Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Memoirs of Brian Ó Fearghail
Title
Memoirs of Brian Ó Fearghail
Author(s)
Ó Fearghail, Brian,
Compiler/Editor
Mac Enery, Marcus
Composition Date
1786
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1946)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Extract from "Teisd agas Aithrighe Bhrian Ui Fhearragail. 1786" RIA MS 23.E.7 A naimsir Coirrinel Hodson a bheith dTigh Eoin, Ba bhinn guth smolaigh a ccloisdtál Ar thaobh Cnuc Sgithain ard na slogh, Rugabh gan brón fear deanta an dáin. Is iomdha uisge ann sa mBóin, Sas iomdha rón san bhfairrge lán Is iomdha ni do chonnairc me Go teacht an neug agus aodh mo bháis. Is cumhain liom an flaith do bhfeárr, Dhá raibh san trathso a ccrithibh Cuinn Sir Artúr uasal oirdhirc mor Ann sa Choill-Mhoir re mo linn. Baille Ui Mhuirridh is cumhain liom Gan Quakeir ann, na thamhnaigh mhín Is minnic do chuaidh me suas ar bár A ccuislean ard Ui Mhuirridh chaoin. Shemus mor Ó Domhnalain, Flaith gan tár do bhfairdigh an chrich A cclochan-caoinnaigh fo mheas aig cach, Tá a mballaigh arda anois gan díon. Teach na Sgirigidh budh mhaith a ró, Aig Emun mor Ó Ceallaigh bhi Ta si anois aig Emun óg, Agus Lambert posta leis na mnaoi. Do chonnairc misi Cúl-na-gcaor, Aig Antoni-buidhe fa iomad sóth, Tá si aniudh aig Shemas Lester Mhic Antoni bhric mhic Sheoin mhoir.
Bhí misi comhradh, beul ar bheul, Re ceathrar Sir Eaduirt diaigh a ndiaigh Ta na noighrithe ar an Móta Bán, Re tri fichid la agus seacht bhfichid bliaghain. Do chonnairc missi go minnic Sheon mor Agus Betty Billeog ? a chéile min A cCorrachip fa rachmuis mhor, Eigsi agus stocaigh ann do shaor. Ba chumhain liom, ní chanfad gó, San gcoill-moir Sur Ártur Séadhain Agus moran uaisle daitrigh an Chuirt, Ta faoi smuait aniudh gan aird. Bhí Ruibard Dialluin re ndirthaoi an bo Ann faoi shóth agus uadhbhar ard Uimhir do bhlíantibh agus ni gan tóir Ag imirt, sag ól, sa fiadhach gach lá. Bhí Iarla Chlannricard sa bhantracht bhreagh, Nár thilltar na ccomhnigh ann Agus Counsiller Fearraghail nar ob sóth Fleidh is ol thabhairt dá gach dream Bhí Counsilleir Coistello fear mar cach, Seallad ag aitriugh san Choillmhoir, Feardligh do theagradh go feassach lán Agus fuair on ccailsin saidhbhris mór. Ribbard Ualler thainnic dha ndéis, Fear do gheis a ballaigh ar fad Agas dfagaigh í na srathair chrion Gan coill gan craobh gan dion gan teach.
Bhí mé oidhche ag imirt sag ól A dtigh Sheoin Mhoir san mBarrigh-Bhig Cia bhí se an trathso fial gan brón Nir mhair aró acht seallad beg. Is cumhain liomsa Captín Naghtin Flaith gan easbhaidh, mac Mhilachlin mhéil Bheith na chomhnaigh a mbaille Thomais Agus thiompaidh ó erraid re hucht eug. Captín Houston agus Shemus Brún, Budh hard a ccliu sba mór a reim Do chonnairc misi iad faoi ró rachmhuis, Cia taid eilic anois na ccre. Do chonnairc missi Captin Ua Gairrilt Na shennoir chaitigh a Lissnahumhan Grainigh Ni Chearbhail postaigh aige, Sa ccnoc an Chrochaire Émun Mhac Dubhail. Padraigh Maypother is meabhair liom Flaith do ruinnfeabh fíon go rae É bheith na chomhnaigh a cCilltaobhan, Thug fuath agus grain do beart Luteir. Is cumhain liom go farsing fial Partholan Ó Briain do chrocad go hard Is meabhair liom fos an lá dubh Ní adhbhar guth mo dhul a ttamh. Ribbard Ua Gúnein nar thuil guth A Liss-an-da-lunn do chonnarc mé Agus assain dearga air a chuid fearaibh An bhliaghain na Shirriadham do bhí se
Emun caoch Ó Ceallaigh na rann, A bhean sa chlann ar na firbhreige Oidhrigh chinntigh Ghleann a Tobbair Ni maith a nobbair an ceart do shéana. Uilliam Ó Ceallaigh a Liss-anuisge, Agus Betty Duimnis aige mur cheile Is cumhain liom an dís sin dfaicsin, Farre iomad eile nach leightear. Is cumhain liomsa Sheon mac an Ruidire Agus Loudi Godfri leis na mnaoi Theacht don tírso lum fá easbhaigh Cia táid a sliucht anois amaoin. Do chonnairc missi Maitiu mor Ó Ceallaigh an tsó ar an cCilleachán Budh maith an dís e fein sa bhean, Budh fialmhar a theach sa shuller lán. Do chonnairc misi a maide-srulla Conbheint brathair dhiadha ghrinn San nionad ceadna an a raibh gárdín Aig Sheon Hárbhard re mo linn. Is cumhain liom a bport-trunna Sheorsa Bruibbeach ? an bhuilligh mhóir Na thaoiseach teann aig Eudbhairt Crafton, Tá Artur Gardner anois na dheoigh. Chonnairc missi Eadbhairt Stanli Seal gan amhgar a mBinn-Bhuic Na bhuachail panntri san ccoilmhoir A ttus oige do bhi son. Do bhi an maimsir Uilliam Ó hEoghain Na bhuitileir seolta aig Caiptín Cuff Tá mac inginne na duine mhor Samuel Oens goirrthar dhe
Brian Ó Falluin fearamhúil úr A Ruinnamhuta fa ró agus meas Fear nach dtiurfabh troith ar ccul Ré cluithe lúth a tagra an ceart. Do chonnairc misi Eaduirt Irrún Fa shóth a nDun Chillinnrachta Agus iomad flaithibh anoir, sa niar, Ann dá riar go hacfuinneach. Flaith Ardanradh do chonnairc mé Emun trean Ó Fearraghail mór Fear budh crogadh ní raibh ann Ó bhi Fionn a nGleann a Smóil. Threasgair se na Blaix go lár, Thug sé anár agus thóig a ccreach Ó aimsir Eogain Ruaidh Uí Néil Ní raibh neach budh geire air eiriceach. Do chonnairc misi a ccuirt an Mhointigh Seon Mhic Dubhail, sba mór a mheas Agus a mhac Lucas, flaith na féile, Chuirfeabh Gaill agus Geidhil go trean fa smacht. Emun na Geallaigh a ccaissiolruimhe, Ba maith a chliu snior lúgh a mheas, Is cumhain liomsa an Ceallach fialmhur Farsing, ríarthach nar thuil guth. Is meabhar liomsa Gersion Boat, Joe Neuid fos agus Ribard Sinclair Sa niomad Quakeirs do thainic leo, Cuir faoi cheo cuid dar muinntir. Marcus Mac Enery
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services