Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán ar Shéafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna

Title
Dán ar Shéafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna
Compiler/Editor
Ó Riain, Pádraig
Composition Date
1643
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1967-1968)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ó Dálaigh Fionn .i. Aonghus cecinit



Truagh an sgéalso linn dá luadh.
go bhfuil Séafraidh go tinn tiar
an ní adclas ó chách más fíor.
a nglas ón tshníomh go bráth biam



Ag so an chomairce a Chríost cháidh.
ná tug síon dochroideach dhúinn
ná cuir am chroidhe beadhg bhróin.
ná dearg go fóill m'oili a n-úir


L. 129


A Dhé chreidim coguil dúinn.
ná h-obuidh ar n-itche uaim
mo chrann baguir ná bean dínn.
ar feadh shnímh an chaguidh chruaidh
Mallacht ort a fhir na sgéul.
olc an tagra a ttig ód bhéol
go bhfuil an féinnidh tinn tiar.
fa mbiadh sinn ag déinimh dhéor



A dhearbhadh as doiligh dúinn.
an labhra adchluinim dom chrádh
más tinn Seafraidh cuan na ccliar.
grian mo ghruadh beanfaidh a bán



A ghlóir gan teirce gan tráigh.
ar ccraobh eóil ar n-eite lúidh
ná bean díom mo bhile buaidh.
síodh uaibh gion go ndlighi dhúinn



Mo bhile saoirfhiodhaigh séimh
do Ghaoidhioluibh thighe an triúir
ná leag séol ar n-arthruigh uain.
a mbéol chuain anfaidh ar n-iúil


L. 130


Triath an Ghleanna an seangglan sídh.
A Dhé neamhdha a fheartaigh fhéil
ná bac Seafraidh mar sdór dhúinn.
dom lón rúin ná breathnaigh béim



A Choimdhe nam chuir ar ccúl.
nách foighbheam ar nguin go géar
tre bhláth Bhanbha nár dhruid dún.
ná tug dhúinn damhna na ndéar



Mac ar tTaidhgne an talchair tréan.
ó thairnigh labhra ar a luadh
má tá tinn an rosg mar réodh.
an léon do fhosd sinn ór suan



Cia thuigfeas ar n-éigsi uainn.
a éigsi guidhidh an ghlóir
nár chlaisdir a chor fa chiaigh.
liaigh ar ngon ar n-aisgidh óir



Triath Fleisge má tharla teinn.
cia ag labhra libhsi ná linn
fuighioll féile fola Floinn.
coim chléire Ó Logha re a linn


L. 131


Dob é an teasgadh chúil a chneadh.
dob é an t-easgur dúinn nó an don
dob é créachtghuin chríche Breagh.
Séafraidh teagh sgíthe na sgol



An crú Loghasa as glan gníomh.
na folasa dhamh as dual
ná tug lén do ré mo ríogh.
a Dhé do níodh don trén truagh.
Truagh



Nár chailltear a leannán lé.
Siobhán is doinntiugh dlaoi
bean do char an fhéile h-í.
ná rabh sí fa a céile ag caoi



Súr anma don mhínghil mhóir
crú Mheigc Fhínghin fhearrdha fhéil
fuil Ó cCarrthaigh is crú Bhriain.
tarthaigh na ndiaidh a clú a ccéim



Cneas fuairgheal as fionnghlan folt.
ní h-iongnadh uaisleacht a beart
ní slighe cháinte a ciabh anocht
riar bocht is cáinte dho chleacht

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services