Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Memoirs of Brian Ó Fearghail

Title
Memoirs of Brian Ó Fearghail
Author(s)
Ó Fearghail, Brian,
Compiler/Editor
Mac Enery, Marcus
Composition Date
1786
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1946)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Extract from "Teisd agas Aithrighe Bhrian
Ui Fhearragail. 1786" RIA MS 23.E.7
A naimsir Coirrinel Hodson a bheith dTigh Eoin,
Ba bhinn guth smolaigh a ccloisdtál
Ar thaobh Cnuc Sgithain ard na slogh,
Rugabh gan brón fear deanta an dáin.



Is iomdha uisge ann sa mBóin,
Sas iomdha rón san bhfairrge lán
Is iomdha ni do chonnairc me
Go teacht an neug agus aodh mo bháis.



Is cumhain liom an flaith do bhfeárr,
Dhá raibh san trathso a ccrithibh Cuinn
Sir Artúr uasal oirdhirc mor
Ann sa Choill-Mhoir re mo linn.



Baille Ui Mhuirridh is cumhain liom
Gan Quakeir ann, na thamhnaigh mhín
Is minnic do chuaidh me suas ar bár
A ccuislean ard Ui Mhuirridh chaoin.



Shemus mor Ó Domhnalain,
Flaith gan tár do bhfairdigh an chrich
A cclochan-caoinnaigh fo mheas aig cach,
Tá a mballaigh arda anois gan díon.



Teach na Sgirigidh budh mhaith a ró,
Aig Emun mor Ó Ceallaigh bhi
Ta si anois aig Emun óg,
Agus Lambert posta leis na mnaoi.



Do chonnairc misi Cúl-na-gcaor,
Aig Antoni-buidhe fa iomad sóth,
Tá si aniudh aig Shemas Lester
Mhic Antoni bhric mhic Sheoin mhoir.


L. 160


Bhí misi comhradh, beul ar bheul,
Re ceathrar Sir Eaduirt diaigh a ndiaigh
Ta na noighrithe ar an Móta Bán,
Re tri fichid la agus seacht bhfichid bliaghain.



Do chonnairc missi go minnic Sheon mor
Agus Betty Billeog ? a chéile min
A cCorrachip fa rachmuis mhor,
Eigsi agus stocaigh ann do shaor.



Ba chumhain liom, ní chanfad gó,
San gcoill-moir Sur Ártur Séadhain
Agus moran uaisle daitrigh an Chuirt,
Ta faoi smuait aniudh gan aird.



Bhí Ruibard Dialluin re ndirthaoi an bo
Ann faoi shóth agus uadhbhar ard
Uimhir do bhlíantibh agus ni gan tóir
Ag imirt, sag ól, sa fiadhach gach lá.



Bhí Iarla Chlannricard sa bhantracht bhreagh,
Nár thilltar na ccomhnigh ann
Agus Counsiller Fearraghail nar ob sóth
Fleidh is ol thabhairt dá gach dream



Bhí Counsilleir Coistello fear mar cach,
Seallad ag aitriugh san Choillmhoir,
Feardligh do theagradh go feassach lán
Agus fuair on ccailsin saidhbhris mór.



Ribbard Ualler thainnic dha ndéis,
Fear do gheis a ballaigh ar fad
Agas dfagaigh í na srathair chrion
Gan coill gan craobh gan dion gan teach.


L. 161


Bhí mé oidhche ag imirt sag ól
A dtigh Sheoin Mhoir san mBarrigh-Bhig
Cia bhí se an trathso fial gan brón
Nir mhair aró acht seallad beg.



Is cumhain liomsa Captín Naghtin
Flaith gan easbhaidh, mac Mhilachlin mhéil
Bheith na chomhnaigh a mbaille Thomais
Agus thiompaidh ó erraid re hucht eug.



Captín Houston agus Shemus Brún,
Budh hard a ccliu sba mór a reim
Do chonnairc misi iad faoi ró rachmhuis,
Cia taid eilic anois na ccre.



Do chonnairc missi Captin Ua Gairrilt
Na shennoir chaitigh a Lissnahumhan
Grainigh Ni Chearbhail postaigh aige,
Sa ccnoc an Chrochaire Émun Mhac Dubhail.



Padraigh Maypother is meabhair liom
Flaith do ruinnfeabh fíon go rae
É bheith na chomhnaigh a cCilltaobhan,
Thug fuath agus grain do beart Luteir.



Is cumhain liom go farsing fial
Partholan Ó Briain do chrocad go hard
Is meabhair liom fos an lá dubh
Ní adhbhar guth mo dhul a ttamh.



Ribbard Ua Gúnein nar thuil guth
A Liss-an-da-lunn do chonnarc mé
Agus assain dearga air a chuid fearaibh
An bhliaghain na Shirriadham do bhí se


L. 162


Emun caoch Ó Ceallaigh na rann,
A bhean sa chlann ar na firbhreige
Oidhrigh chinntigh Ghleann a Tobbair
Ni maith a nobbair an ceart do shéana.



Uilliam Ó Ceallaigh a Liss-anuisge,
Agus Betty Duimnis aige mur cheile
Is cumhain liom an dís sin dfaicsin,
Farre iomad eile nach leightear.



Is cumhain liomsa Sheon mac an Ruidire
Agus Loudi Godfri leis na mnaoi
Theacht don tírso lum fá easbhaigh
Cia táid a sliucht anois amaoin.



Do chonnairc missi Maitiu mor
Ó Ceallaigh an tsó ar an cCilleachán
Budh maith an dís e fein sa bhean,
Budh fialmhar a theach sa shuller lán.



Do chonnairc misi a maide-srulla
Conbheint brathair dhiadha ghrinn
San nionad ceadna an a raibh gárdín
Aig Sheon Hárbhard re mo linn.



Is cumhain liom a bport-trunna
Sheorsa Bruibbeach ? an bhuilligh mhóir
Na thaoiseach teann aig Eudbhairt Crafton,
Tá Artur Gardner anois na dheoigh.



Chonnairc missi Eadbhairt Stanli
Seal gan amhgar a mBinn-Bhuic
Na bhuachail panntri san ccoilmhoir
A ttus oige do bhi son.



Do bhi an maimsir Uilliam Ó hEoghain
Na bhuitileir seolta aig Caiptín Cuff
Tá mac inginne na duine mhor
Samuel Oens goirrthar dhe


L. 163


Brian Ó Falluin fearamhúil úr
A Ruinnamhuta fa ró agus meas
Fear nach dtiurfabh troith ar ccul
Ré cluithe lúth a tagra an ceart.



Do chonnairc misi Eaduirt Irrún
Fa shóth a nDun Chillinnrachta
Agus iomad flaithibh anoir, sa niar,
Ann dá riar go hacfuinneach.



Flaith Ardanradh do chonnairc mé
Emun trean Ó Fearraghail mór
Fear budh crogadh ní raibh ann
Ó bhi Fionn a nGleann a Smóil.



Threasgair se na Blaix go lár,
Thug sé anár agus thóig a ccreach
Ó aimsir Eogain Ruaidh Uí Néil
Ní raibh neach budh geire air eiriceach.



Do chonnairc misi a ccuirt an Mhointigh
Seon Mhic Dubhail, sba mór a mheas
Agus a mhac Lucas, flaith na féile,
Chuirfeabh Gaill agus Geidhil go trean fa smacht.



Emun na Geallaigh a ccaissiolruimhe,
Ba maith a chliu snior lúgh a mheas,
Is cumhain liomsa an Ceallach fialmhur
Farsing, ríarthach nar thuil guth.



Is meabhar liomsa Gersion Boat,
Joe Neuid fos agus Ribard Sinclair
Sa niomad Quakeirs do thainic leo,
Cuir faoi cheo cuid dar muinntir.
Marcus Mac Enery

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services