Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aisling na Binne Buirbe
Title
Aisling na Binne Buirbe
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1679
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1943)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISLING NA BINNE BUIRBE EÓGHAN Ó DONNAOILE CC. Tuirseach dhamh ag éirghe lae, san mBinn Bhuirb mo ghné do mhill aisling oidhche do-chonnairc mé - 'táim dá héis go tréathlag tinn. Aoinbhean dob áille gné do-chonnairc mé misde dhúinn! ar bruach innbhir na n-éigne mbán ag nighe a lámh 's ag cornadh a cúil. Folt dualach coinnleach cam, gach lúb ann ar lí an óir, gruadh lígheal ó ndeallruigheann grian do chlaoi mo chiall, - fáth mo bhróin! Dhá rosg shuaimhneach shíthe sháimh mar an ghormoighre ag snámh ré taobh, mailghe caolchama nach léir, mar sgríb ghéir ar mheamram mhaoth. Déad dlúith fá deas eagra, cíocha ganna cruinngheal corr, a béal tana nár char meang, a taobh seang tuinngheal trom. Brat uaine don tsról mhaothlag 'ma taobh séaghainn sneachta seang; fá lór d'uamhan a fhéachain ó gach deilbh n-uathmhair mbeathadhach ann. Ceinnbheirt, 's ní fhidir a déanamh, 'ma céibh n-áluinn ndualaigh nduinn; fá lór do shoillsi i mbrugh dhorcha lonnradh a cloch corrghlan cruinn.
Sgabal suaithnidh fiodhach fann gomadh léir 'na hucht gan fhuath; léine 'ma cneas síothghlan séimhe do chlúimh géise ar n-a nighe go nuadh. Gabhaim ionganadh, druidim ré, fiafruighim féin go faiteach fann: h'ainm bunaidh, do thír dhúthchais foillsigh dhúinn, a mhéar-lag mhall. Faoileann Tuinne m'ainm baisdidh, do-bheir gaisgidhigh i ndíth céille; Borb na Binne m'athairsi, 'sí mo mháthair Deallradh Gréine. Bím seal san mBinn Bhuirbsi, i Síth Dhuilbh 's i mBinn Éadair, i nDún Lir do-gheibhim fáilte is bím lá i nInbhior Sgéine. Bím lá i cCnoc Máine, cnoc sin is áille tuairim, bím lá lán dá n-annsacht i measg bhantracht Eamhna uaine. Bím lá i mBrugh Naoisi ga mbíodh críocha fá chánaidh, bím seal go sámhghlan socair astigh i nDún Eochair Mháighe. Níl dúnadh nuaghlan niamhdha fá iathaibh fiadhghlana Fionntain ná brugh soillseach suaithnidh nach ccuartuighim seal dom aimsir. Ag sin duitsi mo sgéala, ní aimsighim bréaga d'innisin, bím seal fós go meadhrach i dteaghlach aonaigh Thailtean.
Tug sinne, a dhearc mhálla, tar mhnáibh na talmhan truime dod chéibh choinnligh chuachaigh tromghrádh suaithnidh suirghe. San ghrádh sin ní bhfuil tádhbhacht, gidh hádhmhar imrir cleasa, ní bhiadh sinne ag fear dá óige acht an fear fhóirfeas ar ngeasa. Do gheasa leatsa sloinntear, réa n-innisin ná gabh uamhan d'fhios an ttiocfadh uair éigin rérbh fhéidir linn a bhfuasgladh. Codladh ar corr gach liosa gan cliseadh ré sluaghaibh diamhra, do bhiadh fós uisge is caora uadh gach n-oidhche go ceann bliadhna. Gidh bé fear seangghlan séadach dhéanas a nochtaim dhíbhse, biaidh misi ó cheann na bliadhna aige gan siabhradh síthe. d'éis an chomhráidh bhéilbhinn ní fhéadaim codladh sáimhe, 's 'táim mar sin dá tóraidheacht, mo dhóigh, lé trí ráithe. Ó ar ngrádh ádhbhal uaibhreach dá gruaidhibh corcra coinnleach, gan suan gan codladh sáimhe, atáim go támhlag tuirseach. Tuirseach.
A cCnoc Sgiotháin an bhuaidhin uaisil ag amharc cúanta Loch Rí; a mbár na bhfíadhbhiodh bhfíorárd torrach bá mhinic mé dom bhoga ré gaoith. Seal dom shaoghal a mullach amhairc, a Mullach Maisdion 's a Ráth Crúachan; seal go súgach a Ráth Chummain 's a gCill Mhitháin na meas currtha. A Ráth Treadh ba mhinic me', is i cCéis Chuirrionn na seansgéul, a cCoill Ghairbh na bhfiadh rúadh 's a nDruim Alga na mórshluadh. Seal dom aimsir a cCnoc Bréigh 's ar Shliabh na mBann na ndeaghlaoch; air Shliabh Carn ba mhinic mo shiodh, is go minnic air Charn árd Chlann Aodha. Air Shliabh Dhamh a measg cháith 's ar Shliabh an Íaruinn go sonnradhach; a cCnoc Barruinn na slógh lán is a cCnoc breadh Aisde gan milleán.
A Síghtig air Shlíabh an Fhrioth gan fasgadh ná díon ó aonghaoith; air Shlíabh Fuaid ag imirt ghrinn 's a' taisdiol na tíre timcheall. Bímsi seal a Lag na Cuille, i Stuagh Laighion 's a mBearnán Éile; seal beag eile a Ráth na cCupán, i mBaile an tSrutháin 's a cCnoc Fréimhe. A cCnoc Farra 's ar Shliabh Miss a measg na maoineach beulmhilis; is minic mo ruathar go Fánoid siar 's go Sliabh Luachra na ndeaghchliar. Chaith mé seal i cCruachain Chuinn agas an gach síth a nÉirinn; shiubhail mé thort an domhan fó thrí - cuid do ma sceul i ndeaghlaoidh. Air dheireadh an chomhrádh bheulbhinn do chan an mheurlag bhlasda air fheuchain ar ailtibh an chuain ghil do éalluidh bhuaimsi an bhean sin. Ó dhún go dún da hiarraidh mo bheatha is diamhair cráitigh agus táim mar sin dá tóriachd mo dhóith le míth is trí ráithe. ÉAMONN Ó TUATHAIL. Trinity College, Dublin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services