Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Poems from a Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh

Title
Poems from a Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh
Author(s)
Mac Muireadhaigh, Cathal,
Compiler/Editor
Matheson, Angus
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1964-1966)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



POEMS FROM A MANUSCRIPT OF
CATHAL MAC MUIREADHAIGH



II



MO-CHEAN DO-CHONNARC A-RÉIR



Mo-chean do-chonnarc a réir,
ní h-amharc nach fhuil ar mh'úidh;
mé ar mire dá mheanma ghráidh,
cridhe sáimh ní dhearna dhúinn.



Tarbhás damhsa Domhnall Gorm,
dar leamsa, i n-orlainn a arm,
i mbeirt shéanta ó dheallradh is dhealbh,
dar ceangladh sealbh bréagtha badhbh.



d'éis aisdir, mar bhudh fhíor dhamh,
mé dá fhaigsin go bhfíoch fear;
sról casda ós a chionn dá chur,
dar liom, go brugh gasda geal.



Suidhidh san bhrugh an fial fionn
lucht gliadh ar nach fuighthí feall;
dob iomdha soighnéan sról ndonn
's ól trom go coimhghéar fá cheann.


L. 2


Mar do-chuamar i gceann sgéal,
dar liom níor uaigneach ar n-ól;
dom chridhe budh coimhghe shíor
fíon ga ibhe oirne a h-ór.



Rém ghrádh do dhruideas 'na dhiaidh,
gur chuireas mo lámh 'na láimh;
tug dar liom, gér thuaraim thnúidh,
a ghualainn dúinn ós chionn cháigh.



Tar éis m'aitheanta i gcionn cháigh,
's é ag agallaimh riom go réidh,
'na dhigh shláinte budh dluigh dhúinn
fáilte rúin rom-chuir i gcéill.



Dar leam go dtáinig dom fhios,
gur theann fám bhrághaid a bhos;
mar bhudh gnáth níor cheilte an cleas,
teas ar seirce ós chách do-clos.



Mé lán aoibhnis, mar bhudh eadh,
ó shaoileas mo ghrádh im ghar;
bos ghealbhbog i ngliaidh nár thugh,
dul 'na dhiaidh is dearmad dhamh.


L. 3


Clisgim a soin as mho shuan
ag féachain cár ghabh mo ghaol;
uch, a Dhé! is damhna dom chrádh,
ní h-é ar ngrádh tarla rém thaobh.



Corrach an téarnódh i dtám
tre ó Colla d'éalódh uam;
sé dá dhaoirmheas liom go lór,
gér mhór d'aoibhneas sionn 'nar suan.



Do ísligh sin mh'aigneadh ard
gan a fhaigsin feadh na bhforb;
an fear féin do chách rom-chealg,
fáth dom shearg nach léir a lorg.



Uch! dá mbeith ar searc-ne a sunn,
dul 'na leith níor leisge leam;
do bhiadh go suairc a rún riom
's a chúl sliom ar chuairt 'am cheann.



Bos ghlaicgheal na gcleas gan cheó,
gan bheith 'na chaidreabh rom-chná;
ní h-é a thoil mar a-tú,
gan mhé a-nú san toigh i dtá.


L. 4


... soir is slat Nis,
uch nach fhuilim bos i mbois
's mé do shíor ar luadhaill leis,
nó ar ghualainn deis ríogh Rois.



Fear mar Ghuaire do-gheibh chlú,
mo ghroigh sin, mo bhuaile bhó;
mar chéile dom thaobh a-tá,
mo lá gréine, mo chraobh chnó.



Ar bhfíon abaigh, ar gcruit cheóil,
ar muir mín, ar maidean Mháidh,
iasg ar n-inbhir, tuigse ar dtúir,
uisge a h-úir thirghil nach tráigh.



Eó uaibhreach ó ríghEas Ruaidh,
ar n-aoibhneas, ar n-uaigneas óil,
ar bhfreasdal um chion i gcéin,
ar miodh séimh a h-easgar óir.



Slat a caolach Cholla Uais,
mh'aonbhrath oinigh go neart nóis;
tig d'fhoiléim ar faithche i bhfís,
grís aighthe ar roinéimh róis.


L. 5


Mac Ghiolla Easbuig, flaith fial,
ó a measmaid gach maith 'na mhúr,
'ga n-anann do ghnáth mo ghaol,
ar mbláth caor, ar n-abhall úr.



Tug céim tar chinidh na gcríoch,
dá fhilidh ní léir a luach;
sé tar chách thoghbhaim mar thriath,
ar sgiath chomhlainn, táth na dtuath.



Sé do chliaraibh as chairt eóil,
a bhladh ní diamhair ar dháimh;
ar bhfíon seice, rinn ar rúin,
ar n-eite lúidh tar linn láin.



Géag chumhra do chin ó Chonn,
ag sin mo lubhghort, mo lionn;
fáth mo cheana do ríomh rann,
ar gcrann meala go bhfíon fionn.



Mithigh, a dhreagan Dúin Tuilm,
do thoigheacht dár dtúr le ...
sibh ar mbun seasda in gach snaidhm,
is th'ainm ar ndul feasda ....


L. 6


Léig go cách do chobhlach cniocht
i dtráth cobhra a nois le neart;
ar súil thrá d'fhíorbháidh as th'ucht,
lucht ar ndíobhdháidh gé tá ag teacht.



Mar chioth ag teannadh go trágh
léig rioth dod chnarraibh i gcuan;
obar as damhna dár ndíon,
síodh nó cogadh badhbha buan.



Brath ag ar n-easgcairdibh oirn,
gabh rér dteasargain ón teidhm;
léig budh dheasda, a Dhomhnaill Ghuirm,
doghrainn ar mhuirn feasda i bhfeidhm.



Gan díol éigni uait i sriobh,
gan díth cnuais i bhféigibh feadh;
teisd ghnáth ar do chlú dá chor
gur bhlogh tú ó chách mo chean.



Mo-chean.


L. 7


B 1635-40 17L
III



A SHEÓNÓID MÉADAIGH MEANMA



A Sheónóid méadaigh meanma;
tuig thrá toil an Tighearna
do dhéanaimh, a chnú chridhe,
's tú d'fhéaghain dá oirbhire.



Fuarais roimhe 'na ghrís ghoirte
bás Eóin is Iarla Síphoirte;
is fios a reilge ar n-éag ann,
ór fhéad nach feirrde bhur bhfulang.



Glac ó Dhia aoibhneas oile
i n-ionadh bhur n-eólchaire;
beir buidhe do Dhia na ndúl;
cia ar nach cluine caochlúdh?



Fa ní dá dhoilghe ar domhan
déana Íosa d'adhmoladh;
gé bheith baoghal dhuid i ndán,
tuig an saoghal ar seachrán.



Nar chualais riamh do ró gráidh
ó thús tochta an domhnáin -
's é dá rádh riamh mar oideacht -
nach biadh crádh 'na chomhuideacht?


L. 8


Léig do Dhia bhur ndobrón díbh;
tiodhlaic t'inghean don Airdrígh;
cuir sóláis céim tar chumhaidh,
réim dóláis go ndiúltaighir.



Tréig th'imshníomh ar aigneadh mear,
ar mhuirn, ar mhacnas mhíleadh;
a shubh fíneamhna, a ghéig ghlain,
léig do mhímheanma ar mheadhair.



Tuig fós mar do dhearlaig dhúin
Rí na cruinne - is cúis iomthnúidh -
a Mhac - ní h-é nárbh ionnráidh -
is glac é mar eisiomláir.



Cuimhnigh mar do-chuaidh sa gcrann
Mac Dé dár ndíon a h-iofrann,
meanma dár dtaobh mar do ghabh,
go ndearna a thaobh do tholladh.



Is tuigthe fós dod ghnúis ghil
nach tug Dia dona daoinibh
acht iasacht ar dhruim dhomhain,
a dhiasfholt cruinn cladhamhail.


L. 9


Cubhaidh dhuitse, a rosg ramhall,
dá n-éisde rém uraghall,
laoidh d'fhagháil do chosg cumhadh
's tosd i n-anáir ealadhan.



A dul ar neamh giodh leasg linn,
do Chaitir Fhíona is aoibhinn;
maith an dícheal dá dreich ghlain
bheith san rícheadh do roghain.



Maith an rogha rug sise
triall ón bheathaidh bhréigese
go teagh na gclann gan choire
thall i dteagh na trócaire.



A-tá i measg aingeal is ógh,
'na diaidh ní déanta dobrón,
'na mionn shúl, ina gréin ghil
gan phéin i ndún an Dúilimh.



Damadh tarbha dhí nó dhúinn
caoi chridhe fa cúis chaochlúidh
do bhiadh leam cungnamh cumhadh
le geall n-urrlamh n-ealadhan.


L. 10


Gan mo thagra i n-ainmhibh mh'olc
guidhim Mac Dé le dúthracht
fam shaoradh ó ghuin an gha
ler taomadh fhuil ó Íosa.



A Sheón.



IV



DEIMHIN DO SHÍOL ÁDHAIMH ÉAG



Deimhin do shíol Ádhaimh éag;
ná bí fa bhrón, a Mhairghréad;
ar ghrádh Dé coisg do chumhaidh
ós é an toisg fa dtángabhair.



Bíodh do chuimhne ar chúirt nimhe,
teagh na naoi n-ord n-ainglidhe;
dul don toigh is tuar faoilte,
i bhfoil uall na h-éagcaointe.



Cá fios go méara a-márach?
A-tá an saoghal seachránach;
cia nach gloinide dul de?
Cur re foidhide as feirrde.



Deimhin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services