Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Elegy on Donal O'Sullivan Beare
Title
Elegy on Donal O'Sullivan Beare
Author(s)
Ó Dálaigh, Domhnall mac Eoghain,
Compiler/Editor
Breatnach, R. B.
Composition Date
1618
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1953-1955)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
San Sbáinn do toirneadh Teamhair: Ráth na Niall, Múr Muireadhaigh, Teagh Táil gan niamhadh a-niogh, sa Sbáinn tiaran do toirniodh. Ceann Coradh is Cruacha Aoi do toirneadh d'fhoghuil aonlaoi, is Ráth Chaisil fá caomh cruth, mar aon re taisibh Teamhruch. Cia an teagh nár toirneadh dá thaoibh, ón Sbáinn gérbh fhada an fhorraoin, don oidhidh fuairsion a bhfeall do thoighibh uaisleadh Éireann? Dún Baoi do toirneadh a theagh, do-chóidh a gcruth nár saoileadh; seanmóir gan chéile gan cheann seanróimh fhéile na hÉireann. Leór d'aislinge mar tá an teagh: Dún Baoi a n-éagcruth íseal, a mbeirt bhróin doidhealbhdha dreas, róimh oileamhna na n-éigeas. Gé tá 'na foithribh folmha Dún Baoi an treabh théagardha, do-chínn lá lán an lis-sin: 'na thrágh atá an tuili-sin. Uaisle Ghaoidheal Ghuirt Bhanbha fuilngid feasda a neamhchalma, a dtéarma ar dtocht re Teamhair téarna an gort re Gaoidhealaibh.
An uile dhúil 'na dheaghuidh a gcló a chéile a chreideamhain d'aonbháidh orchra ceann a gceann 'na mbraonláibh dorcha díleann. Atá ag dul gach lá dhá láibh d'Fhine Chuinn, d'éis a iomráidh, ar cheann dobróin dhóibh ar ndul, glóir a tromshlóigh dá thurnamh. Fada ó shoin do mhothuigh mé gurbh fhogus léan dár loise - ní mhair raitheas síne acht seal - flaitheas ar dtíre ar dtoirneadh. Atá re h-athuidh d'aimsir ag fuagra an uilc adhbhail-sin glór na ndruadh, treathan na dtonn is feachadh uar na n-abhann. Tig iomad airdheadh don ghréin mar tá an réalta is ré an aidhéir mar na daoine - ní daghrúin - ag caoine an cheathardhúil. Ní faghtar muir 'na muir mhín, ní thig lá acht lá 'na dhoishín, bruit chumhadh fán sín ó soin gá ndubhadh a sín samhroidh A mbí ar biseach dhá oidhidh aibhne miona méadoighidh; ní fhill cnuas fiodhraidh na bhfeadh, an fhiodhbhaidh suas ag síneadh.
Ní fhuil lá dhá dtig thairse nách lia sa lia a dochair-se; ní hí an bhruid-si ar Bhéirre amháin a Éire dhuid-si is díoghbháil. Gé táid uile a gceas chumhadh óig is arsuidh Iar-Mhumhan, lia gáir na n-oiléan oile fá roiléan Chláir Chonoire. Ní caoine mar chaoine cháigh do-niad uime san Easbáin: Ní hí an Mhumha a gcló chaoine, mó cumha na Casdaoille. Riú bheanus an teidhm tinn-si cinn ghaisidh na Gaillinnsi, seal caoine ar mhnáibh san Mhumhain dáibh ní saoire a Saghsanaibh. 'Na mbearnaidh bhaoghuil do bhaoi Domhnall gan fhosadh aonlaoi, ag ibhe fhinnshreabh Fhóid Bhreagh ag innreamh na gcóig gcóigeadh. Gé tháinig a thuitim dhi, mac Domhnaill - dia do dhoilghi! - dob fhiú a bhuain re Tealuigh Tháil gach deabhuidh fhuair dá headráin Fuair oidhidh a samhuil soin, a ndiaidh a ndearnaidh d'éachtoibh: mór gnaoi Eactoir fán am-soin san Traoi neartmhoir neamharsoidh.
Ar ionchuibh a ghníomh ngoile téid Eactoir dá hionghoire, go línibh sluaigh fán seanráith 'mun sduaigh ndírigh ndaingeanbhláith. Rí Gréag a los a láimhe gus an dTraoi - tuar dearmháire - 'san mhéid do fhéad d'íodhnuibh áigh do ríoghruidh Ghréag dá gabháil. Ó láimh Eactuir nár theith troigh ní lamhthaoi Traoi do thoghoil: crithir bheó budh teann tachair, 'na cheann gleó re Gréagachaibh. Eactoir mac Prímh ceann na gcath gach aon lá a ngleó na nGréagach, gan lá leóin ó fhaobhruibh air, d'aonghuin fa dheóidh go ndeachaidh. Tiad Gréaguigh gan ghleó gan ghoin, ar gcosg an aonlaoich Eactoir, gan oilbhéim don taobh as-teach a raon choimhréidh na caithreach. Do nós Eactoir an airm chuirr do thuit Domhnall mac Domhnuill: ó fhaobhruibh gion gur fhill sin, le haonghuin fhill a n-aisgidh. Tug an ghuin-si ó mhuir go muir, ar feadh Chraoi fhairsing Fhiachuidh, a dteinnléim don ghléire Ghall, Éire ag deighréir a ndaorchlann.
Mar do bhí an Traoi ar n-a toghuil atá ar-ís a hionnshamhail, gan chéile fá chiaidh dtoirse Éire a ndiaidh an Domhnoill-se. Gan lá cádhais ar chealluibh neamhthoil d'ord is d'Aifreannaibh, móid re laoidhibh a leabhar, na Gaoidhil dá ngeimhleaghadh. Re Gallaibh go nuaidhe a-niogh aoinfhear do ghasruidh Ghaoidhiol a gcaoi imreasuin ní fhuil fá fhinnleasuibh Chraoi Cobhthuigh Gan lá imreasoin orra, Goill dá himirt eatorra; Eire mar budh dúthuigh dháibh fúthuibh féin ar n-a fágbháil Beanfaid a n-áit do Chloinn Chuirc, don chloinn ní maith an mhaluirt: a bhfionnbhruidhne, a gcúirte cloch, dúinte ar mbiodhbhuidh-ne, bearnoch. Fada mhéarus a mhairg di, goin Í Shúilleabháin Shiúiri; ní mairg bliadhna do Bhóinn Bhreagh, 'na iarla as cóir a chaoineadh. Acht lá díoghla druim ar dhruim ní bhia ag Éirinn d'éis Domhnuill; ní budh téarná 'na dheóidh dhi, lá leóin gach éanlá innti.
Do chaith sí téarma a treise; fiú an léan fhair an Éire-si: sé mar thuile sléibhe ag sódh - ar dtréine uile ag iompódh. A gceann gach aonghlais oile dár luigh ar Fhonn Iúghoine, sgaoileadh ní chlaisdir 'na gcionn, gaisgidh Ghaoidheal a ngéibhionn. An líog thalluin fá dtá sin, gé mór thárruidh do thaisibh, taisgidh ní bhfuair-si budh fearr d'aisgibh uaisle na hÉireann. Fada liom ó Iath Fhuinidh dá thaise a gcrích chomhoidhigh, fá ghuidhe naoimhcheall a-niogh, aoincheann uidhe na n-aoighiodh. Ní hiad a thréidhe do thuill ré ghairid, mac meic Domhnuill; cré ar ar gcoill-bhile do-bhir oirbhire Dé ar na daoinibh. Ní thiocfa d'fháidh ná d'fhisidh mar tá a n-urbhuidh d'innsin: sgéal raithinn ríomh a neamháigh, maithim do shíol Shúilleabháin. A ré rolán gus a-niogh 'na soillsi do-chuaidh caithiomh: ré dhoirche ar ndéanamh dhi-si méaraidh choidhche am chroidhi-se.
A haithghin d'aimsir arís choidhche san chruth a mbímís ní hé shaoilim dá dtí a theacht, ar mí aoibhill ar n-imtheacht Ní a n-uruidh do reacadh ruinn na fuighle chuirthear chuguinn; iomdha a mbliadhna ag séana ar sídh sgéala an Iarla an gach éintír. Seóid riamh dhá dtigeadh tar tuinn, ní thigid ar ndul Domhnuill; féach le céile an Chlár Chuinn-se ní ar Bhéirre a-bháin bhrathaim-se. Ní goin aoinfhir áirmhim dhi, gion gur bhean d'aoineach eili: gá brígh goin Í Éibhir Fhinn acht goin gach éinfhir dh'Éirinn? Ní hé mac Mairgréige a-mháin torchuir uatha san Easbáin, acht cur na nGaoidheal dá ngreim; dul don aoinfhear ní áirmheim. Ní ghéabhdaois Goill gearr ó shoin d'fhios a long acht lán d'armoibh; gan arma dh'iomchar anois tiomchal Bhanbha do-bhéardaois. Sgiath chorcra, ceis, ná cloidheamh, ní beantar, ní beanfoidhear d'airmreannaibh Ghall ar n-a ghoin d'aighleannaibh, ón tann torchoir
Gidh bé fáidh ór síothladh sin, atá ó a dhul 'na dheimhin an tairngire ag toigheacht rinn, roineart ainbhfhine ar Éirinn. Goin Í Shúilleabháin Mhúir Mhis a Madril' - damhna doilghis - tearc ngráin gach grianmhagh ón ghomh, san Sbáinn tiaran do tornadh. san Sbáinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services