Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Do Lochtuiv na Teangan
Title
Do Lochtuiv na Teangan
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1806
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1967-1968)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N Éigse12 1-28} {L 3} {B 1806c 19T} {G L} {U 0401} {C Prós} {M 8} Do Lochtaibh na Teangan "An té fhaireas a theanga, faireann sé a anam", 13 Caib.(v.3) de Leabhar na Sean-Fhocal. 1. Anso agus i mórán rannaibh dhon Scríbhinn Diaga, deir an Sprid Naomh linn ná fuil dul óna anam a mhilleadh ag éinne mara gcuire sé srian lena theangain. An té, deir an tAspol, do mheasann go bhfuil creideamh aige agus ná cuireann srian lena theangain, creideamh gan tairbhe tá aige. Anois táid cheithre mórlochtaí ag roinnt leis an dteangain 'na bhfuil sé diancheangailte ar gach Críostaí a seachaint, sé sin, bréaga, focail mhígheanmnaí, mionna agus monabar. 2. Is fuafar le Dia na fírinne an t-éitheach, agus insa 12 Caib. v. 22 do Leabhar na Sean-Fhocal deirthear linn go bhfuil gráin aig an dTiarna ar an mbéal bréagach. Ní hé amháin gur cáim ar dhuine an t-éitheach do réir dhlí Dé, ach fós is scorn le gach n-aon dhe ghairm ná dhe dhea-chlú locht chomh táir leis do chur ina leith. Dá bhrí sin is tarcaisne mhór do thabhairt do dhuine onóireach, a rá go dtug sé a éitheach. Táid bréaga dhá gcleachtadh chomh forleitheadúil i measc dhaoine dhon choitiantacht sa náisiún so gurab ionann d'fhéadfaí a gcosc uathu agus d'fhéadfaí duine dubhchroicinn do ghealú. Go dearfa, ni fheaca go fiú éinne amháin riamh eatarthu súd 'na gcuirfí aon ní suimiúil ina leith, do theip- feadh ar bhréig a dhéanamh chun é féin do shaoradh. 3. Anois i n-éamais na bpeacaí gan áireamh do níd lucht chleach- taithe an éithigh, le calaois i ndíol agus i gceannach etc., agus leis na míscéala do chumaid agus do leathanaíd, agus lena ndéinid dochar agus díobháil mhór dhos na céadta, tá aon ardchoir amháin inar dóigh liom go mbíd mórán acu ciontach, sé sin, i gceilt a bpeacaí i bhfaoisdin nó go háirithe i gcur slachta bréige orthu, ar chor ná tugaid staid fhírinneach a gcoinsiais chun soluis; agus tar éis bréige dhéunamh lena
-oide faoistin go ndéinid bréag leis an Sprid Naomh agus mar sin go maraíd a n-anamnacha mar ar chóir dhóibh a leigheas. 4. Focail mhígheanmnaí nó bharbartha, an tara locht do bhaineas leis an dteangain. Táid seo dhá gcleachtadh ag suim gan áireamh aos óg 'na bhfuair diabhal scanrúil na drúise lúib istigh ina gcroíthe
, ag dailtíní sráide, ag mná mígheanmnaí, ag lucht oibre, ceardaithe, seandaoine drochbheathacha agus ag an uile dhrong drúisiúil. Is rófhánach a théann comhairle i bhfeidhm ar dhaoine bhíos tugtha dhon drochbhéas so: mar a dhallann an drúis an tuiscint, do bhodhrann sí an chluas i n-aghaidh na comhairle, do chruann sí an croí agus do chuireann sí screabh ar an gcogús chun ná griogfaidís na scrupail é.
5. Is leis sin a deir an Scríbhinn Diaga go mbeid a gcnámha líonta dho dhrochbhearta aoise a n-óige agus go gcodlóid siad ina bhfochair san uaigh. Cé dhea, tiocfaidh an lá ina bhfeicfidh an té chleachtas ráite mírialta agus ina bhfaighidh amach go dúch dhó féin, go bhfuil Dia ann do chíonn an uile ní agus do bhéaras chun géarchuntais é ar son gach focail drúisiúil do labhair sé air feadh a shaoil agus go bhfuil tine chéasaitheach ann do dhóifeas go brách an teanga thrúaillithe lenar mhill sé a anam fhéin agus anamnacha mhórán eile, ag líonadh a n-aigeanta le drochsmaointe agus a n-inchinnithe le taispeáintí gráiniúla. 6. Níl éinne atá tugtha dhon locht so nár bh'fhéidir a rá go fírinneach gur duine galair i measc muintire é, pláigh i mbaile é, lotamóir ar aos óg, seirbhíseach leis an ndiabhal agus namhaid fhógartha dho Dhia: do bhrí, dhá bhfuil do lochtaibh ag baint le claonta an duine ná fuil aon cheann acu is mó shladann d'anam- nacha ná focuil bharbartha. Do bheir an diabhal cleasintleacht don té chleachtann iad agus brosdaíonn sé chun a ráite é. Siad comhrá is cliste aige iad in gach cuideachtain ina mbíonn sé agus is leo do mharaíonn sé a anam fhéin agus anamnacha chách eile d'éisteann leis; ar nós mar fheochann rua-ghaoth duilliúr agus bláth na gcrann, mar an gcéanna loisceann bréananál an duine bharbartha bláth na geanmnaíocht
agus duilliúr na discréide. 7. Nuair a ghearrann gadhair oilc duine, téann an réim ina chuid fola agus leathann ar a fuaid; i suim aimsire ina dhiaidh san tagann buile ar an té gearrthar. Mar an gcéanna, nuair a cuirthear nimh na bhfocal neamhgheanmnaí i gcroí an duine óig ná fuil san am san fios a n-urchóide aige, b'fhéidir gur i gceann suim bhlian ina dhiaidh san do bhrisfeadh sí amach, do lasfadh sí anmhiana agus d'adhnfadh sí tine na drúise ann. Is trua san an teanga do deargadh le fuil Íosa sa tsacraimin, go ndéanfaí úsáid di chun éirligh do dhéanamh air na hanamnacha 'nar ar a son d'éag sé ar chrois! Cé mór teangacha na mbeithíoch, ní labhraid focal. Urlabhar, tabharthas fé leith fuair an duine óna chruthaitheoir chun labhairt lena chomhchréatúir, guí chun Tiarna an uile ní, moladh agus baochas do thabhairt dó ar son an tabharthais so agus gach tabharthas eile do fuair sé uaidh insa tsaol so agus go deo ina dheoidh. 8. Anois fágaim fénbhur mbreithiúnas, an bhfuil aon dealramh, teanga atá cónaitheach ag déanamh réir an diabhail sa tsaol so go mbeidh sí sa tsaol eile ag síormholadh Dé i gcomhluadar aingeal agus naomh i gcúirt fhlaithiúnais, ionad ná sroisfidh go brách aon ní do bheas neamhghlan. Ní féidir dhíbh a mheas mar a thais- peánaid go soiléir focail dhrúisiúla cá bhfuil triall an pheacaigh. Aithnímid caoire ar a méileach agus gadhair ar amhstrach, agus leis an ndeimhin chéanna aithnímid clann an diabhail óna ráite
salacha, mar ná cónaíonn an Sprid Naomh go deo agus nár chónaigh riamh i gcroí teimhealaithe. Dá mbeadh an Sprid Naomh sa chroí ní thiocfadh an bréantas úd as. 9. Sibhse go léir mar sin 'nar mian libh réir an Tiarna do dhéanamh, seachnaíg go dian dícheallach an uile dhuine ar a bfhuil an galar tógálach so agus sibhse go speisialta ar a bhfuil cúram clainne, ná fuilingibh éinne dhíobh súd in aon tigh libh. An mhuintir do bhíonn imníoch i sláinte a gclainne agus ina gciméad glan deighlid iad ó lucht smalairce agus diorhacha le heagla go dtógfaidís an aicíd uathu. Is mó ná san an t-imníomh ba chóir dhóibh a dhéanamh gan buachaill ná cailín aimsire barbartha do ghlacadh, nó a ndíbirt nuair a gheobhaidís amach a mbeith lochtach, chun ná tógaidís a gclann aicíd na drúise uathu, an galar is measa ar anam an duine. 10. Is trua (monuar), lucht na drúise! mar atá breithiúnas damanta tabhartha orthu ag Críost agus agá aspail, agus mar a bheas an pionós in ifreann ag méadú do réir na bpeacaí do dhéanas an mhuintir do loiteadar lena ndrochshampla agus do réir pheacaí na ndaoine do loiteadar san arís agus mar sin go deireadh an domhain. 11. Mionna agus móide an tríú locht do bhaineann leis an dtean- gain, agus cé ná fuil nimh na barbaireachta orthu agus ná millid chomh minic ná chomh forlíonta léi siúd anamnacha na ndaoine do chloiseann iad dá dtabhairt, ar a shon san is rómhór an díobháil do rinneadar agus táid fós a dhéanamh ag á mbeith chomh forleith- eadúil is táid. I mbaile mhór agus i dtuaith bíonn fuaim na mionn agus na móide inár gcluasa, agus ainm Dé dhá maslú d'ainneoin gach mórdhíchill dá ndearnaidh an Eaglais le mórán blian chun a gcosc, agus d'ainneoin na mbagarthaí do ní Dia uilechumhachtach ar an muintir do chleachtann iad. 12. Deir an Scríbhinn Diaga linn (Eccls.23 Caib.v.12): "Beidh fear na mionn do thabhairt lán do mhallaitheacht agus ní scarfaidh oirbhire Dé lena theaghlach". "Thar an uile ní," deir an tAspal (Naomh Séamas): "a dhriotháracha ná dearbhaig dar neamh ná dar an dtalamh, ná aon mhionna eile". "Ag deimhniú aon ní," arsa ár Slánaitheoir, "ná habraig ach "is ea, is ea" nó "ní hea, ní hea"." Aon ní tharais sin, ón olc a shíolraíonn sé". Mionna, droch-vih d'fhoghlaimeann duine i dtúis a shaoil, comhartha neamhfhoighne agus feirge d'áitíos go soiléir go bhfuil an aigne fós gan smachtú ag an gcreideamh agus go bhfuilid a chlaonta fós ina mbeathaidh sa duine. Is gnáthach dhá gcleachtadh iad ag an té 'nar miann leis a chomharsa dho mhealladh agus calaois do dhéanamh air. Sid iad is abharaibh choitianta ag mionna agus an té tá saor uathu níl gá ar bith dho mhionna aige.
13. I ndíol nó i gceannach, dá mhéad do dhearbhaíonn duine nó dhá ullmhacht atá sé chun móide dho thabhairt is lúide is cóir é chreidiúint agus is móide is riachtanach dho dhuine a bheith ar a chosaint féin air: do bhrí, an té ná cuireann spéis i ndlí Dé dho bhriseadh agus ina anam do dhamaint le mionna, gur duine gan choinsias é, agus dá réir sin duine tá ullamh chun a chomharsan do mhealladh an tráth ná fuil eagla air mí-ómós do thaispeáint do Dhia. 14. Mar leathscéal i mionna deir duine, "ní dhearbhaím ach an uair a bhíonn fearg orm." Ach is peaca an fhearg féin agus cois- ceann Dia í mar a choisceann sé na mionna. Deir duine eile, "ní le drochaigne thugaim mionna; sceinnid siad uaim; drochbhéas do thugas dom fhéin." Ach d'ordaigh a chreideamh dhó an droch- bhéas san do sheachaint; agus nuair nár sheachain, ceanglann sé air a leogan de, agus chomh fada is ná déanfaidh sé a dhian-dícheall chun buachaint air, dá ndearbhaíodh sé míle úair sa ló, beidh sé ciontach i míle peaca. Ní leor droch-vih, mar leithscéal i meisce ná i mbithiúntacht, agus cad é an fáth 'nar leithsgéal i dtabhairt mhionn é? 15. Och a Dhia! is mór an trua gur focal barbartha nó mionn do bhíonn dá gcleachtadh ag muintir thí agus do foghlaimaithear go minic ó athaireacha nó ó mháithreacha an chéad fhocal do cloistear ó bhéal linbh! Is anacrach gan amhras é a gcor do bhrí go mbeid a bpianta ag méadú ina dhiaidh so ag peacaí ag clainne, nuair a bheid féin dreoite san uaigh, mar a mhúineadar oibreacha an diabhail dóibh i dtúis a n-óige lena ndrochshampla nó nár chimeádadar iad ó chomhluadar lucht na mionn agus na barbairitheacht. 16. Is diomách go dearfa é cor na ndaoine tá tugtha dho mhionna, do bhrí, tar éis a ndearnaidh agus ar fhulaing ár Slánaitheoir ar a son, tar éis gach grásta, tabharthais agus sacramin do thug sé dhóibh, tar éis a gheallúna agus a bhagarthaí go léir, ná déanfaidís le baochas ar son a ndearna dhóibh - nó mar ba chóir a rá, ar son a n-anma féin, an ní do dhéanfaidís ar luach saothair suarach saolta dh'fháil. Óir seasaím air, don mhórán mílte tá tugtha dhon droch- chleachtadh so, dá bhfaigheadh gach n-aon díobh siúd scilling an uile lá ná tabharfadh sé mionna ar bith agus go mbeadh scilling le cailliúint aige an uile lá do bhéarfadh, gur gearr go mbeadh go háirithe formhór lucht thabhartha na mionn saor uathu. 17. Nách atuirseach an ní le haithris, ball lena n-ordaíonn ár gCruthaitheoir dhúinn guí chuige féin, baochas do bhreith leis ar son gach comaoine do fuaireamair uaidh, agus ball do thug sé dhúinn chun labhairt le chéile agus oideachas do thabhairt dá chéile, go ndéanfaimis úsáid de go diombaoch agus go mínádúrtha chun anamnacha a chéile do mhilleadh, chun naomhainm Dé do mhaslú ar
mhórán ócáidí agus ar fhíorbheagán cúise, agus so go léir gan aon tairbhe, ní deirim dhon anam do leonann sé, ach fós don cholainn. 18. Sé an t-abhar é, i measc a ndéintear dho pheacaí, siad mionna móide agus eascainí an chuid is tuire dhíobh go léir. Dogheibheann an duine ólach aiteas i slugadh na dí, agus an bithiúnach in ithe na feóla do ghoideann sé. Cé dhea, níl bia ná deoch ná éadach le fáil do bharr mionn. Ní leighisid aon ghalar do bhíonn ar an gcorp, agus ní shásaid aon cheann dá ainmhiana: ar chor, an cheist do curthar sa Scríbhinn Diaga chun na bpeacach, sé sin "cad é an tairbhe do bhainiúir as na drochbhearta do thug inniu chun droch- chríche sibh?" - go n-oireann sí go róchruinn do lucht na mionn nuair a daorfar iad ar son pheacaí gan áireamh ná dearnaidh sásamh ar bith orthu agus do dhamnós iad chomh deimhneach le meisce nó bithiúntacht. Ar nós mar a dhéanfadh aon bhearna amháin slí dho bheithígh chun foghla do dhéanamh ar ghort agus é ithe go cré, chomh hiomlán is dá mbeadh sé gan claí ná fál: mar an gcéanna, osclóidh aon bhearna amháin, sé sin aon mhórlocht amháin ar an anam slí dhon diabhal chun dul isteach ann, a dhea-oibreacha go léir d'ídiú agus flaitheas Dé dh'iamh air. 19. Dar ndóigh is ní soiléir - an teanga do mhaslaíos ainm ardonóireach Dé sa tsaol so, do dhearbhaíonn dar an uile ní do chruthaigh sé agus do bheir do ghnáth drochghuí dhon chomharsain - ná múscaileofar í lá mór na haiséirí chun a bheith ag tabhairt moladh agus glóire dho Dhia go brách. Ní mar sin a bheidh, ach nuair a chuirfidh an bás deireadh le saint drúis craos calaois agus drochbhearta eile, beid na mionna fós dá gcleachtadh mar a bheidh an drong damanta ag tabhairt a mallachta dhá n-aithreacha agus dá máithreacha, don lá rugadh iad, do gach n-aon fé ndeara a mbeith damanta agus do Dhia uilechumhachtach féin <'> cheann iad do chruthú riamh. 20. Monabar an cearthú locht do bhaineann leis an dteangain; agus is é ní monabar, a chlú dho bhaint do dhuine nó <'> laghdú go héagórach agus gan é láithreach. Má tá an scéal fírinneach lena mbaintear a chlú go héagórach dhon chomharsain, tá an té inseann é ciontach i bpeaca marbh. Más scéal bréagach é, tá sé ciontach in dá pheaca mharbhthacha, sé sin i monabar agus i mbréigmhaslú. Má bhíonn an duine láithreach, beidh an cúlchainteóir ciontach i dtrompheaca eile, sé sin, in easmailt agus i ndiamhaslú. 21. Táid ocht slí lena mbítear ciontach i monabar: sé sin le fírinne, le héitheach, le lochtaí foilíosacha dhuine do chraobhscaoil- eadh gan chúis, le labhairt go mí-fhabhrach ar a mhaithghníomh- artha nó a dhea-cháilíochta do shéanadh, le gan focal do rá ar a shon as a dtuigfar go bhfuil sé ciontach, le fuarchomhrá nó spaidmholadh do dhéanamh air etc.. Bíd so go léir ciontach i monabar do chomh-
airlíonn a dhéanamh, do chuireann ar aghaidh é, nó ná coisceann é nuair fhéadfaidís agus ba cheart dóibh é. 22. Mar an gcéanna, an mhuintir do thaispeánann gur taitneamh- ach leo é bheith dhá dhéanamh cé ná deirid féin aon ní, an mhuintir do chraobhscaoileas coir dhuine fé oibleagáid dhlúthrúin, agus an mhuintir, gan aon choir fé leith dh'ainmniú, a deir go ndearna an duine gníomh do mhaslódh go deo é dá bhfaighthí amach air é. Mar ní hé amháin go mbaintear a chlú dho dhuine air an modh so ach is minic do bheirid an mhuintir do bhíonn láithreach barúil gur mó agus gur measa an gníomh ná mar atá sé. An té níos monabar ar dheichniúr, bíonn sé ciontach i ndeich peaca mhóra, agus dá mhéad a bhíonn láithreach as móide a chionta é, mar a chailleann an té cáintear a dhea-chlú ina mbreithiúnas go léir. 23. Áiríonn Naomh Pól an monabar i measc na bpeacaí marbh- thacha Róimh.I Caib.v.30; is fuafar le Dia lucht na cúlchainte I Coir.:6 v.10, ní shealbhóid, a deir sé, lucht a dhéanta ríocht Dé. Go dearfa, ní bheidh iongnadh ar éinne an breithiúnas uafásach so do chlos dá thabhairt ar lucht na míscéal má thugann sé fé ndeara an díobháil gan áireamh do thagann díobh, cad í an earraid do tharraingid siad idir mhuintiribh, gach bruíon, imreas, toirmeasc agus cogadh do thagann dá ndeasca, a liacht do lánúna pósta do chuirid ó chéile, a liacht do mhílte fear agus bean neamhchiontach do mhillid siad, do chailleann a ndea-cháil leo gan súil lena casadh, mar as rófhánach do castar í, do bhrí go gcreidid mórán ar feadh a saoil an ní a chualadar agus go bhfuil, nách mór, an uile dhuine claon chun drochthuairim do thabhairt dá chomharsain. 24. Ón bhfoghail mhór so do níonn sí, is ea thugaid lucht scríofa na leabhar claíomh na dtrí bhfaobhar ar theanga an mhonabair, mar a mhilleann sí le haon iarracht anam an té níonn é, anamnacha na muintire do chloiseann é, agus do bhíonn ciontach ann in aon tslí dhos na slite do hainmníodh thuas, agus clú an té cáintear. Ní féidir súil a bheith go bhféachfaidh an duine monabrach dhá namhaid ná dhon mhuintir ná fuil báidh air bith aige leo, an tráth ná féachann sé dhá charaid. Cá liacht am do chualaís é ag lochtú dhuine dár mhó ba chóir a chumann ná dhuitse? Bí deimhneach gur cháin sé thusa nuair a thugais do chúl leis. 25. Ní féidir muinín do bheith go bhféachaidh sé don té tá ciontach an tráth a ghoineann a theanga an té tá neamhchiontach, mar is é is nós aige an bharúil is measa do thabhairt do ghníomhartha an uile dhuine agus camshlite do chur ina leith do scuabfadh dhíobh nó do laghdódh gach meas dá bhfuil orthu. Óna iompar ba dhóigh leat go mbeadh díol dó chun gach éinne do mhaslú. Ní dóch
go bhféachfaidh sé dhos na beoibh nuair ná féachann sé dhos na mairbh.
Críochnaíd scanraí an bháis nuair a scarann sé an t'anam leis an gcolainn. Cé dhea tar éis an bháis dá ídiú, níl fear an mhonabair réidh fós leis. Leanann sé ar an dtaobh thall don uaigh é, do bheir sé a bhreithiúnas air, agus gan spéis do chur insa bhreithiúnas do thug Dia ar an muintir d'fhág an saol so; comh- chuntas dobheir siúd orthu, pé acu sabhálta no damanta táid. Ní hiongnadh ná raghaidís peacaigh bhochta beo ná marbh óna gcáin- eadh ag lucht a n-imdheargtha an tráth ná deaghaidh Íosa Críost, breitheamh na mbeoibh agus na marbh uaidh. Deiridís cuid dos na Giúdaigh (Iúdaíochaibh) leis: "Nách mac saoir é seo?" Cuid eile: "tá sé craosach, ólach; cimeádann sé cuideachta le daoine dhon cháil is measa". Deireadh drong acu go raibh sé a seilbh an deamhain agus fós ard-dhiabhail; gur lena chúnamh do níodh sé míorúiltí, do leighiseadh sé na hothair, do bheireadh sé a radharc dos na daill, a rian dos na murtaill agus d'athbheodhadh sé na mairbh. 27. Do rinneadh úsáid don mhonabar, ní hé amháin i gcoinne phearsan agus chlú Chríost agus chun an chreidimh chríostúil do mhúchadh ina fhíorthosach, ach fós is leis do mheall an diabhal Éva i ngairdín Pharthais. Do labhair sé léi as béal nathair nimhe agus do mhaslaigh sé Cruthaitheoir an domhain ag rá léi gur le formad léi féin agus lena fear do choisc sé orthu toradh crainn áirithe do bhlas ar eagla go ndéanfadh sé déithe dhíobh mar é féin. 28. Anois d'ainneoin gach foghla dhá ndeárnaidh an monabar san uile aimsir ó shin, tá sé fós dá chleachtadh ar fuaid an tsaoil ní hé amháin i gcathracha agus i mbailte móra ach insna bailte beaga tuaithe is iargúlaí mar a dtarraingeann sé conspóid agus imreas. Má fhuaraid so tamall, brisid amach arís ar an ócáid is suaraí le breis fíochmhair
agus bíd na daoine ann i síorearraid le chéile. Níl éinne dhá mbíonn i mbaile bheag ná bíonn asachán éigin aige le déanamh leis an gcuid eile go léir agus seanchaíocht orthu; agus bíonn sé ullamh chun iad do scéachaint nuair a thitid amach leis. 29. Úsáid na mbeithíoch adharcach do thugaid siad dá chéile. Nuair thieann bó le laige nó le hanascar, do bhíonn sí ag broic le héirí agus ná féadann, bailíd an chuid eile dhon airnéis ina timpeall; cromaid ar ghéimrigh agus in ionad chúnamh a thabhairt di chun éirithe, ropaid lena n-adharca í agus maraíd. Mar an gcéanna, nuair a níonn comharsa drochbheart go neafaiseach nó tré lagachar, in ionad na drochbhirti do cheilt, a leithscéal do ghabháil, ná díchill do dhéanamh ar é thartháil ó mhíchlú, an chéad duine do gheobhas amach an bheart, craobhscaoilfidh sé agus géimfidh go hard nó go mbailídh aicme an mhonabuir go léir agus go ropaid a chlú.
Ní ithid na leoin ná na machtírí a chéile agus fós ní bhíonn diabhal i gcoinne diabhail eile ach bíd go léir d'aon bhuíon >; ach déinid na daoine agus iad ar a slí chun na síorachta a chéile mharú; feallaid, meallaid, fuathaíd agus asmailtid a chéile. Áiríd siad go léir gur mór an séan do dhuine dea-cháil do bheith air agus gur danaíd mhór leis a cailliúint agus nách mór an iongnadh ar a shon san ná cuirid, go dtí fíor-bheagán acu, spéis - agus nách scrupalach leo - a baint dá chéile? An ladrann do bhaineann airgead díot ar an mbóthar mór do rug sé uait ní do bhí id sheilbh, ní do bhí i seilbh na mílte romhat agus do bheidh i seilbh na mílte tar éis é siúd do scarúint leis. Ach baineann an cúlchainteoir do chlú dhíot, ar a raibh ceart gan roinnt agat agus is mó dho b'fhiú ná suim airgid. Chun a thairbhe féin do bhaineann an bithiúnach airgead díot, ach nuair a bhaineann sé do chlú dhíot, milleann sé thusa gan aon tairbhe dhó féin. 31. An té 'nar mian leis gadaíocht do dhéanamh, ní mór dhó féachaint roimhis mar mhaithe leis féin. Ní foláir dhó aimsir, ionad agus caoi áirithe d'aimsiú. Ach coscrann an cáinseoir isló agus istoíche, i bhfios agus i ganfhios, a charaid agus a namhaid, an ciontach agus an neamhchiontach, na beoibh agus na mairbh. An té ghoideann cuid a chomharsan, bíonn sé go minic i gcumas leorghníomh iomlán do dhéanamh leis, ar chor ná bainfidh aon dochar dhó dhá dheasca. Ach an té bhaineann a chlú dho dhuine, ní dhéanfaidh se cúiteamh go deo, agus ní fhéadfaidh a dhéanamh insan éagóir do rinn sé air. 32. Dá mbeadh an locht so gan bheith ach ar bheagán, nó ná beadh sé dhá chleachtadh ach ag an gcuid is otaire dhos na daoine do shíolraigh ó dhrochaicme do tugadh suas gan chreidiomh gan mhacántacht, cé go mba thrua linn a gcor, níor leor é chun ard- fheirge do chur orainn. Ach nuair a chímid na mílte dho dhea-eolas, d'fhoghlaim rialacha chreidimh Chríosd agus ar a dtugthar daoine galánta, tugtha dhon locht uafar so agus dá chleachtadh gan scrupal, bíonn éacht agus iongnadh orainn an uile ghné daoine d'fheiscint teimhealaithe aige go fiú daoine do háiríthear a bheith rialta cráifeach. Ar chor gur cosúil an saol so le hoispidéal mór ina mbeidís iomad daoine breoite ann agus iad ag fonóid fé chéile: na daill ag fonóid fés na daoine bodhra <'> cheann gan éisteacht do bheith acu, agus iad so ag tabhairt drochmheas leg. - ais> dóibh- sean <'> cheann ná fuil radharc acu; agus an mhuintir atá bacach ag magadh fúthu araon. 33. Bíonn gach éinne dall ar a lochtaí féin agus géarbhreithnitheach ar lochtaí dhaoine eile, cé go ndeir ár Slánaitheoir nach cuí dh'éinne cáim d'fháil ar a chomharsain fad do bheidh eire lochtaí air féin.
"Cad é an fáth", a deir sé "'na bhfeiceann tú an cáithnín i súil dhuine eile agus ná feiceann tú an tsail id shúil féin? A bhréag-chráifigh, bain ar dtúis an tsail as do shúil féin chun go bhfaighthá radharc ar an gcáithnín do bhaint as súil do chomharsan. 34. Nuair a níonn an gabháltaí, an ceannaí nó an ceardaí a ghnó féin go slachtmhar, suíd síos ar a suaimhneas agus ní théid ag scoraíocht ar fuaid baile mhóir ná tuaithe chun a bheith ag tabhairt ghnótha dhaoine eile fé ndeara; do bhrí, dhá gcaithidís an aimsir mar so agus faillí a dhéanamh dhá gcúram féin, go n-áireodh an uile dhuine go mbeidís ar mire, nó air díth céille. Cad é an fáth ná déinid daoine so i ngnó a n-anma? Cad é an fáth ná tosnaíd siad lena mbeatha féin do leasú? An ghontacht agus an ghéire tá acu do chur i bhfeidhm chun a lochtaí féin do bhreithniú go dlúth agus gan taobhaíocht, do bhrí ná fuil éinne saor uathu, in ionad a bheith dá ndamaint féin, ag maslú chách eile gan dóchas ar bith acu ná aon chaitheamh i ndiaidh a leasaithe. 35. Óir mara gcloisidh an té cáintear cad dúradh leis, ní leigfidh sé an locht de do cuireadh ina leith; agus má chloiseann is dóichí go mbeidh mioscais aige dhon té cháin é ná go ndéanann sé aon dícheall ar é féin do leasú. Más ó nádúir atá creim choirp ná anma air, sé an té chruthaigh é lochtaíthear agus ní hé féin. Má tá éalaing air lena chionta féin, is cóir trua bheith dhó agus eagla do bheith ar lucht a cháinte go mbainfeadh an toirmeasc céanna dhóibh féin. 36. Do bhí sé siúd seal chomh saor ón locht atá air is do mheasann an té cháineann é féin do bheith, agus ba cheart dó aire dho thabh- airt le heagla go ndéanfadh cinniúint éigin nár shíl sé, cath dhian > nó tiamtáisiún ón áirseoir, neamhshuim i ngrásda Dé, nó ceann do shaigheadaibh an diabhail é leonadh i gcás go mbeidís daoine eile dhá cháineadh agus ag déanamh fonóide fé. Is eagal dó so dho thitim amach sula gcríochnaígh a shaol, do bhrí go ndeir Dia insa 8ú caibidil v.13 do Leabhar na Sean-Fhocal, gur fuafar leis an béal ina mbíd dá theanga, sé sin, teanga chun na comharsan do mholadh nuair a bheidh sé láithreach, agus teanga chun é mhaslú nuair iompóidh sé a dhrom. 37. Dá fheabhas dath do bheas ar chapall agus dá bhreáthacht a ghéaga, má bhíonn mairc ná othras air is orthu thuirlingeoidh an chuil agus do dhéanfaidh sé foghail. Mar an gcéanna, dá fheabhas agus dá mhéad dea-cháilíochta do bheas i nduine, má bhíonn aon - go fiú aon locht amháin air, air sin gan agó do thuir- lingeoidh an cúlchainteoir agus is é bheas cónaitheach ar a theangain aige. 38. Seo mar tá an ní: ar nós mar mheasann an té 'na mbíonn an galar buí air, gur buí bhíonn gach ar a bhféachann sé, mar an gcéanna an mhuintir do thugann iad féin ar a bheith ag lochtú dhaoine eile, tagann buíghalar anma orthu do chuireann mídhath
ar na maithghnomhartha féin nuair a féachtar orthu le claonshúil chealgach agus do cuardaíthear iad le teanga neanntúil an mhonabair. 39. Anois cé go bhfuil an domhan tuilte dhon tsórt so daoine, tá an monabur chomh gráiniúil sin ina mbreithiúnas féin, nach áil le héinne meas dhuine monabraigh a bheith air agus go mbeartaíonn mórán slite chun ná cuirfí ina leith é. Tarraingeann duine chuige chun go n-áirófí go bhfuil sé gonta, duine chun a thaispeáint cad é
fheabhas d'fhéadann sé aithris do dhéanamh, duine i leith muintiris, duine i leith díograis creidimh, duine eile fé chlóca diagasúlacht, dá rá gurb oth lena chroí an mhíchlú fuair an té so nó an té úd, 'na raibh tamall meas rómhór aige air a dhea-iompar, agus gur rómhór é a dhoilíos ó nithe a chuala sé go déanach, nár dhuine mar a shíl sé é. 40. In aon fhocal, níl cló air bith ná curthar ar an monabar; ach in gach cló, in gach dath, dhá gcurthar air, is monabar fós é ; ní déantar ach ór do chur air an bpiollaire > agus ní sliogthar, go brách é níos cíocrasaí, agus ní shladann sé dea-cháil an té 'na labharthar go holc air níos fórlíonta ná nuair a déantar é i leith muintiris, creidimh, nó diagasúlacht. 41. An bhfuil sé labhalta mar sin ar aon chor trácht ar lochtaí dhaoine eile ná a rún do leigean le héinne? Tá sé labhalta so dho dhéanamh chun iad féin nó daoine eile do shábháil ó dhíobháil mhór anma nó choirp; ach insan am gcéanna tá sé dh'fhiachaibh ar an té fhoilseos air gan faisnéis do dhéanamh thar mar bheidh riachtanach chun na díobhála do chosc. 42. Má fuaras amach go bhfuil duine ar thí dhuine eile do mharú, do chreimiú, nó a thigh
dhó, ínsim dhó an díobháil do bagaradh air agus cuirim ar
aireachas é. Tá san ceart le déanamh. Ciméadann ógánach cuideachta le lucht óil, nó óigbhean le daoine ar a bhfuil drochthuairisc; cuirim in iúil dá muíntir é, chun ná tarraingeofaí chun a n-aimhlis do dhéanamh iad. Ní hé amháin ní pheacaím leis an bhfaisnéis so do dhéanamh, ach is oibligáid (dualgas) do cheangalann creideamh orm é, mar ghrá dhon chomharsain. 43. Ar gach aon ócáid eile 'na mbeidh trácht dá dhéanamh ar chlú na comharsan, gach a ndéarfaidh duine, tá sé dh'ualach air a rá le sprid cheansacht agus charthanacht, pé olc a ghníomhartha; agus gan a dhearúd, cé gur drochdhuine sa bhliain so é, go mb'fhéidir go mbeadh sé ina dhea-dhuine sa bhliain so chúghainn. 44. Iompaíonn an saor an chloch nó go bhfaigheann sé an dul ar féidir a cur; mar an gcéanna as ceart do Chríostaí, nuair a bheidh a chlú dhá baint do dhuine, é chur sa riocht is fearr d'fhéadfaidh sé agus dá mbeadh míle aghaidh ar an scéal, an taobh is fabharaí dhe do thabhairt amach, do bhrí gur comhartha go bhfuil lámh ag Dia
insa té is fabharaí do labhrann ar gach éinne agus go dtabharfaidh sé breithiúnas gan trócaire ar an té ná taispeánann trócaire dho dhaoine eile. 45. Níl éinne againn gan a lochtaí féin agus a dhrochlaonta le cloí aige, agus dá bhrí sin, in ionad a bheith ag tabhairt drochmheas dá chéile agus ag méadú ár n-ainnise, ba chóir dhúinn a bheith truamhéileach dhá chéile agus cabhair d'iarraidh dúinn féin agus do chách eile ar an Liag Neamhga, mar is aige amháin tá ár leigheas go léir; agus grásta chun srian do chur lenár dteangacha, chun ná dearúdfaimis go brách cad deir an tAspal linn: "Gur díomhaoin dúinn a bheith inár gCríostaithe, inár gCatoilicí agus rannpháirteach insna sácraiminí, mura gcoisceam ár dteangacha"; agus mar a gcéanna ráiteachas ainmniúil Naomh Tomás a deir linn: "Díbrigh ónúr mbéal an chúlchaint agus bígí deimhneach, dá n-ithfeadh sibh luaith an tinteáin i leith aithrí, ná faighidh sibh tairbhe ar bith ó aon chruagáil dá gcuirfidh sibh oraibh féin, mara staonfaidh sibh ó mhonabar", mar nách féidir le héinne
anam a shábháil gan grá a bheith dhon chomharsain, agus ná gránn éinne a chomharsa do bhaineann a chlú dhe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services