Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séamus Mac Cruitín cct.

Title
Séamus Mac Cruitín cct.
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1855
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1944)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Séamus Mac Cuirtinn ró chan air Uilliam Mac an Ghabhan Uí Bhriain
A chruit Chinn Choradh cháidh,
ionmhuin liom do chómhbháidhe
ag moladh fearta Bhriain gan bhéim
a shean, a theaghlach 's a chaithréim.



Músgail fós, a shéud na rígh,
taithniomh tíre d'aiséirghe,
oir maireann fós aithghein de'n chrú
d'ar chóir do théudaibh do ghléasúghadh.


L. 221


Cídh thréig mo theas an leanán laoidh
lem' chine cian budh caomhnaidhe,
cídh tláth na tréighthe fuaireas féin,
ní lúghaide leatsa mo dheigh-mhéin.



Ní lúghaide fós bunadhas mo dhuain
ó cheap na rígh fuair bláth biothbhuan,
fíréun follus fial gan sgáth
air n'éirghe a n-Eirinn a ndeagh-thráth.



Finneidh air Bhanba gur fiú
glanghéug dá geinealach do dhíriúghadh
caomhnadh calma caidh d'á thír
léir-ghas lonnrach d'fhuil Eibhír.



Cídh mór de'n treibh sin tháinig fós
fuair flathus feidhm agus fóghmós
'na réimeas féin go gasta grinn
ó theacht a sinnsear go hEirinn,



Acht cheadhna cídh gur mór an modh
ní táire tuis mo thagaradh
'ná aon de'n dáil a d'imthigh roímhe
ó Lughaidh Meann go Brian Borúimhe.



Dá brígh sin cuirim coinmhe dán
air dháimhe Gaodhal go hiomlán
a chrú na n'éigsibh, séan mo shian,
d'Uilliam leoghan-meanmnach Ó Briain.



Bile buacach bláthmhar beódha
d'fhíor-fhuil Dál-ccais na ttrom-shlógh
tíorthach tréightheach feartach fídh
mileadh marthanach mór-chroídheach.



Is mór an modh cur síos air fhlaith
d'á dhúithche dháileas an uile mhaith,
bláth chroidhe buan tseasmhach d'á cheart
neimhspleadhach le formad 'ná fóirneart.


L. 222


Tráth ba claoidhte Clár Luirc caomh
's a buídhean ag briseadh gan iontaobh,
uaisle Gaodhal a ccarcair Gall
a's slabhruidhe Sagson 'na ttímchioll,



An tráth sin, a's sinn traochda tláth,
tig Réalt na ruibhne le ríogh-bhláth
ag músgladh meanma 'san tslógh,
a's ag fuasgladh Banba ó annrógh.



Ó shoin anuas níor thréig an saoi
cúis na hEireann a n'aon tslíghe;
go séunadh CRÍOST a ghníomh 's a ghuth,
go ttógaigh í ó annachruith.
B 1847 19L

Marbhna Dhómhnaill Uí Chonaill,
Ceann-tíorthach na hEireann,
noch d'éag ar deóraídheacht
a nGenoa, A.D. 1847.
Séamus Mac Cuirtinn cct.




Níor chúis caoi níor bhéim bróin
Ar éirigh d'Eirinn d'á haimhdheoin
Ó chaill a foirne féin a seilbh
Gídh mór a fulang go lán-doilbh,
Gur thuit fó dheireadh, mór an béad,
A cabhair, a cosnamh 's a cóimhéad.
O, Eire! is oith liom do lá léin
d'á luadh-thrácht a n'imchian
Do chódhnach cléibh ó chuaidh ar feóghadh
'Na dheoraidh dhiadha a nGenóa.
Mo nuar! an bile b'aoirde bláth
Ann súd do thuitim a mídh-thráth
Is ceo dúbhach doilbhe d'á éis
Air iath ghlas Eirionn d'á faisnéis.


L. 223


Dob' iomdha créacht a's céim cruaidh
Do chlaoidh Clár Fódhla go fíor-thruaigh
Ó theacht Gall accéin d'á fios
d'á slad, d'á lomadh 's d'á léirsgrios;
Acht éag an bhile an t'éachd is mó,
An t'ádhbhar anacra a's annshógh
Is cruaidhe dá'r ghoíll ar Ghaodhalaibh riamh
O tháinig Gaill d'á ccoidriomh.
Bo triath bo tearmann duinn an saoi,
Bo taoiseach tagara saor-dhlíghe,
Bo treoruídhe tíre bo cian cáil,
Bo caomhnadh díleas d'Innis-Fáil,
Bo curadh cáidh ná'r staon a ttreasaibh
Le fíor-ghrádh tíre ar buan-lasadh.
Bo lochrann eagna tríd an ttreóir
Air chroidhthibh Gaodhal bo riaghluightheóir;
Bo laoch a ndealradh 'gus a ndeilbh,
Bo suaimhneach soinionta gnaoi-shoilbh;
Bo léigheanduídhe lonnrach léir a bhfuirm,
Bo suadh glan soillseach a mór ghairm;
Bo geall le fáidh a ccuímhne ghlan,
A n'eol na reacht bo iomlán;
Dob adhbhóchoid dlíghe do chine Gaodhal
'Ná'r thréig a ccúis a nguais 'ná mbaoghal
Mo chiach! a Bhanba na n'eól
Aniúgh is tláth do chóimhthionól
Ag feitheamh cróchar cinn do shlógh
Noch d'fhág do mhurrar faoi annródh.
Bhí lá, is bo líonta d'fheoran uile
Dod shleachtaibh díleas na dtrom thuile
A ngluaiseacht coitcheann cúmhadh aon chroidhe
Ag cúmhdach tflatha chum fheart-laoi.
Ó Conaill cáidh an fláith gan bhéim
Ad stárthaibh fíor do fuair árd-réim,
Fíréan Fódla bhuaidh gach clú
Gan créacht gan cosgar gan fuiliúghadh.
Iath na ndeór, a Chlár Luirc chaoin,


L. 224


Go bráthach ní'l sosadh led' éagcaoin
O luíghe do Réalt a ccéin tar sáil
Gan tígheacht 'na mharthain ad' chómhdháil,
Beidh d'fheoráin áille a rís fó cháin
Ag méirligh fhallsa an imreasáin,
Is sliocht na sean le fuacht is fághan
Na srotha seolta ar seachrán.
Cia thógfas táin de'n chreidiomh chóir
Bo fada ag fulaing fá éagcóir
Cia choisgfios caismirt Gall na gcreach
nó sgaoilfios cuing na n'allmhurach
Cia thabharfas uaisle Chríche Fáil
A rís go hÉirinn a ccómhdháil
Ar nós sean Teamhrach na rígh
Ag tionnsgnadh dlighthe d'Éirionnuíghe
Mairg do Ghaoidhil a ccómhlach catha
A ccómhna saoirse 'gus deagh-ratha
Aniúgh go tláth gan réim gan rian
Fá chluithche-caointe a ccríoch imchian
Ná tráchtuim aon um áiteamh cirt
A n'aghaidh gach fallsacht is fóirneirt
Is eol d'ár námhaid d'imirt oruin
Ó leon an bás ár mbrígh d'aon tuirin;
Acht tógbhaim gártha guil go tréan,
Do bhíodhgfaidh croidhthe na bhfíréin
Is spreagfaidh dáimhe léir chur laoidh
Ó luíghe na gréine go a héirghe
Go bhfoillsigheadh an chruinne cian ré chéile
Méid a méala 's a ttruaighmhéile;
'Ndiaigh spioraid na saoirse, Bláth na nGaodhal
Suan síorruídhe le saoghal na saoghal!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services