná matha na cruinne do (6) thabhairt dam air
aonlaithir mar do thuit an fiaidh sin leat."



7 A hailthe sin éirghios an Gliomach 'na sheasamh agus
fhaduígheas teine go ceárdámhuil agus cuireas ceithre ceathramhna
an fhiaidh dá rósdadh ar cheithre biorruibh fada fionnchoille agus an
tan dubadh ollamh ionnchaitmhe é itheas agus créimios donna
cnámha amach iad agus níor thug a bheag ná' mhór dan rígh ná
dá fhiadhguídhe de óir as gairuid do mhaireadar leis féin, agus
língios gus an sruith nó gus an tiobur do bhí lámh leis agus leathas
a chliabh ar agus dar leat is d'éis aonaicc d'ól díghe as do bhí sé


L. 44


óir níor fhágabh sé braon an fhaid do shruith a bheul ná a sheicne
é. Is annsan a-dubhairt an Gliomach Caodhbóghar "Éirghe, a
mhic an rígh, agus imthicc agus triall ar an tig úd thall ar lár an
ghleanna agus déin óirsheasamh na hoídhche anocht ann, agus fair
go maith tú féin óir as tosach oídhche atá ann anois agus is fada
uait dún ná deághbhaile do-bheurfadh aoidheacht dhuit."



8 Is a háithle sin éirgheas an Gliomach ionna sheasamh agus
ceileabhras dan rígh agus tógbhas ceann cosa agus croicionn agus
ádharca an fhiaidh agus gruagach an ghleanna mar aon riu agus
árduígheas ar stuadhleirg a dhroma iad agus síneas an dá threas-
lurguin agus gluaisios chum siubhuil agus níor sheasuimh crann
ná cloch ná caruig roimhe gan brise agus buanraoba an gach conaire
ionnar ghaibh agus badh samhuil re peléar tóranthíghe lá Mhithimh
a' teacht on speir re fraochghoibh an trosd agus an torruinn lánmhór
do-ghnídheach an laoch go ccuireach cnuic agus sléibhte air mhór-
luasga roime no gur ráine se fatha dúna agus deágharais Aodha
Duibh. (7) Agus mar do-chonarceadar lucht na cathrach chughtha
é do ghlac uamhan agus imeagla mhór iad roimhe ionus go ndeacha
dróng díobh re buile agus re buanghealtaoigheacht agus an chuid
eile tar dhóirsibh an dúna agus d'iaghadar na geataoi roimhe.
Dála an Ghliomach asé do-rin an t-ualach do leagadh dhe agus
teilgeas tar gheataoi na cathrach é agus asé a-dúbhairt "Ag sin
aguibh fiadhach agus gaisge Aodha Duibh anniugh", ar sé, agus
fillios ón ccaithir ar sin. Iomthusa lucht na cathrach aithníghid
beannuibh an fhiaidh agus tógbhaid aongháir gollán agus geur-
chaointe ós árd, óir badh dheímhin leó gur marbhadh Aodha Dubh
ris an óglaoch sin.



9 Dála Aodha Dubh ar imtheacht an Ghliomaicc uaig do
ghlaodhaig ar Fhaolán Beag an fhiadhguídhe agus d'fiafra dhe
cár ghaibh sé uaidh. "Goin chalma dam bhuaint", ar Faolán
"an tan do chonarc an t-ainmhídhe óglaoicc úd chúgham gur
shíolas go n-íosfach sé an saoghal go léir is me féin ar ttúis agus
uime sin do chuaidh me a bhfollach a bportuibh an ghleanna."
A haithle na mbriartha sin d'ionnsuígheadar an tig agus do-chuagh-
adar isteach ann agus ní raibh do dhaoine reómpa istig acht aon-
inghéann amháin mhaiseach mhóráluinn mhallagheal mhaordha
thrommfholtach chiabhsgaoilte leabharchraobhach mhéirghléigeal
agus í ag caoine go dúbhach tuirseach deórach dubrónach, agus
suighid ionna fochair. "Donn agus duais orm-sa, a mhic an rígh",
ar Faolán Beag, "gurrab i sin beann an ghruagaicc úd do thuit
leat amuigh agus gurrab olc (8) an áit seó ionna ttángamuir chum
deóruígheacht anocht." Níor chiann dhóibh ar na rádhte sin an
tan tháine gaisgídheach rabharchnámhach borbláidir fraochmhar
fíornámhdach chúghtha agus é gobtha a n-arm agus a n-eudach
agus fiaidh chréachtach chródhlinnteach aige ar a ghualuinn agus


L. 45


ba dhearbhrathair dan mhnaoi sin é do bhí ag sealgaireacht an
lá san. Agus níor bheannaicc dóibh óir níor gnaith ris a samhuilt
sin d'feicsinn sa teaghlach, agus do bhíog a chroídhe ionna chliabh
ar a bhfeicsint do, óir d'aithin gur cailleadh an gruagach an tan do
leigeadh iad san dan ghleann, óir níor tháine aonneach ann roimhe
sin riamh nár thuit ris an ngruagach ar feadh a raedh.



10 Leigios an gaisgéadhach sin an fiaidh dá ghualluinn agus
feuchas ar a dheirbhshiur agus fochtas fios a guil agus a deurra
deo. D'freaguir sisi agus isé a-dúbhairt "Mo chéile gruagaicc do
thuit leis an ndiais laoch sin anniugh", ar sí. Ann san língios
robharta ró-fheirge an t-óglaoch sin agus nochtas a chloídheamh
fhada gearrfhaobhrach, agus nochtas Aodha Dubh a chloídheamh
féin agus éirgheas 'na choinne agus 'na chómhdháil. Is ansan
d'ionnsuígheadar an dís a chéile go namhdeámhuil neamhcharth-
anach agus go féidhmláidir fullangthréan gur ró-ghabhadar a
mínleadradh a chéile agus ag cosguirt agus ag cnámhghearra, ag
tolla agus ag traocha a chéile ionnas go rabhadar sruithlíngthe
folla ag sille as a gcréachtuibh agus fá dheoig an uair nách fuair
Aodha Dubh gréidhm ar ren' arm beireas tímpchioll an chuirp ar
agus iadhas a dhá láimh ghasda ghéigeala thímpchioll an chuirp
go cruadhneartmhar ar agus tugas cor currata calma do agus níor
sgar (9) de nó gur bhuail fá lár agus fá lán talmhan é, agus do
bhuain a cheann de go lúithgháireach.



11 "Do-bheirm mo bhriathar, a ghaisgídheaicc", ar an ingheánn,
"gurrab é sin an marbhadh is measa dhuit dá ndearrnuíghis riamh,
óir is gairuid go mbeidh do cheann féin a n-éiric an chinn sin."
Acht céanna ní raibh deire an fhocail as a beul an tan do líng triar
fathach isteach badh mhó agus dubadh aoirde agus dubadh ana-
cruitheamhla dá bhfeaca súil duine riamh. Agus ar na bhfeicsint
do Aodha Dubh do líon d'uamhan agus d'imeagla reómpa é. Agus
badh dhearbhráithreacha dan ghruagach iad.



12 Do labhair fear díobh agus asé a-dúbhairt "A Aodha Duibh",
ar sé, "níor shásda lead-sa ríoghacht Mhúmhan do bheadh fúghad
féin gan dul ag déannamh seilge agus fiadaicc an ghleanna so agus
ag marbhadh mo dhearbhráithir .i. Ruduire na Seilge, agus a
chloídheamh do bheith agad, agus as briathar dámh-sa gurrab olc
an díogalt duinne do cheann a ndíoguilt na laoch sin, agus fós
go ttiobhram deargár ar do mhuintir agus go ndéannfam díghir
dhearglasrach dod dhún agus dod dheágháras, agus measuim
gurrab olc an áit ionna ttánguíghis chum deóruígheacht na hoídhche


L. 46


anocht agus gurrab fuar an suipéar atá re fághail agad." "Air
mh'anam-sa", ar Faolán Beag, "gur innis mise san do a ttúis na
hoídhche anocht".



13 Ciodhtrácht do chrith Aodha Dubh uime sin agus badh mhór
a thart agus 'ocruis, agus is anfhuinneach créachtach cróghlinnteach
do bhí sé d'éis an chómhruic do-rin roimhe sin, agus badh mharbtha
marbhlag do bhí sé chum chómhruic (10) do sheasamh ris an ttriar
fathach sin an tráith sin. Acht céanna ar lámhúghadh a n-airm
dóibh língios an Ghliomach Caobóghar isteach agus ise a-dúbhairt
"Ná bíodh uamhan ná imeagla ort, a mhic an rígh, óir is déimhin na
briartha do chan an fear sin leat gurrab ar féin d'feillfid gan cháirde",
ar sé. Do chrithnígheadar an triar laoch ar fheicsint an fhir mhór
agus ní re heagla a nirt acht re uathbhás a dheilbhe agus a cheall-
trach, óir cia gur mhór anachruitheamhúil anachúmtha an triar iad
féin badh mhó agus badh ghráine agus dubadh uathbhásaoi an
Gliomach ná iad a ttriur dá mbeidis a bpearsuin aonduine amháin.
Is annsan do nocht an Gliomach a chloidheamh ghlasleathan
dhubhmheirgeach agus do ghaibh dá ccómhbhuala agus dá
gceartmhaolúghadh dá cceannuibh d'faoibhar agus do chúl an
trommchloídheamh sin gur bhris a ccnámha agus a lúithreacha
agus gur leig a n-inchinn tré na bplaoisg amach gan toirmiosg,
agus arduígheas iad féin agus Ruduire na Seilge leis agus teilgios re
haill an ghleanna iad agus a-dúbhairt re Aodha Dubh óirsheasamh
na hoídhche do dhéannamh do féin agus dá fhiadhguídhe gan eagla,
agus d'imthigh féin gan fios a thuairisge aca.



14 Annsan a-dúbhairt Aodha Dubh ris an mnaoi proinn do
thabhairt chuige, agus d'éirghe sí ionna seasamh agus tug rógha
bígh agus díghe dá raibh san tig chuige agus nách le na feabhas
lé a thábhairt chuige é acht d'eagla an Ghliomaicc do theacht dá
dhiogalt uirre.



15 Iomthusa Aodha Dubh do chaith féin agus Faolan (11) a
ndochuinn bígh agus dígh agus chuaghadar chum suain agus
síorchodhlata gur éirghe an grian ár no mháireach. Is ansan eirghíos
Aodha Dubh agus Faolán Beag agus gabhuid iad féin a n-arm agus
a n-éadach. Cómhluaith is do-chonairc an inghéan sin éirghéas féin
ionna seasamh ionna ccómdháil agus gabhas fithchiol chearrdámhuil
dheargóir agus fuireann airgid agus chriosdal dhísleach, agus
leagus a bhfiadhnuise an rígh iad agus da chuir ar an rígh cluimhthe
d'imirt ria ann. "Imireód", ar an rígh. D'imirígheadar agus do
chuaidh an cluimhthe ar an rígh. "Imir arís", ar an rígh. "Ní
imireód", ar sí, "acht cuirim geasa ort na fuillingid fíorlaoch .i. an
fáine óir atá fá bhrághaid Ruduire an Dúna Dheirg do thabhairt
chúgham sul a ndéannfuir dhá óirsheasamh oídhche a n-aointeágh-
lach a n-éiric mo bhráthair, mo chómpánach agus mo chleamhnuithe
do thuit leat."


L. 47


16 Dála Aodha Dubh d'ollamhuig é féin chum an tuirruis do
thabhairt agus asé do-rin, é féin agus Faolán Beag, iad féin do
thiomsúghadh lé a raibh do bhiadh agus do dhígh agus do sheódibh
uaisle annsan teághlach. Ansan d'ionnsuígheadar a lóng is do
chuireadar ar muir agus ar mórfhairge í agus do leathanuígheadar
a mbratuibh sollusmhóra maothshroill ar na seólchranuibh
chruadhríghne san agus d'ionnsuígheadar a n-iomarbhuadh díreach
dian dásachtach no gur rángadar a n-anfadh na mara mhór-
dhoíghne ghleannghorma gur éirghe an bóchna ghlasghaibhtheach
iona thrománaibh diandásachtacha doileónta agus 'na ghleannta
saídhbhre siansánacha sárthaoibhfhliocha agus 'na chómhchiusaibh
channránacha (12) mara sárluaithe agus ionna hárduibh almhúrdha
éasántacha eochairghorma agus ionna ghaothraibh diaghchúis-
eacha fliuchárda sruithluaimneacha, agus d'freaguir an ghaoth
gheónach ghrianach go mórdhálach dóibh. Agus a haithle sin do
ghabhadar cuan agus calaphuirt a ttuaisgirt na críche ionna raibh
Ruduire an Dúna Dheirg .i. críoch na Babilónia, agus do cheann-
gladar a mbarc do phosda choingbhala taobh re cuan agus do
ghaibh siad féin talamh ann.



17. Iomthusa Aodha Dubh suíghios féin agus Faolán Beag an
fiadhguídhe cois an chuain agus do chathadar a bproinn agus a
ttómhaltas ann, agus níor chian doibh an tan do chonairceadar
athach mór chorpghrána chnámhramhar mhadareamhail spaid-
bhruideach chúcha agus é gobhtha a n-arm agus a n-éadach agus
asé ainm bhí ar "An tArrachtach Chliabhchlúmhach". Agus ní
gan ádhbhar tugadh an ainm sin ar, óir ní raibh ball dá bhalluibh
ná faibh fuillighthe dhlúithchlúmhduighthe do liaithchlúmh agus
do dhubhchleitídhe. Agus asé dubadh oificc do gach lá bheith ag
faire an chuain sin ar son Ruduire an Dúna Dheirg agus gan do
thuarasdal do tar cheann an óglaochais sin acht a chorp do shásamh
agus a thart do mhuchadh a bhfuil na ndaoine do thígheach dan
chuain chéanna sin. Mar do-chonairc Faolán chuige é éirghios
'na sheasamh agus língios isteach 'na loíng arís agus tógbhas a


L. 48


chseólta agus d'imthig fithche tonn amach ar an bhfairge. Agus
táinig an t-óglaoch chum Aodh Duibh agus síneas a lámh gharbh-
chlúmhach chruadhiongneach d'ionnsuíghe Aodha Duibh agus
dubadh aill leis é fhuadach dá bhreunchuus do bhí lámh ris an
gharbhchairg (13) cloiche. Mar do-chonairc Aodha Dubh san
nochtas a chloídheamh agus buaileas béim bithneartmhar annsa
spriata lamha air gur sguab sé an chrobh ós na laíghracha de,
agus leis sin do chuir an t-óglaoch glamm adhfhuathar as ionnas go
mo chlos ar feadh na gcríoch go fórleathan an uailgháir sin, agus
língios gus an gcrann daruídhe do bhí a bhfogus do agus buainios
ón ttalamh leis an láimh eile é agus iompuíghios ar Aodha Dubh
arís agus d'ionnsuígheadar araon a chéile, agus do bhádar ag
leóna agus ag leadra, ag tolladh agus a' tréanthuarguint, ag brise
cnámha agus corp a chéile, agus ró bhádar ar an ladairt sin atha
fhada ionas go rabhadar sruithlínnte folla ag sille as chréachtuibh
an fhir mhór agus ní soithibh do gabhadh sin aige acht go fraoch-
uídhe fíorghonta, óir badh shámhuil re tonn mhara ag buala fá
chrannuibh nó fa chairgibh cheanngharbha chuain no chalaphuirt
fuaim gach buille bríghmhur bacneartmhur borbláidir dá mbuaileadh
an t-óglaoch d'ionnsuíghe Aodha Dubh, agus badh dhíghbhaoin
sin do óir d'imthíghe Aodha Dubh uaidh amach d'árleóg chomasach,
ionus go ttiteadh an chrann chum talmhan agus go ttuitfeadh an
t-óglaoch dá thógbháil arís agus go ngoineadh Aodha Dubh a
chroídh ionna chliabh ionas go raibh allas a chuirp agus a chuid
folla dá dhalla agus dá chaocha, agus do ghaibh rabharta rótharta
é go ndúbhairt "Coisg do láimh, a ghaisgéadhaicc óig", ar sé,
"agus tabhair comuirc dámh-sa go n-ibhe mé deoch as an ttobur
seo lámh lióm; agus bíodh a fhios agad gurrab é sin suaimhneas
is mó gheabhair go ttuitfir lióm-sa." "Dar mo bhriathar", ar
Aodha Dubh, "ósé ní thabharfad-sa a bheag ná mhór suaimhnios
duit-si agus ní rachfadh aonbhraon dan uisge sin ad chorp (14) go
brách." Do ghaibh rabharta buile agus cúthaicc an fear mór ar san
agus teilgeas an chrann d'ionnsuidhe Aodha Duibh agus do bhuail
a meádhan an urra é gur theilg fá lár na lántalmhán é, agus ruitheas
chum an chrainn arís. Gídheadh éirghios Aodha Dubh sul do ráine
an chrann é agus tug rógha an urchuir dá shleagh chum an fhathaicc
gur ionnsuig a mbun an chuirp é agus gur sgoilt go brághaid é
gur chuir sé uailghair as badh chlos ar feádh ná ríoghachta, agus
do thuit marbh gah anam.



18 Is ansan táine Faolan Beag a ttúis na loinge agus tug chum
tíre í, agus táine do láithir a dheághríogh agus a-dúbhairt "Beir
buadh agus beannacht, a mhic an righ, is féidhmláidir fullangthréan
an chosguirt sin do-rinis." "Do-bheirm mo bhriathar go madh
ró-olc do chóngnamh-sa chuige", ar Aodh Dubh. Acht chéanna
éirghíd an dís laoch sin ionna seasamh agus níor chómhnuígheadar


L. 49


no gur rángadar fatha an Dúna Dheirg. Is ansan a-dúbhairt Aodha
Dubh re Faolan "Dam dhóith, ase seo an dún ar a bhfuil ár
ttriall agus ní feas dam créad is anndeunta dham óir is beag dár
gcaraid annso agus fós is fada óm cháirdibh ná óm chómharlig me
anois." D'freaguir Faolán agus a-dúbhairt "Asé is anndéannta
duit .i. caith d'fóguirt air an Ruduire ar ttúis agus gan ní bhas
mó dan aimsir do chailleamhúinn óir an méid do thuitfios leat aniugh
ní bheidh siad reómhad amáireach." "Is maith an chómhuirle sin",
ar Aodha Dubh, "agus imthig-si dan loing (15) agus má chídh tú
go mbeidh mise dá ndéis is ar a luíghead dam tusa bheith mar
chuideachtain agam, agus más marbh me as maith lióm tusa bheith
beó chum sgéala mo bháis do thabhairt d'uaislibh Éirionn."



19 Is annsan d'imthig Faolán Beag d'ionnsuídhe na loinge
agus táine Aodha Dubh gus an tteamhair do bhí a ndorrus na
bruíghne agus do bhuail a sgiath go lomm loisgeannach agus
d'iar cómhrac.



"Ad, ad, ad," ar an rígh, "gabhaicc a n-aonacht agus feuchaig
cia an laoch lánchumasach seo ar an tteamhuir chum a fheirge do
mhúghchadh an bhúr ccuid folla, óir níor tugadh an samhuilt seo
do bhéim chloídhmh ná sgéithe ar an tteamhar seo ó thuis an
dómhain agus do-bheirm-se mo bhriathar gur thuit an tArrachtach
Chliabhchlúmhach ris an ngaisgídheach so agus gurrab é do-rin an
ghláimh úd do cluineadh linn go ttrasda ar ndul chum báis do. Is
annsan do linn caogad agus seacht ccéad do bhí ag faire agus ag
forchoiméad ar an rígh do ghnáith amach ar an bhfatha agus
dubadh áil leó greamanna mionna bheaga bhuanraobtha do dhéan-
amh dhe.



20 Iomthusa Aodha Dubh ní ar theime ná ar thlás do gabhadh
sin aige acht ar mhire ar mheanamna agus ar dhásacht aigne agus
táine ionna ccoinne agus 'na ccómhdháil agus do chuad chúgtha
tríodhtha agus tharrtha amhuil seabhac fá mhioneunlaith nó
míol mhór fá mhioniasguibh no fearachú ocrach fá mhórthreud
chaorach, agus do ghaibh dá leónadh agus dá leadradh, dá ccnamh-
ghearra dá múghcha agus dá marbhúghadh dá dheis agus dá chlídh
ionas gur fagabh (16) a lámha a gcosa a gcuirp agus a gceannuibh
brisde buanraobtha ar an láithir sin agus níor léigeadh fear innste


L. 50


sgéil ná cómhuidhte gniomh as díobh, agus do ghaibh féin ag
faobharughadh ' airm ionna cceartmheódhan agus é 'na sheasamh
ar chorpuibh dhaoine ar lár na fatha. Agus feuchaint dá ttug chum
an dúna do chonairc inghéan áluinn aonair dan rígh ar mhullach
an ghrianáin ag amharc an chómhruic sin, agus dub í sin an macaomh
mná dubhadh áille dá bhfeaca súil duine riamh, óir do bhí a carruinn-
fholt chraobhach óirdhaithach go fighte fíordhualach ag tígheacht
'na dhlaoithibh go haltuibh a cois lé agus éadan áluinn allagheal
siod'dhearg aice, agus caolmhaluídhe fionna fíordheasa agus
gormdhearca chruinne ar bheannaibh a gealéadain, agus srón
chúmtha chaolphollach, agus dlúithdhéid chailce fíorshnuite, agus
beagbheul síthgheal bhórrdhearg cheartbhriathrach, agus muinéal
mhaiseach mínaluinn agus chruinnechíocha séimhe sleamhuine
gheala (ar) chorp sheáng tharraghléigeal, agus glúine maola
mínchearta agus troighthe teanna taobhshnuighthe agus brat
chuana cheatharbheannach thaobhchorcortha uímpe agus
airgid finnghil san mbrat ós a bánbhruinne.



Acht céanna do chonairc Aodha Dubh an inghéann, do líon do
sheirc is do shíorghrádh dhi, agus tug an inghéann an chuman
chéanna dho ar fheicsint a ghaisge di.



21 Dála Aodha Dubh annsan an uair dub fhada leis do bhí se
gan chómhrac d'fhághail linngios anna ghasuibh ghaibhtheacha
chum an dúna agus éirghíos do bhaothléim éadrom bhithbheódha
ar mhullach an dúnaidh mar a raibh an inghéann, agus iadhas a
dhá láimh iona tímpchiol agus tug tuartha póg di go dil (17) agus
go diachra, agus do nocht di an tuile seirce tug di, agus a-dúbhairt
go mfearr leis ná maithios an dómhan í bheith 'na mnaoi agus
'na beannchéile nó 'na leannán leapan aige. D'freagair an inghéan
agus asé a-dúbhairt "Dar mo bhriathar, a ghaisgéadhaicc óig, ní
túisge do-chonairc-sa do phearsa do ghaisge agus do chomhlann
ná do líon mo chroídhe do ghrádh dhuit, agus fós nách fuil aon dan
chruinne is fearr lióm ná tú. Gídheadh bíodh a fhios agad nách
fuil fághail orm acht amháin muna mbeirre leat do thorradh luais
no nirt no gaisge no anndiolfe draoidheacht ó theaghlach m'aithir
me". "Do-bheirm mo bhriathar", ar Aodha Dubh, "nách do
thorra luais ná draoidheacht is miann lióm tú bhreith lióm dan
chor so acht do lós nirt agus gaisge agus fós dá mbeadh a sheacht
n-uiread sluadh aig an rígh agus atá go mbeurfainn lióm tú dá
n-aímhdheoin uile." Agus leis sin tugadar gealamhúint chómhdhála
dá chéile.



22 A háithle sin língios Aodha Dubh fán machuire amach agus
baineas béim sgéithe an ttara feacht. Ansan éirgheas an rígh 'na
sheasamh a meódhan a theághlach agus do labhair go feargach
fíornamhdeamhúil leo. "As mór an masla agus an mídhchlú díbh",
ar sé, "a rádh ná gabhan dróng éigion díbh amach agus bás bhúr


L. 51


muintire do dhíogalt ar an óglaoch iasachta úd." A háithle sin
éirghios mac masgalach mórdhálach ríodha rathmhar ró-uasal dan
Ruduire Dearg agus a-dúbhairt go rachfadh féin agus seacht
bhfearr dheug dá mhuinntir ag cómhrac ris. "Beir buadh agus
beannacht, a mhic", ar an Ruduire "as duit-si dhlíghthear úmhlaigh-
eacht do dheannamh dámh-sa, agus déin cródhacht agus calmacht
a n-ághaidh do námhuid agus t'ascarad". Ar sin do ceanngail an
t-ógmhacaomh sin (18) e féin a n-arm agus do-chuadh a gcoinne
agus a gcómhdháil a bháis an tan do-chuadh a gcuinne Aodha
Duibh, óir d'ionnsuigh sé ar ttúis chatha an laoch sin agus do-
thuiteadar uile ris agus ní ar mheathacht ná ar mhidhlaochas
do chuadh san aig an ruduire óg sin acht d'ionnsuig sé féin agus
Aodha Dubh a chéile go fuilteach faobhrach feoilsgaoilteach agus
go goineach creuchtach cródhlinnteach agus a bhfóircheann an
chómhruic sin tug Aodha Dubh cor churrata chruadhláidir do gur
threascuir fá lár agus fá lántalmhain é agus go ndearrna cime
chraiplighthe chruadhchrúbtha chuíbhrighthe dhe. Agus a háithle
sin do sgread sgiath go lomm lánarrachta agus d'iar cómhrac
ar an Ruduire Dhearg.



23 Dála an Ruduire do ghaibh critheagla mhór é agus do
labhair re na mhuintir do ghuith árdmhór shollusghlan agus asé
a-dúbhairt gur mhór an táir agus an tarcuisne dóibh aonóglaoch
amháin do bheith ag cuir ár muintire chum báis agus fós nárbh
feas doibh cia críoch no cinéal san dómhan as a ttáine. Agus fos
a-dúbhairt go ttabharthach fearann agus feanchas go bruinne na
brátha agus go fóircheann na beatha do sheannuibh agus do shinnsir,
do chinéal agus do chloinn an tí do-bheurfadh ceann an óglaoicc
arcbheartuighthe sin chuige agus do sgaoilfeadh dá mhac ón ccuíbh-
reach ionna raibh. Ansan a-dúbhairt mac mághach neartmhur
malluaibhreach chródha chosanntach lánmhaiseach ionnsaightheach
ladurtha loisgeannach lánaigeanntach threanblaímneach bhorb-
neartmhur do rígh Greug dárbadh chómhainm Fiacuil Fraoch-
loisgeannach go racfadh féin dá chúmhrac. Agus dub é sin an
leóghan lúithmhar fhíorchruadh agus an chuinne chatha agus an


L. 52


ghríomhingneach féidhmláidir fuireannta agus an (19) gaisgídheach
dub fearr dár fríomhadh ar an tteamhair sin ó thúis an dómhan
gus an lá sin. Is annsan d'ionnsuígheadar an dís deághlaoch sin a
chéile go faobhrach fíornímhneach agus go gonta créachtach
chródhlinnteach agus dub é críoch an chómhraic sin gur thuit an
mac san rígh Ghreug re Aodha Dubh rígh Mhúmhan air an láithir
sin. Agus do chuir gáir chosgara agus cómhuimhdhte as ós árd
agus d'iar cómhrac ar Ruduire an Dúna Dheirg, agus a-dúbhairt
ris an mhéid sluadh do bhí aige ag faire agus ag fórchoiméad a
theághlaicc do chuir ar aonláithir chuige, agus fós dá ttígheach
féin re na gcois dá fheuchaint an ttiocfadh leó sgaoile dá mhac ón
ccuíbhreach ionna raibh.



24 "Dar mo bhriathar, a ghaisgéadhaicc", ar an Ruduire, "má
ghabhann tú do shuaimhneas an feadh do bheidh mise ag gabháil
mo chluith throda agus teanngbhála orm go n-imreóchad bás
agus beagshaoghal ort a ndíoguilt ar mhairbhighis dam shluadh-
tibh". Agus gabhas a chluith troda agus teangbhála uime fá mar
do bhí aige, a chloídheamh chlaisleathan ghearrfhaobhrach ghlan-
bhéimeannach air a thaoibh chlídh agus sgiath dhrolach dhualach
donnáluinn ar stuadhleirge a dhroma agus léine chaoilfhithche
d'órshnáith fá ghusdal a ghealchnis agus sgabal phollach pheurlach
mhalachuana uime a mhuínéal agus craoiseach cheannghearra
chrosfhairsing chatha iona dheasláimh agus líne do leitireacha aille
orrdha sgríobhtha ar rinn na sleagh san dá fhoillsiughadh ná raibh
aonlaoch san domhan dub fearr gaisge ná an laoch san. Agus
d'ionnsuig sé féin agus Aodha Dubh a chéile go fuilteach faobhrach
feoilsgaoilteach agus go gonta créachtach chróghlinnteach, agus
tugadar síth sanntach sárnímhneach dá n-airm slinnghearra a
gcorpuibh agus a gcneasuibh a chéile, agus do bhádar ar an (20)
gcómhthuarghuint sin atha fhada d'aímsir gur theilg an Ruduire
Dearg a chloideamh agus a sgiath uaidh agus ruitheas asteach ar
Aodha Dubh agus níor lámh gan áruighthe do Aodha Dubh
san ccéird sin agus do-rineadar iomarasgáil dhána dhánardha
dhúrchroídheach agus corruígheacht chalma chruadhneartmhar
ionnus gur raobadar agus gur chomhbhriseadar an fatha do bhí
fá na ccosuibh agus an uair dub fada re Aodha Dubh do bhí sé
air an aisde sin do ghaibh náire meannman agus dásacht aigne
é agus tug cur chruadhneartmhar dan Ruduirre Dearg ionnus
gur bhuail fá lár na lántalmhan gan toirmiosg é agus gur
cheannguil go dian daingeann dosgaoilte é.



25 Is a-dúbhairt uime sin An Ruduire Dearg go ttabharfadh
breith a bheuil féin do acht gan a cheann do bhuain de. "Dar mo
bhriathar", ar Aodha Dubh, "ní ag iarra do chinn ná do choiméad
beatha táine mise dan cor-so acht ag iarra an tslabhra óir seo fád
bhrághaid." "Dar mo bhriathar, a ghaisgéadhaicc", ar an Ruduire,


L. 53


"dub fearr lióm-sa gur a ttúis an laoi anniugh d'iarrfá é sul ar
thuiteadar no sluadhte riot."



Iomthusa Aodha Dubh tógbhas an slabhra agus a-dúbhairt go
mbeurfadh an inghéan mar mhnaoi agus mar bheannchéile leis dhá
chríoch féin. "A ghaisgídheaicc", ar an Ruduire, "dub fearr lióm-sa
bás d'fághail dam féin ná m'inghéann d'feicsint aig Éireannach is
mé féin beó". Annsan do bhuail Aodha Dubh buille basgaightheach
diannbháise air ionas gur sgoith a cheann dhá chodhluinn air
an láithir sin.



26 Is a haithle sin do ghaibh Aodha Dubh cloídheamh ann
gach lámh (21) ris agus níor leig fear innste sgéil ná cómhuidhte
gníomh as do na sluadhtibh san gan brise bearrna agus buanraoba
ar an láithir sin ionus go raibh fiadhail do chorpuibh daoine ar
gach taobh de. Agus do bhí an rígh ceanguilte chrúadhchuíbhrigh-
the air an machuire ar feadh na haímsire sin agus do chuadh Aodha
Dubh dá ionnsuídhe agus d'fiafra dhe an ttabharthach grian agus
iasg do a n-uirrígheacht re árdchios na Babylónia do chuir chuige
go hÉirionn tar cheann ríogh do dhéannamh de ar an ríoghacht
sin' aithir agus gan a cheann do bhaint de. A-dúbhairt an rígh
óg go ttabhartach agus leis sin do sgaoil Aodha Dubh é ón ccuíbh-
reach do bhí air.



27 As a haithle sin táine Aodha Dubh d'ionnsuíghe na hinghíne
agus do phóg sí go dil agus go diachra é agus tug rógha bídhe
agus díghe dhó. Do rugadar as mar sin an oídhche sin go maidionn
ár na mhaireach agus ceileabhras Aodha Dubh agus an inghéann
dan ruduire óg agus do thógbhadar a seólta bhreacdhaitheacha
bharrfhuaighte a n-uachtar na seólchrann síthfhada réighdhíreach
gur éirghe an bhóchna eochairghorm imdhoíghinn uathbhásach
iona chlárchabhlacha chaínteacha channránacha gur fhreagair an
ghaoth gheoinach ghrianach go mórdhálach dóibh agus ní aithris-
tear a bheag ná mhór do sgeultaibh orra gur ghabhadar cuan agus
callathphort a mbruach an ghleanna ionna raibh bean an ghruagaicc,
agus tángadar isteach ann.


L. 54


28 Dála Aodha Duibh tug an slabhra do bheann an ghruagaicc
agus ar síne a láimh chuige do bhuail Aodha Dubh dorn dílis
dásachtach diannmhor uirre (22) ionus gur chuir a hinchinn tre
pholluibh a cluais amach. Annsan do thóg an inghéann an slabhra
agus a-dúbhairt go mbeadh an méid sin do chómharthaídhe a
th'aithir aice féin. Is annsan a-dúbhairt Aodha Dubh re Faolan
Beag an méid saidhbharais agus ionnmhathasa do bhí san teaghlach
do bheith aige féin, agus do ghluais féin agus a bheannchéile agus
níor stadadar go rangadar dun agus déagharas Aodha Duibh.
Agus do chómhnuig siad ann ar feadh a rae agus a saoghal. Gurrab
i sin eachtra agus imtheachtuibh Aodha Dubh mac Criomthuinn
mhic Fheidhlime mhic Cuirc mhic Olliol Ollam do ghlangheinealach
Éibhir. Agus mar sin do sgar re beann an ghruagaicc agus re morann
clammpuir da taoibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services