Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Do Lochtuiv na Teangan

Title
Do Lochtuiv na Teangan
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1806
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1967-1968)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Do Lochtaibh na Teangan



"An té fhaireas a theanga, faireann sé a anam", 13 Caib.(v.3)
de Leabhar na Sean-Fhocal.



1. Anso agus i mórán rannaibh dhon Scríbhinn Diaga, deir an
Sprid Naomh linn ná fuil dul óna anam a mhilleadh ag éinne mara
gcuire sé srian lena theangain. An té, deir an tAspol, do mheasann
go bhfuil creideamh aige agus ná cuireann srian lena theangain,
creideamh gan tairbhe tá aige. Anois táid cheithre mórlochtaí ag
roinnt leis an dteangain 'na bhfuil sé diancheangailte ar gach
Críostaí a seachaint, sé sin, bréaga, focail mhígheanmnaí, mionna
agus monabar.



2. Is fuafar le Dia na fírinne an t-éitheach, agus insa 12 Caib.
v. 22 do Leabhar na Sean-Fhocal deirthear linn go bhfuil gráin
aig an dTiarna ar an mbéal bréagach. Ní hé amháin gur cáim ar
dhuine an t-éitheach do réir dhlí Dé, ach fós is scorn le gach n-aon
dhe ghairm ná dhe dhea-chlú locht chomh táir leis do chur ina leith.
Dá bhrí sin is tarcaisne mhór do thabhairt do dhuine onóireach, a
rá go dtug sé a éitheach. Táid bréaga dhá gcleachtadh chomh
forleitheadúil i measc dhaoine dhon choitiantacht sa náisiún so
gurab ionann d'fhéadfaí a gcosc uathu agus d'fhéadfaí duine
dubhchroicinn do ghealú. Go dearfa, ni fheaca go fiú éinne amháin
riamh eatarthu súd 'na gcuirfí aon ní suimiúil ina leith, do theip-
feadh ar bhréig a dhéanamh chun é féin do shaoradh.



3. Anois i n-éamais na bpeacaí gan áireamh do níd lucht chleach-
taithe an éithigh, le calaois i ndíol agus i gceannach etc., agus leis
na míscéala do chumaid agus do leathanaíd, agus lena ndéinid
dochar agus díobháil mhór dhos na céadta, tá aon ardchoir amháin
inar dóigh liom go mbíd mórán acu ciontach, sé sin, i gceilt a bpeacaí
i bhfaoisdin nó go háirithe i gcur slachta bréige orthu, ar chor ná
tugaid staid fhírinneach a gcoinsiais chun soluis; agus tar éis
bréige dhéunamh lena <n>-oide faoistin go ndéinid bréag leis an
Sprid Naomh agus mar sin go maraíd a n-anamnacha mar ar chóir
dhóibh a leigheas.



4. Focail mhígheanmnaí nó bharbartha, an tara locht do bhaineas
leis an dteangain. Táid seo dhá gcleachtadh ag suim gan áireamh
aos óg 'na bhfuair diabhal scanrúil na drúise lúib istigh ina
gcroíthe<acha>, ag dailtíní sráide, ag mná mígheanmnaí, ag lucht
oibre, ceardaithe, seandaoine drochbheathacha agus ag an uile
dhrong drúisiúil. Is rófhánach a théann comhairle i bhfeidhm ar
dhaoine bhíos tugtha dhon drochbhéas so: mar a dhallann an
drúis an tuiscint, do bhodhrann sí an chluas i n-aghaidh na comhairle,
do chruann sí an croí agus do chuireann sí screabh ar an gcogús chun
ná griogfaidís na scrupail é.


L. 5


5. Is leis sin a deir an Scríbhinn Diaga go mbeid a gcnámha
líonta dho dhrochbhearta aoise a n-óige agus go gcodlóid siad ina
bhfochair san uaigh. Cé dhea, tiocfaidh an lá ina bhfeicfidh an té
chleachtas ráite mírialta agus ina bhfaighidh amach go dúch dhó
féin, go bhfuil Dia ann do chíonn an uile ní agus do bhéaras chun
géarchuntais é ar son gach focail drúisiúil do labhair sé air feadh a
shaoil agus go bhfuil tine chéasaitheach ann do dhóifeas go brách an
teanga thrúaillithe lenar mhill sé a anam fhéin agus anamnacha
mhórán eile, ag líonadh a n-aigeanta le drochsmaointe agus a
n-inchinnithe le taispeáintí gráiniúla.



6. Níl éinne atá tugtha dhon locht so nár bh'fhéidir a rá go
fírinneach gur duine galair i measc muintire é, pláigh i mbaile é,
lotamóir ar aos óg, seirbhíseach leis an ndiabhal agus namhaid
fhógartha dho Dhia: do bhrí, dhá bhfuil do lochtaibh ag baint le
claonta an duine ná fuil aon cheann acu is mó shladann d'anam-
nacha ná focuil bharbartha. Do bheir an diabhal cleasintleacht don
té chleachtann iad agus brosdaíonn sé chun a ráite é. Siad comhrá
is cliste aige iad in gach cuideachtain ina mbíonn sé agus is leo do
mharaíonn sé a anam fhéin agus anamnacha chách eile d'éisteann leis;
ar nós mar fheochann rua-ghaoth duilliúr agus bláth na gcrann,
mar an gcéanna loisceann bréananál an duine bharbartha bláth na
geanmnaíocht<a> agus duilliúr na discréide.



7. Nuair a ghearrann gadhair oilc duine, téann an réim ina chuid
fola agus leathann ar a fuaid; i suim aimsire ina dhiaidh san
tagann buile ar an té gearrthar. Mar an gcéanna, nuair a cuirthear
nimh na bhfocal neamhgheanmnaí i gcroí an duine óig ná fuil san
am san fios a n-urchóide aige, b'fhéidir gur i gceann suim bhlian
ina dhiaidh san do bhrisfeadh sí amach, do lasfadh sí anmhiana
agus d'adhnfadh sí tine na drúise ann. Is trua san an teanga
do deargadh le fuil Íosa sa tsacraimin, go ndéanfaí úsáid di chun
éirligh do dhéanamh air na hanamnacha 'nar ar a son d'éag sé ar
chrois! Cé mór teangacha na mbeithíoch, ní labhraid focal.
Urlabhar, tabharthas fé leith fuair an duine óna chruthaitheoir
chun labhairt lena chomhchréatúir, guí chun Tiarna an uile ní,
moladh agus baochas do thabhairt dó ar son an tabharthais so agus
gach tabharthas eile do fuair sé uaidh insa tsaol so agus go deo
ina dheoidh.



8. Anois fágaim fénbhur mbreithiúnas, an bhfuil aon dealramh,
teanga atá cónaitheach ag déanamh réir an diabhail sa tsaol so go
mbeidh sí sa tsaol eile ag síormholadh Dé i gcomhluadar aingeal
agus naomh i gcúirt fhlaithiúnais, ionad ná sroisfidh go brách aon
ní do bheas neamhghlan. Ní féidir dhíbh a mheas mar a thais-
peánaid go soiléir focail dhrúisiúla cá bhfuil triall an pheacaigh.
Aithnímid caoire ar a méileach agus gadhair ar amhstrach, agus
leis an ndeimhin chéanna aithnímid clann an diabhail óna ráite


L. 7


salacha, mar ná cónaíonn an Sprid Naomh go deo agus nár chónaigh
riamh i gcroí teimhealaithe. Dá mbeadh an Sprid Naomh sa chroí
ní thiocfadh an bréantas úd as.



9. Sibhse go léir mar sin 'nar mian libh réir an Tiarna do
dhéanamh, seachnaíg go dian dícheallach an uile dhuine ar a bfhuil
an galar tógálach so agus sibhse go speisialta ar a bhfuil
cúram clainne, ná fuilingibh éinne dhíobh súd in aon tigh libh. An
mhuintir do bhíonn imníoch i sláinte a gclainne agus ina gciméad
glan deighlid iad ó lucht smalairce agus diorhacha le heagla go
dtógfaidís an aicíd uathu. Is mó ná san an t-imníomh ba chóir
dhóibh a dhéanamh gan buachaill ná cailín aimsire barbartha do
ghlacadh, nó a ndíbirt nuair a gheobhaidís amach a mbeith lochtach,
chun ná tógaidís a gclann aicíd na drúise uathu, an galar is measa
ar anam an duine.



10. Is trua (monuar), lucht na drúise! mar atá breithiúnas
damanta tabhartha orthu ag Críost agus agá aspail, agus mar a
bheas an pionós in ifreann ag méadú do réir na bpeacaí do dhéanas
an mhuintir do loiteadar lena ndrochshampla agus do réir pheacaí
na ndaoine do loiteadar san arís agus mar sin go deireadh an
domhain.



11. Mionna agus móide an tríú locht do bhaineann leis an dtean-
gain, agus cé ná fuil nimh na barbaireachta orthu agus ná millid
chomh minic ná chomh forlíonta léi siúd anamnacha na ndaoine do
chloiseann iad dá dtabhairt, ar a shon san is rómhór an díobháil
do rinneadar agus táid fós a dhéanamh ag á mbeith chomh forleith-
eadúil is táid. I mbaile mhór agus i dtuaith bíonn fuaim na mionn
agus na móide inár gcluasa, agus ainm Dé dhá maslú d'ainneoin
gach mórdhíchill dá ndearnaidh an Eaglais le mórán blian chun a
gcosc, agus d'ainneoin na mbagarthaí do ní Dia uilechumhachtach
ar an muintir do chleachtann iad.



12. Deir an Scríbhinn Diaga linn (Eccls.23 Caib.v.12):
"Beidh fear na mionn do thabhairt lán do mhallaitheacht agus ní
scarfaidh oirbhire Dé lena theaghlach". "Thar an uile ní," deir an
tAspal (Naomh Séamas): "a dhriotháracha ná dearbhaig dar neamh
ná dar an dtalamh, ná aon mhionna eile". "Ag deimhniú aon ní,"
arsa ár Slánaitheoir, "ná habraig ach "is ea, is ea" nó "ní hea, ní hea"."
Aon ní tharais sin, ón olc a shíolraíonn sé". Mionna, droch-vih
d'fhoghlaimeann duine i dtúis a shaoil, comhartha neamhfhoighne
agus feirge d'áitíos go soiléir go bhfuil an aigne fós gan smachtú
ag an gcreideamh agus go bhfuilid a chlaonta fós ina mbeathaidh sa
duine. Is gnáthach dhá gcleachtadh iad ag an té 'nar miann leis a
chomharsa dho mhealladh agus calaois do dhéanamh air. Sid iad
is abharaibh choitianta ag mionna agus an té tá saor uathu níl gá
ar bith dho mhionna aige.


L. 9


13. I ndíol nó i gceannach, dá mhéad do dhearbhaíonn duine nó
dhá ullmhacht atá sé chun móide dho thabhairt is lúide is cóir é
chreidiúint agus is móide is riachtanach dho dhuine a bheith ar a
chosaint féin air: do bhrí, an té ná cuireann spéis i ndlí Dé dho
bhriseadh agus ina anam do dhamaint le mionna, gur duine gan
choinsias é, agus dá réir sin duine tá ullamh chun a chomharsan do
mhealladh an tráth ná fuil eagla air mí-ómós do thaispeáint do
Dhia.



14. Mar leathscéal i mionna deir duine, "ní dhearbhaím ach an
uair a bhíonn fearg orm." Ach is peaca an fhearg féin agus cois-
ceann Dia í mar a choisceann sé na mionna. Deir duine eile, "ní
le drochaigne thugaim mionna; sceinnid siad uaim; drochbhéas
do thugas dom fhéin." Ach d'ordaigh a chreideamh dhó an droch-
bhéas san do sheachaint; agus nuair nár sheachain, ceanglann sé
air a leogan de, agus chomh fada is ná déanfaidh sé a dhian-dícheall
chun buachaint air, dá ndearbhaíodh sé míle úair sa ló, beidh sé
ciontach i míle peaca. Ní leor droch-vih, mar leithscéal i meisce ná
i mbithiúntacht, agus cad é an fáth 'nar leithsgéal i dtabhairt
mhionn é?



15. Och a Dhia! is mór an trua gur focal barbartha nó mionn do
bhíonn dá gcleachtadh ag muintir thí agus do foghlaimaithear go
minic ó athaireacha nó ó mháithreacha an chéad fhocal do cloistear
ó bhéal linbh! Is anacrach gan amhras é a gcor do bhrí go mbeid
a bpianta ag méadú ina dhiaidh so ag peacaí ag clainne, nuair a bheid
féin dreoite san uaigh, mar a mhúineadar oibreacha an diabhail
dóibh i dtúis a n-óige lena ndrochshampla nó nár chimeádadar iad
ó chomhluadar lucht na mionn agus na barbairitheacht.



16. Is diomách go dearfa é cor na ndaoine tá tugtha dho mhionna,
do bhrí, tar éis a ndearnaidh agus ar fhulaing ár Slánaitheoir ar a
son, tar éis gach grásta, tabharthais agus sacramin do thug sé
dhóibh, tar éis a gheallúna agus a bhagarthaí go léir, ná déanfaidís
le baochas ar son a ndearna dhóibh - nó mar ba chóir a rá, ar son
a n-anma féin, an ní do dhéanfaidís ar luach saothair suarach saolta
dh'fháil. Óir seasaím air, don mhórán mílte tá tugtha dhon droch-
chleachtadh so, dá bhfaigheadh gach n-aon díobh siúd scilling an
uile lá ná tabharfadh sé mionna ar bith agus go mbeadh scilling
le cailliúint aige an uile lá do bhéarfadh, gur gearr go mbeadh go
háirithe formhór lucht thabhartha na mionn saor uathu.



17. Nách atuirseach an ní le haithris, ball lena n-ordaíonn ár
gCruthaitheoir dhúinn guí chuige féin, baochas do bhreith leis ar
son gach comaoine do fuaireamair uaidh, agus ball do thug sé dhúinn
chun labhairt le chéile agus oideachas do thabhairt dá chéile, go
ndéanfaimis úsáid de go diombaoch agus go mínádúrtha chun
anamnacha a chéile do mhilleadh, chun naomhainm Dé do mhaslú ar


L. 11


mhórán ócáidí agus ar fhíorbheagán cúise, agus so go léir gan aon
tairbhe, ní deirim dhon anam do leonann sé, ach fós don cholainn.



18. Sé an t-abhar é, i measc a ndéintear dho pheacaí, siad mionna
móide agus eascainí an chuid is tuire dhíobh go léir. Dogheibheann
an duine ólach aiteas i slugadh na dí, agus an bithiúnach in ithe
na feóla do ghoideann sé. Cé dhea, níl bia ná deoch ná éadach
le fáil do bharr mionn. Ní leighisid aon ghalar do bhíonn ar an
gcorp, agus ní shásaid aon cheann dá ainmhiana: ar chor, an cheist
do curthar sa Scríbhinn Diaga chun na bpeacach, sé sin "cad é an
tairbhe do bhainiúir as na drochbhearta do thug inniu chun droch-
chríche sibh?" - go n-oireann sí go róchruinn do lucht na mionn
nuair a daorfar iad ar son pheacaí gan áireamh ná dearnaidh sásamh
ar bith orthu agus do dhamnós iad chomh deimhneach le meisce nó
bithiúntacht. Ar nós mar a dhéanfadh aon bhearna amháin slí dho
bheithígh chun foghla do dhéanamh ar ghort agus é ithe go cré,
chomh hiomlán is dá mbeadh sé gan claí ná fál: mar an gcéanna,
osclóidh aon bhearna amháin, sé sin aon mhórlocht amháin ar an
anam slí dhon diabhal chun dul isteach ann, a dhea-oibreacha go léir
d'ídiú agus flaitheas Dé dh'iamh air.



19. Dar ndóigh is ní soiléir - an teanga do mhaslaíos ainm
ardonóireach Dé sa tsaol so, do dhearbhaíonn dar an uile ní do
chruthaigh sé agus do bheir do ghnáth drochghuí dhon chomharsain
- ná múscaileofar í lá mór na haiséirí chun a bheith ag tabhairt
moladh agus glóire dho Dhia go brách. Ní mar sin a bheidh, ach
nuair a chuirfidh an bás deireadh le saint drúis craos calaois agus
drochbhearta eile, beid na mionna fós dá gcleachtadh mar a bheidh
an drong damanta ag tabhairt a mallachta dhá n-aithreacha
agus dá máithreacha, don lá rugadh iad, do gach n-aon fé ndeara
a mbeith damanta agus do Dhia uilechumhachtach féin <'> cheann
iad do chruthú riamh.



20. Monabar an cearthú locht do bhaineann leis an dteangain;
agus is é ní monabar, a chlú dho bhaint do dhuine nó <'> laghdú go
héagórach agus gan é láithreach. Má tá an scéal fírinneach lena
mbaintear a chlú go héagórach dhon chomharsain, tá an té inseann
é ciontach i bpeaca marbh. Más scéal bréagach é, tá sé ciontach
in dá pheaca mharbhthacha, sé sin i monabar agus i mbréigmhaslú.
Má bhíonn an duine láithreach, beidh an cúlchainteóir ciontach i
dtrompheaca eile, sé sin, in easmailt agus i ndiamhaslú.



21. Táid ocht slí lena mbítear ciontach i monabar: sé sin le
fírinne, le héitheach, le lochtaí foilíosacha dhuine do chraobhscaoil-
eadh gan chúis, le labhairt go mí-fhabhrach ar a mhaithghníomh-
artha nó a dhea-cháilíochta do shéanadh, le gan focal do rá ar a shon
as a dtuigfar go bhfuil sé ciontach, le fuarchomhrá nó spaidmholadh
do dhéanamh air etc.. Bíd so go léir ciontach i monabar do chomh-


L. 13


airlíonn a dhéanamh, do chuireann ar aghaidh é, nó ná coisceann é
nuair fhéadfaidís agus ba cheart dóibh é.



22. Mar an gcéanna, an mhuintir do thaispeánann gur taitneamh-
ach leo é bheith dhá dhéanamh cé ná deirid féin aon ní, an mhuintir
do chraobhscaoileas coir dhuine fé oibleagáid dhlúthrúin, agus an
mhuintir, gan aon choir fé leith dh'ainmniú, a deir go ndearna an
duine gníomh do mhaslódh go deo é dá bhfaighthí amach air é.
Mar ní hé amháin go mbaintear a chlú dho dhuine air an modh so
ach is minic do bheirid an mhuintir do bhíonn láithreach barúil gur
mó agus gur measa an gníomh ná mar atá sé. An té níos monabar
ar dheichniúr, bíonn sé ciontach i ndeich peaca mhóra, agus dá
mhéad a bhíonn láithreach as móide a chionta é, mar a chailleann
an té cáintear a dhea-chlú ina mbreithiúnas go léir.



23. Áiríonn Naomh Pól an monabar i measc na bpeacaí marbh-
thacha Róimh.I Caib.v.30; is fuafar le Dia lucht na cúlchainte
I Coir.:6 v.10, ní shealbhóid, a deir sé, lucht a dhéanta ríocht
Dé. Go dearfa, ní bheidh iongnadh ar éinne an breithiúnas uafásach
so do chlos dá thabhairt ar lucht na míscéal má thugann sé fé
ndeara an díobháil gan áireamh do thagann díobh, cad í an earraid
do tharraingid siad idir mhuintiribh, gach bruíon, imreas, toirmeasc
agus cogadh do thagann dá ndeasca, a liacht do lánúna pósta do
chuirid ó chéile, a liacht do mhílte fear agus bean neamhchiontach
do mhillid siad, do chailleann a ndea-cháil leo gan súil lena casadh,
mar as rófhánach do castar í, do bhrí go gcreidid mórán ar feadh a
saoil an ní a chualadar agus go bhfuil, nách mór, an uile dhuine claon
chun drochthuairim do thabhairt dá chomharsain.



24. Ón bhfoghail mhór so do níonn sí, is ea thugaid lucht scríofa
na leabhar claíomh na dtrí bhfaobhar ar theanga an mhonabair,
mar a mhilleann sí le haon iarracht anam an té níonn é, anamnacha
na muintire do chloiseann é, agus do bhíonn ciontach ann in aon tslí
dhos na slite do hainmníodh thuas, agus clú an té cáintear. Ní
féidir súil a bheith go bhféachfaidh an duine monabrach dhá
namhaid ná dhon mhuintir ná fuil báidh air bith aige leo, an tráth ná
féachann sé dhá charaid. Cá liacht am do chualaís é ag lochtú
dhuine dár mhó ba chóir a chumann ná dhuitse? Bí deimhneach
gur cháin sé thusa nuair a thugais do chúl leis.



25. Ní féidir muinín do bheith go bhféachaidh sé don té tá
ciontach an tráth a ghoineann a theanga an té tá neamhchiontach,
mar is é is nós aige an bharúil is measa do thabhairt do ghníomhartha
an uile dhuine agus camshlite do chur ina leith do scuabfadh dhíobh
nó do laghdódh gach meas dá bhfuil orthu. Óna iompar ba dhóigh
leat go mbeadh díol dó chun gach éinne do mhaslú. Ní dóch<a>
go bhféachfaidh sé dhos na beoibh nuair ná féachann sé dhos na
mairbh.


L. 15


Críochnaíd scanraí an bháis nuair a scarann sé an t'anam
leis an gcolainn. Cé dhea tar éis an bháis dá ídiú, níl fear
an mhonabair réidh fós leis. Leanann sé ar an dtaobh thall don
uaigh é, do bheir sé a bhreithiúnas air, agus gan spéis do chur insa
bhreithiúnas do thug Dia ar an muintir d'fhág an saol so; comh-
chuntas dobheir siúd orthu, pé acu sabhálta no damanta táid. Ní
hiongnadh ná raghaidís peacaigh bhochta beo ná marbh óna gcáin-
eadh ag lucht a n-imdheargtha an tráth ná deaghaidh Íosa Críost,
breitheamh na mbeoibh agus na marbh uaidh. Deiridís cuid dos na
Giúdaigh (Iúdaíochaibh) leis: "Nách mac saoir é seo?" Cuid
eile: "tá sé craosach, ólach; cimeádann sé cuideachta le daoine
dhon cháil is measa". Deireadh drong acu go raibh sé a seilbh an
deamhain agus fós ard-dhiabhail; gur lena chúnamh do níodh sé
míorúiltí, do leighiseadh sé na hothair, do bheireadh sé a radharc
dos na daill, a rian dos na murtaill agus d'athbheodhadh sé na
mairbh.



27. Do rinneadh úsáid don mhonabar, ní hé amháin i gcoinne
phearsan agus chlú Chríost agus chun an chreidimh chríostúil do
mhúchadh ina fhíorthosach, ach fós is leis do mheall an diabhal
Éva i ngairdín Pharthais. Do labhair sé léi as béal nathair nimhe
agus do mhaslaigh sé Cruthaitheoir an domhain ag rá léi gur le
formad léi féin agus lena fear do choisc sé orthu toradh crainn
áirithe do bhlas ar eagla go ndéanfadh sé déithe dhíobh mar é féin.



28. Anois d'ainneoin gach foghla dhá ndeárnaidh an monabar san
uile aimsir ó shin, tá sé fós dá chleachtadh ar fuaid an tsaoil ní
hé amháin i gcathracha agus i mbailte móra ach insna bailte beaga
tuaithe is iargúlaí mar a dtarraingeann sé conspóid agus imreas.
Má fhuaraid so tamall, brisid amach arís ar an ócáid is suaraí le
breis fíochmhair<e> agus bíd na daoine ann i síorearraid le chéile.
Níl éinne dhá mbíonn i mbaile bheag ná bíonn asachán éigin aige le
déanamh leis an gcuid eile go léir agus seanchaíocht orthu; agus
bíonn sé ullamh chun iad do scéachaint nuair a thitid amach leis.



29. Úsáid na mbeithíoch adharcach do thugaid siad dá chéile.
Nuair thieann bó le laige nó le hanascar, do bhíonn sí ag broic le
héirí agus ná féadann, bailíd an chuid eile dhon airnéis ina timpeall;
cromaid ar ghéimrigh agus in ionad chúnamh a thabhairt di chun
éirithe, ropaid lena n-adharca í agus maraíd. Mar an gcéanna,
nuair a níonn comharsa drochbheart go neafaiseach nó tré lagachar,
in ionad na drochbhirti do cheilt, a leithscéal do ghabháil, ná díchill
do dhéanamh ar é thartháil ó mhíchlú, an chéad duine do gheobhas
amach an bheart, craobhscaoilfidh sé agus géimfidh go hard nó go
mbailídh aicme an mhonabuir go léir agus go ropaid a chlú.


L. 17


Ní ithid na leoin ná na machtírí a chéile agus fós ní bhíonn
diabhal i gcoinne diabhail eile ach bíd go léir d'aon bhuíon <?>; ach
déinid na daoine agus iad ar a slí chun na síorachta a chéile mharú;
feallaid, meallaid, fuathaíd agus asmailtid a chéile. Áiríd siad go
léir gur mór an séan do dhuine dea-cháil do bheith air agus gur
danaíd mhór leis a cailliúint agus nách mór an iongnadh ar a shon
san ná cuirid, go dtí fíor-bheagán acu, spéis - agus nách scrupalach
leo - a baint dá chéile? An ladrann do bhaineann airgead díot ar
an mbóthar mór do rug sé uait ní do bhí id sheilbh, ní do bhí i
seilbh na mílte romhat agus do bheidh i seilbh na mílte tar éis é
siúd do scarúint leis. Ach baineann an cúlchainteoir do chlú dhíot,
ar a raibh ceart gan roinnt agat agus is mó dho b'fhiú ná suim airgid.
Chun a thairbhe féin do bhaineann an bithiúnach airgead díot,
ach nuair a bhaineann sé do chlú dhíot, milleann sé thusa gan aon
tairbhe dhó féin.



31. An té 'nar mian leis gadaíocht do dhéanamh, ní mór dhó
féachaint roimhis mar mhaithe leis féin. Ní foláir dhó aimsir, ionad
agus caoi áirithe d'aimsiú. Ach coscrann an cáinseoir isló agus
istoíche, i bhfios agus i ganfhios, a charaid agus a namhaid, an
ciontach agus an neamhchiontach, na beoibh agus na mairbh.
An té ghoideann cuid a chomharsan, bíonn sé go minic i gcumas
leorghníomh iomlán do dhéanamh leis, ar chor ná bainfidh aon
dochar dhó dhá dheasca. Ach an té bhaineann a chlú dho dhuine,
ní dhéanfaidh se cúiteamh go deo, agus ní fhéadfaidh a dhéanamh
insan éagóir do rinn sé air.



32. Dá mbeadh an locht so gan bheith ach ar bheagán, nó ná
beadh sé dhá chleachtadh ach ag an gcuid is otaire dhos na daoine
do shíolraigh ó dhrochaicme do tugadh suas gan chreidiomh gan
mhacántacht, cé go mba thrua linn a gcor, níor leor é chun ard-
fheirge do chur orainn. Ach nuair a chímid na mílte dho dhea-eolas,
d'fhoghlaim rialacha chreidimh Chríosd agus ar a dtugthar daoine
galánta, tugtha dhon locht uafar so agus dá chleachtadh gan
scrupal, bíonn éacht agus iongnadh orainn an uile ghné daoine
d'fheiscint teimhealaithe aige go fiú daoine do háiríthear a bheith
rialta cráifeach. Ar chor gur cosúil an saol so le hoispidéal mór ina
mbeidís iomad daoine breoite ann agus iad ag fonóid fé chéile: na
daill ag fonóid fés na daoine bodhra <'> cheann gan éisteacht do
bheith acu, agus iad so ag tabhairt drochmheas <? leg. - ais> dóibh-
sean <'> cheann ná fuil radharc acu; agus an mhuintir atá bacach ag
magadh fúthu araon.



33. Bíonn gach éinne dall ar a lochtaí féin agus géarbhreithnitheach
ar lochtaí dhaoine eile, cé go ndeir ár Slánaitheoir nach cuí dh'éinne
cáim d'fháil ar a chomharsain fad do bheidh eire lochtaí air féin.


L. 19


"Cad é an fáth", a deir sé "'na bhfeiceann tú an cáithnín i súil dhuine
eile agus ná feiceann tú an tsail id shúil féin? A bhréag-chráifigh,
bain ar dtúis an tsail as do shúil féin chun go bhfaighthá radharc ar
an gcáithnín do bhaint as súil do chomharsan.



34. Nuair a níonn an gabháltaí, an ceannaí nó an ceardaí a ghnó
féin go slachtmhar, suíd síos ar a suaimhneas agus ní théid ag
scoraíocht ar fuaid baile mhóir ná tuaithe chun a bheith ag tabhairt
ghnótha dhaoine eile fé ndeara; do bhrí, dhá gcaithidís an aimsir
mar so agus faillí a dhéanamh dhá gcúram féin, go n-áireodh an uile
dhuine go mbeidís ar mire, nó air díth céille. Cad é an fáth ná
déinid daoine so i ngnó a n-anma? Cad é an fáth ná tosnaíd siad
lena mbeatha féin do leasú? An ghontacht agus an ghéire tá acu
do chur i bhfeidhm chun a lochtaí féin do bhreithniú go dlúth agus
gan taobhaíocht, do bhrí ná fuil éinne saor uathu, in ionad a bheith
dá ndamaint féin, ag maslú chách eile gan dóchas ar bith acu ná
aon chaitheamh i ndiaidh a leasaithe.



35. Óir mara gcloisidh an té cáintear cad dúradh leis, ní leigfidh
sé an locht de do cuireadh ina leith; agus má chloiseann is dóichí go
mbeidh mioscais aige dhon té cháin é ná go ndéanann sé aon dícheall
ar é féin do leasú. Más ó nádúir atá creim choirp ná anma air, sé
an té chruthaigh é lochtaíthear agus ní hé féin. Má tá éalaing air
lena chionta féin, is cóir trua bheith dhó agus eagla do bheith ar
lucht a cháinte go mbainfeadh an toirmeasc céanna dhóibh féin.



36. Do bhí sé siúd seal chomh saor ón locht atá air is do mheasann
an té cháineann é féin do bheith, agus ba cheart dó aire dho thabh-
airt le heagla go ndéanfadh cinniúint éigin nár shíl sé, cath dhian <?>
nó tiamtáisiún ón áirseoir, neamhshuim i ngrásda Dé, nó ceann do
shaigheadaibh an diabhail é leonadh i gcás go mbeidís daoine eile
dhá cháineadh agus ag déanamh fonóide fé. Is eagal dó so dho
thitim amach sula gcríochnaígh a shaol, do bhrí go ndeir Dia insa
8ú caibidil v.13 do Leabhar na Sean-Fhocal, gur fuafar leis
an béal ina mbíd dá theanga, sé sin, teanga chun na comharsan do
mholadh nuair a bheidh sé láithreach, agus teanga chun é mhaslú
nuair iompóidh sé a dhrom.



37. Dá fheabhas dath do bheas ar chapall agus dá bhreáthacht
a ghéaga, má bhíonn mairc ná othras air is orthu thuirlingeoidh
an chuil agus do dhéanfaidh sé foghail. Mar an gcéanna, dá
fheabhas agus dá mhéad dea-cháilíochta do bheas i nduine, má
bhíonn aon - go fiú aon locht amháin air, air sin gan agó do thuir-
lingeoidh an cúlchainteoir agus is é bheas cónaitheach ar a theangain
aige.



38. Seo mar tá an ní: ar nós mar mheasann an té 'na mbíonn
an galar buí air, gur buí bhíonn gach ar a bhféachann sé, mar an
gcéanna an mhuintir do thugann iad féin ar a bheith ag lochtú
dhaoine eile, tagann buíghalar anma orthu do chuireann mídhath


L. 21


ar na maithghnomhartha féin nuair a féachtar orthu le claonshúil
chealgach agus do cuardaíthear iad le teanga neanntúil an
mhonabair.



39. Anois cé go bhfuil an domhan tuilte dhon tsórt so daoine,
tá an monabur chomh gráiniúil sin ina mbreithiúnas féin, nach áil
le héinne meas dhuine monabraigh a bheith air agus go mbeartaíonn
mórán slite chun ná cuirfí ina leith é. Tarraingeann duine chuige
chun go n-áirófí go bhfuil sé gonta, duine chun a thaispeáint cad é
<a> fheabhas d'fhéadann sé aithris do dhéanamh, duine i leith
muintiris, duine i leith díograis creidimh, duine eile fé chlóca
diagasúlacht, dá rá gurb oth lena chroí an mhíchlú fuair an té so nó an
té úd, 'na raibh tamall meas rómhór aige air a dhea-iompar, agus
gur rómhór é a dhoilíos ó nithe a chuala sé go déanach, nár dhuine
mar a shíl sé é.



40. In aon fhocal, níl cló air bith ná curthar ar an monabar;
ach in gach cló, in gach dath, dhá gcurthar air, is monabar fós é
; ní déantar ach ór do chur air an bpiollaire <?> agus ní sliogthar, go brách
é níos cíocrasaí, agus ní shladann sé dea-cháil an té 'na labharthar
go holc air níos fórlíonta ná nuair a déantar é i leith muintiris,
creidimh, nó diagasúlacht.



41. An bhfuil sé labhalta mar sin ar aon chor trácht ar lochtaí
dhaoine eile ná a rún do leigean le héinne? Tá sé labhalta so dho
dhéanamh chun iad féin nó daoine eile do shábháil ó dhíobháil mhór
anma nó choirp; ach insan am gcéanna tá sé dh'fhiachaibh ar an té
fhoilseos air gan faisnéis do dhéanamh thar mar bheidh riachtanach
chun na díobhála do chosc.



42. Má fuaras amach go bhfuil duine ar thí dhuine eile do mharú,
do chreimiú, nó a thigh <a> dhó, ínsim dhó an díobháil do bagaradh
air agus cuirim ar <a> aireachas é. Tá san ceart le déanamh.
Ciméadann ógánach cuideachta le lucht óil, nó óigbhean le daoine
ar a bhfuil drochthuairisc; cuirim in iúil dá muíntir é, chun ná
tarraingeofaí chun a n-aimhlis do dhéanamh iad. Ní hé amháin ní
pheacaím leis an bhfaisnéis so do dhéanamh, ach is oibligáid (dualgas)
do cheangalann creideamh orm é, mar ghrá dhon chomharsain.



43. Ar gach aon ócáid eile 'na mbeidh trácht dá dhéanamh ar chlú
na comharsan, gach a ndéarfaidh duine, tá sé dh'ualach air a rá le
sprid cheansacht agus charthanacht, pé olc a ghníomhartha; agus
gan a dhearúd, cé gur drochdhuine sa bhliain so é, go mb'fhéidir go
mbeadh sé ina dhea-dhuine sa bhliain so chúghainn.



44. Iompaíonn an saor an chloch nó go bhfaigheann sé an dul
ar féidir a cur; mar an gcéanna as ceart do Chríostaí, nuair a bheidh
a chlú dhá baint do dhuine, é chur sa riocht is fearr d'fhéadfaidh sé
agus dá mbeadh míle aghaidh ar an scéal, an taobh is fabharaí dhe
do thabhairt amach, do bhrí gur comhartha go bhfuil lámh ag Dia


L. 22


insa té is fabharaí do labhrann ar gach éinne agus go dtabharfaidh
sé breithiúnas gan trócaire ar an té ná taispeánann trócaire dho
dhaoine eile.



45. Níl éinne againn gan a lochtaí féin agus a dhrochlaonta le
cloí aige, agus dá bhrí sin, in ionad a bheith ag tabhairt drochmheas
dá chéile agus ag méadú ár n-ainnise, ba chóir dhúinn a bheith
truamhéileach dhá chéile agus cabhair d'iarraidh dúinn féin agus do
chách eile ar an Liag Neamhga, mar is aige amháin tá ár leigheas go
léir; agus grásta chun srian do chur lenár dteangacha, chun ná
dearúdfaimis go brách cad deir an tAspal linn: "Gur díomhaoin
dúinn a bheith inár gCríostaithe, inár gCatoilicí agus rannpháirteach
insna sácraiminí, mura gcoisceam ár dteangacha"; agus mar a
gcéanna ráiteachas ainmniúil Naomh Tomás a deir linn: "Díbrigh
ónúr mbéal an chúlchaint agus bígí deimhneach, dá n-ithfeadh sibh
luaith an tinteáin i leith aithrí, ná faighidh sibh tairbhe ar bith ó aon
chruagáil dá gcuirfidh sibh oraibh féin, mara staonfaidh sibh ó
mhonabar", mar nách féidir le héinne <a> anam a shábháil gan grá
a bheith dhon chomharsain, agus ná gránn éinne a chomharsa do
bhaineann a chlú dhe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services