Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rialacha do Chúirt Éigse i gConndae an Chláir

Title
Rialacha do Chúirt Éigse i gConndae an Chláir
Author(s)
Ó Míodhcháin, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1780
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1964-1966)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A shaóithibh agus a cháirdibh ionmhuin



Sé fáth ar ttinóil an so le fonn agas fíormhían ar tteanga mhilis
mháthardha .i. an Ghaoidhilg ghléarfhoclach d'athnúadh agas do
leasúgha; óir san am so 'na bfuil prímhcheannaibh priuinseámhuil agas
fosttaoidhibh fíoruaisle ar ttíre ag saothrúgha ar sáordhacht go fír-
dhíleas a mórdhail na hÉireann a mBéul Átha Clíath is cuibhe agas is
dlightheach dhúinne, an beagán atá re léughadh agus litirealuídhe
ionar measg, congnamh re chéile go dúthrachtach dilcroídheach chum
na léirtheangan líonfhoclach so d'fúasgladh as annbháth agus do
níamhghlanadh ó dhúirfhíadhlibh, do bhrígh nách fuil ilbhéarla san
mbioth is óirdheirce na teanga dúthchais ar sean do cleachtaoi go
coitchionn san oileán so le naóimh agus díadharibh a n-am dith-
chreidmheach do theagasc agus do shocarúdh a staid ghlórmhuir an
chreidimh chríosttamhuil. Ar an modh ccéadhna bo docht agus fós bo
náireach gan be sprae tá gan múcha don teangain tsuairc réamhráidhte
d'adhnadh agus do aithbheógha a cContáe chaóinthorthach an Chláir,
do bhríogh go raibh saórchlannaibh sáirghníomhach Tuamhúmhan,
aimsir imchian roimhe seo, iomráidhteach tré 2 a ngaóis, a n-oll-
amhantacht, a ngéurthuigsin agus a bfoghluim san bprímhtheangain
ccéadhna. Dá réir sin ar n-osgladh ar suagthionóill is ríachtanach
dhúin suím reachtaibh do chur a n-eagar le riaghlúgha na raón is
mían lín do leanamhuin.



Ar dtuis - gan aón do ghlaca san suagdhail so acht fear fíoreólach
san nGaoidhilg, ach amháin dreamm do bheigh tuigseach a
n-ealuídhibh nú a n-ilbhéurlaibh eile lear mían an Ghaóidhilg


L. 217


d'foghluim agas do leanamhuin; óir do gheabhaid sin a dteagasg
ínte ó amm go hamm mas ionfhoghlomdha iad.



An 2ra ríaghail - gan teanga air bioth do labhairt san súagdháil
acht an Ghaoidhilg go héirge don chúirt, amháin muna mbeadh
ríachtanas crúadhfhocal do mhíniúgha d'aineólach san
dteangain.



An treas reacht - gan aón neach do thaircisniúdh tré bhárr uaisle
foghlomtha ná fíreóluis do bheith ag neach eile air, a bpéin
peannuide don chionntach agus a ruagadh go heasonórach as
an ccomhlúadar.



3 an 4ramha reacht - cead labhartha ag gach n-aón san ttionól do
réir a chéime gan toirmeasg ó neach eile go beith dá chomh-
rádh críochnuighthe.



An 5údh reacht - gach aón ó amm go hamm lea ccasfar seanstair
suídhte nu seandán snígheamhtha seanachais a chúmhdach agus
a thabhairt g'nuig an ttionól chum a athnúadh; fós aón neach
lea cceapfar dán nú abhrán gan cead bheith aige a chraóbh-
sgaoileadh go teacht do ar dtúis do láithir na súagdhála agus a
dhéantúghas d'foillsiúdha; an sin ma cíutar go mbeadh a
shaóthar deadhchúmtha bhéarfar sgríobhtha do channtuire
na cúirte é chum a fhóirleathnúgha.



An 6úgh reacht - A bheith ceangailte go cínte ar gach aón don
dáil lea ccasfar seideánach seasg saóbheólach agus míllteóir
dáin agus abhráin do mheallas an chómhchoitchinne a mbréig-
riocht file foghlomdha fírghrinn, foíllsiúgha do dhéanamh air
iondus go ttabharfaói faói dhlígh na n-ollamhan é go fíreasga.



An 7úgh reacht - caithfidh gach n-aón ler mían bheith san ttionól
réamhlabhairt le duine eigin dona súagaibh d'foillseos a inntinn
a lántionól na n-éigse, agus mas iontoghtha do glacfar isteach é
an lá tionól is neasa dho.



4 8úgh ríaghail - gan síorruígheacht do bheith ag aón don tionól air
leabhar na lamhsgríbhinn do cruinneófar chum úsáid coitchion
na súag, ach a mbeith a ccúmhdach ag fíorneach toghtha don
dáil is aitightheóir san mbaile fae chómhuir na druinge thiocfas
ionar ndíaigh lea leanfar go soiléir suím na reacht do cheapadh-
muir.



An 9úgh reacht - caithfidh gach cúram diongamhála is dlightheach
do gach árdchéimeach d'faicsin leirchríochnaighthe faé mar
atá breitheamh reacht, cúmhdaighthóir na anamthreóruíghe,
feidhimollamh, dailsgríbhneoir, agus cómhuirleach a bheith
ainimnighthe go heidirdhealbhtha ionnas go madh léir do
gach céimeach díobh a ghno fein go cinnte.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services