Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Poems from a Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh
Title
Poems from a Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh
Author(s)
Mac Muireadhaigh, Cathal,
Compiler/Editor
Matheson, Angus
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1964-1966)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
POEMS FROM A MANUSCRIPT OF CATHAL MAC MUIREADHAIGH II MO-CHEAN DO-CHONNARC A-RÉIR Mo-chean do-chonnarc a réir, ní h-amharc nach fhuil ar mh'úidh; mé ar mire dá mheanma ghráidh, cridhe sáimh ní dhearna dhúinn. Tarbhás damhsa Domhnall Gorm, dar leamsa, i n-orlainn a arm, i mbeirt shéanta ó dheallradh is dhealbh, dar ceangladh sealbh bréagtha badhbh. d'éis aisdir, mar bhudh fhíor dhamh, mé dá fhaigsin go bhfíoch fear; sról casda ós a chionn dá chur, dar liom, go brugh gasda geal. Suidhidh san bhrugh an fial fionn lucht gliadh ar nach fuighthí feall; dob iomdha soighnéan sról ndonn 's ól trom go coimhghéar fá cheann.
Mar do-chuamar i gceann sgéal, dar liom níor uaigneach ar n-ól; dom chridhe budh coimhghe shíor fíon ga ibhe oirne a h-ór. Rém ghrádh do dhruideas 'na dhiaidh, gur chuireas mo lámh 'na láimh; tug dar liom, gér thuaraim thnúidh, a ghualainn dúinn ós chionn cháigh. Tar éis m'aitheanta i gcionn cháigh, 's é ag agallaimh riom go réidh, 'na dhigh shláinte budh dluigh dhúinn fáilte rúin rom-chuir i gcéill. Dar leam go dtáinig dom fhios, gur theann fám bhrághaid a bhos; mar bhudh gnáth níor cheilte an cleas, teas ar seirce ós chách do-clos. Mé lán aoibhnis, mar bhudh eadh, ó shaoileas mo ghrádh im ghar; bos ghealbhbog i ngliaidh nár thugh, dul 'na dhiaidh is dearmad dhamh.
Clisgim a soin as mho shuan ag féachain cár ghabh mo ghaol; uch, a Dhé! is damhna dom chrádh, ní h-é ar ngrádh tarla rém thaobh. Corrach an téarnódh i dtám tre ó Colla d'éalódh uam; sé dá dhaoirmheas liom go lór, gér mhór d'aoibhneas sionn 'nar suan. Do ísligh sin mh'aigneadh ard gan a fhaigsin feadh na bhforb; an fear féin do chách rom-chealg, fáth dom shearg nach léir a lorg. Uch! dá mbeith ar searc-ne a sunn, dul 'na leith níor leisge leam; do bhiadh go suairc a rún riom 's a chúl sliom ar chuairt 'am cheann. Bos ghlaicgheal na gcleas gan cheó, gan bheith 'na chaidreabh rom-chná; ní h-é a thoil mar a-tú, gan mhé a-nú san toigh i dtá.
... soir is slat Nis, uch nach fhuilim bos i mbois 's mé do shíor ar luadhaill leis, nó ar ghualainn deis ríogh Rois. Fear mar Ghuaire do-gheibh chlú, mo ghroigh sin, mo bhuaile bhó; mar chéile dom thaobh a-tá, mo lá gréine, mo chraobh chnó. Ar bhfíon abaigh, ar gcruit cheóil, ar muir mín, ar maidean Mháidh, iasg ar n-inbhir, tuigse ar dtúir, uisge a h-úir thirghil nach tráigh. Eó uaibhreach ó ríghEas Ruaidh, ar n-aoibhneas, ar n-uaigneas óil, ar bhfreasdal um chion i gcéin, ar miodh séimh a h-easgar óir. Slat a caolach Cholla Uais, mh'aonbhrath oinigh go neart nóis; tig d'fhoiléim ar faithche i bhfís, grís aighthe ar roinéimh róis.
Mac Ghiolla Easbuig, flaith fial, ó a measmaid gach maith 'na mhúr, 'ga n-anann do ghnáth mo ghaol, ar mbláth caor, ar n-abhall úr. Tug céim tar chinidh na gcríoch, dá fhilidh ní léir a luach; sé tar chách thoghbhaim mar thriath, ar sgiath chomhlainn, táth na dtuath. Sé do chliaraibh as chairt eóil, a bhladh ní diamhair ar dháimh; ar bhfíon seice, rinn ar rúin, ar n-eite lúidh tar linn láin. Géag chumhra do chin ó Chonn, ag sin mo lubhghort, mo lionn; fáth mo cheana do ríomh rann, ar gcrann meala go bhfíon fionn. Mithigh, a dhreagan Dúin Tuilm, do thoigheacht dár dtúr le ... sibh ar mbun seasda in gach snaidhm, is th'ainm ar ndul feasda ....
Léig go cách do chobhlach cniocht i dtráth cobhra a nois le neart; ar súil thrá d'fhíorbháidh as th'ucht, lucht ar ndíobhdháidh gé tá ag teacht. Mar chioth ag teannadh go trágh léig rioth dod chnarraibh i gcuan; obar as damhna dár ndíon, síodh nó cogadh badhbha buan. Brath ag ar n-easgcairdibh oirn, gabh rér dteasargain ón teidhm; léig budh dheasda, a Dhomhnaill Ghuirm, doghrainn ar mhuirn feasda i bhfeidhm. Gan díol éigni uait i sriobh, gan díth cnuais i bhféigibh feadh; teisd ghnáth ar do chlú dá chor gur bhlogh tú ó chách mo chean. Mo-chean.
III A SHEÓNÓID MÉADAIGH MEANMA A Sheónóid méadaigh meanma; tuig thrá toil an Tighearna do dhéanaimh, a chnú chridhe, 's tú d'fhéaghain dá oirbhire. Fuarais roimhe 'na ghrís ghoirte bás Eóin is Iarla Síphoirte; is fios a reilge ar n-éag ann, ór fhéad nach feirrde bhur bhfulang. Glac ó Dhia aoibhneas oile i n-ionadh bhur n-eólchaire; beir buidhe do Dhia na ndúl; cia ar nach cluine caochlúdh? Fa ní dá dhoilghe ar domhan déana Íosa d'adhmoladh; gé bheith baoghal dhuid i ndán, tuig an saoghal ar seachrán. Nar chualais riamh do ró gráidh ó thús tochta an domhnáin - 's é dá rádh riamh mar oideacht - nach biadh crádh 'na chomhuideacht?
Léig do Dhia bhur ndobrón díbh; tiodhlaic t'inghean don Airdrígh; cuir sóláis céim tar chumhaidh, réim dóláis go ndiúltaighir. Tréig th'imshníomh ar aigneadh mear, ar mhuirn, ar mhacnas mhíleadh; a shubh fíneamhna, a ghéig ghlain, léig do mhímheanma ar mheadhair. Tuig fós mar do dhearlaig dhúin Rí na cruinne - is cúis iomthnúidh - a Mhac - ní h-é nárbh ionnráidh - is glac é mar eisiomláir. Cuimhnigh mar do-chuaidh sa gcrann Mac Dé dár ndíon a h-iofrann, meanma dár dtaobh mar do ghabh, go ndearna a thaobh do tholladh. Is tuigthe fós dod ghnúis ghil nach tug Dia dona daoinibh acht iasacht ar dhruim dhomhain, a dhiasfholt cruinn cladhamhail.
Cubhaidh dhuitse, a rosg ramhall, dá n-éisde rém uraghall, laoidh d'fhagháil do chosg cumhadh 's tosd i n-anáir ealadhan. A dul ar neamh giodh leasg linn, do Chaitir Fhíona is aoibhinn; maith an dícheal dá dreich ghlain bheith san rícheadh do roghain. Maith an rogha rug sise triall ón bheathaidh bhréigese go teagh na gclann gan choire thall i dteagh na trócaire. A-tá i measg aingeal is ógh, 'na diaidh ní déanta dobrón, 'na mionn shúl, ina gréin ghil gan phéin i ndún an Dúilimh. Damadh tarbha dhí nó dhúinn caoi chridhe fa cúis chaochlúidh do bhiadh leam cungnamh cumhadh le geall n-urrlamh n-ealadhan.
Gan mo thagra i n-ainmhibh mh'olc guidhim Mac Dé le dúthracht fam shaoradh ó ghuin an gha ler taomadh fhuil ó Íosa. A Sheón. IV DEIMHIN DO SHÍOL ÁDHAIMH ÉAG Deimhin do shíol Ádhaimh éag; ná bí fa bhrón, a Mhairghréad; ar ghrádh Dé coisg do chumhaidh ós é an toisg fa dtángabhair. Bíodh do chuimhne ar chúirt nimhe, teagh na naoi n-ord n-ainglidhe; dul don toigh is tuar faoilte, i bhfoil uall na h-éagcaointe. Cá fios go méara a-márach? A-tá an saoghal seachránach; cia nach gloinide dul de? Cur re foidhide as feirrde. Deimhin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services