Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Humorous Eighteenth Century Poem
Title
A Humorous Eighteenth Century Poem
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1767
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1948-52)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ag so dan dorinneadh le cuilíonach ó Fhine Gall dá ghearrán ag tabhairt athfior air tré mur do leag é a log doimhain mhúlaig ar chomhair ógmhná iar mbeith ag dul do shuirghe ría.
Dán an Ghearráin Riabhaigh .i. cúirtéar do leogadh san charnn aoiligh ós comhair ádhbhair a mhná dar leis cct.
A ghearráin riabhaigh lér chaillios mo shearc, gabh an diabhal, is fág m'amharc; go mo measa bhias tú bliadhain ó 'niugh, 's dar anam mo mháthar ní súgradh. An bhfuil náire ort, a ghearráin gan chéill, a stráid dhiabhluidhe an aimhéis, m' fhágbháil ar mo thárr san gcac, is ádhbhar mo mhná ar m'amharc?
Faire, marbhfháisg ort anocht, is buan ann do thóin mo mhallacht; go bpioca na fiacha do dhá shúil, a straip dhiabhluidhe an ghurrúin! An cuimhin leat na trí crúbha gharbha 's a' ceathramhadh crúbha ar n-árdúghadh? Ba geall díleas na cheithre buinn do dhíolus orra as mo spuchuinn. Mé ar n-únfairt agad san linn tan shaoileas mur chúirtéar tuirling, is í ag féachuin go neóid orm amach ar mo bhéal 's ar mo thóin san aoileach. Srabh lubhraidh a gclab do thuill, 's go gcnádhaigh bun do earbuill; is iomdha blaisdeóg phóige millse chaillios go deógh le do thuitim-se. A dhiabhail, an cuimhin leat an coirce agá raibh h'anam ar a choimeirce, an sgríobán líomhtha 's a' bhruis lér shlíobas tú ó bhonn go baitheas? Uch! 'do chaor theinntíghe go raibh tusa, fá slán gan olc dot mháthair-se; is maith an féasda fras feise chaillios go héag le do dheasgaidh-se. Nach maith do dhiallait is do shrian, nach daingean do thiarach 's do chúisian, nach leathan do shursain chruaidh chnáibe is h'uchtach do leathar Easpáinne.
Cá bhfuil do leithsgéal anois? ort go raibh fios 'na ainbhfios! Muillionn gaoithe dhéanamh dom ghéaga lér chaillios choídhche mo Mhairghréag-sa. An cumhuin leat na trí pingne déag thugus araoir don ostléar, d'fheór do chur fá do chom-sa d'eagla go ccaillfeá orm-sa. Go mbaine spur na coise deise sgeilp as ubhall do leise-se; go ttachla spur na coise clí laoidh úr ann do chealgchroidhe. Má théighim-se do shuirghe le mnáibh ar do mhuin-se arís, a ghearráin, farrae mo shearc do chaill, go gcasgrar cnáimh mo ghobhail. An tAbhrán Is dearmad cuímhne ar mhnaoi na mbeanglán n-óir nach geabhadh san aoileach saoith na ngreannrádh ccóir, 's as dearbhtha linn ar sníomh na n-abhrán leó gurb easba don chrích gan Aodh Mac Gabhráin beó.
Táirnge a mbeó go raibh ann do bhonn, 's go ngearraidh 'n tíarach féith do íarbaill, mairc bhéulghaile air do dhruim agus teine dhealáin a mbéul do chochuill.
Greim de'n bhféur ná'r chasaidh ort, nó gráinne arbhair go Nodluic, nó aonbhráon uisge go bráth, nó go bhfuigh tú bás de'n tart.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services