Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Four Poems by Cornán Ó Cuirnín
Title
Four Poems by Cornán Ó Cuirnín
Author(s)
Ó Cuirnín, Cornán,
Compiler/Editor
Walsh, Paul agus Ó Lochlainn, Colm
Composition Date
1734
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1944)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Four Poems by Cornán Ó Cuirnín al. An t-Athair Pádraic Ua Corrnín I E ii 1/62 old 40 Hand of Charles O Conor of Belanagare An tAthair Pattraic Ua Corrnín tiughfhile na nGaodhal do bhunadh Bhéil Atha na gCárr san mbliadhain .1734. cc. Togha teghlaigh tar gach tír Bel Átha na gCárr gclaidhmhín múr is fáiltech re filidh in dún dáilteach deighinigh A dhul tar gach iosdadh aile ni machtnadh ná miorbhuile roighne cliar is uasal án o ríacht in cnuastor Clochán Maith in lucht do lion in tegh bruighen re dáimh nach duinter foirenn ré dail séd gach seal gusa ttair céd gan cuiredh Fíonfhuil Fhergna gan mheabhail is Siol medhrach Muiredhaigh iad-samh codhnaigh in dúin dil triatha cobhraigh gach cinidh Tadhg Úa Rúairc is ríoghdha nós is Donnchadh grúaidh mar dherccrós Ua Conchabhair in ghlac ghle slat bhorrthoruidh na bruighne is Cathal is soirbhchert cáil a bfaghthar oirbhert gach ogáin
Ós iolar a réidhe a rús a bfheile a gcáidhe a gcogús do chúaidh prímhchenn Chill Aladh in stúaigh fhírsheng oiredha Os cach a ngniomha goile a mbúidhe re bocht d'ionghaire a maith gan mhaoidhimh a bfhuil teid na caoimhfhir a Crúachain Atá fos cuire gan col do rioghnaibh san dún dathghlan do áirdigh a chlú sa chail mar bá dú dona deghmhnàibh sic Elinór aobhdha gan oil inghen Bhriain Bhallaigh bhronntaigh caoinbhen do fhóir in tighe in chaoimhgheal chóir cheillidhe Inghen Bhriain áin gan oil mhic Seáin nár dhúin a dhorrthigh Eisibel in chumghlan chain cneischinél mhic Donnchaidh dhámhuidh Inghen Tighernáin na dtreas oide oilemhna na neiges Máire ní Ruairc go gcáidhe a gcail in tsuairc re saimhe séddhail A míollacht a méd feile a ccaoines re coigeile terc a ndail séd a samhail in tréd is blaith banamhail Aitchim in térlamh gan oil idir óg agas árrsuigh go madh bithbhúan a ngairm ghrinn a ttairm sa niothlúadh innill Togha
II E ii 1/67 old 41 in nomine domini Tréig do mheirtne a Bhaile an Dúin biodh do shúil re cabhair fós gé do bhádhuis a bhfad fá mhaoíth sguir dod chaoí is athruigh nós. Ré ceathracha blíadhan búan o do chúaidh in tég do bhrath ar Brían mac Seain hoidhre fíor atáir si do shíor ag meath. Tré ég Seain úrmhac Bríain táinic cíaidh ar do chruth mur do ní fer coite nach slán do léigis do rámh ré sruth. Eg na druinge baoí dot dhíon tug tusa a sníomh go neóid agus táir fá chúmhdach Gall siocuir sin ór fann do threóir. Féch nach ádhbhar faoíthe dhuit ré fúaim in chluig tig in mhaith techt do inghin Bhrín na mbúadh chuguinn gan dúagh gan díth raith? Feram fáilte fría gach laoí in cháidh chaoín is cuimsech ciúin a bheith na heasbhuidh do ghnáth do chuir a lán a luídhe liúin. Fiú a hinech fáilte fria fiú a húaisle rían gan meng a hádhbhacht sa haignedh glan sa mállacht dar gar gach grenn. Fiú a háille tar gach mnaoí da mbeith san Traoí do choisgfedh an fherg baoí eidir Aichil is clann Phrímh laochradh dhaite fa caoín ceárd.
Ní bheith Naoísi na nech seng gan chenn fá Dheirdre go lígh dá bhfaicedh Eisibél ógh do thoghfadh a glór sa gnaoí. Bárr sgeimhe tar gach naoí bárr féile is úaisle gan on o rug sisi maith in chiall feram fáilte fría gach tan. Gidheadh bheós ní subhach sinn atá cúis do mhill ar naoíbh gan in cédchéile do char do thecht na gar a mesg a ghaoíl. Tighernán mac Bríain Ui Rúairc flaith nar dhúairc ag síordháil séd in chéile fá bhfuil ar mbrón s do aidhbhligh go mór ar mbéd. Flaith mur Ghúaire ré díol clíar laóch mur Eachtair a rían áigh mur Sholamh a ccert sa ccóir re gach fóir bá becht a bháidh. Bennocht úainne ris go nemh o chaith a sheal san domhan cé agus Eisibél osí do fhan go madh búan a rath sa ré. Treig P.C. Os dimhin sgél fíor gur diobhadh a lán dot phór s gur imigh fá ríor na daoine báirde glór dot chinedh astir ó taoír na náit mur lón a Eisibél mhíolla míle fáilte róad. in fer cédhna .cc.
III E ii 1/69 old 29 in nomine domini amen Maith do chodhnach a Chill Eala a fhuinn áluinn fá n-íadh muir go mealair in codhnach cráibhthech úa borbshlat is gáibhtheach guin. Tadhg mac Bríain do bhronnadh airghe as é in codhnach carthar libh tamhan cúmhra do fhréimh Ruarcach tar gach cléir is búadhach bil. Iomdha céim san chodhnach chúbhaidh chuir in Cuimdhe a gceann do chlíar is fotha gráidh don úr aóbhdha is cáidh rún s as maórrdha míadh. Dá leanadh in saóghal sédach mur gach sinnsior ór shíol sé dob iomdha ann damhna dúla abhra mall is clúghlan cré. Ní bá dú dhó ó fhreimh Fhergna fáilte fri dáimh dáileadh seód ar a mholadh maoín do mhalairt caoín in toradh tabhairt treód. Éigsi do ríar rogha n-égoisg airrghe flatha feidhm a ngoil cosnamh córa céim gan tathaoír ré méin gan anaoíbh gan oil. Ceannas Fódhla flaitheas Connacht ré crúas catha fíor go bhfúair fine Fergna na gcolg n-ághmhar ar a mbord nírbh ádhbhal úain. Nir chinn treabh do mhacaibh Miledh ar mhacuibh Airt a ngoil nó a ngníomh braighde Fódhla fúarsad uile nírbh ónna gach duine dhíobh.
Fergal féigh is Úalgharg angbhaidh árdchlann Airt mhic Rúairc go rath óig re rugadh búaidh a mbiodhbhadh fóir chrúaidh nar ciorrbhadh a ccath. Meirge sénta séd go soinnmhe saórchlann Airt dob adhbhal sén do rí Breatan bhensad daimhdheóin na ferchoin a ttairmgheóin fá trén. Is sníomh darach ré dóid anbhfhuinn áiriomh gach écht fá mor míadh dá ndeárnaidh gach aón dfhírfhréimh Fhergna caómh na fíréin ferrdha a bfhían. Do thréig caoímhchenn Cille Eala ar fhíorghrádh Dé dál go mbrígh oidhreacht aithreadh acht in fhéile ré ghabh mur chéile na chlí. Colum Cille fíalmhac Féidhlim fúair geall féile feadh a ré dfhírlen go derbh Tadhg a ttábhacht bárd go n-ádhbhacht nochar ér. Próinsías naemh is Eóin apstal íad fá genmnaidh gusan úaidh do lean sé go dearbh an dís sin gé derg mur ghrísibh a ghrúaidh. Ar in Tréidhe o thréig in cruinne críonna in rogha rug in mál go bfhagha sé ón Choimdhe cathaoír gan doilghe tathaoir no tár. maith.
IV E ii 1/74 The usual probatio pennae of Cornanus O Corrnin at the top of the page in the middle. Síol Muiredaigh mór a rath columhuin chosnaimh Temhrach gairgfhine nach aómhadh oil craóbha thairmbhile thoraidh Iomdha rí rathmhar mar rail do fhorbair ón fhréimh rechtmhair do ghabh trén a tTemhraigh Bhredh sgél do mheabhraigh muinnter Rúaidhrí O Conchubhair cain fa hé a ttiughfhlaith a tTemhair tríathlaoch do char céim crodha do ghabh géill na grianFhódhla In tan nár leó inis Airt gidhedh nír mhaith in mhalairt cnúastuir go ngniomh is go ngus Cruachuin do díor a ndomhnus Atá óigfher don fhéin úir mithidh sgaoiledh ar sgíamhrúin lenfus an fóir in gach acht sheasfus a choir ar Chonnacht Cathal Óg mac Donchaidh dhaith Ui Chonchubhair crann clúraith ua Cathuil nach ccarann crodh galann is athluimh iodhan Do Thadhg thalcair an Eich Ghil é gan indheirbh is aithghin a nert a níadhacht a néimh a cceart ccíalldhacht a ccaithréim A ngliocus a nglór ngaoísi déirigh ós aós comhaoísi a bhfeidhm a bhfoghluim a bhfos a mhéin gan doghruinn gan díomus
A bhfeidhle re cert crábhaidh a míne re macámhuibh a bhfeighe a bhfuighlibh gan on a bhféile ré buidhnibh bochtbhan Rug búaidh gan chogadh gan chath ar ógbhaidh innsi Lúghach in gach tréidhibh ba dú dfhior clú in chéimdhil ní cáinfior Ag eólchuibh is fáth follus nach bhfuil ar a úaisle amharus madh úasal Gaoidhil go ngart caoímhghin úasal in tógmhac Iomdha deaghfhóir dfhuil Mhilidh in chompar do choimhdhírigh o bhfúair dúthchus in gach am bheith lúthbhras crúaidh a ccomhlunn Bheith a nannsacht re haós ciúil is ré naimhduibh ciúin egciúin laómdha lóirréidh ré a leas aóbhdha ré hoighreir éiges Ríghthreabh Fhergna na bhfonn ttais síol cConuill ó bhruach Bernnuis da ghaól in maicne go mbloidh már aón is aicme Eóghuin Dá ghaóltuibh daighshliocht Dathí is Oirghiallaigh go nairdbhrígh caoímhshliocht Ír is Éibhir uill or shín in séimhfhior séghuinn Ní machtnadh mein is morrdhacht oirbhert agus ollchrodhacht gach tríath do sgeith ann a fhuil do bheith sa niadh go nertghoil Go ttí dhó dhá dhruim soin oirbhert aithredh do leanmhuin a morrdhacht a méin gan mheing is cródhacht go ccéim ccoinghill
Miadh is medhair ina thigh is caradradh ré cairdibh serc in Duilimh go ndál dron re cert cuigidh do chosnamh Re dáil séd ré biathadh bocht ré hedghadh fós na bhfíornocht saidhbhreas agus nemh íar nég tegh gan doirbhes gan dúirbhéd Síol Muiredaigh Gach borrfadh gach foirbhthecht gach fortún fíor gach ordan gach oirbhert go socumhúil síor gan orchra gan dorrdhacht gan drochrún daoibh gan conndar dhuit a Dhonchaidh Ui Chnochúir gaoídh'm Go haérach don phérla do Mháire tó'oir dhá chéd ben gan léine gan snáithe sróil ma féchtar leat céda do mhnáibh im nóin sí céidghin na féile rug báire in tslóigh Scripsit Cornanus o Corrnin A 1725
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services