Ag so dan dorinneadh le cuilíonach ó Fhine Gall dá ghearrán ag tabhairt
athfior air tré mur do leag é a log doimhain mhúlaig ar chomhair ógmhná iar
mbeith ag dul do shuirghe ría.
B 1714ls 18T
Dán an Ghearráin Riabhaigh
.i. cúirtéar do leogadh san charnn aoiligh ós comhair ádhbhair a
mhná dar leis cct.
A ghearráin riabhaigh lér chaillios mo shearc,
gabh an diabhal, is fág m'amharc;
go mo measa bhias tú bliadhain ó 'niugh,
's dar anam mo mháthar ní súgradh.
An bhfuil náire ort, a ghearráin gan chéill,
a stráid dhiabhluidhe an aimhéis,
m' fhágbháil ar mo thárr san gcac,
is ádhbhar mo mhná ar m'amharc?
Faire, marbhfháisg ort anocht,
is buan ann do thóin mo mhallacht;
go bpioca na fiacha do dhá shúil,
a straip dhiabhluidhe an ghurrúin!
An cuimhin leat na trí crúbha gharbha
's a' ceathramhadh crúbha ar n-árdúghadh?
Ba geall díleas na cheithre buinn
do dhíolus orra as mo spuchuinn.
Mé ar n-únfairt agad san linn
tan shaoileas mur chúirtéar tuirling,
is í ag féachuin go neóid orm amach
ar mo bhéal 's ar mo thóin san aoileach.
Srabh lubhraidh a gclab do thuill,
's go gcnádhaigh bun do earbuill;
is iomdha blaisdeóg phóige millse
chaillios go deógh le do thuitim-se.
A dhiabhail, an cuimhin leat an coirce
agá raibh h'anam ar a choimeirce,
an sgríobán líomhtha 's a' bhruis
lér shlíobas tú ó bhonn go baitheas?
Uch! 'do chaor theinntíghe go raibh tusa,
fá slán gan olc dot mháthair-se;
is maith an féasda fras feise
chaillios go héag le do dheasgaidh-se.
Nach maith do dhiallait is do shrian,
nach daingean do thiarach 's do chúisian,
nach leathan do shursain chruaidh chnáibe
is h'uchtach do leathar Easpáinne.
Cá bhfuil do leithsgéal anois?
ort go raibh fios 'na ainbhfios!
Muillionn gaoithe dhéanamh dom ghéaga
lér chaillios choídhche mo Mhairghréag-sa.
An cumhuin leat na trí pingne déag
thugus araoir don ostléar,
d'fheór do chur fá do chom-sa
d'eagla go ccaillfeá orm-sa.
Go mbaine spur na coise deise
sgeilp as ubhall do leise-se;
go ttachla spur na coise clí
laoidh úr ann do chealgchroidhe.
Má théighim-se do shuirghe le mnáibh
ar do mhuin-se arís, a ghearráin,
farrae mo shearc do chaill,
go gcasgrar cnáimh mo ghobhail.
An tAbhrán
Is dearmad cuímhne ar mhnaoi na mbeanglán n-óir
nach geabhadh san aoileach saoith na ngreannrádh ccóir,
's as dearbhtha linn ar sníomh na n-abhrán leó
gurb easba don chrích gan Aodh Mac Gabhráin beó.
B 1851ls 19L
U Anaithnid
Táirnge a mbeó go raibh ann do bhonn,
's go ngearraidh 'n tíarach féith do íarbaill,
mairc bhéulghaile air do dhruim
agus teine dhealáin a mbéul do chochuill.
Greim de'n bhféur ná'r chasaidh ort,
nó gráinne arbhair go Nodluic,
nó aonbhráon uisge go bráth,
nó go bhfuigh tú bás de'n tart.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11