Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Poems from a Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh
Title
Poems from a Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh
Author(s)
Mac Muireadhaigh, Cathal,
Compiler/Editor
Matheson, Angus
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1961-1963)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAIRG CHAOMHNAS A CHOLANN Mairg chaomhnas a cholann, a caomhna is cúis thruaighe; gá d'ulc, a Dhé, dúinne mé re h-ucht na h-uaighe? A lucht iarras onóir a h-uaill a dath diasfholt, dhuibh ní gann an ghuasacht 's nach fuil ann acht iasacht. An truaill-se i dtá sinne is sí ar mbiodhbha bunaidh; nocha naomhdha a h-ionaidh, a caomhna ní cubhaidh. Calann na nós neimhghlic, námha hí dom anmain, feacht oile dá h-iomdhaidh seacht dtroighe don talmhain.
Mairg do-chuaidh 'na comann, cré na n-inntleacht n-ainbhfial; uaimhneach dí a deighriar, clí uaibhreach na n-ainmhian. Sí le craos as ciontach re céad díle an domhain; cóir mo chailg 'na cionaidh, mairg do-chóidh 'na conair. Sgoltadh cridhe an Choimhdheadh 's céasadh a ghlac ngealbhog, sé oirne dá h-iomlad, oighre Dé do dhearmad. Sí 'na máthair mhallacht, mairg ghabhthar 'na gealltach; nach truagh meise am millteach le seise fuar fealltach? Sí le sal na sinnsear sinn go mailís múiridh; mé am biodhbhaidh dá báiribh fa dhiomdhaidh Dhé dhúiligh.
Do líon d'uabhar Éabha nár fhéach d'aithne ar nAthar; mac Dé daor fa dhochar, mé dá thaobh gan tathamh. Sise le seól meallta, meise ag íoc a h-uabhair; mairg don té lér thaobhaigh cré gan aird gan uamhain. Atá sin 'nar seise saint is drúis is díomas, tnúdh is cealg gan chádhas, fearg na rún do ríomhas. Atá am cholainn chiontaigh craos go lór is leisge, déine gan chéill coisge le chéile is méin mheisge. Do chaill dhúinn port pardhais fa phéin pheactha marbhtha; ar gclí gan cheisd n-urchra, sí ara teisd ní taghtha.
Mairg atá fa treise, tug mo chlí gan chairde a h-úidh d'ainbhfios buirbe, dúil d'fhailgheas is d'airde. Tug Dia dhaoibhse, a dhaoine, a dhrong do dhligh docracht, síosa dhuibh mar dhaltacht d'fhuil Íosa tre fhortacht. Do fhadódh fheirge ar nAthar gá h-olc nach fhuil innte? calann na gciall gcaillte, mh'anam dá mian millte. Do chuir Críosd re gcéasadh, - créad nach tuilleamh tola? - (dár n-amhas cúis cheana), dá ghnúis allas fhola. Páis is peannaid Íosa d'fhuil Ádhaimh budh sompla; ó thoil do fhaomh umpa a thaobh 's a throigh thollta.
Do bhí fa chuing chéasta Críosd a measg na meirleach, mac Dé ar chlár dá chuibhreach, sé dár ngrádh 'na gheimhleach. Dia Luain, lá an tionóil, mar thig ar dtráth nóna, bheith ann, a Dhé, is dána, 's mé ar gcall mo chóra. Tig chugainn sa gcoinne Críosd 's a chroch re ghualainn, beithear lá nach léaghaim, teicheadh thrá ním tualaing. Dia mar aighne am aghaidh, mh'olc am éadan sgríobhtha, sé ag feitheamh dhrong ndaortha 'na bhreitheamh lom líomhtha. Lucht leanamhna an dlighidh ar deis Dé dá bhféaghadh, cóir mar soin dá saoradh tre thoil dóibh do dhéanamh.
Ar láimh chlí an Choimdheadh - créad nach adhbhar uamhain? - lucht éagcára ar-íribh éadána a h-ucht uabhair. Beid go bráth dá gcéasadh i gceardcha chaor ndrithleann, clann chíocrach gan chonchlann i n-all íochtrach ifreann. Ós tú oighre ar nAthar do shaor inn le t'fheólfhuil, mé dheit ar do dhaoinibh, a mheic mo Dhé, deónaigh. Tuigthe dhuibh gan dearmad, a dhrochdhaoine an domhain, gur dhíosg dhuibh fa dheireadh fuil Chríosd in bhur gcomhair. Mairg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services