Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dán ar Shéafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna
Title
Dán ar Shéafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna
Compiler/Editor
Ó Riain, Pádraig
Composition Date
1643
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1967-1968)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó Dálaigh Fionn .i. Aonghus cecinit Truagh an sgéalso linn dá luadh. go bhfuil Séafraidh go tinn tiar an ní adclas ó chách más fíor. a nglas ón tshníomh go bráth biam Ag so an chomairce a Chríost cháidh. ná tug síon dochroideach dhúinn ná cuir am chroidhe beadhg bhróin. ná dearg go fóill m'oili a n-úir
A Dhé chreidim coguil dúinn. ná h-obuidh ar n-itche uaim mo chrann baguir ná bean dínn. ar feadh shnímh an chaguidh chruaidh Mallacht ort a fhir na sgéul. olc an tagra a ttig ód bhéol go bhfuil an féinnidh tinn tiar. fa mbiadh sinn ag déinimh dhéor A dhearbhadh as doiligh dúinn. an labhra adchluinim dom chrádh más tinn Seafraidh cuan na ccliar. grian mo ghruadh beanfaidh a bán A ghlóir gan teirce gan tráigh. ar ccraobh eóil ar n-eite lúidh ná bean díom mo bhile buaidh. síodh uaibh gion go ndlighi dhúinn Mo bhile saoirfhiodhaigh séimh do Ghaoidhioluibh thighe an triúir ná leag séol ar n-arthruigh uain. a mbéol chuain anfaidh ar n-iúil
Triath an Ghleanna an seangglan sídh. A Dhé neamhdha a fheartaigh fhéil ná bac Seafraidh mar sdór dhúinn. dom lón rúin ná breathnaigh béim A Choimdhe nam chuir ar ccúl. nách foighbheam ar nguin go géar tre bhláth Bhanbha nár dhruid dún. ná tug dhúinn damhna na ndéar Mac ar tTaidhgne an talchair tréan. ó thairnigh labhra ar a luadh má tá tinn an rosg mar réodh. an léon do fhosd sinn ór suan Cia thuigfeas ar n-éigsi uainn. a éigsi guidhidh an ghlóir nár chlaisdir a chor fa chiaigh. liaigh ar ngon ar n-aisgidh óir Triath Fleisge má tharla teinn. cia ag labhra libhsi ná linn fuighioll féile fola Floinn. coim chléire Ó Logha re a linn
Dob é an teasgadh chúil a chneadh. dob é an t-easgur dúinn nó an don dob é créachtghuin chríche Breagh. Séafraidh teagh sgíthe na sgol An crú Loghasa as glan gníomh. na folasa dhamh as dual ná tug lén do ré mo ríogh. a Dhé do níodh don trén truagh. Truagh Nár chailltear a leannán lé. Siobhán is doinntiugh dlaoi bean do char an fhéile h-í. ná rabh sí fa a céile ag caoi Súr anma don mhínghil mhóir crú Mheigc Fhínghin fhearrdha fhéil fuil Ó cCarrthaigh is crú Bhriain. tarthaigh na ndiaidh a clú a ccéim Cneas fuairgheal as fionnghlan folt. ní h-iongnadh uaisleacht a beart ní slighe cháinte a ciabh anocht riar bocht is cáinte dho chleacht
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services