Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mo Thruaighe mar Tá Éire
Title
Mo Thruaighe mar Tá Éire
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1645
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1956-1957)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mo thruaighe mar tá Éire d'éis chlaochlúidh a caithréime, tug sí aoibhneas ar urchra fá dhaoirmheas na ndanartha. Do thuit a tlaichtscéimh sheirce dá gnúis álainn innillte, buime chaomhfhoirne chíoch dte, díoth gach aonoighre uirthe. Ní feas aon d'uaislibh Banbha, scaoilteach a lucht leanamhna, tréad geal dá dtoghail gan treóir ar feadh an domhain deireóil. Adhbhar tuirse tarla dhi bheith gan chaomhthach gan chéile gan leannán 'na leabaidh ghil, beangán teagair gach tréinfhir. Gan aoinfhear léi-se ag luighe d'fhíonfhuil ochta a hionmhaine, scéimh ghlacshoillse gér dhual di snuadh na hatuirse uirthe.
Do chuir sí a súil do chabhair, do thréig a tlacht searcamhail, lúb fhionnardghlan na nglac ngeal, iar n-ionnarbadh mac Míleadh. Gan súil aice re haoinfhear ar n-imtheacht d'fhuil fhíorGhaoidheal tar sál gconfadhach gcuan ngeal, orchradhach uadh a haigneadh. Ní bhfuighbhe an bhaintreabhthach bhog leannán ná céile carad go teacht bhfór nGaoidheal 'na gar, glór na saoirfhear 'gá siabhradh. Iomthnúth ardfhlaitheadh mBanbha tug neart don fhéinn allmhardha, tréad faobhrach dob aipche d'fhiodh, ar chaomhdhach maicne Míleadh. Éigceart na nÉireannach féin do thrascair iad-soin d'aoinbhéim ag spairn fá cheart ghearr chorrach, ní neart airm na n-eachtrannach.
Ní hionghandh d'Inis na nArt bheith deireóil d'éis a hannsacht, d'fhine Ghaoidheal na ngníomh náir gach aoinfhear dhíobh 'gá díoghbháil. An flaitheas fuaradar sin ar inis oirdheirc Éibhir, tréad lonn lér fhuaigh a hannsa, ní fhuair drong don domhan-sa. Cia an croidhe nár chlaochlaidh sin do mhaicne ghlórmhair Ghaoidhil a n-argain go coinghleic gceall ardfhuil oirdhreic na hÉireann. Buime a n-altraim, giodh í sin, 'na dílleacht d'éis gach aoinfhir, a Mhoire, is truagh mar tharla gan snuadh n-oile n-athardha. Gan díon ar olc na hinse, truagh éagcruth a hinnill-se, aicme a sealbhuighthe mar sin, seanbhuime mhaicne Mílidh.
Do fhágaibh ise gan treóir iarsma a cloinne 's a cineóil, gé táid siad caointeach dá gcailg scaoilteach iad is gach aonaird. Meirdreach gan iocht gan onóir an chríoch-so phuirt Pharthalóin, do chríon a cuing gan chomtha 's a síol fa dhruing ndanartha. Trí fichid, naoi gcéad, gan chor, dhá mhíle bhláithcheart bhliadhan eang ghlórghrádhach na suadh sean fá shluagh mórdhálach Míleadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services