Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Poems from a Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh

Title
Poems from a Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh
Author(s)
Mac Muireadhaigh, Cathal,
Compiler/Editor
Matheson, Angus
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1961-1963)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MAIRG CHAOMHNAS A CHOLANN



Mairg chaomhnas a cholann,
a caomhna is cúis thruaighe;
gá d'ulc, a Dhé, dúinne
mé re h-ucht na h-uaighe?



A lucht iarras onóir
a h-uaill a dath diasfholt,
dhuibh ní gann an ghuasacht
's nach fuil ann acht iasacht.



An truaill-se i dtá sinne
is sí ar mbiodhbha bunaidh;
nocha naomhdha a h-ionaidh,
a caomhna ní cubhaidh.



Calann na nós neimhghlic,
námha hí dom anmain,
feacht oile dá h-iomdhaidh
seacht dtroighe don talmhain.


L. 272


Mairg do-chuaidh 'na comann,
cré na n-inntleacht n-ainbhfial;
uaimhneach dí a deighriar,
clí uaibhreach na n-ainmhian.



Sí le craos as ciontach
re céad díle an domhain;
cóir mo chailg 'na cionaidh,
mairg do-chóidh 'na conair.



Sgoltadh cridhe an Choimhdheadh
's céasadh a ghlac ngealbhog,
sé oirne dá h-iomlad,
oighre Dé do dhearmad.



Sí 'na máthair mhallacht,
mairg ghabhthar 'na gealltach;
nach truagh meise am millteach
le seise fuar fealltach?



Sí le sal na sinnsear
sinn go mailís múiridh;
mé am biodhbhaidh dá báiribh
fa dhiomdhaidh Dhé dhúiligh.


L. 273


Do líon d'uabhar Éabha
nár fhéach d'aithne ar nAthar;
mac Dé daor fa dhochar,
mé dá thaobh gan tathamh.



Sise le seól meallta,
meise ag íoc a h-uabhair;
mairg don té lér thaobhaigh
cré gan aird gan uamhain.



Atá sin 'nar seise
saint is drúis is díomas,
tnúdh is cealg gan chádhas,
fearg na rún do ríomhas.



Atá am cholainn chiontaigh
craos go lór is leisge,
déine gan chéill coisge
le chéile is méin mheisge.



Do chaill dhúinn port pardhais
fa phéin pheactha marbhtha;
ar gclí gan cheisd n-urchra,
sí ara teisd ní taghtha.


L. 274


Mairg atá fa treise,
tug mo chlí gan chairde
a h-úidh d'ainbhfios buirbe,
dúil d'fhailgheas is d'airde.



Tug Dia dhaoibhse, a dhaoine,
a dhrong do dhligh docracht,
síosa dhuibh mar dhaltacht
d'fhuil Íosa tre fhortacht.



Do fhadódh fheirge ar nAthar
gá h-olc nach fhuil innte?
calann na gciall gcaillte,
mh'anam dá mian millte.



Do chuir Críosd re gcéasadh, -
créad nach tuilleamh tola? -
(dár n-amhas cúis cheana),
dá ghnúis allas fhola.



Páis is peannaid Íosa
d'fhuil Ádhaimh budh sompla;
ó thoil do fhaomh umpa
a thaobh 's a throigh thollta.


L. 275


Do bhí fa chuing chéasta
Críosd a measg na meirleach,
mac Dé ar chlár dá chuibhreach,
sé dár ngrádh 'na gheimhleach.



Dia Luain, lá an tionóil,
mar thig ar dtráth nóna,
bheith ann, a Dhé, is dána,
's mé ar gcall mo chóra.



Tig chugainn sa gcoinne
Críosd 's a chroch re ghualainn,
beithear lá nach léaghaim,
teicheadh thrá ním tualaing.



Dia mar aighne am aghaidh,
mh'olc am éadan sgríobhtha,
sé ag feitheamh dhrong ndaortha
'na bhreitheamh lom líomhtha.



Lucht leanamhna an dlighidh
ar deis Dé dá bhféaghadh,
cóir mar soin dá saoradh
tre thoil dóibh do dhéanamh.


L. 276


Ar láimh chlí an Choimdheadh -
créad nach adhbhar uamhain? -
lucht éagcára ar-íribh
éadána a h-ucht uabhair.



Beid go bráth dá gcéasadh
i gceardcha chaor ndrithleann,
clann chíocrach gan chonchlann
i n-all íochtrach ifreann.



Ós tú oighre ar nAthar
do shaor inn le t'fheólfhuil,
mé dheit ar do dhaoinibh,
a mheic mo Dhé, deónaigh.



Tuigthe dhuibh gan dearmad,
a dhrochdhaoine an domhain,
gur dhíosg dhuibh fa dheireadh
fuil Chríosd in bhur gcomhair.



Mairg.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services