Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Rialacha do Chúirt Éigse i gConndae an Chláir
Title
Rialacha do Chúirt Éigse i gConndae an Chláir
Author(s)
Ó Míodhcháin, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1780
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1964-1966)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A shaóithibh agus a cháirdibh ionmhuin Sé fáth ar ttinóil an so le fonn agas fíormhían ar tteanga mhilis mháthardha .i. an Ghaoidhilg ghléarfhoclach d'athnúadh agas do leasúgha; óir san am so 'na bfuil prímhcheannaibh priuinseámhuil agas fosttaoidhibh fíoruaisle ar ttíre ag saothrúgha ar sáordhacht go fír- dhíleas a mórdhail na hÉireann a mBéul Átha Clíath is cuibhe agas is dlightheach dhúinne, an beagán atá re léughadh agus litirealuídhe ionar measg, congnamh re chéile go dúthrachtach dilcroídheach chum na léirtheangan líonfhoclach so d'fúasgladh as annbháth agus do níamhghlanadh ó dhúirfhíadhlibh, do bhrígh nách fuil ilbhéarla san mbioth is óirdheirce na teanga dúthchais ar sean do cleachtaoi go coitchionn san oileán so le naóimh agus díadharibh a n-am dith- chreidmheach do theagasc agus do shocarúdh a staid ghlórmhuir an chreidimh chríosttamhuil. Ar an modh ccéadhna bo docht agus fós bo náireach gan be sprae tá gan múcha don teangain tsuairc réamhráidhte d'adhnadh agus do aithbheógha a cContáe chaóinthorthach an Chláir, do bhríogh go raibh saórchlannaibh sáirghníomhach Tuamhúmhan, aimsir imchian roimhe seo, iomráidhteach tré 2 a ngaóis, a n-oll- amhantacht, a ngéurthuigsin agus a bfoghluim san bprímhtheangain ccéadhna. Dá réir sin ar n-osgladh ar suagthionóill is ríachtanach dhúin suím reachtaibh do chur a n-eagar le riaghlúgha na raón is mían lín do leanamhuin. Ar dtuis - gan aón do ghlaca san suagdhail so acht fear fíoreólach san nGaoidhilg, ach amháin dreamm do bheigh tuigseach a n-ealuídhibh nú a n-ilbhéurlaibh eile lear mían an Ghaóidhilg
d'foghluim agas do leanamhuin; óir do gheabhaid sin a dteagasg ínte ó amm go hamm mas ionfhoghlomdha iad. An 2ra ríaghail - gan teanga air bioth do labhairt san súagdháil acht an Ghaoidhilg go héirge don chúirt, amháin muna mbeadh ríachtanas crúadhfhocal do mhíniúgha d'aineólach san dteangain. An treas reacht - gan aón neach do thaircisniúdh tré bhárr uaisle foghlomtha ná fíreóluis do bheith ag neach eile air, a bpéin peannuide don chionntach agus a ruagadh go heasonórach as an ccomhlúadar. 3 an 4ramha reacht - cead labhartha ag gach n-aón san ttionól do réir a chéime gan toirmeasg ó neach eile go beith dá chomh- rádh críochnuighthe. An 5údh reacht - gach aón ó amm go hamm lea ccasfar seanstair suídhte nu seandán snígheamhtha seanachais a chúmhdach agus a thabhairt g'nuig an ttionól chum a athnúadh; fós aón neach lea cceapfar dán nú abhrán gan cead bheith aige a chraóbh- sgaoileadh go teacht do ar dtúis do láithir na súagdhála agus a dhéantúghas d'foillsiúdha; an sin ma cíutar go mbeadh a shaóthar deadhchúmtha bhéarfar sgríobhtha do channtuire na cúirte é chum a fhóirleathnúgha. An 6úgh reacht - A bheith ceangailte go cínte ar gach aón don dáil lea ccasfar seideánach seasg saóbheólach agus míllteóir dáin agus abhráin do mheallas an chómhchoitchinne a mbréig- riocht file foghlomdha fírghrinn, foíllsiúgha do dhéanamh air iondus go ttabharfaói faói dhlígh na n-ollamhan é go fíreasga. An 7úgh reacht - caithfidh gach n-aón ler mían bheith san ttionól réamhlabhairt le duine eigin dona súagaibh d'foillseos a inntinn a lántionól na n-éigse, agus mas iontoghtha do glacfar isteach é an lá tionól is neasa dho. 4 8úgh ríaghail - gan síorruígheacht do bheith ag aón don tionól air leabhar na lamhsgríbhinn do cruinneófar chum úsáid coitchion na súag, ach a mbeith a ccúmhdach ag fíorneach toghtha don dáil is aitightheóir san mbaile fae chómhuir na druinge thiocfas ionar ndíaigh lea leanfar go soiléir suím na reacht do cheapadh- muir. An 9úgh reacht - caithfidh gach cúram diongamhála is dlightheach do gach árdchéimeach d'faicsin leirchríochnaighthe faé mar atá breitheamh reacht, cúmhdaighthóir na anamthreóruíghe, feidhimollamh, dailsgríbhneoir, agus cómhuirleach a bheith ainimnighthe go heidirdhealbhtha ionnas go madh léir do gach céimeach díobh a ghno fein go cinnte.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services