Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Elegy on Donal O'Sullivan Beare

Title
Elegy on Donal O'Sullivan Beare
Author(s)
Ó Dálaigh, Domhnall mac Eoghain,
Compiler/Editor
Breatnach, R. B.
Composition Date
1618
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1953-1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



San Sbáinn do toirneadh Teamhair:
Ráth na Niall, Múr Muireadhaigh,
Teagh Táil gan niamhadh a-niogh,
sa Sbáinn tiaran do toirniodh.



Ceann Coradh is Cruacha Aoi
do toirneadh d'fhoghuil aonlaoi,
is Ráth Chaisil fá caomh cruth,
mar aon re taisibh Teamhruch.



Cia an teagh nár toirneadh dá thaoibh,
ón Sbáinn gérbh fhada an fhorraoin,
don oidhidh fuairsion a bhfeall
do thoighibh uaisleadh Éireann?



Dún Baoi do toirneadh a theagh,
do-chóidh a gcruth nár saoileadh;
seanmóir gan chéile gan cheann
seanróimh fhéile na hÉireann.



Leór d'aislinge mar tá an teagh:
Dún Baoi a n-éagcruth íseal,
a mbeirt bhróin doidhealbhdha dreas,
róimh oileamhna na n-éigeas.



Gé tá 'na foithribh folmha
Dún Baoi an treabh théagardha,
do-chínn lá lán an lis-sin:
'na thrágh atá an tuili-sin.



Uaisle Ghaoidheal Ghuirt Bhanbha
fuilngid feasda a neamhchalma,
a dtéarma ar dtocht re Teamhair
téarna an gort re Gaoidhealaibh.


L. 168


An uile dhúil 'na dheaghuidh
a gcló a chéile a chreideamhain
d'aonbháidh orchra ceann a gceann
'na mbraonláibh dorcha díleann.



Atá ag dul gach lá dhá láibh
d'Fhine Chuinn, d'éis a iomráidh,
ar cheann dobróin dhóibh ar ndul,
glóir a tromshlóigh dá thurnamh.



Fada ó shoin do mhothuigh mé
gurbh fhogus léan dár loise -
ní mhair raitheas síne acht seal -
flaitheas ar dtíre ar dtoirneadh.



Atá re h-athuidh d'aimsir
ag fuagra an uilc adhbhail-sin
glór na ndruadh, treathan na dtonn
is feachadh uar na n-abhann.



Tig iomad airdheadh don ghréin
mar tá an réalta is ré an aidhéir
mar na daoine - ní daghrúin -
ag caoine an cheathardhúil.



Ní faghtar muir 'na muir mhín,
ní thig lá acht lá 'na dhoishín,
bruit chumhadh fán sín ó soin
gá ndubhadh a sín samhroidh



A mbí ar biseach dhá oidhidh
aibhne miona méadoighidh;
ní fhill cnuas fiodhraidh na bhfeadh,
an fhiodhbhaidh suas ag síneadh.


L. 170


Ní fhuil lá dhá dtig thairse
nách lia sa lia a dochair-se;
ní hí an bhruid-si ar Bhéirre amháin
a Éire dhuid-si is díoghbháil.



Gé táid uile a gceas chumhadh
óig is arsuidh Iar-Mhumhan,
lia gáir na n-oiléan oile
fá roiléan Chláir Chonoire.



Ní caoine mar chaoine cháigh
do-niad uime san Easbáin:
Ní hí an Mhumha a gcló chaoine,
mó cumha na Casdaoille.



Riú bheanus an teidhm tinn-si
cinn ghaisidh na Gaillinnsi,
seal caoine ar mhnáibh san Mhumhain
dáibh ní saoire a Saghsanaibh.



'Na mbearnaidh bhaoghuil do bhaoi
Domhnall gan fhosadh aonlaoi,
ag ibhe fhinnshreabh Fhóid Bhreagh
ag innreamh na gcóig gcóigeadh.



Gé tháinig a thuitim dhi,
mac Domhnaill - dia do dhoilghi! -
dob fhiú a bhuain re Tealuigh Tháil
gach deabhuidh fhuair dá headráin



Fuair oidhidh a samhuil soin,
a ndiaidh a ndearnaidh d'éachtoibh:
mór gnaoi Eactoir fán am-soin
san Traoi neartmhoir neamharsoidh.


L. 172


Ar ionchuibh a ghníomh ngoile
téid Eactoir dá hionghoire,
go línibh sluaigh fán seanráith
'mun sduaigh ndírigh ndaingeanbhláith.



Rí Gréag a los a láimhe
gus an dTraoi - tuar dearmháire -
'san mhéid do fhéad d'íodhnuibh áigh
do ríoghruidh Ghréag dá gabháil.



Ó láimh Eactuir nár theith troigh
ní lamhthaoi Traoi do thoghoil:
crithir bheó budh teann tachair,
'na cheann gleó re Gréagachaibh.



Eactoir mac Prímh ceann na gcath
gach aon lá a ngleó na nGréagach,
gan lá leóin ó fhaobhruibh air,
d'aonghuin fa dheóidh go ndeachaidh.



Tiad Gréaguigh gan ghleó gan ghoin,
ar gcosg an aonlaoich Eactoir,
gan oilbhéim don taobh as-teach
a raon choimhréidh na caithreach.



Do nós Eactoir an airm chuirr
do thuit Domhnall mac Domhnuill:
ó fhaobhruibh gion gur fhill sin,
le haonghuin fhill a n-aisgidh.



Tug an ghuin-si ó mhuir go muir,
ar feadh Chraoi fhairsing Fhiachuidh,
a dteinnléim don ghléire Ghall,
Éire ag deighréir a ndaorchlann.


L. 174


Mar do bhí an Traoi ar n-a toghuil
atá ar-ís a hionnshamhail,
gan chéile fá chiaidh dtoirse
Éire a ndiaidh an Domhnoill-se.



Gan lá cádhais ar chealluibh
neamhthoil d'ord is d'Aifreannaibh,
móid re laoidhibh a leabhar,
na Gaoidhil dá ngeimhleaghadh.



Re Gallaibh go nuaidhe a-niogh
aoinfhear do ghasruidh Ghaoidhiol
a gcaoi imreasuin ní fhuil
fá fhinnleasuibh Chraoi Cobhthuigh



Gan lá imreasoin orra,
Goill dá himirt eatorra;
Eire mar budh dúthuigh dháibh
fúthuibh féin ar n-a fágbháil



Beanfaid a n-áit do Chloinn Chuirc,
don chloinn ní maith an mhaluirt:
a bhfionnbhruidhne, a gcúirte cloch,
dúinte ar mbiodhbhuidh-ne, bearnoch.



Fada mhéarus a mhairg di,
goin Í Shúilleabháin Shiúiri;
ní mairg bliadhna do Bhóinn Bhreagh,
'na iarla as cóir a chaoineadh.



Acht lá díoghla druim ar dhruim
ní bhia ag Éirinn d'éis Domhnuill;
ní budh téarná 'na dheóidh dhi,
lá leóin gach éanlá innti.


L. 176


Do chaith sí téarma a treise;
fiú an léan fhair an Éire-si:
sé mar thuile sléibhe ag sódh -
ar dtréine uile ag iompódh.



A gceann gach aonghlais oile
dár luigh ar Fhonn Iúghoine,
sgaoileadh ní chlaisdir 'na gcionn,
gaisgidh Ghaoidheal a ngéibhionn.



An líog thalluin fá dtá sin,
gé mór thárruidh do thaisibh,
taisgidh ní bhfuair-si budh fearr
d'aisgibh uaisle na hÉireann.



Fada liom ó Iath Fhuinidh
dá thaise a gcrích chomhoidhigh,
fá ghuidhe naoimhcheall a-niogh,
aoincheann uidhe na n-aoighiodh.



Ní hiad a thréidhe do thuill
ré ghairid, mac meic Domhnuill;
cré ar ar gcoill-bhile do-bhir
oirbhire Dé ar na daoinibh.



Ní thiocfa d'fháidh ná d'fhisidh
mar tá a n-urbhuidh d'innsin:
sgéal raithinn ríomh a neamháigh,
maithim do shíol Shúilleabháin.



A ré rolán gus a-niogh
'na soillsi do-chuaidh caithiomh:
ré dhoirche ar ndéanamh dhi-si
méaraidh choidhche am chroidhi-se.


L. 178


A haithghin d'aimsir arís
choidhche san chruth a mbímís
ní hé shaoilim dá dtí a theacht,
ar mí aoibhill ar n-imtheacht



Ní a n-uruidh do reacadh ruinn
na fuighle chuirthear chuguinn;
iomdha a mbliadhna ag séana ar sídh
sgéala an Iarla an gach éintír.



Seóid riamh dhá dtigeadh tar tuinn,
ní thigid ar ndul Domhnuill;
féach le céile an Chlár Chuinn-se
ní ar Bhéirre a-bháin bhrathaim-se.



Ní goin aoinfhir áirmhim dhi,
gion gur bhean d'aoineach eili:
gá brígh goin Í Éibhir Fhinn
acht goin gach éinfhir dh'Éirinn?



Ní hé mac Mairgréige a-mháin
torchuir uatha san Easbáin,
acht cur na nGaoidheal dá ngreim;
dul don aoinfhear ní áirmheim.



Ní ghéabhdaois Goill gearr ó shoin
d'fhios a long acht lán d'armoibh;
gan arma dh'iomchar anois
tiomchal Bhanbha do-bhéardaois.



Sgiath chorcra, ceis, ná cloidheamh,
ní beantar, ní beanfoidhear
d'airmreannaibh Ghall ar n-a ghoin
d'aighleannaibh, ón tann torchoir


L. 180


Gidh bé fáidh ór síothladh sin,
atá ó a dhul 'na dheimhin
an tairngire ag toigheacht rinn,
roineart ainbhfhine ar Éirinn.



Goin Í Shúilleabháin Mhúir Mhis
a Madril' - damhna doilghis -
tearc ngráin gach grianmhagh ón ghomh,
san Sbáinn tiaran do tornadh.



san Sbáinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services