Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mo Thruaighe mar Tá Éire

Title
Mo Thruaighe mar Tá Éire
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1645
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1956-1957)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Mo thruaighe mar tá Éire
d'éis chlaochlúidh a caithréime,
tug sí aoibhneas ar urchra
fá dhaoirmheas na ndanartha.



Do thuit a tlaichtscéimh sheirce
dá gnúis álainn innillte,
buime chaomhfhoirne chíoch dte,
díoth gach aonoighre uirthe.



Ní feas aon d'uaislibh Banbha,
scaoilteach a lucht leanamhna,
tréad geal dá dtoghail gan treóir
ar feadh an domhain deireóil.



Adhbhar tuirse tarla dhi
bheith gan chaomhthach gan chéile
gan leannán 'na leabaidh ghil,
beangán teagair gach tréinfhir.



Gan aoinfhear léi-se ag luighe
d'fhíonfhuil ochta a hionmhaine,
scéimh ghlacshoillse gér dhual di
snuadh na hatuirse uirthe.


L. 304


Do chuir sí a súil do chabhair,
do thréig a tlacht searcamhail,
lúb fhionnardghlan na nglac ngeal,
iar n-ionnarbadh mac Míleadh.



Gan súil aice re haoinfhear
ar n-imtheacht d'fhuil fhíorGhaoidheal
tar sál gconfadhach gcuan ngeal,
orchradhach uadh a haigneadh.



Ní bhfuighbhe an bhaintreabhthach bhog
leannán ná céile carad
go teacht bhfór nGaoidheal 'na gar,
glór na saoirfhear 'gá siabhradh.



Iomthnúth ardfhlaitheadh mBanbha
tug neart don fhéinn allmhardha,
tréad faobhrach dob aipche d'fhiodh,
ar chaomhdhach maicne Míleadh.



Éigceart na nÉireannach féin
do thrascair iad-soin d'aoinbhéim
ag spairn fá cheart ghearr chorrach,
ní neart airm na n-eachtrannach.


L. 305


Ní hionghandh d'Inis na nArt
bheith deireóil d'éis a hannsacht,
d'fhine Ghaoidheal na ngníomh náir
gach aoinfhear dhíobh 'gá díoghbháil.



An flaitheas fuaradar sin
ar inis oirdheirc Éibhir,
tréad lonn lér fhuaigh a hannsa,
ní fhuair drong don domhan-sa.



Cia an croidhe nár chlaochlaidh sin
do mhaicne ghlórmhair Ghaoidhil
a n-argain go coinghleic gceall
ardfhuil oirdhreic na hÉireann.



Buime a n-altraim, giodh í sin,
'na dílleacht d'éis gach aoinfhir,
a Mhoire, is truagh mar tharla
gan snuadh n-oile n-athardha.



Gan díon ar olc na hinse,
truagh éagcruth a hinnill-se,
aicme a sealbhuighthe mar sin,
seanbhuime mhaicne Mílidh.


L. 306


Do fhágaibh ise gan treóir
iarsma a cloinne 's a cineóil,
gé táid siad caointeach dá gcailg
scaoilteach iad is gach aonaird.



Meirdreach gan iocht gan onóir
an chríoch-so phuirt Pharthalóin,
do chríon a cuing gan chomtha
's a síol fa dhruing ndanartha.



Trí fichid, naoi gcéad, gan chor,
dhá mhíle bhláithcheart bhliadhan
eang ghlórghrádhach na suadh sean
fá shluagh mórdhálach Míleadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services