Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séamus Mac Cruitín cct.
Title
Séamus Mac Cruitín cct.
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1855
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1944)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séamus Mac Cuirtinn ró chan air Uilliam Mac an Ghabhan Uí Bhriain A chruit Chinn Choradh cháidh, ionmhuin liom do chómhbháidhe ag moladh fearta Bhriain gan bhéim a shean, a theaghlach 's a chaithréim. Músgail fós, a shéud na rígh, taithniomh tíre d'aiséirghe, oir maireann fós aithghein de'n chrú d'ar chóir do théudaibh do ghléasúghadh.
Cídh thréig mo theas an leanán laoidh lem' chine cian budh caomhnaidhe, cídh tláth na tréighthe fuaireas féin, ní lúghaide leatsa mo dheigh-mhéin. Ní lúghaide fós bunadhas mo dhuain ó cheap na rígh fuair bláth biothbhuan, fíréun follus fial gan sgáth air n'éirghe a n-Eirinn a ndeagh-thráth. Finneidh air Bhanba gur fiú glanghéug dá geinealach do dhíriúghadh caomhnadh calma caidh d'á thír léir-ghas lonnrach d'fhuil Eibhír. Cídh mór de'n treibh sin tháinig fós fuair flathus feidhm agus fóghmós 'na réimeas féin go gasta grinn ó theacht a sinnsear go hEirinn, Acht cheadhna cídh gur mór an modh ní táire tuis mo thagaradh 'ná aon de'n dáil a d'imthigh roímhe ó Lughaidh Meann go Brian Borúimhe. Dá brígh sin cuirim coinmhe dán air dháimhe Gaodhal go hiomlán a chrú na n'éigsibh, séan mo shian, d'Uilliam leoghan-meanmnach Ó Briain. Bile buacach bláthmhar beódha d'fhíor-fhuil Dál-ccais na ttrom-shlógh tíorthach tréightheach feartach fídh mileadh marthanach mór-chroídheach. Is mór an modh cur síos air fhlaith d'á dhúithche dháileas an uile mhaith, bláth chroidhe buan tseasmhach d'á cheart neimhspleadhach le formad 'ná fóirneart.
Tráth ba claoidhte Clár Luirc caomh 's a buídhean ag briseadh gan iontaobh, uaisle Gaodhal a ccarcair Gall a's slabhruidhe Sagson 'na ttímchioll, An tráth sin, a's sinn traochda tláth, tig Réalt na ruibhne le ríogh-bhláth ag músgladh meanma 'san tslógh, a's ag fuasgladh Banba ó annrógh. Ó shoin anuas níor thréig an saoi cúis na hEireann a n'aon tslíghe; go séunadh CRÍOST a ghníomh 's a ghuth, go ttógaigh í ó annachruith.
Marbhna Dhómhnaill Uí Chonaill, Ceann-tíorthach na hEireann, noch d'éag ar deóraídheacht a nGenoa, A.D. 1847. Séamus Mac Cuirtinn cct.
Níor chúis caoi níor bhéim bróin Ar éirigh d'Eirinn d'á haimhdheoin Ó chaill a foirne féin a seilbh Gídh mór a fulang go lán-doilbh, Gur thuit fó dheireadh, mór an béad, A cabhair, a cosnamh 's a cóimhéad. O, Eire! is oith liom do lá léin d'á luadh-thrácht a n'imchian Do chódhnach cléibh ó chuaidh ar feóghadh 'Na dheoraidh dhiadha a nGenóa. Mo nuar! an bile b'aoirde bláth Ann súd do thuitim a mídh-thráth Is ceo dúbhach doilbhe d'á éis Air iath ghlas Eirionn d'á faisnéis.
Dob' iomdha créacht a's céim cruaidh Do chlaoidh Clár Fódhla go fíor-thruaigh Ó theacht Gall accéin d'á fios d'á slad, d'á lomadh 's d'á léirsgrios; Acht éag an bhile an t'éachd is mó, An t'ádhbhar anacra a's annshógh Is cruaidhe dá'r ghoíll ar Ghaodhalaibh riamh O tháinig Gaill d'á ccoidriomh. Bo triath bo tearmann duinn an saoi, Bo taoiseach tagara saor-dhlíghe, Bo treoruídhe tíre bo cian cáil, Bo caomhnadh díleas d'Innis-Fáil, Bo curadh cáidh ná'r staon a ttreasaibh Le fíor-ghrádh tíre ar buan-lasadh. Bo lochrann eagna tríd an ttreóir Air chroidhthibh Gaodhal bo riaghluightheóir; Bo laoch a ndealradh 'gus a ndeilbh, Bo suaimhneach soinionta gnaoi-shoilbh; Bo léigheanduídhe lonnrach léir a bhfuirm, Bo suadh glan soillseach a mór ghairm; Bo geall le fáidh a ccuímhne ghlan, A n'eol na reacht bo iomlán; Dob adhbhóchoid dlíghe do chine Gaodhal 'Ná'r thréig a ccúis a nguais 'ná mbaoghal Mo chiach! a Bhanba na n'eól Aniúgh is tláth do chóimhthionól Ag feitheamh cróchar cinn do shlógh Noch d'fhág do mhurrar faoi annródh. Bhí lá, is bo líonta d'fheoran uile Dod shleachtaibh díleas na dtrom thuile A ngluaiseacht coitcheann cúmhadh aon chroidhe Ag cúmhdach tflatha chum fheart-laoi. Ó Conaill cáidh an fláith gan bhéim Ad stárthaibh fíor do fuair árd-réim, Fíréan Fódla bhuaidh gach clú Gan créacht gan cosgar gan fuiliúghadh. Iath na ndeór, a Chlár Luirc chaoin,
Go bráthach ní'l sosadh led' éagcaoin O luíghe do Réalt a ccéin tar sáil Gan tígheacht 'na mharthain ad' chómhdháil, Beidh d'fheoráin áille a rís fó cháin Ag méirligh fhallsa an imreasáin, Is sliocht na sean le fuacht is fághan Na srotha seolta ar seachrán. Cia thógfas táin de'n chreidiomh chóir Bo fada ag fulaing fá éagcóir Cia choisgfios caismirt Gall na gcreach nó sgaoilfios cuing na n'allmhurach Cia thabharfas uaisle Chríche Fáil A rís go hÉirinn a ccómhdháil Ar nós sean Teamhrach na rígh Ag tionnsgnadh dlighthe d'Éirionnuíghe Mairg do Ghaoidhil a ccómhlach catha A ccómhna saoirse 'gus deagh-ratha Aniúgh go tláth gan réim gan rian Fá chluithche-caointe a ccríoch imchian Ná tráchtuim aon um áiteamh cirt A n'aghaidh gach fallsacht is fóirneirt Is eol d'ár námhaid d'imirt oruin Ó leon an bás ár mbrígh d'aon tuirin; Acht tógbhaim gártha guil go tréan, Do bhíodhgfaidh croidhthe na bhfíréin Is spreagfaidh dáimhe léir chur laoidh Ó luíghe na gréine go a héirghe Go bhfoillsigheadh an chruinne cian ré chéile Méid a méala 's a ttruaighmhéile; 'Ndiaigh spioraid na saoirse, Bláth na nGaodhal Suan síorruídhe le saoghal na saoghal!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services