Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Four Poems by Cornán Ó Cuirnín

Title
Four Poems by Cornán Ó Cuirnín
Author(s)
Ó Cuirnín, Cornán,
Compiler/Editor
Walsh, Paul agus Ó Lochlainn, Colm
Composition Date
1734
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1944)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Four Poems by Cornán Ó Cuirnín
al. An t-Athair Pádraic Ua Corrnín
I
E ii 1/62 old 40
Hand of Charles O Conor of Belanagare
An tAthair Pattraic Ua Corrnín tiughfhile na nGaodhal do bhunadh
Bhéil Atha na gCárr san mbliadhain .1734. cc.



Togha teghlaigh tar gach tír
Bel Átha na gCárr gclaidhmhín
múr is fáiltech re filidh
in dún dáilteach deighinigh



A dhul tar gach iosdadh aile
ni machtnadh ná miorbhuile
roighne cliar is uasal án
o ríacht in cnuastor Clochán



Maith in lucht do lion in tegh
bruighen re dáimh nach duinter
foirenn ré dail séd gach seal
gusa ttair céd gan cuiredh



Fíonfhuil Fhergna gan mheabhail
is Siol medhrach Muiredhaigh
iad-samh codhnaigh in dúin dil
triatha cobhraigh gach cinidh



Tadhg Úa Rúairc is ríoghdha nós
is Donnchadh grúaidh mar dherccrós
Ua Conchabhair in ghlac ghle
slat bhorrthoruidh na bruighne
is Cathal is soirbhchert cáil
a bfaghthar oirbhert gach ogáin


L. 198


Ós iolar a réidhe a rús
a bfheile a gcáidhe a gcogús
do chúaidh prímhchenn Chill Aladh
in stúaigh fhírsheng oiredha



Os cach a ngniomha goile
a mbúidhe re bocht d'ionghaire
a maith gan mhaoidhimh a bfhuil
teid na caoimhfhir a Crúachain



Atá fos cuire gan col
do rioghnaibh san dún dathghlan
do áirdigh a chlú sa chail
mar bá dú dona deghmhnàibh sic



Elinór aobhdha gan oil
inghen Bhriain Bhallaigh bhronntaigh
caoinbhen do fhóir in tighe
in chaoimhgheal chóir cheillidhe



Inghen Bhriain áin gan oil
mhic Seáin nár dhúin a dhorrthigh
Eisibel in chumghlan chain
cneischinél mhic Donnchaidh dhámhuidh



Inghen Tighernáin na dtreas
oide oilemhna na neiges
Máire ní Ruairc go gcáidhe a gcail
in tsuairc re saimhe séddhail



A míollacht a méd feile
a ccaoines re coigeile
terc a ndail séd a samhail
in tréd is blaith banamhail



Aitchim in térlamh gan oil
idir óg agas árrsuigh
go madh bithbhúan a ngairm ghrinn
a ttairm sa niothlúadh innill
Togha


L. 199


B 1720c 18T
II
E ii 1/67 old 41
in nomine domini



Tréig do mheirtne a Bhaile an Dúin
biodh do shúil re cabhair fós
gé do bhádhuis a bhfad fá mhaoíth
sguir dod chaoí is athruigh nós.



Ré ceathracha blíadhan búan
o do chúaidh in tég do bhrath
ar Brían mac Seain hoidhre fíor
atáir si do shíor ag meath.



Tré ég Seain úrmhac Bríain
táinic cíaidh ar do chruth
mur do ní fer coite nach slán
do léigis do rámh ré sruth.



Eg na druinge baoí dot dhíon
tug tusa a sníomh go neóid
agus táir fá chúmhdach Gall
siocuir sin ór fann do threóir.



Féch nach ádhbhar faoíthe dhuit
ré fúaim in chluig tig in mhaith
techt do inghin Bhrín na mbúadh
chuguinn gan dúagh gan díth raith?



Feram fáilte fría gach laoí
in cháidh chaoín is cuimsech ciúin
a bheith na heasbhuidh do ghnáth
do chuir a lán a luídhe liúin.



Fiú a hinech fáilte fria
fiú a húaisle rían gan meng
a hádhbhacht sa haignedh glan
sa mállacht dar gar gach grenn.



Fiú a háille tar gach mnaoí
da mbeith san Traoí do choisgfedh an fherg
baoí eidir Aichil is clann Phrímh
laochradh dhaite fa caoín ceárd.


L. 200


Ní bheith Naoísi na nech seng
gan chenn fá Dheirdre go lígh
dá bhfaicedh Eisibél ógh
do thoghfadh a glór sa gnaoí.



Bárr sgeimhe tar gach naoí
bárr féile is úaisle gan on
o rug sisi maith in chiall
feram fáilte fría gach tan.



Gidheadh bheós ní subhach sinn
atá cúis do mhill ar naoíbh
gan in cédchéile do char
do thecht na gar a mesg a ghaoíl.



Tighernán mac Bríain Ui Rúairc
flaith nar dhúairc ag síordháil séd
in chéile fá bhfuil ar mbrón
s do aidhbhligh go mór ar mbéd.



Flaith mur Ghúaire ré díol clíar
laóch mur Eachtair a rían áigh
mur Sholamh a ccert sa ccóir
re gach fóir bá becht a bháidh.



Bennocht úainne ris go nemh
o chaith a sheal san domhan cé
agus Eisibél osí do fhan
go madh búan a rath sa ré.
Treig
P.C.



Os dimhin sgél fíor gur diobhadh a lán dot phór
s gur imigh fá ríor na daoine báirde glór
dot chinedh astir ó taoír na náit mur lón
a Eisibél mhíolla míle fáilte róad.
in fer cédhna .cc.


L. 201


B 1707 18T
III
E ii 1/69 old 29
in nomine domini amen
Maith do chodhnach a Chill Eala
a fhuinn áluinn fá n-íadh muir
go mealair in codhnach cráibhthech
úa borbshlat is gáibhtheach guin.



Tadhg mac Bríain do bhronnadh airghe
as é in codhnach carthar libh
tamhan cúmhra do fhréimh Ruarcach
tar gach cléir is búadhach bil.



Iomdha céim san chodhnach chúbhaidh
chuir in Cuimdhe a gceann do chlíar
is fotha gráidh don úr aóbhdha
is cáidh rún s as maórrdha míadh.



Dá leanadh in saóghal sédach
mur gach sinnsior ór shíol sé
dob iomdha ann damhna dúla
abhra mall is clúghlan cré.



Ní bá dú dhó ó fhreimh Fhergna
fáilte fri dáimh dáileadh seód
ar a mholadh maoín do mhalairt
caoín in toradh tabhairt treód.



Éigsi do ríar rogha n-égoisg
airrghe flatha feidhm a ngoil
cosnamh córa céim gan tathaoír
ré méin gan anaoíbh gan oil.



Ceannas Fódhla flaitheas Connacht
ré crúas catha fíor go bhfúair
fine Fergna na gcolg n-ághmhar
ar a mbord nírbh ádhbhal úain.



Nir chinn treabh do mhacaibh Miledh
ar mhacuibh Airt a ngoil nó a ngníomh
braighde Fódhla fúarsad uile
nírbh ónna gach duine dhíobh.


L. 202


Fergal féigh is Úalgharg angbhaidh
árdchlann Airt mhic Rúairc go rath
óig re rugadh búaidh a mbiodhbhadh
fóir chrúaidh nar ciorrbhadh a ccath.



Meirge sénta séd go soinnmhe
saórchlann Airt dob adhbhal sén
do rí Breatan bhensad daimhdheóin
na ferchoin a ttairmgheóin fá trén.



Is sníomh darach ré dóid anbhfhuinn
áiriomh gach écht fá mor míadh
dá ndeárnaidh gach aón dfhírfhréimh Fhergna
caómh na fíréin ferrdha a bfhían.



Do thréig caoímhchenn Cille Eala
ar fhíorghrádh Dé dál go mbrígh
oidhreacht aithreadh acht in fhéile
ré ghabh mur chéile na chlí.



Colum Cille fíalmhac Féidhlim
fúair geall féile feadh a ré
dfhírlen go derbh Tadhg a ttábhacht
bárd go n-ádhbhacht nochar ér.



Próinsías naemh is Eóin apstal
íad fá genmnaidh gusan úaidh
do lean sé go dearbh an dís sin
gé derg mur ghrísibh a ghrúaidh.



Ar in Tréidhe o thréig in cruinne
críonna in rogha rug in mál
go bfhagha sé ón Choimdhe cathaoír
gan doilghe tathaoir no tár.
maith.


L. 203


B 1725 18T
IV
E ii 1/74
The usual probatio pennae of Cornanus O Corrnin at the top of
the page in the middle.
Síol Muiredaigh mór a rath
columhuin chosnaimh Temhrach
gairgfhine nach aómhadh oil
craóbha thairmbhile thoraidh



Iomdha rí rathmhar mar rail
do fhorbair ón fhréimh rechtmhair
do ghabh trén a tTemhraigh Bhredh
sgél do mheabhraigh muinnter



Rúaidhrí O Conchubhair cain
fa hé a ttiughfhlaith a tTemhair
tríathlaoch do char céim crodha
do ghabh géill na grianFhódhla



In tan nár leó inis Airt
gidhedh nír mhaith in mhalairt
cnúastuir go ngniomh is go ngus
Cruachuin do díor a ndomhnus



Atá óigfher don fhéin úir
mithidh sgaoiledh ar sgíamhrúin
lenfus an fóir in gach acht
sheasfus a choir ar Chonnacht



Cathal Óg mac Donchaidh dhaith
Ui Chonchubhair crann clúraith
ua Cathuil nach ccarann crodh
galann is athluimh iodhan



Do Thadhg thalcair an Eich Ghil
é gan indheirbh is aithghin
a nert a níadhacht a néimh
a cceart ccíalldhacht a ccaithréim



A ngliocus a nglór ngaoísi
déirigh ós aós comhaoísi
a bhfeidhm a bhfoghluim a bhfos
a mhéin gan doghruinn gan díomus


L. 204


A bhfeidhle re cert crábhaidh
a míne re macámhuibh
a bhfeighe a bhfuighlibh gan on
a bhféile ré buidhnibh bochtbhan



Rug búaidh gan chogadh gan chath
ar ógbhaidh innsi Lúghach
in gach tréidhibh ba dú dfhior
clú in chéimdhil ní cáinfior



Ag eólchuibh is fáth follus
nach bhfuil ar a úaisle amharus
madh úasal Gaoidhil go ngart
caoímhghin úasal in tógmhac



Iomdha deaghfhóir dfhuil Mhilidh
in chompar do choimhdhírigh
o bhfúair dúthchus in gach am
bheith lúthbhras crúaidh a ccomhlunn



Bheith a nannsacht re haós ciúil
is ré naimhduibh ciúin egciúin
laómdha lóirréidh ré a leas
aóbhdha ré hoighreir éiges



Ríghthreabh Fhergna na bhfonn ttais
síol cConuill ó bhruach Bernnuis
da ghaól in maicne go mbloidh
már aón is aicme Eóghuin



Dá ghaóltuibh daighshliocht Dathí
is Oirghiallaigh go nairdbhrígh
caoímhshliocht Ír is Éibhir uill
or shín in séimhfhior séghuinn



Ní machtnadh mein is morrdhacht
oirbhert agus ollchrodhacht
gach tríath do sgeith ann a fhuil
do bheith sa niadh go nertghoil



Go ttí dhó dhá dhruim soin
oirbhert aithredh do leanmhuin
a morrdhacht a méin gan mheing
is cródhacht go ccéim ccoinghill


L. 205


Miadh is medhair ina thigh
is caradradh ré cairdibh
serc in Duilimh go ndál dron
re cert cuigidh do chosnamh



Re dáil séd ré biathadh bocht
ré hedghadh fós na bhfíornocht
saidhbhreas agus nemh íar nég
tegh gan doirbhes gan dúirbhéd
Síol Muiredaigh



Gach borrfadh gach foirbhthecht gach fortún fíor
gach ordan gach oirbhert go socumhúil síor
gan orchra gan dorrdhacht gan drochrún daoibh
gan conndar dhuit a Dhonchaidh Ui Chnochúir gaoídh'm



Go haérach don phérla do Mháire tó'oir
dhá chéd ben gan léine gan snáithe sróil
ma féchtar leat céda do mhnáibh im nóin
sí céidghin na féile rug báire in tslóigh
Scripsit Cornanus o Corrnin A 1725

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services